Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 29 Bealtaine 2016 | Cumann na Sagart

29 Bealtaine 2016 (C) Solúntas Chorp Chríost

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Teachtaireacht na hEocairiste dúinn inniu

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

Céad Léacht (Genesis 14:18-20). Thug Melcisedec arán agus fíon amach. Téacs gearr é seo as chaibideal fada i leabhar Genesis, a chuireann síos ar ionradh ríthe ón Oirthear, le cogadh a chur ar ríthe eile in iarthar na Mara Mairbhe. Thógadar an chreach a bhí uathu agus d’imíodar leo, ag togaint chomh maith Lot, mac dheartháir Abráim (foirm luath de ainm Abrahám), agus a chuid mhaoine. Murab ionann agus an scéal eile faoi Abrahám agus na patrarcaí sa Bhíobla ina chuirtear i láthair iad mar bhreac-fhánaithe, semi-nomádaigh, ciúna, anseo is trodaire míleata é Abrám, a leanann le fórsaí dá chuid ríthe an Oirthir, faigheann an bua orthu, agus a thugann thar nais an chreach, agus Lot lena chuid mhaoine san áireamh. Ansin leanann sliocht rúndiamhrach seo an lae inniu. Amach faoi dhéin Abráim tagann Melcisedec, rí Seálém (ar a dtugadh Iarúsailéim níos déanaí is dócha) agus sagart de Dhia Chanán, ar a dtugadh “an Dia ró-ard” (ar ghlac Abrám leis gurb ionann é agus an Dia ar thug sé féin omós dó (Genesis 14:22). Thug Abrám (“thug sé” atá sa téacs bunaidh) deachú, an deichiú chuid, de gach rud do Melcisedec. Figiúr rúndiamhrach i dtéacs seo leabhair Genesis é Melcisedec. Ach níos déanaí i stair Iosrael tógfar Melcisedec mar fhigiúr den rí Dáibhí agus den Mheisias (Salm 109[110]:4, a léitear inniu mar Salm le Freagra), agus go mór mór sa Litir chuig na hEabhraigh 7:1-17.

 

Salm le Freagra (Salm 109[110]). Is sagart thú go brách de réir ord Melcisedec

 

An Dara Léacht (1 Corantaigh 11:23-26). Gach uair a itheann sibh an t-arán seo agus a ólann sibh as an gcailís seo, is é bás an Tiarna atá á fhógairt agaibh. Thárla an Suipéar Déanach, agus bunú na hEocairiste, sa bhliain 30 nó 33 iar-Chriost. Dealraíonn sé gur cuireadh le chéile go luath insintí gearra de sin, de shaghas Cré. Ag scríobh dó chuig na Corantaigh thart ar an bhliain 57, agus b’fhéidir ag tráth na Cásca, tugann Pól dúinn ceann de na h-insintí sin i léacht an lae inniu. Deir Pól nach bhfuil sé ach ag seachadadh oideas nó teagasc a fhoghlaim sé féin “ón Tiarna”, teagasc a théann thar nais go hIosa féin. Fuair Pól an traidisiún seo faoin Eocairist ón Eaglais in Iarúsailéim ina chéad chuairt ann sa bhliain 37 nó b’fhéidir in Antíoch níos deanaí, thart ar an bhliain 49. Seo é an cuntas i scríbhinn is aosta de bhunú na hEocairiste a bhfuil againn, níos aosta ná an ceann i shoiscéal Marcas, a scríobhadh thart ar 70 iar-Chríost. Go bunúsach is ionann a bhfuil sa téacs seo agus sna Soiscéil (ach go bhfuil sé níos cóngaraí do Lúcás). An t-arán, gurb é a chorp é, is i bpáirt, ar a son síúd a ghlacann é atá sé. Is é an corp a céasadh ar son slánú an chine dhaonna i gCailbhire é. Dúirt Íosa glacadh a choirp agus a chuid fola a dhéanamh i gcuimhne, mar chuimhneamh, air – le go mbeadh cuimhne ag na fíréin. agus fiú ag an Athair féin, ar rúndiamhair bhás Chríost. Ní hamháin cuimhneamh go bhfuair sé bás ach ar éifeacht a bháis agus a aiséirí, agus faoi mar atá siad sin gníomhach san Eaglais, cuimhneamh do gach Críostaí le beatha de réir na rúndiamhaire a chaitheamh. Gach uair a ghlactar Comaoineach Naofa déantar rúndiamhair sin bhás Íosa a fhógáirt tríd an stair síos go dtiocfaidh Críost arís.

