Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 30 Lúnasa 2015 | Cumann na Sagart

30 Lúnasa 2015 (B) An Dara Domhnach Fichead Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Cad a tharla don aisling Chríostaí? An Eaglais i saol an phobail.

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad Léacht  (Deotranaimí 4:1-2, 6-8). Ná cuirigí aon bhreis lena n-ordaím daoibh; coimeádaigí aitheanta an Tiarna. I Leabhar Deotranaimí tagann an léacht seo ag deireadh na chéad choda (Deotranaimí caibidil 1-4) de thrí aitheasc a dhéanann Maois do phobal Iosrael sul a raibh siad le dul isteach go Tír Tairngire tar éis bheith ag fánaíocht san fhásach. Beidh siad ansin  i  measc pobal pagánacha agus ní mór dóibh bheith ullamh go maith dó sin trí bheith feasach  de na pribhiléidí atá acu mar phobal atá roghnaithe faoi leith ag Dia, Dia a raibh caidreamh acu leis agus Dlí agus treoracha don bheatha uaidh. Bheadh comhtháthú eatorthu féin uathu, le nach ndéanfaí iad a athshamhlú ag an pobal pagánach sin. Bheadh tuiscint acu gur cine faoi leith iad le misean do dhaoine eile  ar an fhiúntas a bhí  i gcreideamh san aon fhíor-Dhia amháin, Dia Iosrael, bheadh sin acu trí chreideamh daingean agus chleachtadh ag teacht leis na dlíthe don slí bheatha a tugadh dóibh. Bhí eagna dhiaga sna dlíthe sin agus sa tslí bheatha sin, eagna a bheadh ag dul i bhfeidhm orthu siúd taobh amuigh de chlann Iosrael. Na dlíthe sin, agus slí bheatha sin Iosrael, ba chumasc iad de aitheanta Dé a mhairfeadh do gach tráth (mar shampla na cinn ar a dtugaimid na Deich nAitheanta) agus dlíthe agus nósanna eile a raibh bunadh éagsúil leo ach a chothaigh táthú phobal Iosrael ina dtráth féin, agus mar “mharcóirí” ag déanamh soiléir gurbh éagsúil Iosrael ó chiníocha eile. D’fheidhmigh siad sin go maith d’Iosrael thar na céadta bliain, agus fiú sa domhan pagánach i dtréimhse an Tiomna Nua, agus roimhe sin, bhí meas ar shionagóigí agus ar phobal na nGiúdach de bharr an aondiachais shoiléir agus an iompair mhorálta a bhi acu de ghnáth. Ach bhí an cathú ann i gcodanna áirithe den Ghiúdachas (i measc na bhFairisíneach mar shampla) an prionsabal gan aon bhreis a chur le Dlí Mhaois dul ró-fhada agus dlíthe agus nósanna nua a chumadh faoi scáth bheith ag cosaint an Dlí sin. Roinnt mhaith de na “marcóirí” sin a raibh mar aidhm acu féiniúlacht an chine Ghiúdaigh a chosaint agus iad a dheighilt ó náisiúin eile, ní raibh siad inghlactha ag an luath-Eaglais Chríostaí nuair a thuigeadh gur chuir bás Chríost deireadh le deighilt idir chiníocha. Bhí slánú ar fáil do gach duine trí chreideamh i gCríost, gan deighilt ann a thuilleadh idir Ghiúdach agus Gintlí.

 

Salm le Freagra (Salm 14[15]). A Thiarna, cé a dhéanfaidh cónaí i do phoball?

 

