Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 16 Lúnasa 2015 | Cumann na Sagart

16 Lúnasa 2015 (B) An Fichiú Domhnach Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Íosa Críost Arán na Beatha. Slánú. Monabhar. Comhartha a shéanfar. 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht  (Seanfhocail 9:1-6). Ithigí mo chuid aráin agus ólaigí an fíon atá ullamh agam. Glactar leis go coitianta go bhfuil aitheasc Íosa faoi féin mar arán na beatha le tuiscint i gcoinne chúlra thraidisiún an Bhíobla agus an traidisiúin Ghiúdaigh ar an manna. Tá roinnt scoláirí den tuairim go bhfuil traidisiún na heagna in Iosrael mar chúlra ar chuid dá bhfuil san aitheasc seo.  Sa traidisiún seo faoin Eagna, mar atá sé againn i léacht an lae inniu,  tá Bean Uasal dhiaga na hEagna pearsantaithe,  agus cuireann sí í féin i láthair mar neach a bhi taobh le Dia ag cruthú an domhain, agus atá sa domhan i gcónaí ag tabhairt cuireadh don chine daonna, go háirithe don aon óg  ar féidir a mhealladh chun a n-aimhleasa go héasca,  teacht chuici le teagasc a fháil (mar sin atá i Leabhar na Seanfhocal caibideal 8). I léacht an lae inniu (Seanfhocail caibideal 9) leanann an Eagna Phearsantaithe lei leis an gcuireadh, cuireadh do fhleá mhór. Tá a teach mór togtha aici le seacht gcolúin (a thug an teideal Béarla do leabhar clúiteach), agus b’fhéidir gur siombal iad do  dhomhan atá múnlaithe ag eagna, teampall cosmach na hEagna, nó b’fhéidir gurb é atá i gceist teach mór ina bhfuil spás do gach aoinne a thagann. Chuir Bean Uasal Eagna a bansheirbhísigh amach lena  teachtaireacht a thabhairt in ardghuth dóibh siúd a bhí i mbaol dul ar strae go morálta (na daoine simplí, lucht na díchéille), ag tabhairt cuireadh teacht chuig an fhleá a bhí ullamh aici dóibh, agus gan ligean dóibh féin bheith curtha amú ó ghuth mná eile, Bean na Díchéille, ach slí na baoise a thréigean agus siúil ar bhealach na tuisceana – is é sin le rá cloí le traidisiún eiticiúil a muintire.

 

Salm le Freagra (Salm 33[34]). Blaisigí agus féachaigí a fheabas atá an Tarna.

 

Dara Léacht (Eifisigh 5:15-20). Tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna. Tá a bhfuil sa léacht seo ag teacht go mór lena bhfuil sa sliocht as Leabhar na Seanfhocal a léadh mar chéad léacht inniu. I ngach aon aois ní mór don Eaglais comhairle a thabhairt dá baill gan ligean dóibh féin bheith asamhlaithe nó curtha ar strae ag timpeallacht ar bith neamh-Chríostai nó saolta, gan a bheith místuama ach san airdeall do gach baol a bheadh ann sa saol ina mhaireann siad. In aois tosaigh na Críostaíochta, nuair a scríobhadh an litir chuig na hEifisigh, agus lenár linn féin, tá an misean fáidhiúil ag lucht leanúna Chríost ní hamháin gan ligean dóibh féin bheith asamhlaithe ag domhan neamh-Chríostaí, ach an domhan sin a “shlánú”, trí theachtaireacht slánaithe Chríost a thabhairt chuige. Iarrtar orthu gan a bheith místuama, ach ciallmhar, agus a thuiscint cad is toil Dé ann dóibh. Maidir le bunphrionsabail an chreidimh agus na moráltachta de ghnáth tá sé éasca go leor a thuiscint cad is toil Dé ann. Ach ní hamhlaidh maidir lena lán cúrsaí eile. An tsli is fearr le toil De a aithint ná tri shaol umhail Críostaí a chaitheamh. Tugann Pól aspal a mhachnamh dúinn ar seo ag scríobh do na Rómhánaigh dó (Rómhánaigh 12:1-2): “A bhráithre agus agus shiúracha, táim ag iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé,  bhur gcorp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta. Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin tri anuachan aigne ar shlí go n-aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe”. In am amhrais ba chóir go mbeadh cabhair an Spioraid Naoimh ann, an Sólásaí, an tAbhcóide.

