Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 7 Lúnasa 2016 | Cumann na Sagart

Lúnasa 7 2016 (C) Naoú Domhnach Déag Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

B. An Bíobla: Agallamh le ceisteanna an lae: Solas an Chreidimh. Suáilce diaga an Chreidimh

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

Céad Léacht (Eagna 18:6-9). Faoi mar a smachtaigh tú ár naimhde, sin mar a ghlaoigh tú chugat féin sinn agus a thug gradam dúinn dá bharr. Leabhar na hEagna (nó lena theideal iomlán a thabhairt dó Eagna Sholaimh) is é an leabhar is déanaí de leabhair Eagna an chanóin é. Scríobhadh é as Gréigis san Éigipt, i gCathair Alasdair is dócha, thart ar an mbliain 30 roimh Chríost Tá an chéad chuid (1:1-11:1) ag cur síos ar an eagna, agus is cur i láthair é do chúinsí nua ar shean-traidisiún eagnaíochta Iosrael le creideamh na nGiúdach a neartú agus le meas a chothú ar a dtraidisiún ársa le aghaidh a thabhairt ar chathú a bheadh ag teacht ó chultúr sopfaisticiúil na hÉigipte. Tá an dara cuid (11:2-19:22) ag cur síos ar dhílseacht Dé dá phobal tráth a n-imeacht ón Éigipt. Ba é a bhuaicphointe siúd ná an chéad oíche Cásca, le bású chéadghinte na nÉigipteach agus slánú (gabháil thairis) chéadghinte Iosrael. D’fhan an oíche Cásca seo lárnach do chreideamh Iosrael, agus ina a slí nua féin don Chríostaíocht. Labhraíonn sliocht an lae inniu i modh fileata ar an oiche Cásca sin, agus is finné é go raibh téamaí a éireoidh comónta in Iosrael níos déanaí tagaithe le chéile cheana féin ar an ábhar. Tugtar le fios go raibh réamheolas ag na hAthracha (patrarcaí, sinsir), Abráham,  Isác agus Iacób is dócha, ar an oíche sin agus gur cúis gairdis dóibh é go raibh na gealltanais (mionnaí) a tugadh dóibh comhlíonta (féach Genesis 15:13-14; 46:3-4, 7rl.). Bhí pobal Dé ag súil le slánú Iosrael (na fíréin) agus léirscrios na nÉigipteach (na naimhde).  Iosrael san Éigipt, clann cráifeach na bhfíréan (na bPatrarcaí), ofráileadar uan na Cásca (íobairt). B’fhéidir gurb í an íobairt seo an socrú diaga le go mbeadh muintir Iosrael (na naoimh) go dlúth le chéile sna maitheasaí agus na contúirtí a bhuailfeadh iad. Ag foirceann na léachta, gan mórán airde ar chúrsaí staire, cuireann an t-údar clann Iosrael ag an chéad Cháisc ag canadh “iomann na sinsear”, an Hallel (Sailm 113-118[112-117]), a bheadh ina chuid lárnach de cheiliúradh na Cásca na céadta níos déanaí. Ionann an Cháisc agus “faire”, téama a dhéanann an léacht seo oiriúnach dul leis an soiscéal ina bhfuil an téama céanna.

 

Salm le Freagra (Salm 32[33]). Is méanar don phobal a roghnaigh an Tiarna dó féin.

 

An Dara Léacht (Eabhraigh 11:1-2, 9-19). Bhí Abráhám ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógáilí. I rith an ceithre Dhomhnach seo chugainn beidh an dara léacht san Aifreann as an Litir chug na hEabhraigh, ón dara roinn di, sin le rá ó chaibideal 11 ar aghaidh. Léadh an chéad roinn den litir mar na dhara leachtaí an bhliain seo caite (bliain 2 den tsraith trí bhliain) do Dhomhnachaí 27 go 33. Léacht an lae inniu, agus caibideal 11 as ar tógadh í, tá siad fíor-thábhachtach do theachtaireacht na litreach. Tá an litir dírithe ar dhaoine a iompaigh don Eaglais ón Ghiúdachas agus a raibh de chathú orthu filleadh ar a seanchreideamh agus a liotúirge. Leagann an t-údar béim ar seo, nach bhfuil i liotúirge na nGiúdach ach scáth den fh­ior-liotúirge neamhaí, sa bhfíor-phuball nó teampall, ar ghabh Íosa an tArdsagart fíor isteach ann lena bhás agus aiséirí. Sa sliocht díreach roimh an cheann seo meabhraíonn sé dóibh nach mór buanseasmhacht agus foighne a bheith acu, ag baint úsáide chuige seo as briathra an fháidh Habacúc (2:3-4): “‘Mairfidh an fíréan seo agamsa de bharr a chreidimh. Ach má thugann sé a chúl leis ní bheidh gnaoi agam air.’ Ní daoine sinne a thabharfaidh ár gcúl leis an gcreideamh sa chaoi go gcaillfear sinn, ach daoine a chloífidh leis go sábháilfear ár n-anam”. Ansan sa chaibideal seo téann sé ar aghaidh le “néal mór d’finnéithe” (“slua mar scamall”) a áireamh díobh siúd a raibh an creideamh acu. Ríomhann sé stair laochra seo an chreidimh óna staid aigne féin, ag cur béim ag a dheireadh (11:39-40) go bhfuaireadar bás gan a raibh geallta dóibh a fháil. Bhí a  raibh geallta le teacht le Críost agus an rúndiamhair a bhain leis.

