Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 1 Samhain 2015 | Cumann na Sagart

1 Samhain 2015 Na Naoimh Uile Domhnach Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad Léacht (Apacailipsis 7:2-4, 9-14). Ba sheo an mathshlua mór narbh fhéidir d’aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga. Baineann Apacailipsis, Taispeáint, Eoin le foirm, le seánra, scríbhneoireachta nach bhfuil taithí againn air ach a bhí ar eolas go maith ag Giúdaigh agus ag an luatheaglais Chríostai. Is féidir leis an seánra seo úsáid a bhaint as iomháineachas láidir, nach mór míniú a thabhairt air agus é a chur i leith ár linne féin le go mbeadh ciall aige dúinn. Sna sleachta roimh  léacht an lae inniu bhí Eoin, údar an leabhair seo, ag caint ar bhreithiúnas Dé a bhí le teacht ar an gcine daonna de bharr a bpeacaí. Tá lucht leanúna Chríost le teacht slán as seo. Sa leabhar seo cuirtear aingil i láthair mar ghníomhairí do fhearg Dé. I bhfís tosaigh cloiseann Eoin guth ainglí á rá go bhfuil seirbhísigh Dé le séala a chur ar a gclár éadain, mar chomhartha a chuirfeadh in iúl iad agus a dhéanfadh iad a shabháil nuair a thiocfadh an t-aingeal le scrios a dhéanamh. Sa chéad fhís seo cloiseann sé a n-uimhir siúd atá séalaithe, céad agus daichead ceathair mile ó threibhanna uile Iosrael, dhá mhíle déag as gach treibh. Is dócha go seasann seo do na Críostaithe Giúdacha, ní don phobal uile ach do fhuílleach as gach treibh.

            Tar éis dó an uimhir seo a chloisint, tá fís aige de mhathshlua mór nárbh fhéidir d’aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga, ina seasamh ar neamh os comhair richathaoir Dé agus i láthair an Uain, Íosa a céasedh agus a aiséirigh arís. Cuirtear i láthair iad mar dhaoine gan cháim, gléasta in éadaí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha. Bhí siad buach, ach ní le bua míleata, ach mar bhuíon a tháinig slán ó ghéarleanúint. An bua a bhí acu ba le Dia é agus leis an Uan, agus fógraíonn siad sin ós ard. Mórthimpeall na ríthchathaoireach ar neamh bhí aingil. Sa leabhar seo déanann Eoin tagairt chomh maith do cheathrar seanóirí fichead ansin, sórt comhairle diaga ar neamh. Fógraíonn na haingil agus na seanóirí glóir Dé agus an ghabháil an bhuíochais is dual do Dhia. Míníonn duine de na seanóirí do Eoin cé hiad siúd atá gléasta in éadaí geala agus an bhrí atá ag gabháil lena gcuid éadaí. Thánadar tríd an duainéis mhór, an t-anró mór, agus tá siad slánaithe  i bhfuil an Uain; nigh siad agus gheal siad a n-éidí ann.

            Tá Eoin ag tabhairt sóláis agus uchtaigh do chomhluadar Críostaí a bhí ag fulaingt géarleanúna nó i mbaol fulangthe éigin dá leithéid. Is í a theachtaireacht ná go mbeidh an bua ag creidmhigh i gCriost. Ba do Chríostaithe a linne féin san Eaglais an teachtaireacht sin céaduair, ach is fíor í do gach aois, agus is fiú machnamh a dhéanamh air  ar Fhéile seo na Naomh Uile nuair a dhíríonn an Eaglais ár n-aire ar an mathshlua, an buíon naomh sin gan áireamh as gach cine agus gach ré agus atá anois faoi ghlóir le Críost, bíodh nach raibh de anró ag roinnt acu ach sin a leanann as dílse do theagasc Chríost agus gur nígh siad iad féin óna bpeacaí trí luaíochtaí Chríost.

 

 

 

Salm le Freagra (Salm 23[24]). A leithéid siúd a bhíonn ar do thóir, a Thiarna.

