Machnamh ar léachtaí an Aifrinn 25 Meán Fómhair 2016 | Cumann na Sagart

Meán  Fomhair 25 2016 (C) Séú Domhnach Fichead Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: “Solas an chreidimh agus ceisteanna ár linne”

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

Céad Léacht (Amos 6:1, 4-7). Iad siúd a shíneann iad féin agus na chanann baothamhráin, imeoidh siad ar deoraíocht. Ba ón fháidh Amós céad léacht an Domhnaigh seo caite agus cháin an fáidh go géar sa léacht sin muintir Ríocht an Tuaiscirt, Iosrael, toisc an mhíúsáid a bhain siad as an saibhreas agus an leatrom a rinne siad ar na boicht. Bhí lucht an rachmais ag baint aoibhnis as an dul chun cinn suntasach a bhí déanta ag an dtír i gcúrsaí polaitíochta agus soisialta. Tá cur síos cuíosach mion i léacht an lae inniu ar an saghas beatha a bhí á caitheamh acu siúd. Bhí saol na n-uaisle acu i Ríocht an Tuaiscirt (ar a dtugtai Iósaef go fileata), faoi mar a bhí i Sión, Iarúsailéim, chomh maith. Mhothaigh siad iad féin slán sabháilte sa phríomhchathair Samáire, gan fhios nó aird acu ar an mbaol a bhí á bhagairt ó fhórsaí na hAsaíre a bheadh chucu go luath agus a dhéanfadh an chathair agus an stát a threascairt agus an pobal a thabhairt i gcéin ar deoraíocht. Cuirtear síos sa léacht seo ar an ard-leibhéal maireachtála costasach  bhí acu, ina luí ar leapacha eabhair, sínte ar tholga, á mbeathú féin le uaineoil agus laofheoil, ag canadh baothamhrán, agus fiú ag cumadh nuaghléasanna ceoil, ceird a luatar le Dáivi, bíodh gur baint le salmaireacht seachas déantús úirlisí ceoil fianaise an Bhíobla faoi Dháiví.  Ólann siad neart fíona, as coirn. Ní dhéantar iad a cháineadh faoi seo chomh mór agus a dhéantar faoina neamart ar an mbaol a bhí ag bagairt ar a dtir dhúchais Iosrael (Íosaef), faoin turnamh, an treascairt, a bhí le teacht go luath. Is iad is túisce a bhain úsáid, agus mí-úsáid, as an rachmas; is iad an chéad dream a sheolfar ar deoraíocht, a chuirfidh deireadh lena ragairne.  Léacht chuí í seo le dul le parabal an duine shaibhir (dives) agus Lazaras  i soiscéal an Domhnaigh seo.

 

Salm le Freagra (Salm 145[146]). Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.

 

