Macnamh ar léachtaí an Aifrinn 6 Márta 2016 | Cumann na Sagart

6 Márta 2016 (C) An Ceathrú Domhnach den Charghas

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad léacht (Iósua 5:9-12). Tar éis de phobal Dé teacht isteach sa talamh a gealladh dóibh, ceiliúrann siad an Cháisc. Chaith clann Iosrael daichead bliain san fhásach, áit neamhthorthúil mar a raibh an manna mar lón acu. Bhíodar ar a slí go tír Canán a ghealladh do na hAithreacha, Abrahám agus a shliocht mar oidhreacht, go tír tairngire. Anois tar éis dóibh an Iordáin a thrasnú bhí ceann scríbe bainte amach acu. Pobal Dé iad agus bhí orthu comhartha an chonartha, an timpeallghearradh, a bheith orthu. De réir deallraimh ní raibh sin amhlaidh san fhásach, agus b’fhéidir san Éigipt. Anois ar theacht i seilbh a n-oidhreachta rinneadh iad a thimpeallghearradh. Bhí náire, aithis, an chos ar bolg, sclábhaíocht, agus gach ar sheas an Éigipt dóibh, bainte díobh. An chéad chéim eile mar phobal Dé ná an Cháisc a cheiliúradh, rud a rinneadar de réir ghnásanna Dli Mhaoise, le arán tirim agus arbhar triomaithe, tíortha. Bhíodar anois i dtír ina mbeadh “mil agus uachtar ag gluaiseacht ina slaoda”. D’ith siad de thoradh thír Canán, agus tháinig deireadh leis an manna, an bia a chothaigh iad san fhásach. Bhí tús curtha le ré nua ina stair.

Salm le freagra (Salm 33[34]). Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna

Dara léacht (2 Corantaigh 5:17-21).Thug Dia sinn chun athmhuintearais leis féin trí Chríost. Is féidir teachtaireacht na léachta seo a mheas níos fearr nuair a shuíotar i gcaibidil thosaigh na litreach seo chuig na Corantaigh í. Tá an tAspal Pól gafa idir a thuiscint féin ar bhrí aiséirí Chríost agus an chonartha nua agus cúrsai daonna agus saolta na heaglaise i gCoraint. Bhí teannas áirithe idir an eaglais, nó buíon san eaglais, i gCoraint agus a n-aspal Pól. Cuireadh i leith Phóil nach raibh sé macánta, trédhearcach, leo. Tugann Pól aird ar a bhfuil le rá acu, ach tá an litir lán de theagasc faoin chonradh nua agus saothar an Spioraid Naoimh sa bheatha Chríostaí. De bharr an teannais agus a gcuid amhrais faoi féin, iarann Pól an bhfuil sé anois riachtanach go dtabharfadh duine éigin litir creidiúnais dó agus Pól a chur in aithne dóibh. Scríobhann sé an mhír álainn seo (2 Corantaigh 3:1-3): “An gá dúinn, dála daoine áirithe eile, litreacha creidiúnais a thabhairt chúgaibhse nó iad a fháil uaibh? Is sibhse ár litir chreidiúnais agus í scríofa ar ár gcroí agus í le haithint agus le léamh ag cách uile. Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar thaibhléid an chroí dhaonna”. Leagann Pól béim ar an fhírinne Chríostaí go bfhuil saol nua, cruthú nua, ann le aiséirí Chríost. D’fhéach sé uair amháin ar Íosa, “Íosa na staire”, mar dhuine den domhan, den saol, seo a cuireadh chun báis mar choirpeach. Rinne sé Críost a mheas de réir chaighdeáin shaolta. Lena chreideamh in aiséirí Chríost, ní dhéanann sé Críost ná neach ar bith eile a mheas de réir chaighdeáin shaolta a thuilleadh. Is anseo a thosaíonn léacht an lae inniu. An duine atá i bpáirt le Críost “is duine é atá cruthaithe as an nua”, mar adeir an leagan nua Gaeilge, ach le bheith níos beaichte, “is cruthú úrnua é”. Tá an sean-saol, gan cumhacht Chríost, an Naomh-Spioraid agus grásta Dé, imithe. Míníonn Pól a bhfuil ráite aige. Ionann an ré nua, an “cruthú” nua, trí bhás agus aiséirí Chríost agus maithiúnas na bpeacaí agus athmhuintearas déanta idir Dia agus an cine daonna. Cúram Phóil agus na heaglaise ná an t-athmhuintearas sin a fhógairt. Is ambasadóirí dó sin iad, agus ní hamháin le briathra ach fós lena mbeatha, le athmhuintearas idir na Corantaigh agus Pól, agus eatarthu féin.


