Machnamh ar léachtaí an Aifrinn 2 Iúil 2017

2 Iúil 2017 (A) An Tríú Domhnach Déag Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Faoi mar ar sheol an tAthair mise...” Leanann misean Chríost ar aghaidh go dtí ár lá féin

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

An Chéad Léacht (2 Ríthe 4:8-11, 14-16). Is fear naofa le Dia an fear seo; ligeadh sé a scíth anseo. Roghnaíodh an chéad léacht seo le dul le téacs an tSoiscéil a deir: “An té a ghlacann fíréan (duine naofa) as ucht gur fíréan (duine naofa) é, is tuarastal fíréin (duine naofa) a gheobhaidh”. Elisea sa léacht seo ba fhear naofa é. Déantar é a áireamh i measc na luath-fháithe réamh-clasaiceacha. Bhain sé le luath-ghrúpa fáidhiúil ar a dtugadh “clannmhac na bhfáithe”, nó “bráithreachas na bhfáithe”. D’fhéach an pobal orthu siúd mar dhaoine naofa agus bhíodar faoi ardmheas, le lucht tacaíochta sna bailte móra agus sna cathracha, daoine rachmasacha ina measc. I Leabhair na Ríthe tá roinnt scéalta faoin mbeirt luath-fháithe Éilias agus Elisea, a chomarba. Tá ceann álainn díobh seo faoi Elisea i léacht an lae inniu. Bhí sé ar a bhealach go Siunam, baile ar theorainn thuaisceart Iosrael, a bhfuil trácht air in áiteanna eile sa Seantiomna. Bean den uasalaicme, i measc lucht tacaíochta an ghrúpa fáithe sin, d’iarr sí ar a fear céile lóistin a thabhairt dó ina dteach, í cinnte gur fear naofa le Dia a bhí in Elisea. Thug sí bheith istigh compórdach dó. D’iarr Elisea di cad é an cúiteamh cuí a fhéadfadh sé a dhéanamh di agus fhreagar Gehazi, searbhónta Elisea, nách raibh mac ar bith aici agus go raibh a fear céile aosta. Thar cheann Elisea dúirt a shearbhóna leis an bhean: “Bliain ón am seo beidh mac i do bhachlann agat”. As ucht an ghair a rinne sí do fhear naofa bheadh luach saothair fir naofa aici.

 

Salm le Freagra (Salm 88[89]). Canfaidh mé de shíor do bhuanghrá, a Thiarna.

 

An Dara Léacht (Rómhánaigh 6:3-4, 8-11). Comhadhlacadh sinn sa bhás le Críost tríd an mbaisteadh i dtreo go siúlfaimisne freisin i mbeatha úrnua. Dar le Pól tá dhá fhórsa ag feidhmiú sa saol, an bás trí Ádhamh, an Chéad Ádhamh agus an bheatha trí Chríost, an Dara Ádhamh. Tháinig an bheatha, agus ré urnua, trí bhás agus aiséirí Chríost. Agus Críostaithe, trína mbaisteadh tá siad aontaithe le Críost go mistiúil, ach is slí atá fíor, aontaithe lena bhás agus lena aiséirí. Sa luatheaglais rinneadh na Críostaithe a bhaisteadh trí thumadh san uisce, agus is féidir le Pól a rá go ndeacha Críostaithe ina mbaisteadh isteach sa tuama le Críost agus gur aiséirigh siad leis ó na mairbh chomh maith, le go mbeidis mar aon leis i mbeatha nua. Beidh an bheatha nua sin acu ag an aiséirí ó mhairbh. Ach faoi mar ar fuair Críost bás an aon uair amháin don pheaca, mar an gcéanna ní mór do chreidmhigh anseo ar talamh iad féin a mheas amhail marbh don pheaca agus beo don bheatha nua seo i gCríost Íosa. Ní áiríonn Pól anseo na sonraí a leanfadh as an aontacht nua sin le Críost sa bheatha Chríostaí. Bíodh gur feasach go maith Pól cumhacht ghrasta Dé, is eol dó chomh maith céanna laige an nádúir dhaonna a thugann ar dhuine an peaca a dhéanamh, ach laige í seo nár chóir dí dearmad a dhéanamh riamh de chumhacht ghrásta Dé i gCriost a fuair bás le maithiúnas ar na peacaí agus a aiséirigh le beatha úr a thabhairt, is cuma cé chomh minic a thiteann an laige dhaonna.

