Macnamh ar léachtaí an Aifrinn, 15 Eanáir 2017

15 Eanair 2017 (A) An Dara Domhnach Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (Íseáia 49:3 5-6). Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na talún. Seo é an dara ceann de cheithre amhráin “Ghiolla an Tiarna”.(Is iad na cinn eile ná 42:1-4, 6-7; 50:4-9, nó 4-11; 52:13-53:12.) Rinneadh an chéad cheann díobh a léamh mar chéad léacht san Aifreann an Domhnach seo caite, agus is fiú an méid a scríobhadh ann a thabhairt anseo arís de bhrí go bhfuil baint ag an dá léacht le chéile.  Labhraíonn  téacs an Domhnaigh seo caite faoi mar ar roghnaigh Dia go speisialta an fáidh searbhónta (giolla), giolla ar ionúin le Dia. Faoi mar a oireann do cheannaire bíobalta tá cumhacht Spiorad Dé faighte aige. Labhraíonn an téacs faoi nádúr an ghiolla. Tá sé séimh, ach dílis don misean atá faighte aige go dtí go mbeidh toradh air. Tacaíonn Dia leis leis an misean atá aige a thabhairt chun críche. Cheap Dia é mar chonradh an phobail, conradh phobal Iosrael lena mhisean a mheabhrú dóibh. Ach beidh sé mar sholas do na ciníoca taobh amuigh de Iosrael chomh maith. Déanfaidh sé na cimí  a scaoileadh, na deoraithe sa Bhaibealóin atá amhail is a bheith sa dorchadas.

Ceist a eascraíonn go héasca as seo ná cérb é an searbhónta, an giolla, in aigne an fháidh a chum an téacs álainn seo a chéaduair. Tá éagsúlacht tuairmí ann maidir leis seo: Iosrael na staire, Iosrael idéalach, duine eigin den Seantiomna ann roimh nó i ndiaidh aimsir fháidh/údar an téacs seo, nó fiú fáidh/údar an téacs é féin. Fágtar an giolla, an searbhónta, gan ainm, le haithne a chur air ón phearsantacht faoi leith atá aige, óna mhisean, ó faoi mar a roghnaigh Dia go speisialta é, ón ghaol faoi leith atá aige le Dia. D’fhéadfadh an giolla, a phearsa agus an misean atá aige seasamh mar eiseamláir do Iosrael, pobal tofa Dé le misean domhanda, nó seasamh do dhuine tofa aonair a bhfuil an misean sin aige. Ar aon chuma comhlíonfar an fháistine, an duan, seo faoi mar ba thoil le Dia sin a dhéanamh, agus rinneadh sin trí Mhac Dé, Íosa Críost, mar is léir ó Bhaisteadh Íosa nuair a ungadh é leis an Spiorad, agus nuair a tháinig an guth óna flaithis le téacs Íseáia (ach ag labhairt ar “Mhac” seachas “ghiolla”) ag fógairt go raibh fáistine Íseáia comhlíonta in Íosa.

Ag teacht go léacht an lae inniu braithimid an teannas idir an chéad chuid agus an dara cuid. Sa chéad chuid tá Dia ag labhairt lena shearbhónta, giolla an Tiarna, agus deirtear gurb é Iosrael an searbhónta sin, ach sa dara cuid tá misean ag an searbhónta do Iosrael, amhail is gur duine aonair é. An Iosrael atá i gceist sa chéad chuid is Iosrael idéalach é, an pobal tofa le misean ó Dhia bheith mar ábhar glóire dó. I véarsa (vearsa 4) atá fágtha ar lár i léacht an lae inniu cuireann an searbhónta (duine aonair) in iúl go raibh amhras air faoi éifeacht a chuid oibre: “Agus bhí mise á rá liom féin: ‘Tá mo shaothar in aisce agam, tá mo neart caite agam gan éifeacht’”. Ach tuigeann sé go bhfuil tacaíocht ó Dhia aige. Tá maise air i súile an Tiarna. Labhraíonn an Tiarna go sollúnta leis: Tá sé tofa ón bhroinn ag Dia do mhisean, ní hamháin do Iosrael lena shaoradh, ach do mhisean i bhfad níos mó ná sin: ina sholas do na ciníocha (pagánacha), le slánú Dé a thabhairt go críocha an domhain.

 

Salm le Freagra (39[40]). Féach, táim ag teacht, a Thiarna, chun do thoi a dhéanamh.

 

