Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 27 Nollaig 2015 | Cumann na Sagart

27 Nollaig 2015 (C) Féile an Teaghlaigh Naofa

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: “Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é”.

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad Léacht (1 Samúél 1:20-22, 24-28). Tugtar Samúél suas don Tiarna lena shaol uile. Seo í Féile an teaghlaigh Naofa, Íosa, Muire agus Iósaef, agus mar chéad léacht tá eachtra againn ó theaglach ó luathstair Iosrael, in aimsir na mBreithiúna roimh laethanta Dháiví. Is faoi Hanna í, bean chéile Elcáná. Bhí Hanna aimrid agus ba chuis náire moire di nach raibh ar a cumas leanbh a ghiniúint. Thug sí cuairt ar an Tiarna ag an taibearnacal mar a raibh Áirc an Chonartha i Síló, agus Elí an sagart ag feidhmiú ann. Bhí Hanna an-bhuartha agus thug sí móid mar seo, á rá: “A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh …agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile”. D’éist an Tiarna lena hurnaí agus ghabh sí gin agus rug sé mac agus thug sí Samúél mar ainm air, i gcuimhne ar fhreagra an Tiarna (seamá an Eabhrais ar “d’éist”, “chuala”). An bhliain dár gcionn ghabh Elcáná, fear céile Hanna, agus a chlann suas go íobairt bhliantúil (ní luaitear a ainm) i Síló ach d’fhan Hanna ag baile gur baineadh Samúél dern chíoch. Ansin chuaigh Hanna agus na hiobairti ba dhual so Síló agus tugadh an leanbh don sagart Elí, agus mheabhraigh Hanna dó an urnaí a chuir sí suas chun Dé trí bhliain roimhe sin agus thug sí suas an leanbh Samúél do Dhia lena shaol.

            Roghnaítear an léacht seo le dul leis an leacht ón soiscéal in Aifreann an lae inniu, ina bhfuil eachtra faoi thuismitheoirí (Muire agus Iósaef) i dTeampall Iarúsailéim.

 

Salm le Freagra (Salm 83[84]). Is meaner dá ndéanann cónaí i do theach, a Thiarna,

                 

Dara Léacht (1 Eoin 3:1-2, 21-24). Glaotar clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sa léacht seo tá téamaí atá ar fáil go minic sa Chéad Litir seo le Naomh Eoin agus i Shoiscéal Eoin chomh maith. Ceann díobh seo ná “an saol”, agus is é is brí leis an téarma seo sa litríocht seo ná iad sin nach toil leo glacadh le teachtaireacht Íosa nó atá ina naimhde di. An comhluadar Críostaí, mar a chuireann an litir seo agus an traidisiun lena bhaineann sé síos air, ionann é agus buíon creidmheach atá daingean agus deimhnithe ina gcreideamh i gCriost, deimhnithe ag an Spiorad Naomh atá ag lonnú iontu.

            Déanann an teagasc Criostaí atá faighte acu agus an deimhneacht láidir cinnte iad nach amhlaidh amháin go nglaotar clann Dé díobh ach gur clann Dé dáiríre iad, creideamh agus deimhneacht nach féidir a bheith ag daoine taobh amuigh, pé acu tugtar “an saol” nó ainm ar bith eile orthu. Tugann bronntanas an chreidimh eolas agus aithne ar Dhia dúinn cheana féin sa saol seo. Tríd an gcreideamh is féidir Íosa a “fheiceáil” cheana féin mar an Tiarna aiséirithe, agus Mac Dé. Ach tá súil ar aghaidh cheana féin ag creidmhigh ar an lá sin thar an saol tadhaill seo ina fheicfidh siad Dia díreach mar atá sé.

