Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, Domhnach na Pailme 20 Márta 2016 | Cumann na Sagart

20 Marta 2016 (C) Domhnach na Pailme

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

Téama: Ceansacht Chríost dár ngríosadh

 

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

An Mórshiúl (Lúcás 19:28-40). Íosa ag teacht isteach go hIarúsailéim. Tá an sliocht seo faoi theacht Íosa isteach go hIarúsailéim le fáil i ngach ceann de na trí shoiscéil shionaptacha, Matha, Marcas agus Lúcás. Thug an eachtra le tuiscint do lucht leanúna Chríost an fháistine ag an fáidh Zacairia (9:9-10) faoi theacht an rí, an Meisias, go humhail go hIerúsailéim, ag marcáiocht ar asal – bíodh nach luaitear an fháistine sin ag Lúcás. Mheasfadh duine gur miorúilt a bhí ann faoi aimsiú an asail agus cé chomh héasca a scaoil an t-úinéir leis an bheirt dheisceabal é, ach b’fhéidir go raibh aithne ag Íosa air cheana. Bhí Cnoc na nOlóg, Béatfagé agus Béatáine congarach do Iarúsailéim, agus tá a fhios againn go raibh cáirde ag Íosa ansin. Rud sontasach faoin léacht seo ná nach cheileann Íosa a thuilleadh gurb é an Meisias, rí Iosrael, é. Tugann a lucht leanúna é sin faoi deara agus tugann siad omós cuí dó. Is fiú sainleagan seo Lúcáis a chur i gcomparáid lena bhfuil aige faoi bhreith Chríost agus glór na n-aingeal ó neamh. Faoi mar a bhí na h-aoirí i mBeithil bhi lucht leanúna Chríost anois lán d’áthas mar gheall ar a raibh de mhiorúiltí feicthe acu (féach ar Lúcás 2:20). Ag Matha agus Marcas seo críoch le moladh an phobail: “Hosanna sna harda”. Athraíonn Lúcás sin go: “Síocháin san flaithis, agus glóir in uachtar neimhe”, mar a chan cuallacht de shlua na bhflaitheas ag breith Chríost sa Bheithil (Lúcás 2:13-14). Bhí síocháin tagaithe anois dóibh siúd a ghlacfadh le Críost i gcreideamh. Níor thuig Iarúsailéim conas an tsíocháin sin a ghlacadh, rud a thug ar Íosa gol dá bharr, mar a leanann an sliocht seo ar aghaidh (Lúcas 19:41-44).

 

Céad Léacht (Easáias 50:4-7). Níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla, mar tá a fhios agam nach mbeidh mé meallta. Seo é dara hAmhrán ghiolla an Tiarna (mar a thugtar orthu) as ceithre chinn. (Na cinn eile Easáias 42:1-4; 49:1-6; 52:13-53:12.) Ní fios go beacht cérb é an duine a bhí in aigne an fháidh nuair a chum sé na duanta seo: an bhfuil sé ag labhairt ina agus faoina phearsa féin, ag pearsanú Iosrael, nó faoi dhuine fós le teacht. Is cuma faoin cheist áirithe seo. Is léir go bhfuil siad fioraithe in Íosa Críost, ina bheatha agus ina bhás agus aiséirí. Cuireann an duan seo síos go hálainn agus go beacht ar a phearsa agus ar an mhisean a bhí aige. Bhí an bua ó Dhia aige fulaingt agus tuiscint a bheith aige dóibh siúd a bhí á chéasadh nó a bhí traochta. Fulaingaíonn sé go foighdeach an méid is toil le Dia a chur air, agus muinín iomlán aige as Dia go mbeidh toradh ar a shaothar.

 

Salm le Freagra (Salm 21[22]). A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?

 Dara Léacht (Filipigh 2:6-11). Duan an-ársa Críostaí é seo, a bhaineann Pól úsáid as le bheith ina eiseamláir do Chríostaithe conas aithris a dhéanamh ar Íosa. Is dócha go bhfuil an duan ag déanamh codarsnacht idir Íosa, an tÁdhamh nua agus an an chéad Ádhamh i nGairdín Pharthais. Bíodh gur duine daonna, i gcló daonna, a bhí sa chéad Ádhamh ghlac sé le ghuth an diabhail, na nathrach nimhe, agus shantaigh sé bheith mar Dhia, agus loit plean Dé. A mhalairt ar fad le hÍosa, a bhí i gcló Dé ach a ísligh é féin, go bás fiú na croise. An t-ainm a bronnadh ag Dia ar Íosa ná “Tiarna”. Ionann “Tiarna” agus Críost céasta, aiséirithe, ar dheasláimh an Athar faoi ghlóir, agus an Té a thugann uaidh an Spiorad Naofa don eaglais. Cré ann féin an teideal seo “Tiarna”.

