Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 1 Eanáir 2017

1 Eanáir 2017 (A). Sollúntas Mhuire Beannaithe Máthair Dé

Lá Domhanda don tSíocháin

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

 

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

 

B. An Bíobla: Machnamh. Maith and Bhean í Muire Mhór

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha Chríostaí (Léachtaí an Domhnaigh)

 

Céad Léacht (Leabhar na nUimhreacha 6:22-27). Gairmidís m’ainm ar chlann Iosrael, agus cuirfidh mé mo bheannacht orthu. Tugtar “An Bheannacht Shagartúil” ar an dtéacs seo, an mhír den leabhar seo ar a bhfuil an t-eolas is mó uirthi. Beannacht í a raibh na sagairt, clannmhac Árón, le gairm ar phobal Iosrael. I Leabhar na nUimhreacha, dáiríre, tá an mhír gan chomhthéacs, agus da bharr sin oireann sí do ócáidí iomadúla. Tá an mhír cumtha go healaíonta. Sa bhuntéacs Eabhraise tá gach line, a bhfuil Dia mar ainmní ann, níos faide ná an line roimhe (le trí, cúig, seacht bhfocail Eabhraise). Tá beannachtaí dá leithéid le fáil in áiteanna eile sa Bhíobla, mar shampla Salm 66(67), an Salm le Freagra inniu, agus Salm 120(121):7-8. Is fianaise na sé bhriathar san urnaí do ghníomhaíocht chaoin Dé i leith a phobail, agus sin i modhanna éagsúla. An téarma “Beannacht” sa mhír seo agus in áiteanna eile sa Bhíobla, tá sé trom le brí, go bunúsach ag cur in iúl saothar Dé mar Chruthaitheoir i leith a phobail agus taobh amuigh de, ag cur an bhéim ar choimirce Dé ar gach uile olc. Tá tagairt ann do ghnúis Dé, focal atá comónta sa tSeantiomna, go háirthe sna Sailm. Ionann lonradh, nochtadh, taitneamh, gnúise Dé agus Dia a bheith caoin, fabhrach; a mhalairt ar fad a ghnúis a cheilt, a choimirce a tharraingt siar. Tá tagairt sa bhúntéacs chomh maith ar “a ghnúis a thógaint, a ardú” (“a nochtadh” i roinnt mhaith aistriúchán ), ionann sin agus gabháil fabhrach i leith duine, agus sa téacs seo ag bronnadh síochána, leis an mbri shaibhir atá ag an focal Eabhrach sin, sealóm, rath agus láine na beatha sa saol seo, agus sin de réir thoil Dé. Ainm Dé atá le gairm ar chlann Iosrael, ionann sin agus Dia féin, tobar le gach beannacht agus rath.

            Oireann an léacht seo do fhéile an lae inniu go hálainn. Chuir Dia a bheannacht ar a phobal, agus rinne a ghnúis a lonradh orthu trína Mhac Íosa, agus i Muire Mathair Dé. Oireanan sé chomh maith do urnaí do Lá Domhanda don síocháin, ag tús seo na bliana, nuair is fada uathu an tsíocháin do a lán áiteanna.

 

 

