Machnamh ar léachtaí an Aifrinn 22 Márta 2015 | Cumann na Sagart

22 Márta 2015 (B) An Cúigiú Domhnach den Charghas

Freagra din Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC


  1. Léachtaí an Domhnaigh mar thweroir dn Bheatha Chríostaí


  1. An Bíobla in agallamh le ceisteana an lae.


An Chéad Léacht (Irimia 31:31-34).  Déanfaidh mé conradh nua leo agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó. Léacht seo an lae inniu is í fáistine iomráiteach faoin gconradh nua i leabhar Irimia í. Dúradh faoi gurb “ceann de na sleachta is doimhne agus is corraitheacha sa Bhíobla ar fad í”. Mar mhír theagaisc is buaicphointe í de mhachnamh thar thréimhse fhada taobh istigh de scoil le traidisiun dlí agus fáistine, scoil atá ceangailte le Leabhar Deotranaimí agus scríbhinni atá faoi thionchar ghrúpa scoláirí Giúdacha a thug dúinn an corpas áirithe seo. An droim láimhe a thug pobal Iosrael arís agus arís eile le teachtaireacht Dé a tháinig chucu tríd na fáithe, tharraing sé tubaiste orthu. Ach ón dtubaiste sin d’eascair gealltanas Dé faoi dhóchas agus ré gheal le teacht. An dlí a tugadh trí Mhaois ba rud seachtrach é; níor thug sé an chumhacht maireachtáil de réir na treoracha a bhí ann. I léacht an lae inniu tá cur síos inti ar chonradh nua, ach an babhta seo dli Dé scríofa istigh i gcroíthe phobal Dé a bheidh ann. Ré nua atá in aigne Dé, le athnuachaint maidir le eolas ar Dhia agus aithne air; beidh an t-eolas céanna air ag gach cuid den phobal, a fhios  air ón té is lú go dtí an té is mó. Ré í ina mbeidh maithiúnas ar a pheacaí faighte ag Iosrael, agus iad ar fad dearmadta ag Dia. Ní dócha go bhfuil aon cheist ann an conradh déanta cheana ag Dia le Maois a bheith curtha ar ceal.  Is pobal Dé fós é Iosrael, le dlí Dé, dlí  nach bhfuil curtha i láthair a bheith éagsúil ón dli tugtha trí Mhaois a bhí ar eolas ag an pobal cheana. Is fiú a mheabhrú gur cosúil an fháistine agus an fhís seo agus fáistiní agus físeanna eile fáidhiúla faoi ré le teacht; ní rud é a thagann de phreab, uaidh féin, le cumhacht Dé amháin. Níor fioraíodh é in Iosrael thar oíche.  Ba rud é an croí nua, an bheatha nua inmheánach seo, nárbh fholáir urnaí a chur suas chun Dé ar a shon, mar is léir ón Salm le Freagra álainn a léitear inniu (Salm 50[51[): “Cruthaigh ionam croí glan, a Dhia, agus athnuaigh ionam spiorad daingean”. Thug manaigh Ghiúdacha Qumran “an Conradh Nua” orthu féin, ach ní raibh sa chonradh seo agus ina sli bheatha ach conradh Mhaois le claonadh láidir ar chomhlíonadh an Dlí. Ag cur na hEocairiste ar bun dó agus ag  beannú na cailíse,  dúirt Íosa: “Is é an cupa seo an tiomna (nó: an conradh)  nua i m’fhuil” (Lúcas 22:20; 1 Coirintigh 11:25). Sa Litir chuig na hEabhraigh (8:8-12), an insint ón tSeantiomna is faide na Tiomna Nua,  tugtar téacs iomlán fháistine seo Irimia (sa leagan Gréigise de), ina leagtar béim gur comhlíonadh é i mbás agus aiséirí Íosa. Mar a deir Naomh Pól, scríobhtar an conradh nua seo i gcroíthe na bhfíréan agus déantar beo é trí chumacht an Spioraid Naoimh a dhéanann athrú chun leasa orainn. Ní foláir do na fíréin, dúinn uile, a bheith ag guí de shíor: “Cruthaigh ionam croi nua, croi ghlan, a Dhia”.



Salm le Freagra (Salm 50[51]). Cruthaigh croí glan dom, a Thiarna.


