Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 30 Aibreán 2017

30 Aibreán 2017 (A)  Tríú Domhnach den Cháisc (A)

 

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

  1. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Críost linn i mbriathar agus i sacraimint.

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 2:14, 22-33). Níorbh fhéidir d’ifreann é a choinneáil. Cuid de chéad sheanmóir Pheadair agus na hEaglaise Domhnach Cincíse atá anseo. Domhnach Cásca, agus ina dhiaidh, nuair a thaispeáin Íosa é féin dóibh bhí na deisceabail i dteach agus na doirse faoi ghlas ar eagla na nGiúdach. Bhí malairt scéil ann  Domhnach Cincíse nuair a tháinig an Spiorad Naomh orthu. Bhíodar anois lán de mhisneach agus dhíograis an deá-scéal faoi Íosa a fhógairt dá muintir féin Iosrael. Bhí an Dáréag ag feidhmiú mar aonad. Níl againn sa léacht seo as sliocht as aitheasc fada Pheadair ina léiríonn sé óna Scrioptúir fírinni áirithe faoina tharla maidir le bás Íosa, a aiséirí agus teacht an Spioraid Naoimh an Domhnach sin Cincíse. San aitheasc seo tá machnamh domhain na luath-eaglaise ar rúndiamhra Chriost (a bhás, a aiséiri, filleadh ar an Athair, agus teacht an Spioraid) agus an ceangal a bhí acu le réamhinsint sna Scrioptúir. Labhraíonn Peadar faoi bheatha Íosa ar talamh, mar ab eol dá lucht éisteachta í, agus na miorúiltí a rinne sé le cumhacht Dé. Bhí a bhás de réir phlean Dé, le comhairle chinnte agus réamheolas Dé. Tagann sé ansin go haiséirí Íosa, a bhí de réir fháistine Dháiví, a deir Peadar. Glacadh gur chum Dáiví Salm 15 (16) agus go bhfuil sé ag tagairt dó féin ann, ag lua nach bhfágfadh Dia a anam in ifreann (i measc na marbh). Glacann Peadar seo mar fháistine do aiséirí Chríost, seachas do Dháiví. Is finnéithe na haspail, dúirt Peadar, ar aiséirí Chríost. Ina dhiaidh sin tá tagairt achomair agus ghonta don diagacht a bhaineann le deascabháil Íosa go deasláimh an Athar: “Fuair sé óna  Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é”, agus sin é an Spiorad ba chúis le Domhnach Cincíse.

 

Salm le Freagra (Salm 15[16]).  Taispeáin dúinn slí na beatha, a Thiarna.

 

Dara Léacht (1 Peadar 1:17-21). Fuasclaíodh sibh le fuil luachmhar Chríost, an t-uan gan locht, gan teimheal. Tá spiorad na Cásca (Críost mar uan) le mothú sa sliocht seo faoi mar atá sa litir tríd síos. Tosaíonn an sliocht le tagairt do Dhia mar Athair, “má thugann sibh Athair”, nó “má ghlaonn sibh mar Athair”,  briathra a thugann chun cuimhne an phaidir, “A Athair (Ár nAthair) ar neamh”. Leanann slí bheatha as admháil chreidimh. Ní mór aithris a dhéanamh ar Dhia ár nAthair, mar a mheabhraigh Íosa go minic, beatha Chríostaí a bheadh lán d’urraim agus d’omós (“eagla”) do Dhia. Deirtear leis na creidmhigh maireachtáil sa saol seo mar áitritheoirí coimhthíocha, sort deoraithe. Ní dócha gur deoraíocht óna dtír dhúchais ar neamh atá i gceist, ach amhail creidmhigh mar strainséirí i sochaí phagánach. Ní ag díspeagadh an tsaoil sin atá Peadar -- molann sé omós a thabhairt do gach údarás –ach ag meabhrú dóibh go bhfuil bunús eile ar fad lena gcreideamh. Fuasclaíodh iad le bás (fuil) Chríost, agus tá treoir bheatha eile acu seachas an t -iompar baoth a bhí acu ón pagánachas (“oidhreacht bhur n-aithreacha”). Cuid de phlean slánaithe Dé a bhí i mbás Íosa  agus  a aiséirí, plean a bhí ann on tsíoraíocht anall. Thug Dia an tAthair glóir do Chríost ionas go mbeadh creideamh agus dóchas ag a lucht leanúna i nDia. Tá bunchloch an creidimh againn anseo: creideamh agus dóchas.

