Macnamh ar léachtaí an Aifrinn, 7 Feabhra 2016 | Cumann na Sagart

7  Feabhra 2016 (C) An Cúigiú Domhnach Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: (a) Creideamh san Aiséirí; (b) An ghairm fianaise a thabhairt don Soiscéal

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Réamhrá do na léachtaí. Tá ceist sa chéad léacht agus sa léacht ón Soiscéal le gairm ó Dhia do mhisean faoi leith, le eispéaras faoi láithreacht Dé agus naofacht Dé. An fhreagrairt is dual do dhuine daonna ar bith a bhfuil tuiscint  pheacúileachta aige ná tuiscint níos doimhne ar a pheacúileacht féin, ar a leanann dearbhú ó Dhia go bhfuil maithiúnas faighte aige mar aon le cabhair ó Dhia. Sa dara léacht tá Pól ag leagan béime ar an dteagasc Críostaí faoi aiséirí na colainne.

 

An Chéad Léacht  (Íseáia 6:1-8). Seo anseo mise, cuir mise. Is é atá sa léacht seo ná gairm Íseáia dá mhisean mar fháidh don Tiarna Dia. Ní rud éigin teibí a bhí i bhfoilsiú Dé trí na fáithe. Rinne na fáithe a gcuid oibre sa saol tadhaill, réadach, in áit agus in am faoi leith. Glaodh ar Íseáia le bheith ina fháidh “an bhliain a bhfuair an rí Ozia bás”, is é sin sa bhliain 742 roimh Chríost. Tá suíomh na gairme sa domhan seo,  sa Teampall in Iarúsailéim ach bhí nasc aige le Dia na Glóire ar neamh. Bhí Íseáia tar éis amharc ar an Tiarna Dia na Slua, bhí sé tar eis Dia a fheiceáil, agus bhí a fhios aige go ndúirt an Tiarna féin: “Ní féidir do dhuine mé a fheiceáil agus maireachtáil dá éis sin” (Eaxodus 33:20). Déantar Íseáia feasach dá pheacúileacht daonna féin agus gabhann eagla é, ach  tháinig dearbhú ó neamh chuige. Mar thoradh ar an gcuireadh bheith ina fháidh do Dhia, ina theachtaire ó Dhia do Iosrael, glacann Íseáia go fonnmhar leis.

 

Salm le Freagra (Salm 137[138]). I bhfianaise na n-aingeal móraim thú, a Thiarna.

 

An Dara Léacht (1 Coraintigh 15:1-15). Sin é an Dea-Scéal a fhógraímid uile agus sin é an creideamh atá glactha agaibhse.  Bhí, agus tá, aiséirí Chríost lárnach don chreideamh agus don dóchas Críostaí. Bhain fadhbanna, mar sin féin, leis an dteagasc maidir le aiséirí na colainne, go háirithe don mheon Gréigeach, ar chuid de meon na gCorantach a raibh Pól ag scríobh chucu. Mar phointe teagaisc taobh istigh den Ghiúdachas féin níor tháinig an creideamh seo chun tosaigh agus níor glacadh leis ach ag grúpa amháin de na Giúdaigh (Farisíningh den chuid is mó), agus sin tamall cuíosach gearr roimh aimsir an Tiomna Nua, ón bhliain 165 roimh Chriost nó mar sin i leith. Bhí deighilt idir Ghiúdaigh maidir leis i laethanta Chríost, an teagasc séanta ag na Sadúisínigh, agus de réir dealraimh creideamh sa bheatha shíoraí gan aiséiri i measc na nEiséanach. Le teacht aiséirí corpartha Chríost ní raibh aon áit do amhras faoin gceist ag Críostaithe. Ach lean ceisteanna ón gcreideamh áirithe sin, go mór mór i measc creidmheach leis an meon Gréigeach, a eascair as nádúr ábhartha an choirp dhaonna. B’fheasach do Phól an ceistiúchán a bhí acu agus tugann sé freagra air  i gcaibideal fada 15 den litir seo a léifear idir an Domhnach seo agus Domhnach 18 den tríu bliain seo den chúrsa thrí bliain.

