Macnamh ar léachtaí an Aifrinn, 21 Feabhra 2016 | Cumann na Sagart

21 Feabhra 2016 (C) Dara Domhnach den Charghas

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Athrú crutha an Chríostaí i gCríost. Daingnithe sa gCreideamh

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad Léacht (Genesis 15:5-12, 17-18). Déanann Dia conradh le hAbrahám fíréan. Nuair a ghlaoigh Dia ar Abrám céaduair (a dhéanfar athrú ar a ainm níos déanai go Abrahám) ó Úr na gCaildéach, gheall sé dó go ndéanfadh sé náisiún mór de agus gur tríd a dhéanfadh ciníocha uile an domhain iad féin a bheannú (nó gur tríd a bheannófar iad) (Genesis 12:2-3). Blianta ina dhiaidh sin, bíodh go raibh Abrám gan mac nó oidhre, rinne Dia an gealltanas céanna dó. Chreid Abrám sa Tiarna agus mheas an Tiarna mar fhíréantacht aige é sin. Is dócha gurb é is brí leis an téarma “fíréantacht” anseo ná staid anam Abrám, ag glacadh go humhal le gealltanas Dé d’ainneoin easpa aon fhianaise ina fhábhar, sin le rá aon fhianaise seachas dílseacht Dé. Do Chríostaithe is ceann de mhórthéacsanna an tSeantiomna é seo. Baineann Pól feidhm as lena léiriú gur trí chreideamh i gCríost a thagann an slánú, seachas trí “oibreacha an Dlí”, cleachtadh Dlí na nGiúdach. Baineann Séamas (Séamus 2:26) feidhm as, mar aon le téacsanna eile, le léiriú gur marbh an creideamh gan dea-oibreacha.

            Lárthéama na léachta, ag trácht ar chonradh Dé le Abrám, is ceann de na téacsanna is tábhachtaí den tSeantiomna é. Mar chúlra don chonradh seo tá gnásanna fíorársa, ceann díobh ná íobairt ainmhithe áirithe, agus iad a roinnt ina dhá chuid, agus ag suíomh na ranna roinnte i ndhá líne, iad ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Shiúladh páirtithe an chonartha idir an dá line, agus an bhrí a bhí leis seo ná dá bhfeallfadh ceachtar den dá pháirtí ar théarmaí an chonartha agus na mionnaí a ghabh leis, go mbeidis gearrtha i gcodanna faoi mar a bhí ainmhithe an chonartha. Níl sé soiléir cad is brí leis an éanlaith chreiche a tháinig anuas ar na conablaigh: naimhde b’fhéidir a raibh ar intinn acu an conradh a scrios. Ina thromchodladh mistiúil bhí aisling ag Abrám de Dhia ag déanamh an chonartha (Dia curtha in iúl ag an fhoirnéis deataigh tine agus an lóchrann ar lasadh ag gabháil idir na codanna roinnte). Sa chodladh mistiúil sin bheadh gealltanas Dé faighte ag Abrám faoi thodhchaí ghlórmhar dá shliocht (le seilbh na talún ón Níl go dtí an Eofrait).

            San fhís sin ar an gconradh agus todhchaí a shíl, a shleachta, ina dhéanfadh ciníocha uile an domhain iad féin a bheannú (nó ina mbeidis beannaithe) (Genesis 22:18), d’fhéadfadh glúine ina dhiaidh sin tagairt a fheiceáil ann do shíol Abrahám agus Dháiví, an Meisias. I diospóireacht maidir le áit Abrahám ina gcreideamh agus a n-oidhreacht, dúirt Íosa leis na Giúdaigh (Eoin 8:56): “Rinne Abrahám bhur n-athair lúcháir go bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Chonaic, agus bhi áthas air”. B’fhéidir go raibh codladh sin mistiúil Abrahám ina aigne ag Íosa.

 

Salm le Freagra (Salm 26[27]]). Is é an Tiarna mo sholas agus mo shlánú.