 

An Soiscéal (Matha 10:37-42). An té nach nglacann a chrois, níl sé díongbhála dom. An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise. Is clabhsúr an léacht seo ar shliocht an tSoiscéil ar a dtugtar “Aitheasc Mhisinéireachta Íosa don Dáréag Aspal” a raibh an chéad chuid de againn thuas san Aifreann don Aonú Domhnach Déag Saor. Mar sin tosaíonn léacht an lae inniu go cuí leis na focail “San am sin dúirt Íosa lena aspail”. Bíodh gur cúireadh le chéile an t-aitheasc céaduair don Dáréag, de bharr an teagaisc atá istigh ann oireann sé do mhisinéirí in aon aois agus ina shli féin do chreidmhigh go ginearálta, agus tá cuid dá nduirtear ann le fáil in áiteanna eile sa Soiscéal seo.

            An ráiteas tosaigh faoin té ar fearr leis athair nó mathair, nó mac nó inion ná Íosa nach fiú le hÍosa aige é, ag cur béime atá Íosa ar cé chomh lárnach is atá sé féin don chreideamh. In áit eile sa soiscéal deir Íosa gur chúis easaontais taobh istigh den teaghlach é, agus is mar sin a bhí, ar ndóigh, atá, agus a bheidh. Ní bhainenn seo tada den mheas a bhí ag Íosa ar an dteaghlach agus an t-omós is dual o thuismitheoirí agus eile. Díreach tar éis an raitis seo tá ráiteas eile den saghas céanna ar a riachtanaí is atá sé do gach aoinne a chrois féin a iomchair agus Íosa a leanúint. An ráiteas gairid faoi aoinne a fhaigheann a bheatha go gcailleann sé í, agus an té a chailleann a bheatha mar gheall ar Íosa go bhfaigfheann sé, tá nasc aige leis an gceann eile faoin a chrois féin a thógáil agus bás a fháil do gach rud nach bhfuil oiriúnach don bheatha Chríostaí.

            Tá trí ráiteas i mhír deiridh an dioscúrsa ar an leanúnachas atá ag misean Chríost le misean an Athar agus  ansin tríothu sin go léir thar an stair a ghlacann páirt ann agus a chabhraíonn leis  an misean a fhorbairt. An leanúnachas seo sa mhisean ón Athair tríd an Mhac agus na chreidmhigh (le saothar an Spioraid Naoimh), is teagasc é atá lárnach do theachtaireacht Íosa i Soiscéal Eoin, ach tá sé le fáil anseo ina shlí féin ag Matha. Aoinne sa chuireann fáilte roimh an Dáréag, na haspail agus a gcomharbaí, agus a ghlacann leo, cuireann sé fáilte roimh Íosa féin, agus trí Íosa, fáilte roimh an Athair a sheol Íosa. Agus tá tuarastal, luach saothair, ann doibh siúd a chuir fáilte, a ghlac agus a chabhraigh leo siúd a bhí agus a bheidh gafa i saothar seo na comharbachta aspalda – agus cuirtear an méid sin in iúl i bhfriotal a thugann chun cuimhne an méid a dúradh faoi Elisea sa chead léacht inniu. Aoinne a thugann cabhair, is cuma cé chomh beag, sa saothar seo le aidhmeanna mhisean Íosa a chur chun cinn, beidh a thuarastal aige. Aoinne a thugann oiread agus cupán d’fhíosruisce d’aon duine de na “miondaoine” (“daoine beaga”, “muintir bheag”) as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil. An téarma sin “daoine beasa, miondaoine” i Soisceál Mhatha, tá bríonna éagsúla aige de réir an chomhthéasc in fhaightear é. Anseo, de réir dealraimh, is í is brí leis ná na haspail, nó na deisceabail uile mar fhinnéithe do ríocht Dé, go mór mór iad sin atá gafa go gníomhach ag cur misean na ríochta chun cinn, an misean a fógraíodh céaduair ag Íosa ina dhioscúrsa misinéarachta don Dáréag. Cuireann an mhír seo clabhsúr cuí leis an dioscúrsa go léir. An íomhá sin den chupán d’fhíorusice, agus an ceann eile de chianóg na baintrí, fíoraíodh iad thar na haoiseanna síos tríd an iliomad daoine a thug cabhair go fial den bheagan a bhí acu.