 

An Soiscéal (Eoin 6:51-58).  Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola. Briathra tosaigfh na léachta seo, “San am sin dúirt Íosa leis na sluaite” ní cuid de théacs an Bhíobla iad, ach curtha isteach sa liotúirge le tús cuí a chur leis an léacht. Briathra Íosa ag tús na léachta is athinsint iad ar chríoch Shoiscéal an Domhnaigh seo caite faoi Íosa mar arán na beatha, agus faoina fheoil a ithe, a fheoil a bhéarfar ar son bheatha an domhain. Glactar leis gurbh é an sliocht seo lena ráiteas dearfa ar an Eocairist buaicphointe na díospóireachta go léir agus leanann frithfhreagairtí as. Cuirtear tús le éirim léacht an lae inniu le ceistiúchán ag na Giúdaigh faoi conas ar féidir le hÍosa a fheoil a thabhairt le hithe. Ní thugann freagra Íosa aon mhaolú ar a dúirt sé ina theagasc. Cuireann sé béim ar a chuid cainte (Amen, Amen), ní hamháin faoina fheoil a ithe ach fós lena chuid fola a ól le go bheadh an bheatha ag duine. Dóibh siúd a itheann a fheoil agus a ólann a chuid fola is í an bheatha shíoraí an bheatha a thugann sé anseo ar talamh, agus aiséirí ó mhairbh ar an lá deireanach.  Téann Íosa ar aghaidh le cur i láthair réadúil a thabhairt faoin a fheoil a ithe agus a chuid fola a ól, bia go fíor a chuid feola agus deoch go fíor a chuid fola. Tugann an rannpháirtíocht Eocairisteach seo cónaí cómhalartach idir Íosa agus an té a ghlacann é, cónaíonn siad ann agus cónaionn sé iontu. Chomh maith leis sin nascann sé an creidmheach le hÍosa agus leis an Athair. Faoi mar a mhaireann Íosa tríd an Athair (nó: toisc an Athar), mar an gcéanna iad sin a itheann é is beo iad tríd (nó: toisc é). Níl sé soileir cé acu aistriú “tríd” nó “toisc” is grinne, ach is cuma faoi sin; nascann a gcomaoin le corp Chríost na rannpháirtithe le hÍosa agus leis an Athair sa bheatha shíoraí a thugann Íosa ar an talamh seo. Mar nóta deiridh san aitheasc, meabhraítear  gur éagsúil an t-arán seo ó neamh a thugann beatha shíoraí ón manna san fhásach, nach raibh ann ach fíor d’arán fírinneach na beatha.

Tá seans ann go raibh d’aidhm ag an teagasc láidir Eocairisteach seo creideamh chéadléitheoirí Shoiscéal seo Eoin san Eocairist a neartú. Bheadh sé mar bhonn ag an Eaglais níos déanaí agus í ag fógairt láithreacht Réalta Íosa san Eocairist, agus don dheabhóid a bhaineann leis an gcreideamh sin.

 

B. An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Íosa Críost Arán na Beatha. Slánú. Monabhar. Comhartha a shéanfar.

 

1.Bíodh go bhféadfadh sé bheith go bhfuil cúlra de thraidisiún an manna, traidisiún Eagna an Bhíobla agus traidisiún faoi Íosa, taobh thiar den aitheasc faoi Íosa mar arán na beatha, is deimhin nach ceapadóireacht ar na téamaí sin é. Is soiléir go gcuireann sé i  láthair gurbh é Íosa an tslí chun Dé. Dearbhaíonn sé go labhraíonn Dia, an tAthair, tríd leis an saol faoi mar a rinne sé ag baisteadh Íosa agus ag an Chlaochlú: “Is é seo mo Mhac Muirneach”. Labhraíonn sé faoi Íosa mar Shánaitheoir an chine dhaonna. An t-arán a thugann sé is é a fheoil féin é, agus sin ar son bheatha an domhain. Labhraíonn sé faoi fhíor-bheatha trí aontacht le Críost agus leis an Athair.

