Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 20 Meán Fómhair 2015 | Cumann na Sagart

20 Meán Fomhair 2015 (B) An Cúigiú Domhnach Fichead Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Eaglais -- Seirbhíseach

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad Léacht (Eagna 2:12, 17-20). Daoraimis chun báis náireach é. Tá an léacht seo tógtha as an leabhar ar a dtugtar Eagna Sholaimh (nó níos comónta in Eaglais an Iarthair Leabhar Eagna Sholaimh nó Leabhar na hEagna). Cumadh an leabhar as Gréigis san Éigipt, is é is dóchaí sa dara leath den chéad aois roimh Chríost. Ba í ba aidhm leis ná creideamh na nGiúdach a neartú i gcreideamh a sinsear. Bhí a léitheoirí anois san Éigipt, ag cur fúthu i bpobal a bhí thar a bheith sofaisticiúil, le dul chun cinn suntasach déanta san eolaíocht, sa litríocht agus i ghnéithe éagsúla den fhealsúnacht agus de religiúin. Léargas amháin a bhí chun tosaigh ná nach raibh aon áit le bheith ag dearctha reiligiúin ná ag creideamh i nDia inár mbeatha. An bheith ann atá againn is de thaisme é, agus níl aon saol eile ann tar éis an chinn seo. Tá an seasamh seo curtha go láidir sa sliocht a thagann díreach roimh léacht an lae inniu (Eagna 2:1-5): “De dheasca a gclaonmhachnaimh dúirt siad le chéile: ‘Is gairid dobrónach é ár saol; agus nuair a bhíonn an bás ag teannadh leis an duine, ní bhíonn aon leigheas aige air; ná ní fios ar fhill aon duine ó ifreann riamh. Óir is de thaisme a rugadh sinn, agus san am atá le teacht beimid amhail is nach rabhamar ann riamh. Puth deataigh atá san anáil inár bpolláirí agus níl inár réasún ach spréach a ghineann bualadh ár gcroí. Nuair a mhúchfar é déanfar luaith dár gcorp agus scaipfear anáil na beatha ar nós an aeir neamhsheasmhaigh. Le himeacht aimsire ligfear ar n-ainm i ndearmad agus ní chuimhneofaidh aon duine ar ár ngníomhartha. Séidfear ár mbeatha chun siúil ar nós dhlaíóg dheiridh scamaill agus scaipfear í mar cheobhrán atá á thóraíocht ag gathanna na gréine agus á chloí ag a teas. Go deimhin níl inár mbeatha ach scáth a ghluaiseann thart; agus ní féidir ár mbás a chur ar gcúl mar tá séala curtha air; agus níl aon duine a fhilleann ar ais’”. Leanann an téacs ar agaidh lena rá gur chóir aoibhneas a bhaint as na maitheasaí atá ann agus gur ionann neart agus ceart (2:8-12). Ba scannal agus ceap tuisle do na saoithe leis an léargas sin go raibh i láthair ina bpobal, nó ann in aon chor, daoine le creideamh i nDia, i nDia a bhí ag fónamh orthu, daoine le cód morálta foighde agus mánlachta acu. Ba chóir duine cóir lena leithéid de chreideamh a chur den fhód. Cuireann léacht an lae inniu síos ar an bplean atá acu. Roghnaítear an sliocht seo do liotúirge an lae inniu le dul leis an soiscéal ina chuireann an fear cóir eile, Íosa, sios ar an bhfonóid agus ar an mbás atá amach roimhe.

 

Salm le Freagra (Salm 53[54]). Tá an Tiarna ag cosaint mo bheatha.

 