Soiscéal (Lucás 15:1-3, 11-32). Bhí an deartháir seo agat marbh agus tá e beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é. De ghnáth tugtar mar theideal ar an bparabal seo “An Mac Drabhlásach”. I gcomhthéacs Shoiscéal Lúcáis, is é an ceann deiridh é de thrí pharabail gur sórt teidil dóibh “Caillte agus Faighte”: caora amháin as céad, drachma amháin as deich, mac amháin as beirt caillte agus faighte. Tá siad go léir dírithe ar dhaoine (Fairisínigh agus scríobhaithe) a cháin Íosa toisc a mhuintearas le bailitheoirí cánach (poibleacánaigh) agus peacaigh, sin le rá daoine a ghearr iad féin amach as modh beatha na nGiúdach faoi chonradh Mhaoise. Ní hé gur aontaigh Íosa lena seasamh siúd. Ba chaillte iad. D’aithin an t-athair ceart agus saor-thoil an mhic ab óige chun a pháirt san oidhreacht. B’fhéidir gur shéan an mac sin creideamh a chine; chríochnaigh sé i dtalamh phagánach ag aoireacht mhuc, beithigh nach raibh ceadaithe do Ghiúdaigh. Siombal den Athair ar neamh an t-athair, a bhí ag faire le filleadh a mhic. Tuigimid don mhac ba shine ó thaobh an nádúir dhaonna de. Ach níorb ionann léargus Dé, an tAthair ar Neamh.

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Fill, Fill, a Rúin Ó. Fill ar do oidhreacht Chríostaí

Is iomaí sin ábhar machnaimh a thugann léachtaí an lae inniu dúinn. Tá trí chinn ar féidir a áireamh.

(1) Is fada idir Cáisc úd Leabhair Iósua, ithe de thoradh thír Canán agus an Tiomna Nua agus an lá atá inniu ann. I slí amháin bhí an tír tairngire, seilbh na talún, bainte amach ag clann Iosrael, seilbh ar a dtugtar chomh maith “an suaimhneas”, no “áitreamh suaimhnis”. Le himeacht ama b’ionann “an talamh” agus an oidhreacht. Ceann de na Biáidí ná gur méanar dóibh seo atá ceansa mar tiocfaidh siad i seilbh na talún (aistriúchán eile: “geobhaidh siad an talamh mar oidhreacht”). Tá an glaoch ann dúinn i gcónaí teacht is seilbh na talún, na hoidhreachta, sin ach a bheith dílis do ghuth Dé.

 

(2) Gairid roimh éirí as oifig dó, mheabhraigh an Pápa Benedict XVI dúinn agus sinn in agallamh le saol an lae inniu, go bhfuil an eaglais sa saol ach nach den saol seo í. Tagann seo go mór lena dúirt Pól leis na Corantaigh. Bhí sé in agallamh leo, agus ag déanamh airde dá gcuid cheisteanna agus eile, ach i gcónaí ag meabhrú dóibh gur cruthú nua, beatha chruthaithe as an nua, bheith i bpáirt le Críost. Ag freagairt do bhriathra Phóil, ní féidir an eaglais, ná cursai creidimh, a mheas de réir caighdeáin shaolta. Is geal leis na meáin cúrsaí eaglasta de shaghas áirithe, go háirithe ar cheisteanna gnéis agus scannail, a phlé, ach níor chóir ligint dóibh aird a thabhairt ó na ceisteanna lárnacha den bheatha Chríostai – grásta Dé, urnaí, na sacraimintí, aithrí, Críost beo san eaglais agus rudaí den sórt sin.

 

(3) Fill, Fill, a Rúin Ó. Fill ar do oidhreacht Chríostaí. Tá a lán le foghlaim ó pharabal “An Mac Drabhlásach”. Bhíodh Íosa in agallamh caoin le daoine a bhí ar an imeall an tráth úd, ar an imeall ar chúis amháin nó ar chúis eile. Bhí caidreamh acu lena chéile. Ní deirtear linn cérbh é an t-ábhar comhrá eatarthu. Ar fhilleadh, ar a bheith faighte tar éis a bheith caillte, atá an bhéim sa parabal. Inniu san eaglais agus sa domhan mór tá a lán daoine mar an mac ab óige sin, a n-oidhreacht, an eaglais, agus b’fhéidir creideamh i nDia féin tréigthe acu, agus gan smaoineamh ag a lán díobh go bhfuilid caillte. Ceann de mhór-cheisteanna ná conas teagmháil a dhéanamh leo siúd, lena léiríú dóibh gur trua a n-oidhreacht a bheith tréigthe acu. Ach tá Dia láidir – cúis mhisnigh sin dúinn. Glaoch dúinn achainí a chur chun Dé ar a son.