An Dara Léacht (1 Tiomóid 6:11-16). Coimeád an aithne nó go nochtfaidh ár dTiarna Íosa Críost chugainn. Seo í an léacht dheiridh as Céad Litir chuig Tiomóid, agus tagann si thart ar chríoch na litreach. Leanann sí go díreach ar shliocht den litir ina thugann Pól comhairle do Thiomóid faoi chleachtaí áirithe a bhí i measc mhuintir na heaglaise a bheadh le seachaint. Ina measc siúd luann sé daoine ar dóigh leo gurb údar saibhris í an cráifeacht (nó an creideamh), ar a dtugann sé a thuairim  gur mór an t-údar saibhris í an chráifeacht, go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid (1 Tiomóid 6:3-6). Toisc gur duine tiomnaithe do Dhia, duine gur le Dia (“duine le Dia”!) é Tiomóid ní mór dó bheith mar fhinné beo do luachanna cearta Críostaí, agus luann Pól cuid diobh, ag tosú le creideamh. Iarrtar air cath an chredimh a fhearadh go calma, lena shlí bheatha agus firinne an chreidimnh a chumhdach. Is fianaise don chreideamh beatha Thiomóid, agus cheannairí na heaglaise. Deir Pól le Tiomóid  gur admhaigh sé an creideamh go solúnta i láthair mórán finnéithe. Ní deirtear linn cathain a rinne Tiomóid an admháil sin – ag a bhaisteadh b’fhéidir seachas nuair a óirníodh mar cheannaire eaglaise é (féach 2 Tiomóid 1:6). Leagtar béim anseo ar an fhianaise, agus tobar fíorghlan agus eiseamláir gach fianaise admháil sholúnta Íosa Críost os comhair Phoint Pioláit, an gobharnóir Rómhanach. B’fhéidir gur bheith i láthair do Chríost os comhair Phoint atá i gceist, fiú más ina a thost a bhí sé. Ach b’fhéidir go bhfuil tagairt ann do briathra Íosa do Phioláit gur tháinig sé ar an saol, le fianaise a thabhairt ar an bhfírinne (Eoin 18:37). Deir Pól le Tiomóid  an “aithne” a choimeád gan cháim, gan locht, agus b’fhéidir gurb é an aithne ghinearálta an soiscéal a fhogairt atá i gceist, seachas aithne éigin faoi leith. Cuirtear críoch leis an sliocht le tagairt do theacht, taispeánadh, Íosa Críost athuair, a bhfuil Dia le taispeáint in am tráth, “ina mhithidí féin”. Ag deireadh tá iomann molta Dé, Dia dofheicthe, cosúil leis an cheann a tugadh cheana in 1:17.

 

An Soiscéal (Lúcás 16:19-31). Fuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna fuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá. Ina chomhthéacs sa Soiscéal tá ceangail idir an parabal iomráiteach seo ar an bhfear saibhir  (sa Laidin Dives) agus Lazaras agus na téacsanna díreach roimhe i shoiscéal Lúcáis, go mór mór léacht an Domhnaigh seo caite ar an maor mímhacánta, agus ráitis Íosa faoi sin a leanann é. Ina dhiaidh sin arís tá ráitis eile Íosa, dírithe ar na Fairisínigh, ar an Dlí agus na Fáithe, Íosa ag meabhrú gur ann fós don Dlí, ach é mínithe nios radacaí maidir leis an colscaradh. Ina dhiaidh sin tagann parabal an lae inniu agus an teachtaireacht atá ann.  Tá trí roinn, mhír, sa pharabal, ar féidir iad a iniuchadh ceann ar cheann. I dtosach báire tá cur síos ar bheatha chompórdach an fhir shaibhir agus ar ainnis an duine dhearóile. Faigheann an bheirt acu bás agus tógann an haingil Lazaras go “hucht Abrahám”. Samhlaíotar Abrahám ina luí ag an Féasta Meisiasach agus Lazaras ina luí ina ucht. Adhhlacadh an fear saibhir in Hades, ifreann, áit na bpianta síoraí. Sa dara mír tá comhrá idir an fear saibhir agus Abrahám, Abrahám ag labhairt anseo thar cheann Dé, bíodh nach deirtear sin go folasach. Glaonn an fear saibhir ar Abrahám, athair an chine Ghiúdaigh, mar “A Athair Abrahám”, ach achainí in aisce dó sin. Níl laghdú ar a phianta le fáil aige.  Sa tríú mír tá achainí an duine shaibhir  ar son a chúigear deartháir atá beo i gcónaí le rabhadh a thabairt dóibh lena saoradh ó phianta ifrinn. Ní glactar leis an achainí seo ach oiread. Is leor dóibh a bhfuil ina a dtraidisiún creidimh, i Dlí Mhaois agus sna Fáithe. Tá go leor sna scríbhinní sin faoi bhaol an tsaibhris agus chúram na mbocht. Muna éisteann duine le guth Dé ag labhairt sna scríbhinní sin, ní thabharfar aird ar ghuth duine a meastar a fhill ón mbás.