2. Tá cur síos san aitheasc ar mhonabhar, chanrán,  faoínar dhearbhaigh agus ar  mhaígh Íosa faoi féin. Na Giúdaigh i measc a lucht éisteachta agus mórán dá lucht leanúna Giúdacha, níorbh bhféidir leo glacadh lena dúirt sé, agus tharraing a lán dá dheisceabail siar agus níor shiuladar lena chois a thuilleadh. I measc rudaí eile ní raibh an méid a dúirt Íosa faoi shlánú ag réiteach lena dtuiscint féin air sin.

3.Tá monabhar, canrán agus diúltú glan den méid a deirtear  san aitheasc faoi Íosa mar Arán na Beatha le sonrú inár linn féin. Mar chuid de, mairimíd i ré ina bhfuil tóir ar shlánú i  measc aos eagna agus lucht intleachta ar shlánú  gan Chríost nó Dia. Mar shampla de seo i mír, gan ainm údair, sa suíomh idirlín Wikipedia, faoin dramadóir Éireannach clúiteach Tom Murphy, luaitear faoi go bhfuil i measc téamaí athfhillteacha ina dhrámaí tóir ar shlánú agus ar an dóchas i ndomhan atá, de réir dealraimh, tréigthe ag Dia agus lán den fhulaingt. Déantar an téama seo a chíoradh sa drama The Sanctuary Lamp, Lampa an tSanctóra (ar lasadh os comhair an Naomh-Shacraimint mar  íomhá de láithreacht Chriost). Déanann an dráma mór-théamaí an tslánaithe a chíoradh, grá, ciontacht, spioradáltacht, bheith ann, -- nó gan-a-bheith ann -- do Dhia. Cuireann sé i láthair iad siúd atá ag streachailt gan tada ag iarraidh brí éigin a fháil ina saol. Mar aon le mórán eile i saothar Murphy, deir an mhír seo i Wikipedia, pléann an dráma seo an cath i gcoinne nihileachais agus faigheann sé gné den slánú agus den dóchas i gcumas an chine dhaonna trócaire, atrua agus grá a thaispeáint agus spioradáltacht indibhidiúil a aimsiú. Mar sin, déantar den Lampa íomhá de sholas an anama dhaonna gan baint le dogma nó creideamh.

4. Thar na haoisenna, agus lenár linn féin, bhí agus tá i gcónaí gearáin, casaoidi agus monabhar ann maidir leis an tslí chun an teagasc Caitliceach faoi Láithreacaht Réalta Chríost sa Naomh-Shacraimint a chur in iúl. Nuair a shéan Berengarius as Tours (11ú céad) go raibh aon athrú sna gnéithe aráin agus fiona riachtanach lena mhíniú tháinig an téarma tras-substaintiú (athrú sna substaintí) isteach mar chuid den mhíniú. Rinneadh sin oifigiúil i gCeathrú Comhairle an Lataráin (1215) agus i gComhairle Trionta  (“téarma ceart agus cruinn”). Leiríodh an creideamh caitliceach sa Láithreacht Réalta trid na haoiseanna síos trí chleachtadh agus deabhóid (abhlainní coiscricthe á dtabhairt do na heasláin taobh amuigh den Aifreann; Cúltaisce Eocairisteach den Naomh-Shacraimint, agus i slíte eile). Níor choir dearmad a dhéanamh de gur rúndiamhair í Láithreacht seo Dé.

5. De bhrí gur rúndiamhair chomh domhain sin Íosa mar Arán na Beatha agus mar Shlánaitheoir an domhain, agus toisc gur gá an grásta le teacht chuig  Críost, ní mór urnaí don chreideamh seo in Íosa.

© Cumann na Sagart 2017