 

An Soiscéal (Lúcás 24:13-35). D’aitnníodar é i mbriseasdh an aráin. An eachtra seo, a bhfuil an-aithne uirthi, tá sí ar fáil i soiscéal Lúcás amhain. Tá cur síos inti ar chás bheirt dheisceabal Íosa a chaill a gcreideamh ann de bharr scannal na croise, agus a fhaigheann ar ais é trí caidreamh le hÍosa agus eolas ar na Scrioptúir. Luatar an logainm Eamáús ann, nach fios go beacht cá raibh sé. Níl sé cinnte cé chomh fada ó Iarúsailéim a bhí sé: seasca stáid (thart ar seacht míle) nó céad stáid seasca. Tá cathair Amwas an lae inniu thart ar fhiche míle slí ó Iarúsailéim (thart ar céad seasca stáid). Oilithrigh is dócha a bhí sa bheirt. An comhrá idir Íosa (anaithnid dóibh)  agus iad sa tslí bhain sé lena tharla d’Íosa,  ar fhéachadar air mar fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar. Bhíodar ina theannta sa Ghailíl, b’fhéidir. Mhínigh Íosa dóibh rúndiamhair a phearsa féin, i bplean slánaithe an Athar. Ní leor bheith ina theannta ar talamh. Baineann sé le rundiamhair Dé, agus mar sin ní scannal a bhí sa chrois ach cuid de phlean sin Dé a bhfuil trácht uirthi sna Scrioptúir, agus mhínigh sé dóibh é ón Peintiteoch (Maois) agus na fáithe. Ag an béile ina gcuibhreann, thóg Íosa  an t-arán, bheannaigh, bhris agus thug dóibh é. Osclaíodh  a súile agus d’aithníodar Íosa. Ní eocairist a bhí i gceist, ach béile eile i dtraidisiún Íosa. Más amhlaidh go raibh an bheirt deisceabal sin i gcomhluadar Íosa feadh a shaoil, thuigfidis go maith an bhrí a bhí ag baint le beannú agus briseadh an aráin. Ar fhilleadh ar Iarúsailéim dóibh chualadar an scéal go raibh an Tiarna (Íosa) éirithe agus go bhfacthas don Shíomón é. Sean-ainm sa chomhluadar Críostaí ar Pheadar (Céafas) Síomón, agus san eachtra seo tá scéal ársa againn faoin chéad Domhnach Cásca.

 

 

 

B.              An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Críost linn i mbriathar agus i sacraimint.

Ceann de na sleachta is iomráití sa Bhíobla léacht sin i soiscéal an lae inniu. Labhraíonn sé go tréan  le daoine ó gach aois, a fheiceann samhail díobh féin sa bheirt thaistealaí sin san aistear dóibh, an creideamh agus an dóchas caillte acu, an todhchaí a mheas siad a bheith acu, agus ag a mhuintir, titithe as a chéile, ach cara caoin anaithnid ag siúl an bhóthair leo le léargas úr a thabhairt dóibh, nó leis an saol nua a nascadh leis an saol ab aithne dóibh.

            I gnáthach sna saolta seo labhairt ar bheatha an duine aonair mar aistear, agus ar ndóigh is mar sin atá – aistear ó thaobh aithne ag an duine air nó uirthi féin, cá seasann siad, agus cad tá i ndán dóibh. Moltar siúl leo san aistear.

            Go minic is ó thaobh comhairleoireachta a thugtar an moladh seo, gan tagairt do chúrsaí creidimh. Ach, faoi mar ab eol dár sinsir, tá Críost san aistear i gcónaí, Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh agus mar sin de.

            Fírinní eile ar fiú machnamh orthu inniu ná Críost i láthair sa Aifreann, i léachtaí an Scrioptúir agus san Eocairist.

            Ar éigin gur gá a mheabhrú arís firinne ina chuireann an Eaglais an-bhéim inniu: go bhfuil Críost i láthair ina bhriathar, mar is é Críost a labhraíonn gach uair a léitear an scrioptúr sa liotúirge. Tugann léacht an Bhíobla an sean agus an nua le chéile dúinn, an bhrí ba chiall leis céaduair agus faoi mar is féidir sin a chur in oiriúint do thoscaí an lae inniu, nó fiú do cheisteanna fós le teacht. Ní teagmháil aigne, intleachtach lom  amháin atá anseo, mar tá Críost i láthair lena Spiorad, lena ghrásta.

            Agus, ar ndóigh, tá sé i láthair i modh faoi leith san Eocairist, i mbriseadh an aráin,  gníomh a thugann chun cuimhne dúinn na bríonna iomadúla a bhí le briseadh an aráin do Íosa féin lena bheatha agus tar éis aiséirí do. 

© Cumann na Sagart 2017