 

Is féidir na leachtaí seo leanas as Bliain A a úsáid mar mhalairt léachtaí

6 Márta Malairt léachtaí (A): An Ceathrú Domhnach den Charghas

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

  1. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Íosa agus an Eaglais solas an tsaoil

 

C.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (1 Samuél 16:1, 6-7, 10-13). Ungtar Dáiví ina rí ar Iosrael. Cuireann an léacht seo síos ar faoi mar ar roghnaigh Dia an t-ógánach Dáiví, mac Iese, mar rí. Sheol sé an fáidh Samuél leis an ógánach Dáiví a ungadh. Is ón bhfocal Eabhraise sin “ungadh”, maisach, trid an Ghréigis a thagann an focal Críost (“ungtha”) agus an ainmfhocal Meisias. Le briathar ó Dhia bhí Sól ungtha cheana ag Samuél ar Iosrael an Tuaiscirt, ach theip air mar rí agus bhí sé curtha i leataobh ag Dia. Leagann an sliocht seo béim ar seo gur thrí shaor-dheonú Dé a rognaíodh Dáiví mar rí anois, ní de bharr a thréithe féin. Ní raibh san ungadh seo ach gníomh samhaltach, nach mbeidh feidhm leis ach níos déanaí. Chaith Dáivi seal in arm Shóil, sul ar thogh treibh Iúda é mar rí ar Iúda. I ndiaidh bhás Shóil toghadh mar rí ar Iúda agus Iosrael an Tuaiscirt é, agus rinne Dia conradh leis go mbeadh a rítheaghlach buan go deo,  creideamh agus dóchas as ar fhás an feitheamh leis an Meisias, dóchas a chomhlíon Críost. Ungadh sin Dháivi an t-ógánach ag an bhfáidh Samuél, chuir sé tús leis an ghluaiseacht sin faoi Dháiví agus Mhac Dáiví go bhfuil tagairt ann i soiscéal an lae inniu ag Íosa Mac an Duine, a thug radharc don dall.

 

Salm le Freagra (Salm 22[23]) Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orm.

Dara Léacht (Eifisigh 5:8-12). Éirigh óna mairbh agus soilseoidh Criost thú. Dúirt Íosa lena dheisceabail gurb sholas an domhain agus salann na talún iad. Thóg an eaglais óg briathra seo Chríost go dáiríre, mar is léir ó litreacha Phóil agus ó scríbhinní eile an Tiomna Nua. Bhí teachtaireacht seo Chríost le craobhscaoileadh i dteagasc agus i gcleachtadh na hEaglaise. Féachadh ar an bpagántacht agus a bhain lena cuid teagaisc agus cleachtaidh mar dhorchadas. Cuireadh sin in iúl i ndeasghnáth an bhaiste: aistriú ó dhorchadas na pagántachta go solas an tsoiscéil a bhí ann, nó, b’fhéidir, ba chirte a rá gur aontú le Críost, an bheatha agus an solas, a bhí ann. Bhí an bheatha nua sin le léiriú don saol, don domhan, le beatha de réir an tsoiscéil, ag tabhairt toraidh i ngach cineál maitheasa agus firéantachta agus fírinne. Bheadh teagasc níos beaichte ná sin acu, ar ndóigh, ar na suáilcí faoi leith le cleachtadh agus na duáilcí le seachaint. Leagtar béim ar thrédhearcacht sa saol poiblí agus san eaglais -- le eolas a bheith ag Críostaithe ar dhorchadas agus peacaí sa saol. Tugann lonradh an tsoiscéil chun solais iad – rud is fíor ar ndóigh faoi pheacaí agus mháchail san eaglais féin. Ag deireadh na léachta tá rann, nó leath-rann, a tógadh is docha as sean-iomann Críostaí nach ann dó a thuilleadh, a ghlaonn ar chodlatán, duine ina chodladh nó ina leath-chodladh, éirí ó staid ar a dtugtar an bás air, bás an pheaca, nó dorchadas an dí-chreidimh, go soilsiú ó Chríost.