An Dara Léacht (Galataigh 4:4-7). Sheol Dia ar an saol a Mhac a rugadh ó bhean. Glactar leis ag scoláirí an Bhíobla go bhfuil againn sa téacs seo ceann de na ráitis is saibhre ó Phól ar an tuiscint faoi Chríost. Seans gur mír réamh-Pholíneach é a mhúnlaigh Pól da aidhmeanna féin. Sa litir seo chuig na Galataigh tá roinnt rudaí diúltacha ráite ag Pól faoi Dhlí Mhaois. Saghas códfhocal a bhí sna téarmaí sin do chóras beatha agus dli Mhaois ar chuir Críost agus teacht an Spioraid Naoimh críoch leis. Bhí an córas sin i réim go dtí “an uair a bhí ceaptha” ag Dia, an t-am a raibh an comhlíonadh le teacht de réir  an phlean a bhí ceaptha ag Dia. Mar ullmhúchán dó sin, bhí a chuid fáithe seolta amach ag Dia ar a phobal Iosrael. Ag teacht leis an bplean sin, anois “ag an am caoi” sheol sé a Mhac féin, in iomláine a dhaonnachta, a rugadh ó bhean, a rugadh faoi Dhlí Mhaois, a bhí fós i réim. Ag an mbuaicphointe seo i stair an tslánaithe, i lár baill tá an bhean Muire, máthair an tSlánaitheora, rud a léiríonn an gradam atá aici. Rugadh Íosa faoin Dlí, agus ag teacht le forálacha an Dlí timpeallghearradh é ar an ochtú lá tar éis a bhreithe, agus tugadh Íosa mar ainm air. Déanann sin an léacht seo oiriúnach do fhéile seo ochtáibh na Nollag, ochtáibh Bhreith Chríost. Tugann deireadh na léachta le fios dúinn an fáth ar rugadh Íosa faoin Dlí mar Mhac, mar leanbh an Dlí. Is í an aidhm a bhi leis ná dispeansáid, ré, nua a thabhairt isteach, chun an slánú a sholáthair dóibh sin faoin Dlí (Giúdaigh) agus iad sin taobh amuigh, do chach leis an gradam a thabhairt doibh bheith ina gclann mhac agus clann iníonacha Dé. Déantar sin díobh, agus dinn gi léir, le bronntanas an Spioraid Naoimh ina gcroíthe le hiad a dhéanamh feasach gur clann Dé iad agus dá bharr sin glaoch ar Dhia mar athair díreach mar a rinne Íosa féin ar talamh dó, leis na briathra “Abba a Athair”, Abba an focal Aramaise ar athair, téarma ar bhain Íosa féin úsáid as. Agus mar chlann Dé is oidhrí trí altramacht don bheatha shíoraí chreidmhigh, comhoidhrí le Críost.

 

Soiscéal (Lúcás :16-21). Fuaireadar Muire agus Iósaef agus an naoínán … Nuair a bhí ocht lá caite tugadh Íosa mar ainm air. Leis an léacht seo táimid fós in atmasfaer na Nollag. Tá an teaghlach Naofa againn, a fhaigheann na haoirí, agus ionadh orthu, agus téann siad amach le bheith ina misinéirí don Dea-scéal do dhaoine eile, ar chúis mhór-áthais dóibh é. Cuirtear os ár gcómhair Muire a thaisc ina a croi na nithe sin uile faoi rúndiamhair bhreith a Mic, mar a dhéanfaidh sí arís sa Teampall, nuair a theip uirthi féin agus ar Iosaef briathra Íosa a thuiscint gur chóir dó a bheith ag tabhairt aire do ghnó a Athar (Lúcás 2:50-51). Ní raibh Muire tagaithe go fóill ar thuiscint iomlán ar rúndiamhair a Mic Íosa agus ar lean as. Luigh a mórgacht sa mhéid seo, gur ghlac sí go humhal leis an áit a bhí aici i bhfoilsiú na rúndiamhaire a bhí ina Mac Iosa.

 

B. An Bíobla: Machnamh. Maith and Bhean í Muire Mhór

 

I rith tráth na Nollag bhí an bhéim go léir in Íosa, a bhreith agus lúcháir na hócáide sin a fhógair na haingil. I sollúntas an lae inniu, ochtáibh na Nollag, díríonn an Eaglais ár n-aire ar Muire, máthair Íosa, Naomh-Mháthair Dé. Rinne Muire féin a umhlaíocht a chur in iúl. Mhóraigh sí an Tiarna a dhearc le fabhar ar ísle a bhanoglaigh. Dhearbhaigh a bhean ghaoil Eiliosaibeit go raibh sí beannaithe thar mná toisc gur chreid sí. Agus labhair bean as lár an tslua agus dúirt faoi Íosa agus a mháthair: “Is méaner don bhroinn a rinne thú a iompar”. Bhí Muire beannaithe ag teachtaireacht an aingil agus ag breith shlánaitheoir an chine dhaonna, a rugadh ó bhean, mar a dúirt Pól. Thaisc sí ina croi na rudaí a dúradh lei maidir lena Mac, agus na briathra a dúirt a Mac lei nár thuig sí i gceart. Mhair sí, d’fhulaing sí agus bhí lúcháir uirthi toisc an dlúthbhaint a bhi aici leis an rúndiamhair arb é a Mac féin í. Is eiseamláir í den deisceabal dílis agus eisesamláir do gach creidhmheach.

© Cumann na Sagart 2017