                  

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: “Solas an chreidimh agus ceisteanna ár linne”

 

Spreagann léachtaí an lae inniu, an chéad léacht agus an soiscéal ach go háirithe, spreagann siad sinn le machnamh a dhéanamh ar chreideamh i gCríost agus sa saol eile agus ár misean mar bhaill den chine daonna don saol seo agus gach a bhaineann leis. Is ábhar é ina bhfuil saol an lae inniu in agallamh linn, agus guthanna láidre ag maoímh gur constaic an creideamh agus an traidisiún Críostaí le dul chun cinn an chine daonna agus cúram na mbocht. Labhair an Pápa Proinsias faoi seo ina imlitir Lumen fidei¸”Solas an Chreidimh”, gur ón iar-Phápa Benedict XVI (Josef Ratzinger) an imlitir dáiríre. Bíodh gur baineadh úsáid cheana as a dúirt sé san imlitir seo (Machnamh 19ú Domhnach) is fiú a smaointe a thabhairt anseo arís. Deir an Pápa (alt 6 den imlitir) gur ionann labhairt ar “sholas an chreidimh” inniu agus bheith ag feitheamh le agóidí, cur ina choinne, ó roinnt mhaith de lucht ár gcomhaimsire. Sa saol atá inniu ann d’fhéadfaí a mheas go n-oirfeadh an solas sin ceart go leor do dhaoine ó ghlúin agus sochaí eile atá thart, ach nach meastar go bhfuil aon tairbhe ann dár linn féin, don chine daonna atá in aois, mórtasach as chumas a réasúin agus cíocrach a thodhchaí a scrúdú i slíte nua. Féachadh ar an gcreideamh ag daoine áirithe mar sholas mearbhlach, ag cur mearbhaill ar dhaoine, ag cur cosc ar na gcine daonna aghaidh a thabhairt go dána ar lorg an eolais, mar dhúléim, léim sa dorchadas, le tógaint nuair nach raibh solas ar fáil, á dtiomáint ag mothúchán caoch, nó mar sholas subiachtúil, a bhí in ann b’fhéidir ola a chur ar an gcroí agus sólás pearsanta a thabhairt, ach nach rud é a fhéadfaí a thairiscint do dhaoine eile mar sholas obiachtúil a thabharfadh treoir don ród seo romhainn. Sin ráite aige, deir an Pápa go bhfuil gá ann arís féachaint ar an gcreideamh mar sholas, mar uair amháin go múchtar lasair an chreidimh, tosaíonn gach solas eile ag dul i léig.  

      Ní solas mearbhlach nó ola don chrói teachtaireacht na bhFáithe nó Íosa. Is soiléir sin ó théacs Amós agus ó pharabal Dives (an duine saibhir) agus Lazaras.  Agus ní haon téacs nó parabal ar leith é sin. Tá sé ag teacht le briathra Mhac an Duine ag an breithiúnas deireanach Lá an Luain nuair a bheidh dán síoraí an duine aonair ag braith ar faoi mar ar chaith sé lena chomh-mhuintir lá a ngátair, iad le hocras, tart, nocht, mar strainséir, tinn, i bpriosún. Lár-phointe mhoráltacht creidimh i nDia agus i gCríost ná an dá aithne grá Dé agus grá an chomharsa, agus, mar a mheabhraigh Íosa  sa pharabal “An Samáireach Fónta” don té a chuir ceist air faoin ábhar, d’fhéadfadh aithne ghrá an chomharsa cur ar dhuine gníomh nach éasca a dhéanamh le bheith dílis don aithne sin.

      Is iad an dá aithne sin a thug ar an Eaglais tríd an stair síos -- an eaglais mar institiúid, idir chléir agus oird rialta, eagrais tuata agus creidmhigh aonair --  fónamh ar ár gcomhmhuintir, sul a raibh eagrais stáit ann le sin a dhéanamh, agus a leanfaidh sí ar aghaidh leis faoi mar is gá. Ní cosc ach cabhair solas an chreidimh le aghaidh a thabhairt ar shaol ár linne féin, nó ré ar bith le teacht.

© Cumann na Sagart 2017