            Ta Pól réidh le plé a dhéanamh les na Corantaigh maidir le fadhbanna a eascraíonn ón gcreideamh in aiséirí na colainne, ach leagann sé béim ar seo go bhfuil firinní lárnacha ann nach foláir glacadh leo. Ni mór na firinní bunúsacha sin a chur in iúl go soiléir. Dar le Pól, tá sin déanta aige ina sheanmóireacht don Eaglais sin. Ansin gluaiseann sé ar aghaidh go dtí an dteagasc bunúsach maidir leis an aiséirí agus tugann sé teagasc a bhfuil an dealramh air gur cré an-ársa den Eaglais í ar bhás, aiséirí corpartha agus taispeántaí iar-aiséirithe  an Tiarna.  Deir Pól gur  thug sé dóibh an teagasc a bhí faighte aige féin. Is dócha go bhfuair Pól an bloc teagaisc seo ón dtionól Críostaí in Iarúsailéim, go gairid tar éis iompú dó, nó níos déaanaí in Antíoc. (Tugann Pól cré ársa eile, ar an Eocairist, sa litir chéanna, 1 Corantaigh 10:23-26.)  Tugann Pól liosta de  thaispeántaí tosaigh Chríost aiséirithe do fhinnéithe tofa, ag  tosú le Peadar (Céafas), liosta ina luatar Séamus, bráthair an Tiarna, ceannaire an chomhluadair Chríostaí in Iarúsailéim, nárb dhuine den Dáréag é féin. Dearcann Pól ar thaispeáint Chríost aiséirithe dó féin a bheith ar an leibhéal céanna leis an dtaispeáint don Dáréag, ceann a rinne aspal de ar chomhchéim leo siúd. Cuireann Pól críoch leis an sliocht seo ag cur béim an athuair ar aontacht an chreidimh a fhógraíonn na haspail éagsúla: “Ach is cuma idir mise agus iadsan, sin é an Dea-Scéal a fhógraímid uile agus sin é an creideamh atá glactha agaibhse”.

 

Soiscéal (Lúcás 5:1-12). D’fhágadar gach ní agus leanadar é. Sa léacht álainn seo tugann Lúcás chun suntais  ról faoi leith Pheadair sa luatheaglais. Roghnaigh Lúcás an eachtra seo le gairm Íosa ar a chéad lucht leanúna a ríomhadh. Déantar í a shuíomh i gcomhthéacs ina raibh Íosa feasach ar an misean a bhí aige dea-scéal an tslánaithe a fhógairt. Sa téacs díreach roimh an gceann seo, nuair a bhí na sluaite ag iarraidh Íosa a choinneáil leo féin le heagla go n-imeodh sé uathu, dúirt Íosa leo: “Ní foláir dom an dea-scéal a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé” (Lúcás 4:43). Tá Íosa anois le tús a chur leis an misean seo i slí nua, ag roghnú grúpa lárnach don mhisean sin, le tús áite ag  Síomón (a bhfuil Peadar mar ainm eile air (nó, faoina leagan Airimise Céafas). Tosóidh an saothar i sli shiombólach, le gabháil ollmhór éisc. Is é Íosa féin a roghnaíonn an bád a bhainfear úsáid as don mhíorúilt, bád Shíomóin. Nuair a thugann Íosa cuireadh dul amach ag iascaireacht, tugann Síomón freagra meáite – ón dtaobh daonna de: thugadar an oíche go leir ag saothrú ach níor thugadar aon ni. Ní hionann smaointe Íosa, nach mbaineann le áireamh daonna. Cheapadar clais mhór éisc agus bhí orthu glaoch ar a gcomrádaithe Séamus agus Eoin clann Zeibidé sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. I láthair léiriú seo chumhacht Dé thit uamhan ar Shíomón Peadar. Amhail an fháidh Íseáia ag a ghairm siúd (i gcéad léacht an lae inniu) déanann sé admháil ina pheacúileacht féin. Bíodh go n-ainmníotar triúr maidir leis an mhíoruilt (Peadar, Séamas agus Eoin), is le Síomón  (Peadar) amháin a labhraíonn Íosa, gan eagla a bheith air; tá misean níos mó ná an ghabháil sin éisc le bheith aige. Is ag gabháil daoine a bheidh sé as sin amach.

            Tá sin ag teacht le téacsanna eile i Soiscéal Lúcáis faoi ról faoi leith Pheadair. Ag an Suipéar Déanach dúirt Íosa leis: “A Shíomóin, a Shíomóin, féach fuair Sátan mar aisce sibh (na deisceabail) a chriathradh ar nós an arbhair, ach táimse tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus ón uair amháin go mbeidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre” (Lúcás 23:31-32). Tar éis a aiséirí chonacthas Críost do Shíomón mar chéad duine de na haspail (Lúcás 24:34; 1 Corantaigh 15:5, dara léacht inniu). Sa luatheaglais shaotharigh Peadar le creideamh a bhráithre a dhaingniú, leis an comhluadar a choimeád aontaithe agus an eaglais ag leathnú amach thar an bpobal Giúdach go dtí an domhan Gréigeach agus an domhan mór. Chonaic sé an fhorbairt sin ag teacht le toil Dé. Guímis go mbeadh creideamh a chomharba, easpag na Róime, chomh daingean céanna.

           

An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: (a) Creideamh san Aiséirí; (b) An ghairm chun naofachta agus le  fianaise a thabhairt don Soiscéal

 

Sa soiscéalaíocht nua, agus dáiríre, taobh amuigh de sin, is í mian na hEaglaise go ndéanfaí príomhphointí de theagasc an chreidimh a mhíniú i gceangal le liotúirge agus léachtaí an Domhnaigh. Tugann na léachtaí sin deis dúinn ailt an chreidimh a mhíniú don phobal i gceangal le ceisteanna, nó séanadh fiú,  an lae inniu maidir leo, agus má oireann,  léargas a thabhairt faoi conas a cuireadh an teagasc sin i láthair tríd na haoiseanna síos. Bheadh deis againn ó shoiscéal an lae inniu aird a thabhairt ar ról chomharba Pheadar, eagpag na Róimhe, i ndaigniú an chreidimh agus ag forbairt an agallaimh idir Chrisotaithe agus ag cur aontacht na nEaglaisí chun cinn. Mar sin féin meastar gur fearr béim a chur ar an dteagasc faoi aiséirí na colainne de bharr an phlé atá ag Pól faoi sa dara léacht agus sa chéad litir chuig na Corantaigh, litir a bheidh á léamh na Domhanachaí seo chugainn sa Leicseanáir chomh maith.

