Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 27 Meán Fómhair 2015 | Cumann na Sagart

27 Meán Fomhair 2015 (B) An Séú Domhnach Fichead Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad Léacht (Uimhreacha 11:25-29). An amhlaidh atá formad ort ar mo shonsa? Uch nach fáithe iad pobal an Tiarna ar fad! Is fearr i dtosach báire an léacht seo a shuíomh ina chomhthéacs bunaidh sa Bhíobla i Leabhar na nUimhreacha. Bhí Maois ag gearán le Dia go raibh an t-ualach a bhí air cúram a thabhairt do shluaite chlann Iosrael ró-throm dó féin amháin. Molann Dia dó seachtó seanóirí as phobal Iosrael a roghnú gurb eol dó gur seanóirí iad agus oifigigh os cionn an phobail agus teacht ón champa go Both na Teagmhála (sórt réamh-shampla de Teampall Iarúsailéim) leis an seachtó. Déanann Maois amhlaidh. Tagann Dia anuas ar an Néal agus labhair sé le Maois. Bhí spiorad Dé i slí faoi leith ag Maois, seirbhíseach Dé agus fáidh. Deir an téacs gur thóg Dia cuid den spiorad a bhí ar Mhaois agus chuir sé ar an seachtó seanóirí é, ag tabhairt le fios gur rinne sé roinnt de charasma agus chumhacht Mhaois a leagan orthu, gan an t-iomlán díobh a thabhairt. Ar fáil an spioraid dóibh rinne siad fáidheadóireacht, ach an aon uair amháin, agus ní go buan. Ní mór “fáidheadóireacht” a thuiscint san áit seo agus in dtéacsanna luatha den tSeantiomna, ní mar a bheadh sé i gcás fáithe níos déanaí, amhail Íseáia agus cinn eile, mar labhairt in ainm Dé agus ag tairngreacht faoin dtochaí, ach mar thitim isteach in eacstais fháidhiúil, iompar eactaiseach, nó labhairt i dteangacha. An bheirt eile, Eldad agus Medad, bhíodar cláraithe i slí éigin, mar fhir ionaid an phobail b’fhéidir, ach níorbh bhaill den seachtó iad. Tugadh bronntanas an spioraid dóibh sin chomh maith agus chromadar ar fháidheadóireacht. Ba mhaith le Iósua, comharba Mhaois níos déanaí, go gcuirfeadh Maois stop leo. Is réamhbhlas de fhís Íosa fís níos leithne Mhaois, agus de dhoirteadh an spioraid agus na fáidheadóireachta a gealladh don aois nua (Ióél 2:28-29; Gníomhartha 2:14-21). Roghnaíodh an téacs seo as Leabhar na nUimhreacha le dul le Soiscéal an lae inniu.

 

Salm le Freagra (Salm 18[19]). Cuireann proiceapta an Tiarna áthas ar mo chroí.

 

Dara Léacht (Séamas 5:1-6). Tá bhur gcuid saibhris ag lobhadh. Tagann an léacht seo díreach tar éis rabhadh agus comhairle a thugann Séamas ar an gceacht atá le tógaint ag a ghairid is atá an bheatha dhaonna. Níl in aon rud ach seal.”Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin” (Séamas 4:13-14). Tugadh rabhadh mar atá sa sliocht seo ag Íosa cheana féin. “Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg á mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach á ghoid. Cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar neamh mar nach mbíonn leamhan ná meirg ann chun a mhillte, ná bithiúnaigh ann chun briseadh isteach á ghoid” (Matha 6:19-20). Agus tá a ndeireann Séamas sa léacht seo an-chóngarach dá ndúirt Íosa i Lúcás (6:20, 24-25): “Is méaner daoibse atá bocht, óir is libh ríocht Dé. … Is mairg daoibhse atá saibhir, óir tá bhur sólás faighte agaibh cheana. Is mairg daoibhse atá sách anois, óir beidh ocras oraibh”. Tugann an líomhaint go bhfuil ag na santacháin ar talamh beatha le compord agus só, tugann seo chun cuimhne an parabal faoin fhear saibhir agus Lazarus (Lúcás 16:19-25). Tugann cáineadh géar lucht na héagora sa sliocht seo chun cuimhne briathra roinnt de fháithe an tSeantiomna ar an ábhar céanna (mar shampla Amós 8:4-8). An cáineadh orthu, ní gá gur fianaise sin go raibh a leithéid de mhíchleactha ar fáil taobh istigh de thioníol Críostaí Shéamais féin. D’fhéadfadh sé bheith gur rabhadh atá i mbriathra Shéamais den bhaol atá ag baint le saibhreas. Cáineann sé roinnt cleachtas go sonrach: coinneáil siar tuarastal oibrithe go fealltach, téama tábhachtach sa Seantiomna agus sa Tiomna Nua (feic Léivític 19:3; Deotranaimí 24:14). Nuair a cháineann sé daoradh agus marú an duine neamhurchóidigh (an uimhir uatha atá sa téacs) b’fhéidir go bhfuil Síorach (Ecclesiasticus) ina aigne aige (Síorach 34:22): “An té a bhaineann a shlí bheatha den chomharsa, maraíonn sé é; an té a bhaineann a thuarastal den fhear oibre, doirteann sé fuil”, nó b’fhéidir gur tagairt atá ann do scéim daoine aindiaga an fíréan lag a chur chun báis (feic Eagna 2:12-20), nó gur tagairt atá ann do bhás Chríost. Ar aon chuma taispeánann an téacs an bhraistint ghéar ar cheartas soisialta a bhí ag Séamas, brath ar choir dó bheith ginte i gcónaí ag machnamh ar an dá aithne móra, grá Dé agus grá an chomharsa.

