Machnamh ar léachtaí an Aifrinn 24 Aibreán 2016 | Cumann na Sagart

24 Aibreán 2016 (C) Cúigiú Domhnach den Cháisc

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

 

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Neamh nua agus talamh nua. Ríocht Dé i láthair cheana.

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)


Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 14:21-27). D’innis siad don Eaglais méid na nithe a rinne Dia tríothu. I rith tréimhse na Cásca tógtar na léachtaí do gach ceann de na trí  Dhomhnach den tsraith ó Ghníomhartha na nAspal, chomh fada le Comhairle Iarúsailéim, i gcaibideal 15. Cuireadh atá anseo do lucht fhreastail an Aifrinn teacht ar eolas níos fearr ar thús agus fhás na hEaglaise ón chur síos atá ag Lúcás air sin. Leanann léacht an lae inniu ar aghaidh ón cheann a bhí againn an Domhnach seo caite ag cur síos ar an dturas ar ais ag Pól agus Barnabas go hAintíoch ar  an Orontes, tús agus ceann scríbe a n-aistir, sa chéad turas misiúnda dóibh. Cuid de na logainmneacha sa léacht seo, luadh cheana iad i léacht an Domhnaigh seo caite. Thosaigh Pól agus Barnabas ag Antíoch ar an Orontes. Chuadar as sin go hoileán na Cipre, as san go dtí an mhíntír (Tuirc an lae inniu), go Peirge i gcríoch Paimfilia, ar aghaidh go Antíoch na Pisidia, ansin go hIconium, Liostra agus Deirbe. Cuireann léacht an lae inniu síos ar an aistear thar nais. Tuigtear ón léacht seo gurb chúram do Phól agus Barnabas dúshraith na hEaglaise a leagan nuair a cheapadar seanóiri ann, bíodh nach soiléir cén dualgas nó stádas a bhí acu. (Luaitear arís iad a bheith san eaglais in Eifeasas, Gníomhartha 20:17.) Cheap Pól riarachán de shaghas éigin sna heaglaisí a bhunaigh sé. I bhFilipí (Filipínigh 1:1) bhí “easpaig agus déagánaigh” (nó uachtaráin agus cúntóirí), nach fios a ndualgas nó a stádas. Tar éis bhás na nAspal tháinig riarachán níos soiléire i réim san eaglais (litreacha1-2 Tiomóid; Titus). Mhol Pól agus Barnabas do na luath-eaglaisí ina dturas dóibh bheith réidh do ghéarleanúintí, mar chuid den fháisnéis Chríostaí. Thar nais ag an mháthair-eaglais in Aintíoch ar an Orontes tugann siad tuarascáil faoi chonas ar éirigh leo sa chéad mhisin eagraithe seo do na ciníocha, na pagánaigh. Bhí doras oscailte nach mbeadh iata go deo.

Salm le Freagra (Salm 144[145]). Beannóidh mé d’ainm de shíor, a Dhia liom is a Rí.

 

 Dara Léacht (Apacailipsis  21:1-5). Glanfaidh Dia gach deor dá súile. An chuid apacailipteach den leabhar seo, Apacailipsis Eoin, is faoi bhua an Uain  a mharaíodh (Íosa), bua Dé ar fhórsaí an oilc agus faoi theacht ríocht Dé, í. Tar éis an chur síos ar threascairt na Baibealóine, cathair an pheaca, bainis an Uain agus réimeas míle bliain (nach éasca an bhrí atá leis a bhaint amach) tá fís ag Eoin ar neamh nua agus talamh nua a thiocfaidh in áit an domhain easpaigh seo. Sa ré agus réaltacht nua seo ní bheidh farraige ann feasta, an bhóchna a bhí ceangailte i dtraidisiún an Oirthir agus an Bhíobla le fórsaí an duibheagáin a sheas in éadan eagair ar an domhan agus cumhacht Dé. An “chathair naofa, an Iarúsailéin nua, maisithe mar nuachair”, ionann iad agus an eaglais mar a bheidh sí ar neamh. Níl aon teampall sa Iarúsailéim nua mar is é Dia féin agus an tUan an Teampall ann (Apacailipsis 21:22). Ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian a thuilleadh ag pobal Dé. Baineann siad sin le ré a bheidh thart. Beidh gach rud cruthaithe as an nua ag Dia, mar a gheall na fáithe i bhfad roimhe seo.

 

Soiscéal (Eoin 13:31-35). Tá aithne nua á tabhairt daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile. Tá teachtaireacht thar a bheith domhain sa léacht seo, ceann a thuigtear níos fearr nuair a shuítear í ina comhthéacs dílis, is é sin le rá i mbéile deireannach Íosa lena dheisceabail, béile a bhfuil grá Íosa dá dheisceabail agus don domhan lárnach dó. Tosaíonn an mhír áirithe mar seo (Eoin 13:1): “Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta”. Ionann “a mhuintir féin” agus a chuid deisceabal an oíche sin, ach chomh maith le sin a chuid deisceabal i rith na staire uile. Lena léiriú cad ba bhrí leis as grá a luadh,  téann an cúntas ar aghaidh le ní chos na ndeisceabal a ríomhadh, agus déanann Íosa féin soiléir cad ba bhrí leis sin, á rá dó: “Má rinne mise bhúr gcosa a ní agus gur mé  bhúr dTiarna gus bhúr Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní. Tá sampla tugtha agam daoibh, faoi mar atá déanta agam daoibhse, go ndéanfadh sibhse mar an gcéanna”. Ansin cuirtear síos ar imeacht Iúdáis le hÍosa a bhraith, as a leanfaidh céasadh na croise. Do Eoin, ionann an céasadh agus glóiriú Íosa agus glóir an Athar. Tá Íosa le himeacht as an saol go luath ach roimh imeacht dó tugann sé aithne nua dá lucht leanúna: grá a thabhairt dá chéile faoi mar a thug seisean grá dóibh, rud a thabharfaidh le fios do chách gur deisceabail d’Íosa iad.

