Macnamh ar léachtaí an Aifrinn, 25 Nollaig 2016

25 Nollaig 2015 (C) Sollúntas Bhreith Ár dTiarna

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

 

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

 

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Íosa Críost Duine agus Dia.

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

 

Aifreann na hOíche

 

An Chéad Léacht (Íseáia 9:1-7).  Tugadh mac dúinn. An fáidh a chum an léacht seo bhí sé ag féachaint siar agus ar aghaidh – siar ar an slad a rinneadh ar an Ghailíl, ag fórsaí na hAsaíre is dócha sa bhliain 732 roimh Chríost. Dorchadas a bhí ann nuair a cuireadh déithe bréige in ionad Dhia Iosrael. Ansin féachann sé ar aghaidh nuair a bheidh an bua ar an dorchadas sin. Tá cur síos ar an riméad a bheidh ann an lá sin, bua mar a bhí ag Iosrael ar a naimhde ar na Midianítigh, creachadóirí, in aimsir na mBreithiúna. Ach ré síochána a bheidh ann sa todhchaí seo, agus an chúis a bheidh lei ná saolú nó breith linbh, breith isteach sa saol seo agus breith ríoga ag glacadh seilbh ar a choróin. Mac Dháiví a bheidh ann, ag cur tús le ré an chirt agus na fíréantachta. Déanann díograis Dé dá ghealltanais deimhin de go dtiocfaidh an lá seo.  Fíoradh an fhís sin le breith Chríost, ach ar ndóigh is le cabhair uainne a thiocfaidh an ré nua siochána ann.

 

Salm le Freagra (Salm 95[96]). Rugadh slánaitheoir dúinn inniu: is  é Críost an Tiarna é.

 

An Dara Léacht (Títeas 2:11-14). Tá grásta Dé foilsithe don uile dhuine. Aidhm  bhreith Chríost agus a theacht inár measc, agus an freagra is dual dó uainne, éirim na léachta seo. Tá muidne creidmhigh ag maireachtáil i dtráth idir eatorthu, idir theacht Chríost sa cholainn agus a ateacht ag deireadh na staire. Is í is brí leis go mbeadh an pobal Críostaí cíocrach chun dea-oibreacha.

 

An Soiscéal (Lúcás 2:1-14). Rugadh slánaitheoir daoibh inniu. Maidir leis an léacht seo ní cás dúinn anseo  dul isteach sa chreatlach staire ina a chuireann Lúcás  ar adeir sé faoi bhreith Chríost. Is é éirim dá ndeir sé ná an teachtaireacht atá ann dúinn agus don saol i mbreith  Íosa. Rugadh go bocht simplí é agus léirigh neamh (Dia) gur toscaireacht  áthais agus síochana a bhí ann don saol mór. Ní do na móruaisle a foilsíodh a bhreith ach do aoirí simplí.

 

Aifreann an lae

 

An Chead Léacht (Íseáia 52:7-10). Feicfidh críocha  uile na talún beart tarrthálá ár nDé.  Is féidir leis an liotuirge téacs ón Bhíobla a scaradh amach ón chulra staire inar chéad cumadh é. Tá sé, mar a déarfá, neamhspleách ón gcomhthéacs agus ón gcúlra sin. Roghnaíodh téacs an lae inniu toisc go bhfuil fáidh ag fógairt go bhfuil Dia ag teacht le fuascailt, gur nocht an Tiarna a lámh naofa agus go bhfuil  críocha uile na talún le beart tarrthála ar nDé a fheiceáil. Oireann a leithéid de théacs do theachtaireacht na Nollag, agus bheadh sé ag teacht le bunbhrí an téacs i Leabhar Íseáia.  Is fiú, mar sin féin, bunbhrí an teacs seo i Leabhar  Íseáia a iniúchadh.

            Tógtar an téacs seo ón saothar ar a dtugtar de ghnáth anois “An Dara Íseáia”, nó Leabhar an tSóláis (Íseáia caibidil 40-55), saothar óna dtógtar roinnt mhaith de léachtai an Domhnaigh don Aidbhint. Cumadh fáistiní fileata an leabhair seo thart ar dheireadh na deoraíochta sa Bhaibealóin.  Sa téacs seo samhlaítear Iarúsailéim mar fhothrach, gan mórán dóchais do thodhchai ar bith aici.  Ansin don phobal lagbhríoch tagann guth an fháidh ag fógairt gur álainn ar na sléibhte na cosa atá ag fógairt an dea-scéala go bhfuil  síocháin, fuascailt agus sonas i ndán di, ag fógairt “Ta do Dhia i réim”, nath cainte atá le fáil go minic  sna sailm ar an nglaotar “Sailm Ríocht Dé”, a fhógraíonn ríocht Dé (Sailm 47, 93, 96-99), nath a bhfuil  an t-aistriúchán Airimise “Tá ríocht do Dhe foilsithe” air, leagan a bhí ann, b’fhéidir in aimsir Chríost féin. Roimh léirscrios an Teampaill (sa bhliain 586 roimh Chríost) measadh gur thréig glóir Dé an Teampall (feic Ézicéil 8-11). Anois feiceann na fir faire ar bhallóga scriosta Iarúsailéim a mhalairt:  glóir Dé, an Tiarna féin, ag filleadh ar an gCathair Naofa. Deirtear leo an dea-scéala sin a scairteadh amach le háthas. Feictear ar ghníomh  mór slánaithe Dé do Iarúsailéim mar shlánú Dé go críocha uile na talún.