 

Dara Léacht (Filipigh 3:17-4:1). Cuirfidh Críost athrú crutha ar ár gcorp á mhúnlú i gcosúlacht a choirp ghlórmhair féin. Níos luaithe sa chaibideal as a dtógtar an sliocht seo, cuireann Pól an eaglais i bFilipe ar a hairdeall faoi thionchair ón dtaobh amuigh den chomhluadar Críostaí. Luaigh sé go raibh na buntáisti a bhí aige féin curtha uaidh aige ionas le bheith dílis do Chríost. Sa léacht seo impíonn sé orthu aithris a dhéanamh air féin, agus ar na daoine eile a dhéanann de réir an tsampla a thug sé dóibh. Níl aon cheist faoi aon éirí in airde ó thaobh Phóil anseo. Anois deir sé leo go deorach go bhfuil mórán atá ina naimhde do chros Chríost lena ngníomhartha mínáireacha, ina n-eaglais féin, i bhFilipe ní foláir. Ní shonraíonn sé cé hiad na gníomhartha mínáireacha atá i gceist, ach gur nithe a bhain lei an saol seo iad, a mhalairt de bheatha na bhfíor-Críostaithe gurbh é neamh a mbaile dúchais, a dtír dhúchais. Ba choilíneacht Rómhánach Filipe agus ba mhór an rud saoránacht Rómhánach a bheith ag duine. Bhí Pól féin bródúil as; saoránacht a bhí aige ó dhúchas (Gníomhartha 21:39; 22:28). Seans go raibh na Críostaithe saolta sin leis na gníomhartha mínáireacha á meas féin ach go háirithe mar shaoránaigh Rómhánacha, ag meas gurbh í an tsaoránacht saolta Rómhánach sin an rud ba thábhachtaí. B’fhéidir go raibh baint acu, i slí thar a bhí ceadaithe do chreidmhigh, ag cóisirí i dteampaill phagánacha, ag meas nach raibh sa bheatha Chríostaí ach slí bheatha amháin i measc díormaí polaitiúla eile. As sin casann Pól ar an t“saoránacht” cheart Chríostaí, gur ar neamh a dtír dhúchais mar a bheidh a gcoirp uirísle dhaonna aithrithe le bheith cosúil le corp glórmhar Chríost. Seo claochlú coirp sa saol eile. Ach níor chóir dearmad a dhéanamh de go bhfuil ráite as Pól in áit eile (2 Corantaigh 3:18) go bhfuil claochlú ag teacht ar chreidmhigh cheana féin sa saol seo, ag dul óna gcruth féin chun cosúileacht, íomhá, Chríost, ón nglóir is lú go dtí an glóir is airde, agus sin faoi luí Spiorad an Tiarna.

 

Soiscéal (Lúcás 9:28-36). Sa ghuí d’Íosa, tháinig athrú cló ar a ghnúis. I ngach ceann de na trí shoiscéal tosaigh, Matha, Marcas agus Lúcás, tá cur síos ar chlaochlú Íosa, ar an athrach cló ar a ghnúis agus a chuid éadach éirithe glégeal lonrach. Tharla an eachtra sé lá (ocht lá i Lúcás) tar éis admháil chreideamh na nAspal in Íosa i gCaesairia Philib. Is fiú tabhairt faoi deara na béimeanna sonracha atá i gcuntas Lúcáis den eachtra. Ceann díobh ná an bhéim ar urnaí Íosa, mar atá in áiteanna eile sa tSoiscéal seo. Chuaigh Íosa agus an triúr aspal faoi leith an sliabh suas chun guí, agus Íosa ag guí tháinig athrach cló ar a ghnúis. An bheirt atá ag caint le hÍosa, tá siad san ord ceart (murab ionann i Matha agus Marcas) – Maois agus Élias. Rud sonrach do Lúcás ná éirim a gcomhrá le hÍosa – imeacht (exodus) Íosa (ón saol) a bhí le tabhairt chun críche in Iarúsailéim. B’ionann bás agus aiséirí Íosa agus exodus nua an tslánaithe d’Íosa agus don Eaglais. Beidh a chorp claochlaithe, athraithe go crot glóirithe, mar chuspa do choirp a lucht leanúna dílis agus glóirithe ar neamh. Tá tagairt dó sin sa dara léacht inniu.