            Lárphointe i Soiscéal Eoin agus i gCéad Litir seo Eoin ná gur grá é Dia, grá Dé dúinn. Leagann briathra tosaigh léacht an lae inniu béim ar sin: an grá atá ag an Athair dúinn, go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Tar éis na briathra tosaigh, tagann téacs nach bhfuil soiléir ar fad dúinn, ach a bhain de réir dealraimh le ceist éigin a ba chúram dóibh siúd ar díríodh an litir seo chugaibh céaduair. Téarma lárnach don roinn seo ná an focal “coinsias” (nó “croí” mar atá sa bhunleagan). Sa Bhíobla ní lárionad mothúcháin an croí, ach ionad smaointe, féinaithne, agus féineolais.Tugann an Spiorad Naomh tuiscint do na creidmhigh gur clann Dé iad agus labhraíonn an mhír seo faoin ghrá i ngníomh agus i bhfírinne a bheith ag déanamh an aithne seo níos doimhne. I gcás go bhfuil amhras ann faoin ábhar sin, tagann Dia i gcabhair ar na creidmhigh, agus tugann sé misneach dóibh seasamh ina láthair agus glaoch air, leis an gcinnteacht go n-éisteofar leo. Ansin filleann an téacs ar chomhlíonadh aitheanta Dé agus maireachtáil faoi mar is toil le Dia. De ghnáth nuair a luaitear “aitheanta”, na Deich nAitheanta a thagann chun cuimhne dúinn. Ach sa téacs seo dhá aithne atá i gceist: creideamh in Íosa Críost mar Mhac Dé agus an aithne grá a thabhairt dá chéile. Tá an téacs go léir ag caint faoi bheatha aontaithe le Dia, le bheith deimhin de go maireann Dia ionainn (i ngach duine aonair, agus mar phobal Críostaí), beatha dhiaga a dhéanann an Spiorad Naomh sinn deimhin de, an Spiorad sin gur bronntanas mór ó Dhia dúinn é. An sliocht seo, is téacs gur ábhar machnaimh é ar an urnaí agus ar ghrá Dé.

 

Malairt Chéad Léachta (Sírach 3:2-6, 12-14). An té ar a bhfuil eagla an Tiarna, tugann sé onóir dá thuismitheoirí. Deir an cheathrú aithne (Ecsodus 20:12): “Tabhair do d’athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta an talamh”. Bhí an pósadh faoi ard-onóir in Iosrael. Tugann Ben Sira (gur fearr aithne air mar Ecclesiasticus, “an t-eaglaiseach”) a mhachnamh dúinn ar an aithne mhór seo. Bhí scoil eagnaíochta ag Ben Sira in Iarúsailéim (thart ar 180 roimh Chríost) do dhaltaí óga ar spéis leo, agus achmhain mhaoine acu, an roinn seo de shaíocht Iosrael a chíoradh. Cuid dílis de eagnaíocht seo ná taithí ar shaol an duine aonair, ar an chomhluadar daonna agus an saol mór. Tá machnamh seo Ben Sira ar an gceathrú aithne lán de dhaonacht, de thaise agus de thrócaire. Ábhar sonais agus aoibhnis meas mhuintir theaghlaigh ar a chéile. Tá luach saothair ó Dhia ag baint leis chomh maith agus déanann sé leorghníomh ar na peacaí. Ach ní cúis áthais i gcónaí dílse seo don cheathrú aithne, le homós don athair agus don máthair. Ionann é agus glacadh lenár muintir agus ár ngaolta faoi mar atá siad lena laigí agus nósanna aisteacha agus eile. Ní mór tuiscint, trua agus taise as bheith dóibh i mbreoiteacht agus ina seanaois, agus glaotar ar baill óga sláintiúla teaghlaigh tuiscint a bheith acu ar na fadhbanna a thagann le seanaois. Cur síos iontach i leabhar den Seantiomna an léacht seo ar faoi mar is cóir aire a thabhairt do chúrsai an teaghlaigh.

 

Salm le Freagra (Salm 127[128]). Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna agus a shiúlann ina shlíte.

 

Malairt Dara Léachta (Colosaigh 3:12-21). Saol an teaghlaigh sa Tiarna Íosa. Leanúint an aghaidh an léacht seo ar an gcur síos íontach atá ag Pól (Colosaigh 3:1-11) ar an mbeatha Chríostaí, an bheatha i gCríost, faoi mar is mian le Dia í a bheith. Foinse agus eiseamláir dó an Críost aiséirithe. Cuid den nádúr daonna laigí agus loiceadh, mar ab eol do phobal Críostaí Cholosae sul ar tiontaíodh go Críost iad. Leis an baiseadh agus le ceangal le Críost a ghabh leis bhí seo go léir taobh thiar díobh. Leis an baisteadh chuir lucht leanúna Chríost nádúr úr ortu féin, agus tá sin de shíor á athnuachtan, le héirí níos cosúla le Críost, níos mó in iomhá Dé. Leagann Pól béim ar seo i léacht an lae inniu. Pobal tofa, muirnach, Dé an comhluadar Críostaí. Ta grá ag Dia dóibh. Ba chóir beatha nua mar chulaith éadaigh a bheith ag an bpobal; seo le rá, láchas, trua croí, uirísle, ceansacht agus foighne, agus bheith réidh maithiúnas a tahbairt nuair a thiteann aighneas amach. Súáilcí tábhachtacha iad sin atá curtha orthu mar chulaith, agus ba chóir iad bheith snaidhmthe le chéile le grá, an grá a choimeádann iad go léir le chéile mar chrios. Sa mhéid seo d’fhéadfadh Pól bheith ag smaoineasmh ar an méid a scríobh sé chuig na Coirintigh faoin ábhar (1 Coirintigh 13:4-7): “Bíonn grá foighneach agus bíonn sé lách ... Bíonn sé lán d’fhadfhulgaint, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d’fhoighne”. Ansin leagann Pól béim ar cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh creidmhigh ar an eolas faoi shaibhreas a n-oidhreachta Críostaí, agus a ngrá di agus a meas uirthi a chur in iúl dá chéile. Tá sin pas beag teibí, ach i gcoinne an chúlra sin tráchtann Pól go hachomair ar na prionsabail ar chóir dóibh bheith mar threoir ar bheatha shoisialta na gCríostaíthe san ré áirithe sin. Tosaíonn seo leis an teaghlach, inar chóir meas, grá agus cineáltas bheith mar phrionsabail stiúrtha. Le tuismitheoiri deireann sé gan a leanaí a chrá, le heagla go gcuirfí drochmhisneach orthu,