Dara Léacht (Séamas 1:17-18, 21-22, 27). Caithfidh sibh an briathar a chur i ngníomh. I rith na seacht nDomhnaí a ghabh tharainn bhí sleachta áille againn as an Litir chuig na hEifisigh. Inniu, sa dara léacht, cuirimid tús le cúig léacht, i rith na gcúig Domhnach seo romhainn, ó litir eile, Litir Shéamais. Is í an chéad litir é seo  de sheacht litreacha den Tiomna Nua ar a dtugtar Na Litreacha Caitliceacha, caitliceach sa chiall go meastar gur díríodh iad dtí an Eaglais uilíoch, chomhchoitianta, seachas go eaglais aonair, nó go daoine aonair, mar is cás do litreacha Phóil. Tá Litir Sheamais caitliceach sa chiall sin. Tosaíonn sí go simplí, ag lua ainm na scribhneora agus na bhfaighteoirí, iad siúd ar diríodh chucu í: “Séamas seirbhíseach Dé agus anTiarna Íosa Críost chuig an dá threibh dhéag atá ar dheoraíocht”. Ní fios go beacht cé hé an Séamas i gceist.  Measann daoine áirithe gurbh é Séamas bráthair an Tiarna é, ceannaire na hEaglaise óige in Iarúsailéim a cuireadh chun báis sa bhliain 62 A.D. Ach tá togha na Gréigise sa litir, agus gaol aici le scríbhinn níos déanaí sa chéad céanna. Agus tugann sin ar a lán scoláiri a mheas gur scríobhadh é go déanach in aois tosaigh na Críostaíochta. Is dócha gurbh iad  “dhá threibh dhéag na deoraíochta”  Críostaithe Giúdacha taobh amuigh den Phailistín (Tír Iosrael), ar fud impireacht na Róimhe, go mór mór sna tíortha maguaird, an tSiria, an Áis (i dTuirc an lae inniu), an Éigipt. Ach d’fhéadfadh sé bheith gur teideal “an dá threibh déag” don Eaglais Chríostaí i gcoitinne, an Iosrael Nua.

            Murab ionann agus an Litir chuig na hEifisigh, ní shaothraíonn Séamas téamaí ar feadh  i bhfad. Tá sé faoi thionchar thraidisiún Eabraise na heagna agus theagasc Íosa, go háirithe mar atá sin le fail sa tSeanmóir ar an Sliabh. Ar uairibh deireann sé a bhfuil le rá aige í ráitis ghearra (ar uairibh dúthomhais, deacair le tuiscint), agus fiú le híomhánna neamhghnáthacha. Bheadh ar chumas a chéad-léitheoirí iad a thuiscint, nó na nodanna, leathfocail, a líonadh isteach ón dteagasc Críostaí bhí acu, teagasc a ghlacann Séamas leis a bheith ar eolas acu. I léacht an lae inniu tosaíonn sé lena rá go dtagann gach rud fónta sa bheatha Chríostaí ó Dhia atá maith agus foirfe, Athair na soilse. Thug  Dia na Críostaithe ar an saol, ghin sé iad mar a chlann, “trí bhriathar na firinne”, tríd an tSoiscéal, le go mbeidis mar chéadtoradh dá chruthaigh sé le fianaise a thabhairt dó – comhartha ar an ngrá mór atá aige dóibh.

            Leanann Séamas ar aghaidh faoi bhriathar Dé atá curtha mar shíol i gCríostaithe, briathar atá in ann a n-anam a shlanú. Mar sin, tá cumhacht sa bhriathar seo. Is féidir an méid a deir sé a chur i gcomparáid lena deir Pól ag scríobh chuig na Teasalónaigh (1 Teas 2:13) nach briathar daonna atá sa Soiscéal, ach dáiríre briathar Dé atá gníomhach, ag feidhmiú, i gcreidmhigh. D’fhéadfaimis labhairt air mar bhronntanas an Spioraid Naoimh istigh sna creidmhigh á spreagadh chun gnímh.  Tagann an chumhacht inmheánach seo, an briathar  “in-churtha”, chun beatha trí bheatha fhírinneach Chríostaí.  Ní mór éisteacht leis an mbriathar seo agus feidhmiú dá réir.

            Ag deireadh na léachta seo tá sainmhíniú álainn ar éirim na Críostaíochta in aois ar bith: grá an chomharsa, go háirithe iad sin in am an ghátair (dilleachtaí agus baintreacha) agus grá Dé le seirbhís dó amháin, gan ligean do nósanna saolta creidmhigh a thruailliú.