Dara Léacht (Séamas 3:16-4:3). Lucht deanta na síochána, nuair a oibríonn siad ar son na síochána, cuirfidh siad an síol a bheidh an naofacht mar thoradh air. I gceann de na Biáide deir Íosa: “Is méaner do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu”. Ní mór do lucht déanta na síochána a fhios a bheith acu céard iad na fréamhacha a cuireann tús le himreas agus le heaspa síochána.Thug Íosa aghaidh ar an gceist seo nuair a cháin sé grúpaí Giúdacha áirithe de bharr na béime a leag siad ar ghnéithe seachtracha amhail níochán soithí agus lámha. Leagann Íosa an bhéim ar ghlaine chroí, máthair an ghnímh. “Dúirt sé (Íosa): ‘An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamhghlan an duine. Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharaithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht. Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamhghlan an duine’” (Marcas 7:20-23). Tá beagnach an teachtaireacht chéanna ag Séamas i léacht an lae inniu. Ach ní teagasc eiticiúil amháin atá aige. Cuireann sé béim ar an eagna atá ó lastuas, atá mar fhoinse do na suáilcí atá glan contrártha do na duáilcí seo. Mhol sé lena léitheoirí cheana (Séamas 1:5) guí a dhéanamh ar an eagna sin. Sa léacht seo téann sé ar aghaidh leis an bhunchúis atá leis na fadhbanna is tromchúisí taobh istigh den tionól a chíoradh: cathanna, troid le chéile, fiú dúnmharú. Luíonn fréamh na bpeacaí seo go léir, deir sé, i gcroí an duine: uaillmhian gan teorainn agus ainmhianta a dhéanfadh aon rud lena bhfuil uaidh a fháil. Mar fhoirceann tugann sé réiteach dóibh: guí le mianta a gcroíthe a fháil, ach guí le intinn ghlan, seachas lena n-ainmhianta a shásamh.

 

An Soiscéal (Marcas 9:30-37). Bhéarfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine. Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ni folair dó bheith ar deireadh cách. Ba é an sliocht a léadh i soiscéal an Domhnaigh seo caite ná admháil chreidimh i gCríost i gceantar Caesairia Philib. Ina dhiaidh sin téann cuntas Shoiscéal Mharcais ar aghaidh le labhairt ar chlaochlú Chríost “i sliabh ard ar leithlgh”, ar a leanann cúpla eachtra eile, chun teacht go léacht an lae inniu. Briathra tosaigh na léachta seo “ag imeacht as an áit sin d’Íosa agus dá dheisceabail” níl siad i dtéacs an Bhíobla féin ach curtha isteach le tús a chur leis an léacht.

        Tá dhá mhír sa léacht seo. An chéad cheann díobh ná an dara réamhinsint a dhéanann Íosa ar a pháis – dírithe anseo ar a dheisceabail. (Is iad an dá réamhinsint eile ná Marcas 8:31, dírithe ar na deisceabail uile, agus 10:32-34, don Dáréag). Sa trí réamhinsint déanann Íosa tagairt dó féin mar “Mac an Duine”. Tá an sliocht seo ag tús ranna faoi aistear Íosa ón admháil chreidimh ann féin sin ag Caesairia Philib go dtí a pháis náireach féin agus a bhás, lena aiséirí le teacht ina dhiaidh. I rith an aistir seo tá Íosa ag teagasc a dheisceabal – ní hamháin an Dáréag ach gach aoinne ar mhian leo é a leanúint, agus tá an teagasc sin dírithe ar a pháis. Ionann é a leanúint agus an masla a tugadh dó agus a pháis a bhrath. Tugann Marcas le fios nár thuig na deisceabail a duirt sé faoina uirísliú agus a pháis, ag tuar staid a bheadh ag creidmhigh tríd na haoiseanna síos. Ba choir go mbeadh mar thréith ag an Eaglais, ag na creidmhigh uile, leanúint uiríseal Chríost mhánla agus chéasta seachas caithréimeachas. Seo í an chéad mhír.

     Tá an chead eachtra eile sa “teach” i gCafarnáum, teach Pheadair is dócha. Bhí an Dáréag, grúpa lárnach Íosa, ag aragóint eatorthu féin faoi cé díobh ba mhó, ba thábhachtaí, sa ríocht (pholaitiúil le teacht) is dócha. Tugann Íosa mar oide, mar mhúinteoir (in shuí mar a oireann) treoir cheart san ábhar: ina ríocht siúd tá luachanna daonna, polaitiúla agus stádas curtha droim ar ais: an té ar mhian leis bheith ar tosach ní foláir dó bheith ar deireadh, agus ina sheirbhíseach ag cách. Tá lárionad glactha ag seirbhís. Díreach taréis tagairt Íosa do sheirbhíseach agus don seirbhís tá an eachtra agus ráiteas Íosa faoin leanbh. Ní dócha gur siombal do neamhurchóideacht nó uirísle atá sa leanbh anseo ach do dhuine gan stádas os comhsir an dlí, agus mar sin gan taca. Bheadh glaoch ar an Dáréag agus an Eaglais glacadh in ainm Íosa le daoine gan taca. Ionann déanamh amhlaidh agus glacadh le hÍosa féin agus leis an Athair a sheol amach é. Nuair a dhéanann an Eaglais (an Dáréag) sin in ainm Íosa is admháil é go bhfuil sí ag feidhmiú mar a ghlaoigh Íosa uirthi a dhéanamh, mar sheirbhíseach do Dhia an tAthair.