            Ábhar machnaimh é seo go léir do fhéile seo an Teaghlaigh Naofa, eiseamláir do gach teaghlach Críostaí. Nuair a chuir Pól barrshamhail, idéal, na beatha Críostaí os comhair eaglais Cholosae, ní hionann sin is a rá go raibh an eaglais sin ag maireachtáil go hiomlán de réir na barrshamhla sin. D’fhéadfadh a mhalairt a bheith fíor, agus go raibh Pól ag tabhairt na heiseamláire chun cuimhne de bhrí go raibh teannas, scoilteanna agus naimhdeas áirithe taobh istigh den eaglais sin.

 

An Soiscéal (Lúcás 2:41-52). Faigheann a thuismitheoirí Íosa ina shuí i measc na máistrí. Seo í an mhír dheiridh de naíonscéalta Shoiscéal Lúcáis, agus críochnaíonn siad mar ar thosaigh siad (le Zachairias) i dTeampall Iarúsailéim. Sa mhír seo, amhail sna cinn eile, leagann Lúcás béim ar a thugtha is a bhí Muire agus Iósaef do dhílseacht do Dhlí Mhaois, do chleachtadh chreideamh a gcine. Lenár linn féin, agus go traidisiúnta, ar shroisint trí bhliain déag tagann buachaill in aois (bar mitzah, “mac na haithne”) dlí Mhaois agus a bhaineann leis a chleachtadh, oilithreachtaí agus eile san áireamh. Sa chéad aois, de réir dealraimh, glacadh gurbh ag aois a dó dhéag a thosaigh sin, agus mar sin thóg Muire agus Iósaef an buachaill Íosa leo do oilithreacht na Cásca. Bheadh siad ag gluaiseacht i mbuíonta, complachtaí. Éirim an chuntais seo ná a leiriú go nochtann Íosa é féin mar Mhac Dé, mac a Athar, seachas ball de theaghlach Mhuire agus Iósaef í Nasarat amhaín. I gceann de chlósanna an Teampaill glacann Íosa páirt i diospóireachtaí agus cuireann iontas ar mháistrí an léinn ansin lena cheisteanna agus a fhreagraí. Ní thugar aon sonraí fúthu sin dúinn. Is dócha gur nocht sé údarás lena dúirt sé. Biodh go bhfuil tagairt ag Lúcás do ghiniuint mhaighdeanúil Íosa, labhraíonn sé anseo, agus in áiteanna eile, faoi thuismitheoirí Íosa agus faoi Iósaef mar a athair, gnáthfhriotal teaghlaigh is dócha, is í Muire seachas Iósaef a chuireann an cheist ar Íosa faoin imní a chuir sé orthu. Is é freagra Íosa uirthi buaicphointe an chuntais ar fad: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i ngnótha (nó: i dteach) m’Athar nárbh fholáir dom bheith?” Is féidir ceachtar den dá aistriúchán “i ngnótha” nó “i dteach” (m’Athar) a chur ar an mbunleagan Gréigise, ach is ionann ciall dóibh: an misean a thug m’Athair dom, nó i dteach m’Athar, an Teampall, agus gach ar sheasann sin dó, Dia i láthair ar domhan, an Teampall mar theach urnaithe don uile chine ar domhan. Ní foláir d’Íosa bheith bainteach leis sin; tá riachtanas leagtha air, faoi mar a dhéarfaidh Íosa níos déanaí leis na sluaite a bhi ag iarraidh é a choimeád lámh le Cafarnáum: “Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé” (Lúcás 4:43). An ráiteas sin faoi ghnótha (nó Teach) a Athar, ba iad sin na céad bhriathra a labhair Íosa de réir na Soiscéal. Chuir Íosa é fein i láthair leo mar Mhac Dé. Níor thuig Muire agus Iósaef an focal a labhair Íosa leo – ní nach ionadh dúinn. Bhí dhá heaghlach, i slí, i gceist anois: teaghlach neimhe, Íosa agus a Athair, agus teaghlach Nazarat mar ar oileadh Íosa. Le rúndiamhair a bhainte le Dia foilsithe, filleann Íosa ar a dhaonnacht ar talamh, go teaghlach Nazarat le bheith, mar is dual don ógánanch daonna, umhal, faoi smacht, a thuismitheoirí. Tá Muire, mar chreidmheach eiseamláireach, i láthair rúndiamhaire nach dtuigeann sí go hiomlán, agus thaiscigh sí go dílis na nithe sin ina crói. Agus leanann Íosa leis ag fás agus ag dul ar aghaidh in eagna agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.