Dara Léacht (Eabhraigh 5:7-9). D’fhoghlaim sé umhlaíocht agus rinneadh de údar an tslánaithe shíoraí. An téacs álainn seo cuireann sé os ár gcomhair ceann de na rúndiamhra faoinar fhulaing Críost agus faoina umhlaíocht iomlan do thoil an Athar agus don bheart a bhí aige leis an domhan a shlánú. Tá na smaointe céanna le fail in áiteanna eile sa Tiomna Nua, mar shampla faoi urnaí Íosa i Geitséamainí agus sa sliocht as Soiscéal Naomh Eoin a léitear inniu san Aifreann. Mar a chuireann Marcas (14:35-36) é maidir le Geitséamainí:  “Chuaigh Íosa ar aghaidh tamall agus chaith sé é féin ar an talamh, agus ghuigh sé go ngabhfadh an uair thairis, dá mba fhéidir é, agus dúirt sé: ‘Abba,  a Athair, tá gach ní ar do chumas. Tóg an cupa seo uaim. Ach ná bíodh mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa’” (féach freisin Matha 26:39; Lúcás 22:42). Nó i soiscéal Eoin, sa téacs a léitear inniu: “Tá buaireamh ar m’anam anois. Cad a déarfaidh mé? ‘A Ahair, saor mé ón uair seo?’ Ach is chuige sin a tháinig mé chun na huaire seo. A Athair, tabhair glóir do d’ainm”.


An Soiscéal (Eoin 12:20-33). An gráinne arbhair a thit sa talamh, má fhaigheann sé bás, tugann sé toradh mór uaidh. Leis an léacht seo a thuiscint níos fearr, is cabhair é í a shuiomh ina chomhthéacs sa phlean atá i Soiscéal Eoin. Tá dhá mhór-roinn sa Soiscéal seo. Tugtar “Leabhar na gComharthaí” (caibidil 1-12) ar ar gcéad roinn, agus “Leabhar na Glóire” ar an dara ceann (caibidil 13-20). Ionann “comhartha” sa chomhthéacs seo agus miorúilt, ach mioruilt gur comhartha é do fhirinne níos airde. Ceann de shaintréithe an tSoiscéil seo ná “uair” Íosa, sin le rá an tráth beacht a bhí leagtha amach ag a Athair dó, an uair ina raibh Íosa le gabháíl trid an bhás (“ardaithe sa chrois” i bhfriotal an tSoiscéil seo), agus a aiseirí go glóir an Athar. Thosaigh “Leabhar na gComharthaí” i slí  le chead chomhartha Íosa ag Cana na Gailile. Cuirtear críoch leis an Leabhar seo le léacht an lae inniu. Is é is suíomh dó ná Iarúsailéim, ag tráth na Cásca nuair sa bhí  neamh-Giúdaigh áirithe (“Gréigigh”) sa cathair i gcomhair na féile, daoine a bhí fábharach do chreideamh na nGiúdach. Le linn a shaol bhí misean Íosa teoranta do phobal Iosrael. Ba mhian leis na Gréigih seo Íosa a fheiscint agus téann siad go beirt aspal (Pilib agus Aindrias) a bhfuil ainmneacha Gréigeacha acu, a thug a n-achainí go hÍosa. Thug Íosa freagra orthu, ach ag an gcéad amharc níl mórán baint ag a dúirt sé leis an achainí, mura bhfuil sin ag deireadh an téacs: “Má ardaítear mise (Íosa) ón talamh (sa chrois, san aiseirí, sa ghlóir), tarraingeoidh me gach duine chugam féin”  --- Gréigigh ina measc.  Baineann freagra Íosa go hiomlán lena “uair” a fheiceann sé a bheith tagaithe. Ionann “uair” Íosa agus an tráth ina dhéanfar é a ghlóiriú, trína bheith ardaithe ón talamh ar an gcrois. I slí, cosúil leis an grainne arbhair, faigheann sé bás ach éireoidh sé arís le toradh mór a thabhairt uaidh. Ionann a bhás agus bua ar na fórsaí go leir a bhíonn agus a bheidh ag feidhmiú í gcoinne a shaothair leis sn domhan a shlánú (“an domhan”, an diabhal, “prionsa an tsaoil seo”). Le bua seo na croise (“Má ardaítear mise ón talamh”) tarraingeoidh sé gach duine chuige méin,   Le  chreidimh is féidir le creidmhigh é a fheiscint mar shlánaitheoiir faoi ghlóir (“ardaithe”) ag deaslámh an Athar. Is bonn muiníne dá lucht leanúna é. Is leo sin, chomh maith, an bua a bhí ag Íosa. Mar a bhí i gcás Íosa, le toradh a thabhairt dóibh féin agus do dhaoine eile, ní mór dóibh bás a fháil dóibh féin  maidir le gach rud nach oireann do theachtaireacht Íosa.