 

An Soiscéal (Marcas 9:38-43, 45, 47-48). An té nach bhfuil inár n-aghaidh, tá sé ar ár son. Más siocair pheaca duit do lámh, gearr anuas í. Na míreanna éagsúla sa léacht seo as Soiscéal Mharcais tá seans ann go dtugann siad léargas dúinn ar ghluaiseachtaí agus údair chúraim a bhí ann taobh istigh den luatheaglais, tionól Mharcais go sonrach. Tugadh chun cuimhne briathra, ráitis Chríost agus eachtraí faoi, de réir mar ba ghá leo in ócáidí faoi leith. Tráchtann léacht an lae inniu ar thrí nó cheithre ábhair éagsúla.

Baineann an chéad cheann (le fail i Marcas amháin; nil sé ag Matha nó Lúcás) le eacsaircistí, duine ag caitheamh deamhan amach, a bhí ag feidhmiú in ainm Íosa, bíodh nárb de bhuíon Íosa nó na nAspal é. Ba chuid de shaol Giúdach in aimsir Íosa eacsaircisteadh, eacsaircistithe agus díbirt deamhan. Uair amháin nuair a cuireadh i leith Íosa go raibh sé ag caitheamh amach deamhan trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, d’fhreagair sé: “Cé tríd a chaitheann bhur gclann féin amach iad?” (Matha 12:27; Lúcás 11:19). Bheadh a fhios ag Íosa go raibh na heacsaircistithe Giúdacha ag feidhmiú in ainm agus i gcumhacht Dé Iosrael, Athair Íosa féin. An t-eacsaircistí áirithe seo, bhí sé ag feidhmiú in ainm Íosa féin agus intuigthe as sin ag admháil creideamh ann. Taispeánann an léacht seo cé chomh hoscailte agus a bhí Íosa do chumhacht an Spioraid, ná raibh teoranta do ghrúpa amháin ar bith. Cuireadh chun eacúiméanacais atá an.

An chéad ráiteas eile is sampla é de luach saothair ó Dhia a bheidh le fáil ag aoinne a thugann cabhair do mhisinéiri Críostaithe.

Ina dhiaidh sin tagann rabhadh láidir Íosa do aoinne a thugann “scannal”, atá ina cheap tuisle, do “dhuine bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa”, a chreideann i nDia nó i gCríost. Sna diospóireachtaí a bhí ann ar na mallaibh faoi chúrsaí pedafalaíochta, cionta i gcoinne leanní, glacadh leis na briathair “na rudaí beaga seo” an téacs seo a bheith ag tagairt do leanaí. Ach ni raibh aon bhaisteadh leanbh ann in aimsir Íosa, ná ní raibh aon leanaí i measc lucht leanúna Íosa. Is iad na “rudaí beaga” i gceist anseo ná baill an tionóil Chriostaí, lag sa chreideamh agus i mbaol é a chailliúint. Ba chúram mór do Phól a leithéidí, ar a dtugann sé “baill laga”.

Téann chéad ráiteas eile Íosa ar aghaidh ó a scannal, ócáid pheaca, do dhaoine eile, go siocair pheaca, don duine féin, agus a riachtanaí is atá sé ócáid pheaca a sheachaint. Tá na ráitis mheafaracha sa mhír seo dathúil, agus gan bheith le tógáil de réir bhunbhrí na bhfocal. Ach is soiléir an teachtaireacht láir iontu: “Óir cá fhearrde duine go gnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin a chailliúint?”