 

An Soiscéal (Eoin 9:1-41). D’imigh sé, nígh sé é féin agus d’fhill agus a radharc aige. Léacht an-fhada atá i soiscéal an lae inniu, ina bhfuil eachtraí difriúla. Tá siad nasctha le chéile leis an téama láir gurb sholas an domhain é Íosa. Is nós le Eoin téama creidimh a nascadh le eachtra éigin: an Domhnach seo caite an t-uisce beo a thugann Íosa leis an Samáireach mná agus an tobar; an Domhnach seo an dall ón mbroinn agus Íosa mar sholas. In aimsir Chríost (agus fós inniu b’fhéidir) i meon daoine conacthas nasc idir máchail choirp agus peaca, sa chás seo peaca na dtuismitheoirí nó peaca an linbh féin sa bhroinn. Séanann Íosa gurb amhlaidh a bhí, ach le glóir Dé a léiriú tríd an mhiorúilt a bhíothas le déanamh. Gan coinne, tugann Íosa téama na léachta isteach: is é sin é féin mar sholas an tsaoil. Measadh an uair sin gur raibh tréithe leighis sa seile, agus smear Íosa seile agus láib ar shúile an daill, gan é a leigheas, agus dúirt leis an dall dul go dtí Linn iomráiteach in Iarúsailéim go raibh an t-ainm Silóm air, ainm ar bhrí leis san Airimis agus san Eabhrais “Seolta”, “curtha amach”, áit ar leigheasadh an dall. Déantar an ceangal sin anseo, mar ba é Íosa an “Silóm” ceart, an Té a bhí seolta amach ón Athair. Tar éis ar leigheasadh an dall lean ceisteanna faoi chonas a tharla an leigheas, ar dtús idir na comharsana, ansin i measc na bhFairisíneach toisc gur ar an Sabóid a rinneadh an leigheas, rud a bhí in éadan Dlí Mhaois dar leo. Bhí an dall a leigheasadh ag tabhairt fianaise i dtaobh Íosa, gur cara le Dia agus fáidh a bhí ann. Ansin glaonn na “Giúdaigh”, na húdaráis Ghiúdacha, ar thuismitheoirí an daill a leigheasadh le fios fátha an leighis a fháil, áit a bhfuil tagairt do chinneadh na nGiúdach déanta cheana féin faoi aoinne a admhódh gurb é Íosa an Críost a dhíbirt as an tsionagóg. Tagairt atá anseo, is dócha, do dhíbirt Chríostaithe as an tsionagóg a tharla níos déanaí sa stair, tar éis threascairt Iarúsailéim. Glaodar ar an duine a rugadh dall é féin, a thug fianaise do Íosa mar chara Dé, agus chaitheadar amach é. Chuala Íosa sin agus bhuail sé leis agus chuir ceist air ar chreid sé i Mac an Duine agus chuir sé é féin in aithne mar Mhac an Duine. Chreid an té a rugadh dall in Íosa agus rinne omós dó. Tá críoch ag an léacht mar ar thosaigh sé, á rá gur tháinig Íosa le breithiúnas a thabhairt ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann.

 

D.   An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. Íosa agus an Eaglais solas an tsaoil.

Tá trí phointe soiléir ag eascairt as liotúirge agus léachtaí an lae inniu a thugann ábhar saibhir machnaimh agus agallaimh dúinn.

 An chéad cheann díobh ná gurb é solas an tsaoil é Íosa. Is chuige sin a seoladh isteach sa saol é ón Athair. Eisean an Té a seoladh. “an Seolta”, Silóm, a leigheasann an dall. Tháinig sé le go mbeadh radharc ghlóir an Athar ag an domhan. Tá sin soléir ó shoiscéal an lae inniu, agus óna lán áiteanna eile sa Tiomna Nua. Is cuid lárnach de theachtaireacht an Tiomna Nua é.

An dara pointe ná nach do bheatha Íosa ar talamh amháin an méid sin. Roghnaigh sé aspail and deisceabail le go mbeadh an dea-scéal sin á fhógairt go críocha deiridh an domhain go deireadh an tsaoil. Solas an domhain agus salann na talún iad lucht leanúna Íosa. Sin mar a thuig, agus mar a chraobhscaoil, an Eaglais ó thús an soiscéal. Is rúndiamhair an tslánaithe í an eaglais ina teagasc agus i mbeatha na bhfíréan.

Tugann sin go dtí an tríú pointe sinn: agallamh ag an eaglais lei féin agus le saol an lae inniu. Ní mór don eaglais í féin a leasú de shíor leis an toradh a thabhairt a thugann an solas uaidh, gach cineál maitheasa agus fíréantachta agus fírinne. Go minic inniu nuair a labhartar faoi leasú na heaglaise is iad “na structúir” atá i gceist, go mór mór sa Vatacáin, an “curia” ach go háirithe. Bíodh go bhfuil tábhacht leis sin, ní hé sin an leasú go príomha atá i gceist, ach athrú i meon agus i gcleachtadh na bhfíréan le go mbeidis de réir an tsoiscéil, le fianaise a thabhairt do Íosa. Pointe eile san agallamh seo ná go bhfeiceann roinnt mhaith daoine inniu ar an rud a dtugann creidmhigh “solas” air mar dhorchadas, sheanaimsearthacht.

 

© Cumann na Sagart 2017