Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 12 Meitheamh 2016 | Cumann na Sagart

12 Meitheamh 2016 (C) Aonú Domhnach Déag Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

 

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An eaglais -- pobal slánaithe, gur eol dó laige agus peaca

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

Céad Léacht (2 Samuél 12:7-10, 13). Tugann an Tiarna maithiúnas duit i do pheaca; ní chuirfear chun báis thú. Déantar an sliocht seo a léamh i liotúige an lae inniu toisc go labhraíonn sé faoi pheaca rí, faoina aithrí agus faoi mhaithiúnas Dé dó, agus sin mar chúlra cuí don léacht sa Soiscéal. Nuair a shuítear é ina choimhthéacs sa Bhíobla is foircheann é ar chuntas an-mhacánta faoi dhrochiompar Dháiví rí. Bhí arm Dháiví ag cogaíocht leis na hAmainítigh ag a bpríomh-chathair Ammon (Amman an lae inniu). D’fhan Daiví in a phalás in Iarúsailéim, agus tráthnóna amhain ó dhíon a thí chonnaic sé bean álainn á folcadh féin. Baitséaba ab ainm di, bean chéile Uría an Híteach, saighdiúir in arm Dháiví. Luí Dáibhí lei; d’éirigh sí torrach agus chuir sin in iúl do Dháiví. D’fhéach Dáiví chuige gur thit Uría sa chath. Tar éis tréimhse chuí bhróin thóg Dáiví Baitséaba chuige mar bhean chéíle dhleathach. Mheas sé go raibh gach rud míchuí folaithe i súile daonna. Níorbh amhlaidh do Dhia. Sheol Dia an fáidh Natan go Dáiví lena dhéanamh soiléir dó a thromchúisí is a bhí an gníomh a rinne sé. D’admhaigh Dáiví go humhal a chion, rinne aithrí agus thug Dia maithiúnas dó. Sa Bhíobla leagtar an Salm Aithri 50 (51), an Miserere, ar Dháiví, mar a bhriathra aithrí faoin pheaca seo.

 

Salm le Freagra (Salm 31[32]). Maith dom mo pheaca, a Thiarna.

 

An Dara Léacht (Galataigh 2:16, 19-21). Ní mé féin atá beo anois ach is é Críost atá beo ionam. Sa léacht seo tá Pól ag labhairt le Peadar nó le Giúdaigh i gcoitinne mar dhuine a iompaigh ón Ghiúdachas. Déanann Pól codarsnacht idir Dlí na nGiúdach agus creideamh i gCríost, nó an slánú trí ghrasta Dé. Nuair a labhraíonn Pól ar chreideamh in Íosa Críost ní gníomh intleachta nó tola amháin atá i gceist aige, ach glacadh le bás agus aiséirí Chríost mar phlean shlánaithe Dé. Ionann fíréantacht agus claochlú inmheánach an duine tríd an Spiorad Naomh. Ní thagann sin trí chomhlíonadh Dhli na nGiúdach ach trí chreideamh in Íosa Críost, agus gach a leanann as sin. Leagann Pól béim ar seo trí ráiteas agus athráiteas sa sliocht seo. Ansin tá an ráiteas gonta seo aige: “Mar bhásaigh mé féin don dlí tríd an dlí” (Coslett Ó Cuinn), “Óir is tríd an dlí d’éagas don dlí”(De Siúnta); “Mar is tríd an dli a fuair mise bás i leith an dlí” (Bíobla Mhaigh Nuad). Is í is brí leis is dócha ná gur dhaor dlí na nGiúdach Íosa chun báis, rud a chuir críoch le ról an dlí i bplean shlánaithe Dé, agus i mbeatha Phóil. Páirt le Críost, lena bhás agus a aiséirí, is ea an bheatha Chríostaí. Fuair Pól, agus gach creidmheach, bás don dlí seachtrach le maireachtáil, le bheith beo, do Dhia i gCriost agus le Críost. Go spioradálta, go mistiúil, fuair Pól bás le Críost agus tá a bheatha go léir sa saol seo, sa cholainn seo, faoi stiúir a chreidimh sa rúndiamhair seo. Is ó bhas Íosa ar an gcrois agus ó ghrásta Dé a thagann an fhíréantacht. Dá mba a mhalairt, ó dhlí Mhaois, bheadh bás Chríost in aisce.

 