 

Salm le Freagra (97[98]). Chonaic críocha uile na cruinne slánú ár nDé.                     

 

An Dara Léacht (Eabhraigh 1:1-6). Labhair Dia linn trína Mhac. Tá an léacht seo roghnaithe le dul leis an soiscéal, ina bhfuil tagairt do nádúr diaga Chríost. Ní fios go beacht cathain a cumadh an litir seo chuig na  hEabhraigh, pé acu roimh threascairt an Teampaill sa bhliain 70 nó ina dhiaidh. Labhraíonn an chéad mhír, a léitear inniu, ar staid dhiaga Chríost agus ar a ról i stair an tslánaithe. Is é foilsiú deiridh Dé é , “sna laethanta deireannaca seo”. Is é scail ghlóire Dé é agus cló a shubstainte.  Baintear úsáid as na briathra céanna i gCré Nicé: “Dia ó Dhia, solas ó sholas, comhshubstaintiúil leis an Athair, is trid (Críost) a rinneadh an uile ní”. Téann an téacs ar aghaidh lena mheabhrú, go hachomair, gur tháinig sé inár measc le bás a fháil ar son ár bpeacaí, agus ansin dul inairde le gradam a fháil – ar dheaslámh Dé.

 

 

An Soiscéal  (Leagan Gearr; Eoin 1:1-5; 9-14). Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc. Scríbhinn déanach de chuid an Tiomna Nua é an Ceathrú Soiscéal, Soiscéal Eoin, curtha le chéile thart ar an mbliain 100 b’fhéidir. Toradh é ar dhianmhachnamh ar an rúndiamhair maidir le gaol Íosa leis an Athair. Ceist a bhí ann an raibh Íosa Críost ann roimh an Ionchollú, agus má bhí conas sin. An leiriú atá i mbrollach shoiscéal Eoin, a léitear inniu, ná go raibh sé ann mar an Briathar. Bhí an Briathar ann ó thús agus ba Dhia an Briathar. Admháil shoiléir atá anseo ar dhiagacht Íosa Criost. Ansin san Ionchollú “rinneadh feoil den Bhriathar”, Ghlac an Briathar colainn dhaonna, chun solas a thabhairt ar an saol agus clann Dé a dhéanamh de gach aoinne a chreideann ann.

 

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Íosa Críost Duine agus Dia.

 

Bhí sé de cheart ag gach sagart, agus tá fós, trí Aifreann a cheiliúradh Lá Nollag: Aifreann na hOíche, ag Breacadh Lae, agus Aifreann an Lae. De ghnáth ní cheiliúrtar anois ach an chéad agus an tríú ceann díobh sin. Is fiú suntas a thabhairt don dá  Aifreann sin le chéile, mar tá teachtaireacht láidir acu dúinn inniu faoi rúndiamhair phearsa Íosa Críost, mac Mhuire agus Mac Dé.  Chuir Íosa an cheist ar a dheisceabail: “Cé hé a deir na daoine Mac an  Duine? Cé a deir sibse mé?” Cad í an tuairim atá acu, agaibhse, díom? Lean an cheist sin ar aghaidh san eaglais tar éis aiséiri Chríost, agus a dheascabháil go deaslámh an Athar. Cad é an gaol a bhí ag Íosa leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh?

            Ceist eile ná fianaise na bhfáithe, an tSeantiomna, faoi Íosa. Meabhraíonn an chéad léacht d’Aifreann an Lae dúinn gur[MM1] bh fhada an t-ullmhúchán a bhí ann do theacht Chríost, rud a chabhraíonn linn a thuiscint go raibh gá le tréimhse fhada  san eaglais le teacht ar léiriú níos soléire ar ghaol Íosa leis an Athair agus an Spiorad Naomh, agus gaol idir  thrí phearsa na Trionóide lena chéile.

In Aifreann na hOíche inniu tá an bhéim ar dhaonnacht Chriost; rugadh ó Mhuire  Ógh. Leagtar béim ar dhiagacht Chríost sna léachtaí in Aifreann an lae, go mór mór sa dara léacht agus sa Soisceal, gan dearmad a dhéanamh ar a dhaonnacht:  Ghlac Mac Dé colainn daonna; rinneadh feoil den Bhriathar.

© Cumann na Sagart 2017