            Bhí tionchar mór níos déanaí ag an eispéaras sin ar an sliabh naofa. Thug Maois and Éilias, an Dlí agus na Fáithe, fianaise d’Íosa agus thugadar don Eaglais tuiscint níos doimhne ar aontacht fhoilsiú phlean Dé tríd an tSeantiomna agus an Tiomna Nua. Déanann Dara Litir Naomh Pheadar (2 Peadar 1:17-19) tagairt dó. D’fhág sé an briathar fáidhiúil níos iontaofa acu.

 

B.                       An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Athrú crutha an Chríostaí i gCríost. Daingnithe sa gCreideamh

 

Ceiliúrann an Eaglais féile Chlaochlú an Tiarna gach bliain ar an 6 Lúnasa. Tugtar an rúndiamhair sin chun cuimhne san Aifreann inniu chomh maith, ach i gcomhthéacs thuras Íosa go hIarúsailéim, Cailbhire, agus an aiséirí maidin Dhomhnach Cásca. D’fhéach traidisiún sa Bhíobla, agus traidisiún i measc na nGiúdach, ar aghaidh do chlaochlú, athrú chorp na bhfíréan sa saol le teacht, dóchas atá le fail sa Tiomna Nua chomh maith (feic 1 Corantaigh 15:40-44; 2 Corantaigh 3:18). Mar a luadh sna nótaí ar an dara léacht thuas, tá an claochlú sin ag feidhmiú cheana sa saol seo, mar a bhfuil creidmhigh á n-athrú go híomhá Íosa Críost ó ghlóir go glóir ag grásta Spiorad Íosa aiséirithe (2 Corantaigh 3:18). Tugann an t-athrú sin orthu gan patrún an tsaoil seo a leanúint ach malairt meoin a chur orthu féin trí athnuachan aigne, i slí go n-aithneoidis cad is toil le Dia, agus a gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo thaitneamhach do Dhia, sin é a n-adhradh spioradálta (Rómhánaigh 12:1-2).

            Tá ábhar saibhir machnaimh againn i léachtaí an lae inniu. Ní gá ach cúpla pointe a lua anseo. (1) An aontacht a fheiceann an creideamh a bheith ag rith i bhfoilsiú Dá sa tSeantiomna agus sa rúndiamhair a foilsíodh in Íosa. Gealladh d’Abrahám go mbeadh na ciníocha uile beannaithe tríd, “ina shíol”, agus ba é Críost an síol sin. B’fhéidir go bhfaca Abrahám ina fhis glóir Chríost; (2) Mar a luadh níos luaithe, meabhraíonn claochlú Críost dúinn áthrú an chreidmhigh faoi ghrásta Dé anseo ar talamh, agus athrú crutha i gcosúileacht choirp ghlórmhar Chríost ar neamh.

            (3) Mar tríú hábhar machnaimh is féidir linn comparáid a dhéanamh idir phatrún na beatha Críostaí a chuireann Pól os comhair na bhFilipeach leis an admháil a dhéanann sé leo go deorach go bhfuil a lán creidmheach san eaglais sin a bhfuil a gcleachtadh, cleachtadh náireach, i bhfad ón bharrshamhail a leag sé amach dóibh. Níor athtraigh cúrsaí san ábhar seo ró-mhor thar na blianta. Ach mar sin féin bhí an bua ag an bharrshamhail Chríostaí.

            Tugann léachtaí an lae inniu, agus eachtra chlaochlú Chríost, teachtaireacht dúinn agus gairm dár lá féin, agus is i an teachtaireacht sin ná sinn a bheith daingean i gcreideamh Chríost. Ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh chun an grá sin a thaispeáint agus a chúram do gach duine aonair againn. Is teachtaireacht í rúndiamhair Claochlú Chríost dúinn chomh maith áit an Scrioptúir inár mbeatha agus i mbeatha na hEaglaise a aithint. Tá tinfeadh, inspioráid, Dé i ngach scrioptúr; is nasc é leis an am atá thart agus déanann sé daingean sinn sa chreideamh in aon deacracht a thagann inár dtreo san am i láthair.

© Cumann na Sagart 2017