 

Dara Léacht (1 Eoin 3:1-3). Feicfimid Dia mar atá sé. Sa léacht seo tá téamaí atá ar fáil go minic sa Chéad Litir seo le Naomh Eoin agus i Soiscéal Eoin chomh maith. Ceann díobh seo ná “an saol”, agus is é is brí leis an téarma seo sa litríocht seo ná iad sin nach toil leo glacadh le teachtaireacht Íosa nó atá ina naimhde di. An comhluadar Críostaí, mar a chuireann an litir seo agus an traidisiun lena bhaineann sé síos air, ionann é agus buíon creidmheach atá daingean agus deimhnithe ina gcreideamh i gCriost, deimhnithe ag an Spiorad Naomh atá ag lonnú iontu. Déanann an teagasc Criostaí atá faighte acu agus an deimhneacht láidir cinnte iad nach amhlaidh amháin go nglaotar clann Dé díobh ach gur clann Dé dáiríre iad, creideamh agus deimhneacht nach féidir a bheith ag daoine taobh amuigh, pé acu tugtar “an saol” nó ainm ar bith eile orthu. Tugann bronntanas an chreidimh eolas agus aithne ar Dhia dúinn cheana féin sa saol seo. Tríd an gcreideamh is féidir Íosa a “fheiceáil” cheana féin mar an Tiarna aiséirithe, agus Mac Dé. Ach tá súil ar aghaidh cheana féin ag creidmhigh ar an lá sin thar an saol tadhail seo ina fheicfidh siad Dia díreach mar atá sé. Cuirtear críoch leis an leacht ghairid seo le machnamh ar an dtátal atá le baint as an dtuisicint seo ar ard-dhínit na gcreidmheach, agus as an dóchas agus an deimhne atá acu Dia nó Críost a fheiceáil díreach mar atá sé. Ba choir don dóchas diaga seo iad a spreagadh iad féin a naomhú le maireachtáil go naofa gan cháim faoi mar atá Dia agus Críost naofa.

 

An Soiscéal (Matha 5:1-12). Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh. I Soiscéal an lae inniu tá na Biáide againn, agus de bhrí gur as Gaeilge an téacs seo ní miste cúpla focal a rá faoin dtéarma sin, go nglaotar “The Breatitudes” orthu as Béarla. Sa téacs Laidine den Soiscéal tosaíonn gach ceann acu leis an bhocal Beati, “Is méanar”, “Is aoibhinn”, “Is beannaithe”. Ó ré na SeanGhaeilge i leith tá an focal Laidine beati glactha isteach sa Gaeilge mar ainmfhocal Gaeilge, mar biait, sa NuaGhaeilge “biáid”, biáide san uimhir iolra, rud a chiallaíonn go raibh an-ghrá ag ár muintir do na hOcht mBiáide sin, na hOcht mBeannachtaí.

Is iad na Biáide mír thosaigh den tSeanmóir ar an Sliabh i Soiscéal Mhatha, cairt phobal Íosa don ré nua agus dá ríocht. Is macalla iad na Biáide ar mhianta Iosrael a léiríodh tríd na haoiseanna faoi theacht chucu an slánú sin a bhí geallta dóibh. Labhraíonn na Biáide do chéad lucht leanúna Íosa faoin áthas, lúcháir agus gairdeas a ghabh le teacht lá mór an tslánaithe sin, agus tá na Biáide ag labhairt tríd na haoiseanna ina dhiaidh sin don duine aonair agus do phobal Dé in gcoitinne amhail is go rabhadar dírithe go díreach orthu. Is mar sin fós inniu iad agus is mar sin a bheidh.

Baineann na Biáide feidhm as téarmaí áirithe a bhfuil brí shaibhir iontu de bhrí gur baineadh úsáid i stair Iosrael ag feitheamh lena gcomhlíonadh, ach téarmaí atá lán de bhrí agus éifeacht go fóill. Mar shampla dúirt an fáidh agus file in Íseáia 61:1 go ndearna an Tiarna é a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith chuig na dearóil (as Eabhrais: anawim), chun sólás a thabhairt do lucht an dobróin i Síón. D’fhéadfaí, agus déantar, malairt aistriúcháin a thabhairt ar an bhfocal anawim chomh maith: boicht, síud faoi leatrom. I Nasarat d’fhógair Íosa go solúnta go raibh fáistine sin Íseáia comhlíonta ina phearsa féin agus an lá sin féin (Lúcás 4:16-21). In aigne Dé ba choir fáilte a chur roimh chomhlíonadh na bhfáistiní le háthas agus lúcháir. Ba í sin teachtaireacht na n-aingeal ag breith Chríost (Lúcás 2:10-11). Rinne Íosa féin gairdeas sa Spiorad Naomh go raibh ré an fheithimh thart agus go raibh an comhlíonadh ann ina phearsa féin, agus ghabh sé buíochas leis an an Athair, Tiarna neimhe agus talún, dá bharr sin, agus mheabhraigh sé dé dheisceabail gurbh aoibhinn dóibh gur mar sin a bhí. Ag iompu chun a dheisceabal, duirt sé leo ar leithligh: “Is méanar do na súile a fheiceann na nithe a fheiceann sibhse. Óir deirim libh, b’áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceaáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chloiseann sibhse aus níor chuala siad iad” (Lúcas 10:21-24; Matha 13:16-17).