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae. Neamh nua agus talamh nua. Ríocht Dé i láthair cheana.

 

1. Neamh Nua agus Talamh Nua. Ceann de altanna an chreidimh ná go gcreidimid sa bheatha shíoraí,  radharc na Trionóide agus lúchair ag na firéin agus cruatain an tsaoil seo taobh thiar díobh. Is léir do chreidmhigh, agus ba léir tríd na haoiseanna, nach féidir go bhfuil an domhan amhlaidh mar ba mhian le Dia é a bheith.  Labhraíonn Pól faoin dúlra féin, agus na creidmhigh, a bheith ag súil le faoiseamh (Rómhánaigh 8:20-23): “Measaim nach fiú le háireamh pianta na huaire seo le hais na glóire atá le foilsiú dúinn. Mar tá an dúlra ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé. Cuireadh an dúlra freisin ó rath,  ní dá dheoin fein ach mar gheall ar an té úd a chuir ó rath é, ach i ndóchas, mar fuasclofar an dúlra féin ó dhaoirse na truailleathachta chun saoirse ghlórmhar chlann Dé.  ... Agus ní hé an dúlra amháin atá amhlaidh ach sinn féin chomh maith; cé go bhfuil céadthorthaí an Spioraid againn cheana féin, táimid ag cneadadh freisin inár gcroí istigh agus sinn ag feitheamh le go ndéanfar clann dínn agus go mbeidh ár gcorp fuascailte”. I measc Giúdach agus Críostaíthe d’fhás an bharúil nó an creideamh, go mbeadh ré nua-chruthaithe ann tar éis don domhán seo a chursa a rith. Mar adeir Dara Litir Naomh Peadar (2 Peadar 3:13): “Agus táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht”. Tá an dóchas, an creideamh, céanna le fáil sa dara léacht inniu. Is cuid de chreideamh na Eaglaise é, le fáil sa cur síos ar na Críocha Déannacha i scríbhinní Vatacáin II faoin Eaglais sa Nua-Ré (Gaudium et Spes, Lúcháir agus dóchas, alt 39,2) agus i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlicí (alt 1049). Meabhraíonn na téacsanna sin dúinn nár chóir go gcuirfeadh an creideamh sin i neamh agus talamh (nó domhan)  nua laige ar ár spéis sa domhan seo in a bhfuilimid, ach a mhalairt ar fad, sinn a spreagadh lena shaothrú agus cúram a dhéanamh de.


2. Tá ríocht Dé inár measc cheana féin. Níor chóir go ligfeadh an creideamh sin i neamh nua agus talamh nua sinn dearmad a dhéanamh de go bhfuil ríocht Dé inár measc cheana fein. Thosaigh sí le baisteadh Chríost mar ar ungadh é leis an Spiorad Naomh, Spiorad a bhí gníomhach ann ina chuid mhiorúilti agus teagaisc, ag leigheas na n-easlán agus ag cloí chumhacht an diabhail. D’fhógair Críost féin go raibh ríocht Dé tagaithe ina phearsa agus ina chuid oibre. Leanfadh ríocht sin Chríost, agus a héifeacht, san eaglais agus sa stair tríd a ghrásta, trína a theagasc, an tSeanmóir ar an Sliabh, na Biáidí agus eile, ach go mór mór trí shampla agus spreagadh Chríost  féin. Tháinig Íosa le beatha a thabhairt agus í a thabhairt go fial, beatha abhus agus beatha shíoraí. Mhúin sé don duine aonair gan a anam a chailleadh, a anam daonna gan brí na beatha seo a thuiscint, nó a anam spioradálta don saol eile. Ceacht mór ó Íosa  ná brí na beatha seo a thuiscint. Bíodh go raibh a sciar de laigí agus scannal san Eaglais i rith a staire, agus fós féin, bhí, agus tá, sí dílis dá Bunatheoir Íosa Críost, an tUan aiséirithe. Tá fírinne agus fuinneamh fós sa chuid seo de Phreafáid na Cásca: “Óir tá oidhreacht ársa an pheaca scriosta; tá athnuachan déanta ar an saol a bhí millte, agus ta ár mbeatha leasaithe dúinn arís i gCríost. Uime sin tá an saol mór ag déanamh lúcháire faoi thuilte áthais na Casca. Tá Fearta neimhe agus na Cumhachtaí Aingeal chomh maith ag canadh duain do do ghlóir á rá gan stad: Is naofa, naofa naofa thú...”

© Cumann na Sagart 2017