An Soiscéal (Lúcás 7:36-8:3). Tá a peacaí -- a mórchuid peacaí – maite di: is léir sin ó mhéid a grá. Ungadh seo Íosa sa Ghailíl tá sé cosúil leis an ungadh sa Béataine, a luaitear sna soiscéil eile (Matha 26:6-13; Marcas 14:3-9; Eoin 12:1-8) i gcomhthéacs na Páise. Ach i Lúcás tá aidhm eile ar fad leis: aithrí agus maithiúnas. Buaicphointe eile ó pheann Lúcáis, scríobhaí chneastachta Íosa, an cuntas seo: cúram Íosa do dhuine ar an imeall agus casaoid chaoin ar fhear an tí toisc a easpa tuisceana ar an nádúr daonna. An suíomh féin léiríonn sé cairdeas idir Íosa agus na Fairisínigh a thugann cuireadh chun béile d’Íosa (amhail ócáidí eile (Lúcás 11:37; 14:1), agus b’fhéidir Lúcás 13:31 (comhairle d’Íosa bheith san airdeall faoi caimiléireacht Héaród Antipas). Dealraíonn sé go raibh na títhe sa Ghailíl ina raibh béile iontu oscailte don phobal; mar sin bhí sé éasca do dhaoine nach raibh cuireadh chun boird faighte acu teacht isteach, mar a rinne an bhean áirithe seo. Ní raibh na h-aíonna ina suí chun boird ach ar a leasluí. Peacach mná sa chathair ab ea í. Ní deirtear gur striapach a bhí inti. Bheadh cloiste aici faoi chineáltacht Íosa do bhailitheoirí cánach agus pheacaigh agus tháinig sí lena grá a léiriú dó. B’fhéidir go raibh baint éigin le caidreamh cairdiúil Íosa leis na Fairisínigh leis an gceist, mar luaitear Siomón, fear an tí a thuga an cuireadh d’Íosa, mar Fhairisíneach cúpla uair sa téacs. Cuireann Íosa iompar na mná ina leith i gcomparáid leis na rudaí nár rinne Siomón. Níl Íosa ag cur míchuirtéise i leith Shiomóin. Dáiríre, seachas ní na gcos ní raibh aon cheann de na rudaí eile a luaitear dlite ar fhear an tí. Is í eirim an pharabail ná codarsnacht a dhéanamh idir grá na mná agus grá daoine eile, mar shampla Siomóin. Ansin tagann an ráiteas faoin cheangal idir grá na mná agus maithiúnas ar a peacaí. Is féidir ceachtar de dhá léamh a dhéanamh air: tugadh maithiúnas don bhean toisc a grá, nó cruthaíonn an grá mór atá aici go bhfuil a peacaí móra maite. Ar aon chuma dearbhaíonn Íosa go bhfuil a peacaí maite, ráiteas a chuireann ar na haíonna ceist a chur faoi cé hé Íosa, a bhfuil ar a chumas peacai a mhaitheamh. Ní leantar den cheist.

            Téann léacht an lae inniu ar aghaidh ón ungadh le achoimre a thabhairt ar mhinistreacht Íosa ag fógairt dea-scéil na ríochta agus ar an chúnamh a thug mná áirithe don Dáréag. De réir dealraimh leigheasadh na mná seo ó ghalair (“droch-spiorad agus éagruais”) ag Íosa. Ainmníotar triúr: Máire Mhaigdiléanach, a raibh seacht droch-ghalair aici, agus Ióanna bean chéile mhaoir a bhí ag Héaród Antipas, teatrarc na Gailíle, bean le seasamh sa phobal. Luaitear iad sin arís ag an tuama, ag an aiséirí. Ní fios tada faoin tríú bhean, Súsanna. Seachas an triúr sin, bhí mórán ban nárbh iad. Thugadar san cabhair airgid agus mhorálta do Íosa agus a bhuíon.

           

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An eaglais -- pobal slánaithe, gur eol dó laige agus peaca

 

Labhraíonn trí léacht an lae inniu ar pheaca, laige dhaonna agus maithiúnas ó Dhia. Sa chéad léacht tá sampla an rí Dáibhí againn. Leagann Pól béim ar an fhírinne go dtagann an slánú trí ghrásta Dé, trí bhás agus aiséirí Chríost seachas trí shaothar daonna a mheasann gur féidir an fhíréantacht a ríomhadh de réir slat tomhais dlíthiúil, de réir chomhlíonadh dlí. Tá teachtaireacht Chríostaí an tslánaithe dírithe ar dhaoine daonna laga gur féidir leo titim, ach ar ghlaotar orthu éirí arís, agus glaoch ar thuiscint Dé, agus a bheith deimhin de go bhfuil maithiúnas ar fáil tar éis aithrí.

            Tugann peacaí mór-uaisle na staire, agus an aithrí a lean iad, misneach dúinn. Tá sampla Baitséaba againn, a bhí in a máthair ar Sholamh, agus dá bharr sin a bhfuil áit aici i ghinealach Íosa i shoiscéal Mhatha. Chuaigh peacaí an tsinsir i bhfeidhm ar ár muintir mar is léir ón rann sa bhéaloideas: “Pheacaigh Maois is pheacaigh Ádhamh; pheacaigh Dáiví agus is maith an triúr. Pheacaigh Peadar cionn na cléire, is Críost gur shéan sé os comhair a dhá shúil”. Fírinne a mheabhraíonn léachtaí an lae inniu dúinn ná nach pobal do stóich, do fhathaigh, do dhaoine láidre amháin, í an eaglais. Tá éagsúlacht an chine dhaonna féin le fail inti—iad san ar an imeall, iad san a meastar de réir chaighdeáin áirithe a bheith gan todhchaí ar bith, iad sin ar theip orthu sa saol, i bpriosun, as priosún, andúiligh drugaí, mangairí drugaí agus eile. Agus tá tuiscint ag Dia agus Íosa dóibh i gcónaí.

            Ach má tá Dia reidh le maithiúnas a thabhairt, ní ionann sin agus cuireadh chun aithrí agus chun peaca ina dhiaidh. Fanann briathra Íosa dá lucht leanúna linn i gcónaí: bheith foirfe faoi mar atá ár nAthair neamhaí foirfe, bheith mar shalann na talún agus mar sholas an domhain. Ní mór dhá thaobh na fírinne a choimeád os ár gcomhair: bheith tuisceanach don laige dhaonna, agus Dia agus Críost a bheith againn mar eiseamláir.

© Cumann na Sagart 2017