Le filleadh anois ar na Biáide, na hOcht mBeannachtaí: Cabhraíonn an cúlra a tugadh thuas linn an teachtaireacht atá acu a thuiscint níos fearr. Deir an chéad cheann gur méaner, aoibhinn, dóibh siúd atá bocht; tá siad beannaithe. Thug téarma “bocht” chun cuimhne, agus tugann fós, an fháistine a comhlíonadh in Íosa an dea-scéal a thabhairt do na boicht, na dearóil, siúd faoi leatrom. Lena dheimhniú nach bochtanas soisialta atá i gceist cuireann Matha “(bocht) i spiorad” leis an téarma. Tá gaol le Dia, agus a láithreacht i gcúrsai an tsaoil, leis na boicht i spiorad. Tá siad oscailte do Íosa, do ríocht Dé. Is leo ríocht Dé a rabhthas ag feitheamh leis ar feadh na gcianta, ach a bhí i láthair anois in Iosa. Tá an bhrí shaibhir leis an téarma “ríocht Dé” agus a bheidh aige i seanmóireacht Íosa. An dara biáid faoin talamh a bheith mar oidhreacht acu siúd atá ceansa,  is i Soiscéal Mhatha amháin atá sé. Níl sé sna Biáide ag Lúcás. Ionann é i slí agus an chéad cheann – ceansa/bocht; ríocht Dé/talamh. Deir Íosa féin go bhfuil sé ceansa (Matha 11:29) agus uiríseal ó chroí. Mhol an salmaire (Salm 36[37]:8-9) do chreidmheach corraithe cur suas den bhfeirg agus scor den bhfraoch; iad sin a chuireann a ndóchas san Tiarna (“a fhanann leis an Tiarna”) geobhaidh siad seilbh ar an talamh. “Beidh seilbh na talún ag lucht na ceansachta” (Salm 36[37]:11). Do mheon agus aigne Giúdach b’ionann an “talamh” agus talamh naofa Iosrael, ach b’fhéidir go mbeadh tagairt aige do “Thír Tairngire” fós le teacht, ionann sin agus ríocht Dé i gcomhthéacs an Tiomna Nua.Thabharfadh “lucht an dubróin” chun cuimhne fáistine an tSeantiomna faoi lucht an dubróin i Síón, faoi dubrón faoi staid truamhéalach phobal Dé, agus na fáistiní gan comhlíonadh, ach ar ndóigh aon dubrón sean nó nua eile chomh maith. An fhíréantacht i gceist maidir le ocras agus tart, ní fíréantacht chreidimh atá i gceist ach, is dóichí, tart na córa, agus cíocras chun iompair chuí i ndea-oibreacha. Téama lárnach i seanmóireacht Íosa ná go dtaispeánfaidh Dia trócaire do lucht na trócaire. Tá glaine chroí lárnach do theagasc Íosa. Is é a thuigtear le croí anseo ná croílár an duine, agus fréamh gach gnímh dhaonna, pé acu maith nó olc. Is féidir le hÍosa tagairt a dhéanamh dó níos déanaí (Matha 6:22) mar “an tsúil”: “Is í an tsúil lampa an choirp. Má bhíonn do shúil slán, beidh do chorp ar fad solasmhar”. Mura bhíonn beidh do chorp ar fad sa dorchadas. Ionann glaine chroí agus deabhóid inmheánach do Dhia agus don fhírinne, macántacht gan aon chur i gcéill. Deirtear fúthu siúd go bhfeicfidh siad Dia – sa saol eile. Sa saol seo ní féidir le haoinne Dia a fheiceáil le súile daonna, ach trí chreideamh agus glaine chroí is féidir le creidmhigh Dia a fheiceáil sa domhan agus ina Mhac Íosa. Leag Íosa béim láidir ar shiocháin a dhéanamh trí maithiúnas agus athmhuintearas., agus rinne sé féin an tsíocháin idir Ghiúdaigh agus Gintlithe. Labhraíonn an dá Bhiáit deiridh ar a bheannaithe is atá iad siúd faoi ghéarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, an ceart, agus mar gheall ar Íosa. Níos déanaí sna Soiscéil déanfaidh Íosa nasc idir an ghéarleanúint sa ré nua sin agus ré na bhfáithe ar rinneadh géarleanúint orthu.

 

B.                       An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Na Beáit. Beannachtaí. Síocháin agus lúcháir sa chreidiúint gCríost.