 

(a)            Creideamh in Aiséirí na Colainne. Mairimid in aois agus i dtír ina bhfuil daoine ann a shéanann go poiblí go bhfuil aon saol eile, aon Dia, aon bheatha iar-bháis ann, gan trácht ar aon aiséirí na colainna. Tá séanadh dá leithéid ann ag daonnachaithe (nua- aindiachaithe), filí, scríbhmeoirí liteartha, ealaínteoirí, agus daoine iomráiteacha eile. Déantar tagairt don chreideamh ar uairibh mar “áiféis”, “seafóid”, dá chuid teagaisc mar scéalta sí, agus ar an mbás mar dhíobhadh.

            I gcomhthéacs mar seo is tráthúil tabhairt chun cuimhne teagasc an tSeantiomna agus na nGiúdach ar an mbeatha (nó ar an mbeith) iarbháis agus ar aiséirí na colainne. Bhí braithstint dhomhain ag na Giúdaigh i ré luath an tSeantionmna i láithreacht Dé ina Theampall agus lena phobal i ghnáth-chúrsaí an lae, ina gcruatain, ina dtrioblóidí agus i dtrátha lúcháire. Is fianaise na Sailm dó seo go léir. Ach ní raibh aon choincheap ag na creidmhigh sin ar aon bheith-ann iarbháis a raibh brí leis. Níor fhan den duine daonna a bhi beo ach scáil i Séól, áit chónaithe na marbh mar a raibh a scáileanna siúd a bhí maith agus olc bailithe le chéile. B’ionann sin agus a rá narbh fholáir luach saothair agus díoltas Dé ar mhaith agus olc bheith sa saol seo – rud a chuaigh í gcoinne eispéireas an duine. Tháinig an creideamh faoi bheatha iarbháis shéanmhar nó phianmhar isteach thart nar an mbliain 200 roimh Chriost. Tá a thuilleadh faoi seo ráite sna nótaí don dara léacht inniu.

            Is cuid de Chré na hEaglaise (Cré na nAspal agus Cré Nícé) aiséirí na colainne. Is dearbhú é ar dhínit an choirp dhaonna, cruthaithe ar íomhá Dé, agus ar mhaitheas an domhain tadhaill. Is sainteagasc Criostaí é nach féidir le neamh-chreidmnhigh glacadh leis. Séanadh aiséirí na colainne agus beatha shíoraí le corp ag neamh-Chríostaithe tríd na haoiseanna, agus ní foláir fiú é a mhíniú do chreidmhigh. Sa cheathrú céad ag trácht dó ar Salm 88(89) scríobh Naomh Agaistín: “Ní chuirtear i gcoinne aon ábhar eile den chreideamh Criostaí chomh láidir, chomh binibeach, chomh leanúnach agus a déantar maidir le aiseirí na colainne. I bhfírinne, phlé a lán feallsamh pagánacha do-mharaitheacht an anama agus in a lán leabhar d’fhágadar fianaise go bhfuil an t-anam do-mharaithe; ach nuair a thagann sé go aiseirí na colainne níl siad idir comhairlí, ach bréagnaionn siad go foscailte, agus seo an bréagnú acu nach féidir go rachadh corp daonna suas ar neamh”.

            Ta an creideamh Críostaí maidir le aiséirí na colainne nasctha le beatha shíoraí  ar neamh. Dearbhaíonn sé naofacht an  choirp dhaonna.

 

(b) An ghairm chun naofachta agus le fianaise a thabhairt don Soiscéal. San Aifreann inniu baineann  an chéad léacht agus an Soiscéal le misean agus gairmeacha, agus leis an naofacht ar chóir a bheith ag gabháil leo sin. Tá naofacht Dé le tabhairt faoi deara sa léacht ón Soiscéal. An misean a tugadh do Pheadar agus na hAspail tá sé ar fail i gcónaí san eaglais, ina teagasc agus ina naofacht, i naofach a cuid ball nuair atá a mbeatha faoi stiúir spiorad na mBiáidí agus an tSeanmóra ar an Sliabh. Tá géarghá ag domhan an lae inniu le fianaise dá leithéid. Ag léamh faoi Pheadar dúinn agus a mhisean agus a ról sa Soiscéal inniu, cuimhnimid ar a chomharba, an tAthair Naofa, Easpag na Róimhe, agus guímis go mbeidh a chreideamh láidir ag déanamh daingean a bhráithre agus a shiúracha ar a slí chun Dé agus ag saothrú don aontacht is toil le Dia i measc lucht leanúna Chríost.

© Cumann na Sagart 2017