 

An Soiscéal (Marcas 7:1-8, 14-15, 21-23). Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine. Ba chuid tábhachtach de shaol na nGiúdach i laethanta Íosa na Fairisínigh agus ar feadh chéad bhliain go leith roimhe sin. Ba ghrúpa de thuataí iad a bhí tugtha ar aithris a dhéanamh ar na sagairt sa Teampall. Bhí iomrá orthu de bharr cleachtaí faoi leith a bhí acu amhail níochán deasghnáthach (seachas sláinteach), mar ní lámh, corcán agus soithí práis agus mar sin de. Bíodh nárbh líonmhar iad (thart ar cheithre mhíle) bhí tionchar an-mhór acu ar an bpobal go coitianta. Saineolaithe ar Dhlí Mhaois ab ea na scríobhaithe ach bheadh báidh ag a lán díobh le tuairmí agus modh beatha na bhFairisíneach. Ba chóir tabhairt faoi deara faoi mar a théann Íosa go croílár na ceiste: glaine chroí, reiligiún inmheánach seachas rudái seachtracha gan tábhacht amhail níochán. Sa dara cuid den léacht, ina labhraíonn Íosa leis “an pobal” i gcoitinne, seachas na Fairisínigh, scríobhaithe nó na haspail, míníonn Íosa rudaí níos soiléire: glaineacht agus glaine chroí. Tógtar an croí mar fhoinse den ghníomhaíocht dhaonna.

 

B.  An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Cad a tharla don aisling Chríostaí? An Eaglais i saol an phobail.

 

 Anois is arís cloistear ráitis ó phoiliteoirí, ó iriseoirí agus i litreacha chuig páipeirí nár choir go mbeadh áit ar bith ag an Eaglais i saol an phobail, amhail is go mba baol í an Eaglais do riarachán cúrsai pobail.  I measc lucht acadúil is féidir frith-chléireachas áirithe a bhrath, nó fiú meon frith-Chríostaí, le mian agus iarracht diagacht Chríostaí agus ministrí creidimh a choinneáil amach ón saol acadúil. Tá feachtas agus treallús chuige seo ag dul ar aghaidh le fada anois. Tá an meon taobh thiar curtha in iúl mar seo leanas ag an Dara Comhairle Vatacáineach ina Bunreacht Tréadach ar an Eaglais i saol an lae inniu (7 Nollaig 1965): “Deallraíonn sé go bhfuil faitíos ann inniu go bhfuil baol ann do fhéinriar na pearsan daonna, do fhéinriar  eagras agus eolaíochtaí ó bhaint dhlúth idir ghníomhaíocht dhaonna agus reiligiún”.

            Nuair a bhíonn dearcadh coitianta dá leithéid ann, is glaoch é do chreidmhigh machnamh a dhéanamh ar na saincheisteanna atá faoi chaibideal agus iad féin a chur ar an eolas faoi na bunphrionsabail a bhaineann le hábhar. Ba choir gur glaoch é leis an aisling, an fhís, Chríostaí faoin bheatha a athmhúscailt agus iarracht a dhéanamh fís sin na Críostaíochta agus na hEaglaise a choimeád beo agus gníomhach sa dioscúrsa poiblí.

            Mar bhunchloch don chreideamh agus don chleachtadh Críostaí tá an dá aithne, grá Dé agus grá an chomharsa. Mar a dúirt Íosa, ar an dá aithne sin tá an Dlí go hiomlán agus na Fáithe ag brath. Ní féidir iad a scaradh óna chéile. Nó mar a chuireann Litir Shéamais  i dara léacht an lae inniu é: “Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus na baintreachta in am a ngátair agus sinn féin a choimeád saor ó thruailliú”.  I rith a staire, agus go mór mór inár dtír féin, bhí an Eaglais gafa i gcúrsaí soisialta agus i seirbhísí soisialta, i gcúram na lag agus iad siúd ar an imeall, san oideachas, sna healaíona, sa litriocht agus sna heolaíochtaí. Is iad creidmhigh, an eaglais, a thug dúinn an saol mar atá sé againn inniu, bíodh go bhfuil a lán ann ar mhaith leo dearmad a dhéanamh de sin. Luachanna soisialta an lae inniu, amhail cúram na lag agus iad siúd faoi mhíchumas, athmhuintearas seachas díoltas,  agus mórán luachanna eile, is cuid den oidhreacht shaibhir Chríostaí iad.

Glaonn an oidhreacht Chriostaí seo orainn go léir aithne a chur uirthi, eolas a chur ar a tábhacht agus bheith réidh lena cosaint.    

© Cumann na Sagart 2017