An Soiscéal (Lúcás 9:11-17). D’itheadar uile agus bhíodar sách. I mbliana tugtar an cuntas faoi bhunú na hEocairiste sa dara léacht. Mar sin, mar léacht don Soiscéal roghnaíotar téacs atá gaolmhar leis. Ba é an Suipéar Déanach an ceann deiridh dena béilí a bhí ag Íosa lena mhuintir agus le daoine san imeall. Bhí teachtaireacht ag na béilí siúd i gcónaí agus gaol leis an Suipéar Déanach. Cuntas faoi mhiorúilt Íosa ag tabhairt béile do chúig mhíle duine atá sa léacht seo. An suíomh don mhiorúilt seo ná na sluaite ag brú chuig Íosa a fhearann fáilte rompu, a labhraíonn leo faoi ríocht Dé agus a leigheasann siúd atá breoite. Ansin athraíonn an bhéim go dtí an fhadhb: conas bia a sholáthair don slua mór sin. Cuireann na haspail ceist ar Íosa faoi, agus molann siad an slua scaoileadh uaidh. D’Íosa is cuid dá theachtaireacht faoi ríocht Dé bia a sholáthair don ochrach. Tá aithne cuíosach maith ar mhiorúilt seo Íosa ar iolrú an aráin. Feiceann Lúcás níos mó ann ná an mhiorúilt féin. In a chuntas siúd tugann an mhiorúilt na hAspail chun tuiscint níos doimhne bheith acu ar phearsa agus misean Íosa mar Mheisias Dé (cuntas a leanann díreach ina dhiaidh, Lúcás 9:18-22). Baineann Lúcás úsáid as íomhánna agus friotal teanga chun an gaol idir an mhiorúilt seo agus bhunú na hEocairiste a thabhairt chun ár gcuimhne. Faoi mar a rinne sé sa Suipéar Déanach, dearcann Íosa suas chun na bhflaitheas, beannaíonn sé an t-arán, briseann agus tugann dá dheisceabail lena roinnt. Díreach tar éis gach coisreacan san Aifreann fógraítear rúndiamhair an chreidimh. D’iarr Íosa féin orainn gach coiscreacan a chomóradh i gcuimhe, mar chuimhneamh, air, ar a bhás do shlánú an domhain, ar an ghean agus an cúram atá aige dóibh san atá gan bia, iad san ar an imeall agus i ngátar ar bith eile.

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Teachtaireacht na hEocairiste dúinn inniu

 

Ba í an Eocairist foinse agus ceartlár na Críostaíochta tríd na haoiseanna síos, agus fós is mar sin atá. Tugann machnamh ar an rúndiamhair chun cuimhnimh an t-éileamh a dhéanann sí beatha Chríostaí dá réir a chaitheamh, mar a dhéanann machnamh ar Íosa Críost féin. Mar a luadh thuas, ba é an Suipéar Déanach an béile deiridh a ith Íosa lena mhuintir féin, agus tugann sé chun cuimhne intinn Íosa sna béilí sin, ag ithe leo siúd a bhí san imeall agus a leithéid. Tugann Íosa i Soiscéal Marcas cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar bhríonna iomadúla na hEocairiste. Tar éis mhiorúilte iolrú an aráin, in aistear farraige trasna Mhuir na Gailíle, luann Marcas go raibh dearmad déanta ag na hAspail arán a thabhairt leo, seachas aon bhuilín amháin. Tugann Íosa foláireamh dóibh bheith aireach faoi ghabháil, giosta, éagsúla. Mheas na hAspail gur ag tagairt a bhí sé don easpa aráin a bhí acu, ach meabhraíonn Íosa dóibh an mhiorúilt ar iolrú an aráin, agus tugann le cuimhne dóibh an easpa tuisceana atá acu ar an mhiorúilt sin (Marcas 8:14-21). Téacs deacair le tuiscint é sin, ach dealraíonn sé go bhfuil Íosa ag tabhairt cuireadh don Eaglais agus dúinn uile machnamh a dhéanamh ar a bheatha agus a shaol faoi mar ar thug sé bia don chorp leis an arán a iolraigh sé, bia don anam san Eocairist, a chúram orthu siúd atá sna himill agus faoi mhíchumas de shaghas ar bith. Tugann an Eocairist na fírinní sin go léir chun cuimhne.

            An téama a bhí ann don Chomhdháil Eocairisteach Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath i 2012 ná “An Eocairist: Comaoin le Críost agus lena chéile”. Tá sin ag teacht go hálainn le liotúirge Aifreann an lae inniu. Tá Críost beo san Eocairist mar fhoinse do chaidreamh, chomaoin, phearsanta le Dia agus lena chéile, mar chlann mhac agus chlann iníonacha Dé, bráithre agus deirfiúracha Íosa.

            Is rúndiamhair dhomhain í láithreacht réalta Chríost faoi ghnéithe aráin agus fíona, nach glactar lei ach trí chreideamh. Ní inné ná inniu a thosaigh an t-amhras faoi. Tar éis a sheanmóra i gCafarnáum air féin mar arán na beatha, bhí na Giúdaigh (nár chreid ann) ag aighneas le chéile á rá: ‘Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?’ Lean Íosa ar aghaidh lena théama faoi féin agus ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: ‘Is crua an chaint í seo, agus cé a d’fhéadfadh éisteacht lei?’ Mar fhreagra dúirt Íosa: ‘An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh? Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine (Íosa féin) ag dul suas mar a raibh sé cheana?’ Tharraing a lán dá dheisceabail siar, agus níor leanadar é a thuilleadh (Eoin 6:52-66).  Tuigimid rúndiamhair na hEocraiste níos fearr má dheinimid machnamh uirthi i gcomthéacs Íosa fior-Dhia agus fíor-dhuine, a dheascabháil chun na bhflaitheas agus é ar dheasláimh Dé. Tríd na haoiseanna síos ghlac an Eaglais le briathra Íosa ar an arán agus an fíon, tar éis a gcoisreacan, bheith go fíor, go réalta, mar a chorp agus a fhuil, agus as sin lean an deabhóid don sacraimint ró-naofa. Slíte a ba iad ina chuir na fíréin in iúl a gcreideamh do láithreacht réalta Íosa san Eocairist. Nuair a shéanadh

an creideamh sin faoi láithreacht Chríost ag Berengarius, dhearbhaigh and Eaglais sa bhliain 1079 go ndéantar an t-arán agus fíon a athrú go substaintíul go Corp and Fuil Críost, a dhearbhaíodh arís i gComhairle Trionta, teagasc atá le fáil i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlicí (alt 1413): ‘Tríd an choisreacan cuirtear i gcrích tras-substaintiú an aráin agus an fhíona i gCorp agus i bhFuil Chríost’.

© Cumann na Sagart 2017