B Machnamh agus an Bíobla in agallamh le ceisteana an lae. Cionradh nua agus croí nua


Machnamh. Ní gá gur ionann agallamh le ceisteanna an lae agus agallamh maidir le cúrsaí soisialta, cultúrtha agus poilitiochta nach mbaineanna le saol na hEaglaise. Ní mór don chéad agallamh le léachtaÍ an Domhnaigh a bheith leis na creidmhigh iad féin mar is leo sin atá Críost ag caint sna léachtaí seo, mar a mheabhraíonn an Chomhairle Vatacáin II linn (Bunreacht ar an Liotuirge Naofa, paragraph 7). Príomh-theachtaireacht léachtaí an lae inniu ná cuireadh an conradh nua a thabhairt chun cuimhne dúinn, conradh gur fís agus réaltacht é – fís don fháidh Irimia agus réaltacht trí Chríost agus an Spiorad Naomh. Mar a mheabhraíonn Pól dúinn, conradh atá scríofa inár groíthe é,  ní le dúch ach le spiorad an Dé bheo, agus nach ar thaibhléid chloiche a greanadh í ach ar thaibhléid an chroí dhaonna. Is maoir ar an gconradh nua Pol agus an eaglais, nach conradh litreach é ach conradh sa Spiorad (2 Coirintigh 3:3,6). Ní foláir freagra umhail a bheith ann don conradh seo le urnaí bhuan  do Dhia croí glan a chruthu ionainn.

Teachtaireacht eile do chreidmhigh san agallamh seo le léachtaí an lae inniu ná gur ionann bás Chriost ar an gcrois agus bua aige, a bhua in éadan gach fórsa a sheasann ina choinne ina shaothar slánaithe – an “saol” seo, cumhacht an diabhail agus aon chumhacht eile. Deireann Críost an méid seo le muinín a thabhairt dá lucht leanúna.Thug sé dóibh a bhua féin. Mar a dúirt sé lena dheisceabail: “Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol” (Eoin 16:33). Tá an teachtaireacht chéanna ann do chreidmhigh de ghlúin ar bith nuair a bhíonn siad faoi bhrú de bharr a gcreidimh. Tá Críost agus an Spiorad Naomh ina gcroíthe agus ina gcoinsiasa le neart a thabhairt dóibh. “Tá buaite agaibh,  mar gur treise an té atá ionabhse ná an té atá ar an saol” (1 Eoin 4:4), is é sin le rá níos treise ná aon fhórsa atá ag iarraidh iad a tharraingt ó Chríost agus ón Eaglais. Pas beag níos déanaí tugann an scríobhnóir céanna briathra spreagúla faoi bhua an chreidimh i gCríost ar gach namhaid (“an saol”): “Is í seo an chaithréim a sháraíonn an saol, ár gcreideamh” (1 Eoin 5:4).

An bua, an chaithréim seo, tugtha do chreidmhigh, ar a labhraíonn Críost, is intuigthe as go bhfuil na creidmhigh aontaithe le Críost, agus le Críost mar shampla ag fáil báis dá bpeacaí fein mar an gráinne arbhair.

Agallamh.  Má théimid ar aghaidh as seo go agallamh leis an “saol”, le saol agus sochaí ár linne féin, atá ar uairibh gan creideamh ar bith, is féidir linn comhairle Pheadair a leanúint (1 Peadar 3:15-16): “Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh,  ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost”.  Nuair a ghlacann creidmhigh le firinní  léachtaí Aifreann an lae inniu, mar bhaill den phobal lena mbaineann siad, tá siad gafa leis an bheatha shoisialta ag gach leibhéal, idir cultúrtha, poilitiochta agus eile.  Ach tugann siad tús áite i gcónaí don dílse do Chríost, ag tabhairt chun cuimhne briatrhra Chríost féin: “An té arb ansa leis athair nó mathair ná mé, nil se díongbhála dom” (Matha 10:37). Is fíor na briathra sin faoi thír dhúchais, pháirtí poilitíochta nó duine nó grúpa ar bith eile, amhail is nach bhféadfaí a rá: mo thír dhúchais,  nó mo pháirtí poilitíochta ar dtús agus an creideamh lena bhainim (más ionann sin ag dílse do Chríost) ina dhiaidh sin. Má deirtear a leithéid ní mór a rá ina choinne go bhfuil tús áite ag Críost agus ag an Eaglais, sa mhéid is  go seasann sí do theagasc Chriost.

Ní minic a bhíonn ar dhuine rogha mar sin a dhéanamh, ach ar uairibh cloistear mar nath ó ghrúpaí agus ó dhaoine aonair gur prionsabail ag Caitlicigh “Eaglais, nó mo chreideamh,  ar dtús anus ansin an pairtí poilitíochta, poilitíocht an phobail. Ní hé go bhfuil cur  i gcoinne nó coimhhlint bunúsach idir dílse chreidimh agus aire do chúrsaí an phobail. Is léir ón stair gur daoine le creideamh láidir agus le grá agus dílse don eaglais agus do Chríost a thug dúinn staid shocair an phobail mar atá sí anois againn.  Ní namhaid do dul chun cinn pobail creideamh Chriost, ach a mhalairt ar fad. Sochar don saol poiblí creidmhigh a chreideann i  bhfís an chonartha nua agus i  mbriathra Criost bás a f hail do laigí le toradh a thabhairt. Cothaíonn a leithéid muinín an phobail.

© Cumann na Sagart 2017