 

Machnamh. Na Naoimh uile. Néal mór finnéithe. B’feasach do thraidiún na hÉireann, agus go deimhin don traidisiún Críostaí, go raibh nasc láidir idir na naoimh ar neamh agus na fíréin abhus ar talamh. Labhair ár sinsir go minic faoi mhuintir neimhe agus talún, mar a raibh coinne eatorthu sa Cháisc agus san Aifreann. Cuid den Chré is ea comaoin na naomh. Ceiliúrtar féile na Naomh Uile ar 1 Samhain, Lá Samhna i dtraidisiún na nGael, ceiliúradh a théann thar nais go aimsir na pagántachta. Ba thráth í ina mheas na beo go bhféadfaí caidreamh a bheith acu leis an saol eile, agus ar bhain lear mór piseog leis. Bhí tuairmaí agus cleachtadh dá leithéid san Eoraip, taobh amuigh d’Eirinn. Ag tráth na féile seo tugann an Eaglais cuireadh dúinn a mheabhrú go bhfuil nasc eadrainn atá beo anseo ar talamh agus iad siúd atá imithe uainn, agus sin trí chomaoin na naomh. San fhéile seo tugaimid onóir don mhathshlua dí-áirithe creidmheach atá anois faoi ghlóir le Dia, Íosa, Muire agus na haingil ar neamh, ní hiad naoimh chanónaithe amháin, ach iad sin go léir a fuair bás i ghrásta Dé. De bhrí go ndeireann ár gcreideamh Críostaí agus an deabhóid Chríostaí linn go bhféadfaimis guí chucu, agus go ndéanann siad idirghuí ar ár son, is féidir linn bheith deimhin de go bhfuilid siúd atá imithe uainn aontaithe linn agus gur féidir linn cabhair a iarraidh orthu.

 

Agallamh. Síocháin agus lúcháir sa chreidiúint i gCríost. In Éirinn inniu, mar atá i gcearnaí eile den domhan, tá le braitsint easpa shíocháin anama agud lúcháire maidir leis an gcreideamh agus leis an Eaglais. Daoine éirimiúla ón dtaobh amuigh ag tabhairt seo faoi deara in Éirinn, tá siad den tuairim nach easpa chreidimh atá i gceist ach, b’fhéidir léiriú den bhféin-saoirse nua atá faighte acu, saoirse ó thiarnas eaglaise údarásaí a chuir iachall orthu glacadh agus smaoineamh mar ba thoil le siúd ar an iliomad rudaí, pearsanta agus eile.

            D’fhéadfadh an anailís sin ar chúrsaí mar atá agus ar thiarnas na hEaglaise i ré atá thart bheith cruinn. Más mar sin atá, nó a bhí, an scéal ní mór don Eaglais, agus do na creidmhigh taobh istigh di, teacht ar leigheas ar an gcás. Tá seans ann go bhfuil sólás éigin, agus spreagadh éigin, le baint as seo, gur fadhb chian aosta atá i gceist anseo.  Bhí ar an aspal Pól aghaidh a thabhairt ar staid dá leithéid in eaglais Choraint lena linn fein (thart ar an bhliain 57, sé bhliain tar éis dó an eaglais a bhunú ansin). D’éirigh idir an eaglais sin agus é féin agus i litir dá chuid chucu (2 Corantaigh 1:24) labhraíonn sé mar seo leo: “Ní hea go mbímid ag déanamh máistreachta ar bhur gcreideamh; ach ag comhoibriú libh le háthas a bheith oraibh, ó bhíonn bhur gcreideamh ina sheasamh go daingean”. Is mar sin is cóir don Eaglais a bheith leis na creidmhigh: ag cabhrú leo áthas, lúcháir agus sonas a bheith acu sa chreideamh, seachas bheith ag imirt máistreachta. Tá litreacha Phóil, mar na Soiscéil féin, lom lán d’urnaithe do shíocháin agus lúcháir sa chreidiuint, mar shampla chuig na Rómhánaigh (15:13): “Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shli go mbeadh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh”.

            Is bronntanais ón Spiorad Naomh síocháin agus lúcháir sa chreidiúint, nach mór guí le hiad a bheith againn. San anam daonna tá seilbh orthu nasctha le creideamh in gCríost mar an péarla lómhar, agus aontacht le Dia abhus agus sa saol eile mar an t-aon rud riachtanach. Ní mór don tsíocháin agus don lúcháir seo maireachtáil taobh le taobh le laigí agus lochtanna san Eaglais mar institiúid, agus leis an Eaglais ag fógairt teachtaireacht shlánaithe Chríost i gcúinsí nua atá ag síor-athrú. Is beannachtaí ó Dhia iad na Biáide, atá nasctha le ríocht Dé. Ach ní chuireann siad fadhbanna nó fiú géarleanúint as an áireamh. Guímis nach  dtógadh laigí nó lochtanna taobh istigh den Eaglais as don braithstint den fhís Chríostaí agus de phearsa Chríost, a thugann leo síocháin agus lúcháir sa chreideamh, sa chreidiúint.

© Cumann na Sagart 2017