            Tosaíonn léacht an lae inniu le sainmhíniú de cad is creideamh ann, a bhfuil aithne mhaith air, agus leagain éagsúla den bhunteacs le fáil, mar aon leis an cheann sa leicseanáir (Bíobla Mhaighe Nuad). “Is é is creideamh ann, bheith dearbhtha de na neithibh go bhfuiltear ag súil leo, bheith cinnte fá neithib nach bhfeictear” (De Siúnta); “Is é is creideamh ann deimhin a dhéanamh den dóchas, agus bheith cinnte den ní nach bhfeictear” (Ó Cuinn). As an “néal mór finnéithe” is é sampla na bpatrarc, Abráhám, Isác agus Iacób, go mór mór Abráhám eiseamláir an chreidimh, a thugtar dúinn sa léacht seo. Ionann creideamh agus umhlaíocht do ghairm Dé. Thug gairm Dé ar Abráhám a thír dhúchais a fhágáil. Thug sé a aghaidh ar thír anaithnid a gealladh dó mar oidhreacht, agus chuir sé faoi sa tír tairngire mar choimhthíoch – tír ar a dtugfar nios déanaí Tir Canán. Deirtear gur mhair na patrarcaí i bpubaill, ag súil le cathair bunaithe ag Dia. Iarúsaléim neamhaí ata i gceist. Mar strainséiri agus coimhthígh ar talamh bhíodar ar tóir tír dhúchais ar neamh. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidis a nDia air. San fhásach chuir Dia é fein in aithne do Mhaois (Eacsadas 3:15) mar “Dia bhúr n-athracha, Dia Abráhám, Dia Isác agus Dia Iacób”. Ba Dia é nárb é tír Canán amhain an Tír Tairngire a gheall se, ach cathair, an Iarúsailéim neamhaí. Taisbeántar creideamh Abráhám i slíte iomadúla,  ina a chreidamh agus sin i gcoinne na fianaise uile, réidh lena mhac Isác a íobairt. Tá seo go léir tugtha mar eiseamláir do léitheoirí na litreach agus do chreidmhigh i gach ré staire. Ní mór i gcónaí bheith dearfa de na rudaí go bhfuiltear ag súil leo, bheith cinnte faoi nithe nach bhfeictear, bronntanais ó Dhia sin .

 

An Soiscéal (Lúcás 12:32-48). Bígí sibhse ullamh freisin. Ta roinnt míreanna éagsúla sa léacht seo, agus cuid acu dírithe ar lucht éisteachta éagsúla de réir dealraimh. B’amhlaidh freisin sna míreanna roimh an léacht seo in ar thug Íosa rabhadh faoi bhaol na sainte, agus tábhacht ár n-aire bheith dírithe ar ríocht Dé agus a bhaineann leis. Deir an leicseanáir go bhfuil Íosa sa sliocht seo ag caint leis na deisceabail, rud is fíor is dócha bíodh nach bhful sin luaite i dtéacs an Bhíobla féin. Is iad na deisceabail frí chéile, seachas an buíon cúng den Dáréag, “an tréad beag”. Gheall an tAthair dóibh an ríocht, agus i slí tá sí acu cheana i bpearsa Íosa. Chun teacht i seilbh na ríochta sin ar neamh moltar gan bheith faoi thíorántacht na sainte, ach déirc a thabhairt, agus a gcuid saibhris a chur i sparán ar neamh, áit ina mbeidh a gcroí.