 

B.                       An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Eacúiméanachas stuama

 

Go minic inniu tógtar an chéad mhír de shoiscéal an lae (ar an bhfear ag díbirt an deamhain) mar chuireadh don eacúiméanachas, agus sin le láncheart. Níl sé éasca a dheimhniú cén toisc bheadh sa luatheaglais, nó i dtionól Criostaí Mharcais, inar baineadh úsáid as an eachtra seo agus ráiteas seo Íosa. Ach is do gach aois an teachtaireacht atá aige. Cruthaitheoir an chine dhaonna ar fad é Dia. Tá cúram an uile dhuine air, bíodh gur thogh sé na Giúdaigh mar a phobal tofa agus an Eaglais níos déanaí le leanúint le saothar shlánaithe Chríost. Tá teachtaireacaht shacraimintiúnil na hEaglaise do domhan uile teoranta trí laige a ball, baill mar dhaoine aonair agus le cheile mar phobal Dé. Ach is feidir le Spiorad Dé feidhmiú taobh amuigh díobh sin. Fiú amháin taobh istigh de chomhluadar na gcreidmheach, trí grúpaí a bhí i dtús báire ina siosmataigh nó ina n-eircigh, is féidir leis an Spiorad Naomh feidhmiú go neamhspleách ón Eaglais Chaitliceach le aontacht chreidimh a athbhunú. Bhí amhras ar an Eaglais Chaitliceach ar feadh i bfhad faoin ghluaiseacht eacúiméanach, á mheas gur eascair sí as, nó go raibh sí ag díriú ar, fhuarchúiseacht chreidimh, gurbh ionann gach eaglais. Tar éis fiche bliain nó mar sin tháinig sí le creidiúint go raibh an Spiorad Naomh ag díriú na gluaiseachta, agus ghlac sí páirt inti. Lean seo go hoscailteacht i réimsí éagsúla, agus in am tráth go Dara Comhairle na Vatacáine.

In aimsir Chríost b’ionann eacsaircisteadh agus caitheamh deamhan amach, ina raibh leigheas titimis de shaghas éigin i gceist, de réir dealraimh. Na deamhain atá inniu ag iarraidh cosc a chur le teacht ríocht Dé ní le cúrsaí leighis a bhaineann siad, ach le hiarrachtaí an Eaglais, ríocht Dé ar talamh, a choimeád glan amach ó chúrsaí poiblí, le cultúr agus modh smaoinimh agus beatha saolta agus dí-eaglaisíoch a thabhairt isteach. Iad siúd atá i bhfábhar a leithéid labhraíonn siad go foscailte in éadan aon iarracht a chuirfeadh ina gcoinne. Inniu ní do Chaitlicigh amháin an léargas Críostaí ar an saol agus an domhan a chosaint ach ag gach aoinne a chreideann i gCriost, Caitliceach nó neamh-Chaitliceach. Teachtaireacht Chriost dúinn inniu maidir le neamh-Chaitlicigh san ábhar seo ná, gan cur ina gcoinne. “An té nach bhfuil inár n-aghaidh, tá sé, nó si, ar ár son”.

            Ag trácht ar an ábhar seo dúinn ní dochar a mheabhrú an baol atá ann lár-fhírinní an chreidimh a chur i mbaol trí bhrú i dtreo aontacht sheachtrach, rud a chuir an Pápa Benedict XVI ar ár n-airdeal sinn faoi le deireannas agus é i mbun caidrimh ar an ábhar le roinnt de Eaglaisí an Reifirméisin. Ba chóir do fhíor-eacúiméanachas éirí ag, agus díriú ar, chreideamh domhain i gCriost. Ní mór dó bheith feasach de go bhféadfadh sé tionchar a bheith aige ar chreidmhigh áirithe a mheasann go bhfuil baol ann don chreideamh. Iad sin “na rudaí beaga” ar a bhfuil tagairt i soiscéal an lae inniu. Go minic ní mór stuaim a nascadh le eacúiméanachas, agus aire a thabhairt do tslí ina fhéadfadh creidmhigh áirithe brath ar an ghluaiseacht.

            Tugann léachtaí an lae inniu a lán ábhar machnaimh dúinn, ní hamháin i modh ginearálta ach i gcúinsí an duine aonair chomh maith. Ní idir eaglaisí agus reiligiúin eile amháin an t-eacúiméanachas agus caidrimh idirchreidmheacha sa chiall is leithne de na focail. Ionann creideamh i bplean Dé don aois seo againne agus oscailteacht do réimse mhór ábhar. Ionann é agus dialóg leis an domhan ina mhairimid ann, gan dearmad a dhéanamh riamh sa dialóg seo go léir ar an mbaol atá ann do chreideamh na “rudaí beaga”, agus ar fholáireamh Chríost gan sinn féin, ár n-anamacha, a chailliúint agus sinn i mbun an eacúiméanachais seo. 

© Cumann na Sagart 2017