 

B.                        An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. “Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é”.

 

Ní gá a mheabhrú d’aoinne go bhfuil an teaghlach agus an posadh faoi bhrú mór inniu, le reifreann ar an bpósadh comhghnéis, posadh idir beirt fhear nó beirt bhan,

agus sin in ainm comhionnanais, comhionnanas leis an bposadh traidisiunta idir fhear agus bhean. Agus ansin tá teaghlaigh de shaghasanna éagsúla ann, mar shampla teaghlach aontuismitheora. Is cuid é seo de ghluaiseacht domhain san Iarthar a fhéachann ar an bpósadh traidisiúnta mar chuid de ré atá thart agus atá ag obair le foirm nua den bheatha phoiblí a thabhairt isteach a bheadh beag beann ar an múnla traidisiúnta. Tugann sin go léir cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar bhriathra na Litreach chuig na hEabhraigh dúinn: “Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é”.

            D’fhéadfadh an téacs seo a chur ag machnamh sinn ar thabhacht an phósta Chríostaí don tsochaí, do na páistí agus do mhórán rudaí eile. Chíor Comhairle na Vatacáine an cheist go han-mhaith ina Bunreacht Pastúireach ar an Eaglais i Saol an Lae Inniu (7 Nollaig 1965), go háirithe sa mhír “Dínit an Phósta agus an Teaghlaigh. Pósadh agus an Teaghlach i Saol an Lae inniu” (paragraif 47-52). Na briathra seo mar shampla (paragraph 52): “Is sórt scoile é an teaghlach do dhaonnacht níos doimhne. Ach le go mbeadh an bláthú is cuí ar a bheatha agus an misean atá aige, tá gá ag an teaghlach le teacht le chéile séimh de aigní agus beartas comhoibrithe na gcéilí, fir chéile agus mná céile, mar aon le comhoibriú saothrach na dtuismitheoirí in oiliuint na bpáistí. … Is mar sin a fheidhmíonn an teaghlach, ina thagann glúine éagsúla le chéile agus a chabhraíonn le chéile le fás níos eagnaí de shíor agus le cearta pearsanta agus riachtanais eile den bheata shoisialta a thabhairt le chéile, feidhmíonn sé mar bhunchloch don tsochaí. Dá bhrí sin ba choir dóibh sin uile a bhfuil tionchar acu ar an bpobal agus ar ghrúpaí soisialta saothrú go héifeachtach ar son leas an phósta agus an teaghlaigh”.

            Is mór atá cúrsaí athraithe sa sochaí ó fhoilsíodh na briathra sin sa bhliain 1965. Inniu ní foláir don teaghlach Críostai aird a thabhairt ar an saol mar atá sé agus iarrachtaí cuí a dhéanamh leis an creideamh a dhaingniú sa mhéid agus is féidir, ag bheith feasach ar na tionchair éagsúla atá ag feidhmiú. Ní thagann an baol is mó ó na mór-athraithe sa tsochaí féin, ach ó athrú meoin agus anama na clainne. Más tábhachtach an teaghlach do sheachadadh an chreidimh, ní leor scoileanna creidimh, scoileanna Caitliceacha fiú, a bheith ann. Tá brú ann gan creideamh Caitliceach a mhúineadh sna ranganna. Tuigfidh tuismitheorí cé chomh deacair is atá sé creideamh agus cráifeacht a mhúineadh sa bhaile, ach bheadh sé inmholta aire a thabhairt dó sin. Agus mar aon leis sin tá na fadhbanna ann maidir le homaighnéasacht agus eile. Tá aird na heaglaise tarraingthe ar na ceisteanna sin anois, agus ní mór discréid mhór don teaghlach maidir leo. Bhí teaghlach Naofa Nazarat idir dhá shaol maidir leis an ogánach Íosa. Bheadh tuiscint acu do fhadhbanna teaghlaigh an lae inniu.

© Cumann na Sagart 2017