            Sórt parabail atá sa dara mír, ag moladh dóibh bheith réidh fáilte a chur roimh a máistir ar theacht thar nais dó ó bhainis, iad réidh chun oibre le crios faoina gcoim. An bhéim sa mhír seo bheith réidh do theacht Íosa (Mac an Duine), teagasc é a rachadh le eascateólaíocht na Soiscéal. Ach is ait iompar an mháistir i leith na seirbhíseach (nó sclábhaithe) tar éis filleadh ón bhainis dó, ag freastal orthu. Tá an t-iompar seo ag teacht níos mó lena rinne Íosa ag an Suipéar Déanach, nó cuairt Chríost aiséirithe ar na fíréin (Apacailipsis 3:20): “Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus ag buaileadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aigesean faramsa”. B’fhéidir gurb ionann an bhainis sa parabal agus an féasta meisiasach.

            Ní thugann Íosa freagra díreach ar cheist Pheadair faoi an dóibh sin (na deisceabail? an Dáréag?) (“linne” sa téacs) a bhí an parabal ag tagairt nó do chách. Ina ionad sin tugann Íosa parabal eile gur dócha gur faoi riaradh na hEaglaise é, le maor iontaofa i gceannas,  agus seirbhisigh a bhfuil cúram maoir orthu. Is mar sin a fhéachann Pól ar na haspail (1 Coirintigh 4:1-2): “Tuigeadh daoine gurb é atá ionainne, seirbhísigh do Chríost agus maoir ar rúndiamhra Dé. Éilitear ansin ar na maoir duine a bheith dílis”.

 

B. An Bíobla: Agallamh le ceisteanna an lae: Solas an Chreidimh. Suáilce diaga an Chreidimh

 

Tugann an dara léacht as an Litir chuig na hEabhraigh cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar conas dul in agallamh le gluaiseacht gníomhach daonnachtach aindiach ár linne féin. Ceist mhór leathan í seo ionas nach féidir ach roinnt phointí bunúsacha a thabhairt anseo. Bhí imlitir ar an ábhar beagnach réidh ag an Pápa Benedict XVI sular éirigh sé as oifig. D’fhoilsigh a chomharba an Pápa Proinsias í (faoin dteideal Lumen Fidei¸”Solas an chreidimh”) i Meitheamh 2013. Tá leagan Béarla di ar fáil san idirlíon, Google, faoin dteideal sin. Deir an Pápa (alt 6) gur ionann labhairt ar “sholas an chreidimh” agus bheith ag feitheamh le agóidí, cur ina choinne, ó roinnt mhaith de lucht ár gcomhaimsire. Sa saol atá inniu ann d’fhéadfaí a mheas go n-oirfeadh an solas sin ceart go leor do dhaoine ó ghlúin agus sochaí eile atá thart, ach nach meastar go bhfuil aon tairbhe ann dár linn féin, don chine daonna atá in aois, mórtasach as chumas a réasúin agus cíochrach a thodhchaí a scrúdú i slíte nua. Féachadh ar an gcreideamh ag daoine áirithe mar sholas mearbhlach, ag cur mearbhall ar dhaoine, ag cur cosc ar na gcine daonna aghaidh a thabhairt go dána ar lorg an eolais, mar dhúléim, léim sa dorchadas, le tógaint nuair nach raibh solas ar fáil, á dtiomáint ag mothúchán caoch, nó mar sholas subiachtúil, a bhí in ann b’fhéidir ola a chur ar an gcroí agus sólás pearsanta a thabhairt, ach nach rud é a fhéadfaí a thairiscint do dhaoine eile mar sholas obiachtúil a thabharfadh treoir don ród seo romhainn. Sin ráite aige, deir an Pápa go bhfuil gá ann arís féachaint ar an gcreideamh mar sholas, mar uair amháin go múchtar lasair an chreidimh, tosaíonn gach solas eile ag dul i léig. Is don todhchaí cíoradh a dhéanamh ar phointí ag eascair as seo. Is leor dúinn anseo a mheabhrú, ar aon dul leis an dara léacht, nach tuairim ná áitiús, tuairim láidir dhaonna, é an creideamh. Is bronntanas diaga é, suáilce dhiaga, a thugann dúinn bheith dearfa de na rudaí go bhfuiltear ag súil leo, bheith cinnte faoi nithe nach bhfeictear.

© Cumann na Sagart 2017