 

B.                       An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an lae: An Eaglais --  Seirbhíseach

 

Leagann cuntais eagsúla na Soiscéal béim throm air seo:  gurbh ionann deisceablacht, Críost a leanúint, agus páirt a ghlacadh ina pháis agus a aiséirí. Is fíor seo do gach ball dá lucht leanúna, agus ní don Dáréag amháin, nó do cheannairí na Eaglaise amháin. Ar a shlí chun a bháis rinne Íosa soiléir don Dáréag aspal nárbh ionann a ról sa ríocht agus ceannaireacht pholaitiúil le stádas, ach mar sheirbhisigh don Chríost céasta, iad tiomanta dóibh sin a bhí lag agus leochaileach, agus daoine eile dá leithéid. Is fiú machnamh a dhéanamh ar cad a chiallaíonn sé Críost céasta a leanúint. Tá sé curtha soiléir go leor ag Íosa féin i gcéad réamhinsint a pháise i soiscéal seo Mharcais (Marcas 8:34-38): “Ghlaoigh sé (Íosa) chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé eo: ‘Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. Óir cibe arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; agus cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa agus ar an soiscéal, saorfaidh sé é. Óir cá fearrde duine an domhan go léir a ghnóthú agus a anam féin a ligean ar ceal? Óir cad a d’fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? Óir cibé ar náir leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is náir le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in eineacht leis na haingil naofa’”.

            Is seirbhíseach an Eaglais le muinin diaga. Ar a slí le Críost go dtí a pháis agus Cailbhire, tá creidmhigh deimhin de go leanann an t-aiséirí ar sin, gur ardaigh Dia Criost agus gur thug sé dó ainm uasal an Tiarna, go gcromfaidh gach neach dá bhfuil ar neamh agus ar talamh dó. Ní mór don Eaglais caithréim seo Chriost a fhógairt.

            Seirbhís na hEaglaise agus cosaint an tSoiscéil. Rinne Íosa soiléir tríd an Dáréag do riarachán na hEaglaise a bhí le teacht, gur choir don riarachán sin a bheith umhal, mar sheirbhísigh seachas a bheith ag lorg onóra nó gradaim. An Dáréag céanna, agus a gcomharbaí, seoladh amach iad leis an Dea-Scéal a fhógairt, agus mar a bheadh gá leis é a chosaint go hionraic agus míniú cuí a thabhairt air. Tá seo thar a bheith soiléir i gcás Phóil aspal, a dúirt leis na Galataigh dá mbeadh duine ar bith, nó fiú aingeal ó neamh, ag fógairt dea-scéil a bhí bunoscionn leis an dea-scéal a fhógair sé féin, nár choir glacadh leis.

 

Fulaingt fhoighdeach Chríost mar eiseamláir do Chríostaithe.Tá sampla luath de sin againn cheana i 1 Peadar 2:21-24: “Oir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg…”. Tá teagasc saibhir ag Pól faoi áit fhulaingt, bhás agus aiseirí Chríost ina a bheatha phearsanta féin agus i mbeatha na gcreidmheach. Fuair sé féin flúirse de pheannaidí Chríost agus flúirse de sholáis ó Chríost chomh maith (2 Corantaigh 1:2-7). Chabhraigh seo leis peannaidí agus fulaingt daoine eile a thuiscint chomh maith. Tá an prionsabal céanna de fheidhmiú ghrásta Dé le brath i muintir na hÉireann nuair a dhéanann cuimhne a ngorta mhóir féin agus ar fhulaing siad ann, nuair a dhéanann sin iad teacht i gcabhair ar thiortha a bhfuil gorta ann, seachas ligean dóibh féin dul ar bhóthar smaointe an díoltais.

 

 

© Cumann na Sagart 2017