Soiscéal (Leagan gearr) (Lúcás 23:1-47). An leagan gearr, an mhír dheiridh de, atá sa sliocht seo. Tá leagan iomlán Lúcáis a dhá oiread níos faide ná seo. Tosaíonn an leagan seo le triail Íosa i láthair Phioláit, gobharnóir na Roimhe ar Iúdéa agus Iarúsailéim. Ag triail Íosa ag ardchomhairle na nGiúdach is diamhasla a cuireadh ina leith. Anois ag iarraidh breith an bháis ó Phioláit cúiseamh poilitiúil a cuireadh ina leith, ag gríosú chun ceannairce agus ag toirmeasc cíos a íoc le Céasar. Bhí Héaród Antipas, teitrearc na Gailíle, in Iarúsailéim don fhéile. Bhí eolas aige siúd ar chlú Íosa sa Ghailíl cheana féin. Ní gá cur síos ar mhion-shonraí na léachta seo. Is fiú aird a thabhairt ar chúpla sain-ghné Lúcáis ann. Ba nós ag Dante teidil ghonta as Laidin nó Iodáilis a thabhairt ar laochra agus iócóin dá chuid. Ar Lúcás thug sé Scriba mansuetudinis Christi, “Scríobhaí chneastacht Críost”. Tá Lúcás tugtha do bhéim a leagaint ar chneastacht an tSlánaitheora. Tá trí shampla de sin le sonrú sa léacht seo. Ar a shlí chun Cailbhire, agus an complacht ban á chaoineadh, dúirt Íosa leo gan bheith ag gol mar gheall air féin, ach mar gheall orthu féin toisc an uafáis a bhí le teacht (de bharr éirí amach in éadan na Róimhe). Arna chur ar an chrois dó d’iarr sé ar a Athair maitheamh dóibh san ba chiontach lena chéasadh, ag gabháil mar leithscéal nach raibh a fhios acu cad a bhí siad á dhéanamh. Agus roimh fáil bháis dó dúirt sé leis an choirpeach aithreach go mbeadh sé in éineacht leis an lá sin féin i bParthas.

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ceansacht Chríost dár ngríosadh

                                 

Tá ábhar saibhir machnaimh i léachaí an lae inniu, agus den chuid is mó de labhraíonn siad uathu féin ach iad a léamh agus súil againn ar shaol agus chúinsí ár linne féin.

            Sa chéad agus sa dara léacht tá giolla, seirbhíseach, an Tiarna agus Íosa féin curtha os ár gcomhair mar eiseamláir, an giolla a bhfuil teanga an aos léinn aige toisc gur fhoghlaim sé ón méid a fhulaing sé,  agus a thug dó an tuiscint freagra a thabhairt do té atá traochta. Sin bua mór a bheadh le foghlaim ag saol an lae inniu—go bhfuil dínit sa bhrón, san fhulaingt, a thugann tuiscint do dhuine ar chora crua an tsaoil. Déantar cur síos go minic i dtíortha áirithe ar “chineál na beatha”, “the quality of life”, amhail is nach mbeadh brí, ciall, leis an bheatha dhaonna muna mbeadh sí gan fhulaingt, gan fhadhb. Tógtar easba seo den “quality of life” mar leithscéal do eotanáis. Tá a fhios againn go bhfuil scéal dá leithéid casta, ach mar sin féin is fiú a mheabhrú go bhfuil dínit ag baint le gach gné den saol daonna.

            Ceacht eile a thagann chugainn ón chéad léacht agus ón soiscéal, faoi Pháis Ár dTiarna, ná ceansacht Chríost agus a gairm chugainn a bheith tuisceanach dá chéile. Leag an Pápa Prionsias béim ar a leithéid de sin agus thug na meáin chumarsáide an-aird dó. Tá teachtaireacht ag Giolla an Tiarna agus ag Íosa a fuair bás don saol seo againne go fóill. Guímis go mbeadh toradh fónta ar aspalacht an Phápa Proinéas.

© Cumann na Sagart 2017