Dara Léacht (1 Coirintigh 1:1-30). Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Leis an léacht seo cuirtear tús le léitheoireacht chéad litir Phóil go dtí an eaglais óg i gCoirint, agus leanfar leis (go caibideal 4) go dtí an t-ochtú Domhnach Saor, agus as codanna eile de níos déanaí. Litir í a thugann alán eolais dúinn faoi bheatha inmheánach eaglaise óige, na fadhbanna a bhain leis agus cúram an aspail Pól dóibh. Scríobh Pol an litir seo sa bhliain 56 iar-Chríost, nó gar di, do eaglais a bhunaigh sé féin cúig bhliain roimhe sin, sa bhlian 51 iar-Chríost. Cathair mhór calaphoirt a bhí sa Coirint, le meascán ciníocha, religiún, fealsúnachta agus eile. Chaith Pól bliain go leith ann agus bhi sé i gcaidreamh leo ó Eifeasas, trasna Mhuir Adriad. Ba sclábhaithe thart ar dhá dtrian de mhuintir Choirint, agus is dóchaí gur sclábhaithe, nó den mhion-aicme, an chuid ba mhó de lucht na heaglaise chomh maith, bíodh go raibh daoine éirimiúla ann chomh leis. Ach is léir ó litreacha Phóil chucu gurb bheo aibí a n-intinn, ag machnamh faoi conas maireachtáil de réir a gcreidimh i gCriost i dtimpeallacht phagánach. Ach chomh maith leis sin bhíodar tugtha don diospóireacht  eatorthu féin, agus ag tabhairt meas ró-mhór do daoine faoi leith.  Sa litir seo beidh Pól ag plé le ceisteanna agus fadhbanna iomadúla. Ach beidh seo á dhéanamh aige mar chreidmheach, agus ag tús na litreach a leítear inniu leagann sé béim ar na fírinní bunúsacha: eaglais Choirint mar phobal naofa, tofa ag Dia, coisrichte ag Íosa Críost. Mar is dual, mar sin, guíonn sé grásta agus síocháin ó Dhia orthu.

 

An Soiscéal (Eoin 1:29-34). Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain. Is é seo an dara Domhnach Saor i gcúrsa liotúirgeach na bliana, bliain 1 (A) den chúrsa ina mbeidh Soiscéal Marcas á léamh. Ach ní thosnóidh sin go dtí an Domhnach seo chugainn. Inniu táimid fós faoin thionchar an phrionsabail go bhfuil trí fhoilsiú á gcomóradh sa tréimhse seo na hEipeafáine: foilsiú, nochtadh, Chríost do na saoithe (6 Eanáir), foilsiú Íosa ag an Athair sa Bhaisteadh agus (Dara Doimhnach Saor) foilsiú a ghlóire ag Íosa i Cana na Gailíle (Bliain C), nó tar éis Bhaisteadh ó Eoin (inniu). Inniu táimid ag an Iordáin le Eoin Baiste. Fianaise Eoin Bhaiste faoi Íosa atá i gceist.  Níl aon cur síos ar Bhaisteadh Íosa ag Eoin i Soiscéal Eoin faoi mar atá sna trí shoiscéal eile, ach tá cur síos anseo ar a tharla ann. Ní deirtear linn cé hiad lena bhfuil Eoin Baiste ag tabhairt na fianaise seo, ach is don eaglais go léir é. Tugann sé Uan Dé a thógann peaca an domhain ar Íosa: mar an tUan a tugadh chun a bháis in Íseáia (53:7) agus mar Uan na Cásca a ofráileadh gach Cáisc. Lena bhás thógfadh sé air féin peaca an domhain, amhail is go mba peaca mór amháin a bhí ann. Nocht, d’fhoilsigh, Eoin Íosa don domhan, agus tréithe bhaisteadh Íosa chomh maith: an Spiorad  ag tuirlingt air mar cholm agus ag fanacht air go buan. Leagann Eoin Baiste béim air seo, á insint faoi dhó, faoi mar atá béim air sna soiscéil eile agus i Gníomthartha na nAspal. Beidh an Spiorad Naomh céanna san Eaglais mar bhrontannas ó Íosa. Seo fianaise Eoin ag foilsiú, ag nochtadh, Íosa don saol dó.

 

B.              An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:  Eipeafáine, éacúiméineachas, an Spiorad Naomh, peaca an domhain.

 

An Domhnach seo sa Liotúirge táimid i spiorad na Eipeafáine go fóill, agus an éacúiméineachais chomh maith, ag druidim le Féile iompú Phóil (25 Eanáir) agus  an Nóibhéine do Aontacht na hEaglaise a ghabhann leis. Ionadaithe do phobal neamh-Ghiúdach a bhí sna saoithe a tháinig le homós a thabhairt don Leanbh Íosa, a rugadh mar Rí na nGiúdach, pobal a bhí ag feitheamh, nó ag tnúth le slánú ó Dhia. Tugadh freagra ó Dhia dóibh tar éis aiséirí Chríost. Tá eaglaisí easaontaithe ár linne ag iarraidh teacht chun níos mó aontachta. Mheas an Eaglais Chaitliceach i dtosach gur sórt leathmheasarthachta i dtaobh fírinne chreidimh a bhí anseo agus d’fhan glan amach uaidh, gur léiríodh di gurb faoi stiúir an Spioraid Naoimh é, agus tá sí anois lán-ghafa ann. Tríd an Spiorad tá Íosa á fhoilsiú, á nochtadh, féin níos mó i gcónaí. Tá dioscúrsa bríomhar ann idir an saol tuata agus an eaglais, agus an Eaglais á cáineadh nach mbaineann sí le mianta nó le meon an tsaoil atá ann. Rud nach luaitear, agus má luaitear is ar éigin, ón taobh tuata de ná peaca. Déantar cáineadh ar ghnásanna agus ar chleachtaí na hEaglaise, agus tagairtí iomadúla do Chríost, ag fágaint ar lár an bhaint inmheánach idir Chríost agus an peaca, an tUan a nochtann agus a thógann peaca agus peacaí an domhain. San agallamh idir an Eaglais agus ceisteanna comhaimsire ní mór teachtaireachtaí uile na hEipeafáine agus Bhaisteadh Íosa a choimeád san áireamh.

 

 

 

 

© Cumann na Sagart 2017