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Faoi mar ar sheol an tAthair mise...” Leanann misean Chríost ar aghaidh go dtí ár lá féin.

 

Ba thoil le hÍosa go mbeadh leanúnachas idir i mhisean féin agus na glúnta ina dhiaidh tríd na haoiseanna síos. Ní hamháin sin ach go mbeadh a lucht leanúna feasach den rúndiamhair mhór a bhain lena mhisean, óna Athair féin ar aghaidh. Lá Cásca nuair a chéad thaispeáin Íosa é féin dá dheisceabail dúirt sé leo: “Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin” (Eoin 20:21). Sin díreach mar a deir Íosa i Soiscéal an lae inniu: Tosaíonn misean Íosa agus na hEaglaise leis an Athair, agus ba mhian le hÍosa go dtuigfeadh an Eaglais é sin – leanúnachas ó chroí Dia an tAthair, trí Íosa agus a lucht leanúna. Sin rúndiamhair an tslánaithe.

            Tá an ceangal idir Íosa agus na glúnta ina dhiaidh, an leanúnachas, ann in dhá mhódh, i ngníomh agus maidir le teagasc. Tá sé ann i ngníomh, mar is léir ó léacht  Soiscéal an lae inniu, gur admháil chreidimh in Íosa agus san Athair gach gníomh dá laghad é ar son forbairt ríocht Dé. Ionann fáilte roimh aoinne a chreideann i gCriost agus fáilte roimh Chríost agus an Athair. Leanúnachas i rúndiamhair an tslánaithe atá anseo.

            Tá leanúnachs eile ann. Ní foláir bheith dílis dár dúirt Críost agus mar a thuig an luatheaglais a theagasc. Thuig an eaglais go luath go raibh gá leis sin: aire a thabhairt do spiorad Chríost agus a theachtaireacht agus don fhíorteagasc. Tugadh “taisce” air sin. Mar a deir an té a scríobh go Tiomóid in ainm agus is spiorad Phóil (1 Tiomóid 6:20): “A Thiomóid, cumhdaigh an taisce a fágadth i do chúram, agus seachain an chaint bhaoth dhiomhaoin agus ráite bréige an eolais úd nach bhfuil ann ach eolas in ainm”. Mar an gcéanna in 2 Tiomód 1:12-14: “Táim cinnte de go bhfuil ar do chumas an taisce a d’fhág me faoi do chúram a ghardáil go dtí an lá úd. An teagasc folláin a chuala tú uaimse, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa”.

            Tá cur sios mion déanta ag an Eaglais i gComhaire  Vatacáin II ar na ceisteanna sin, go mór mór sa  doicimad  ar an bhFoilsiú Diaga  Verbum Dei¸ “Briathar Dé”, alt 10, a bhfuil an tsubstaunt de le fail sa Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí, ailt 80-88. Maidir le hagallamh le saol an lae inniu, tá ceisteanna a eascraíonn as sin á gcíoradh na laethanta seo, agus an Eaglais ag iarraidh bheith dílis don “taisce”, substaint an chreidimh agus mórcheisteanna ár laethanta fein, i gcúrsai teagaisc mar  mhná ina sagairt nó ina  ndéagánaigh, ceistesana faoi ghnéas, comaoineach do dhaoine colscartha agus athphósta, agus mórán eile nach gá a lua. Guímis ar an Spiorad Naomh an Eaglais a stiúradh mar a rinne sé (nó sí) riamh

© Cumann na Sagart 2017