Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 26 Iúíl 2015 | Cumann na Sagart

26 Iúil 2015 (B) An Seachtú Domhnach Déag Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad Léacht (2 Ríthe 4:42-44). Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu. Insíonn an téacs gairid seo faoi mar ar thug an fáidh Elisea (comharba don fháidh Éilias) bia le hithe go míorúilteach do chéad fear as arán as fiche builín eorna agus arbhar úr i ndias, a rinneadh de na chéadthorthaí. Roghnaítear an léacht áirithe seo do liotúirge an Domhnaigh seo le dul leis an soiscéal in a dhéanann Íosa cúig bhuilín eorna a

iolrú le bia a thabhairt do thimpeall cúig mhíle duine. Ina shuíomh bunaidh sa tSeantiomna is cuid an léacht seo den mhír ar a dtugtar “Sraith Elisea” (2 Ríthe2:19-8:15). Bailiúchan de scéalta agus de sheanchas atá sa tsraith seo a chuireann síos ar an mbaint a bhí ag Elisea le cúrsaí politíochta (nach raibh i gcónaí thar moladh beirte) agus na míorúiltí a rinne sé. An tSraith seo Elisea, mar an ceann eile a bhain le Éilia (1 Rithe 17-19; 21; 2 Ríthe 1:1-2:18) is cosúil go rabhadar ag dul timpeall mar aonaid neamhspleácha sul ar chuir eagarthóirí isteach iad sna háiteanna ina bhfuil siad anois i Leabhair na Ríthe. Bhí Éilias agus Elisea gníomhach den chuid is mó de i Ríocht an Tuaiscirt (Iosrael), seachas Ríocht Dáivídeach an Deiscirt (Iúda). An logainm Bál-sealiseá a luaitear i dtús na léachta bhí sé thart ar dheich míle (sé déag ciliméadar) ón tSamáir, an phríomhchathair (lámh le Nablus an lae inniu).


Salm le Freagra (Salm 144[145]). Osclaíonn tú do lámh, a Thiarna, agus sásaíonn tú sinn.


Dara Léacht (Eifisigh 4:1-6). Aon chorp amháin, aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin ahus aon bhaisteadh amháin. An litir seo chuig na hEifisigh scríobhadh í ag Pól féin, nó ag duine éigin eile le spiorad an aspail sin go tréan istigh ann. Cuireann sé tús leis an litir ag meabhrú dá léitheoirí an dínit atá acu mar chreidmhigh i gCríost. Rinneadh rúndiamhra na ríochta a nochtadh dóibh. Is í éirim na rúndiamhaire seo ná scéim Dé gach rud a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost, gach a bhfuil ar neamh agus gach a bhfuil ar talamh. Trí bhás Chríost chuir Dia deireadh leis an deighilt idir Ghiúdach agus Gintlí, neamh-Ghiúdach, leis an cine daonna go léir a thabhairt le chéile sa chreideamh i gCríost agus san Eaglais. An litir seo chuig na hEifisigh a scríobhadh faoi ainm Phóil, seoladh í go dtí an Eaglais tráth nuair a bhain an deighilt idir Ghíudach agus neamh-Ghiúdach le ré a bhí thart, agus go raibh an Eaglais ag tabhairt aghaidh ar ré úr ina raibh aontacht sna buntréithe riachtanach, sa chreideamh agus i gcleachtadh an chreidimh. Bhí tuiscint anois ag an Eaglais ar an misean domhanda a bhí aici, gurbh í sacraimint uilechoiteann an tslánaithe agus rúndiamhair aontacht an chine dhaonna le Dia. Ach ní féidir gníomh slánaithe Chríost agus foilsiú mhór-rúndiamhair Dé a chur chun cinn ach le freagra lucht leanúna Chríost trí bheatha ag teacht leis an rúndiamhair sin. I sliocht an lae inniu baineann Pól feidhm as a ghairm agus a údarás mar aspal, agus as a bhfuil fulaingthe aige ar son Chríost, le impí ar a léitheoirí agus ar an Eaglais in gcoitinne maireachtáil dá réir sin, i dtosach báire ag áireamh na tréithe atá inmhianaithe, nó riachtanach bá chóra a rá, do phobal Críostaí leis an aontacht sa Spiorad, faoi cheangal na síochána, a bheith acu. Tá gach a bhfuil san Eaglais ag gairm chun na haontachta: níl ann ach aon Tiarna amháin, Íosa Críost, aon chreideamh amháin, aon bhaisteadh amháin. Ní suáilce diagachta an chreidimh atá i gceist anseo, ach dearbhú an chreidimh, mar a dhéantar sa bhaisteadh. Pas beag níos déanaí sa litir beidh trácht ar chorp Chríost a thógáil mar theach, go dtí go mbeimid go léir tagtha chun aontacht chreidimh agus gan a bheith dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann (4:13-14).

 

An Soiscéal (Eoin 6:1-15). Roinn Íosa oiread agus ab áil leo ar na daoine agus iad ina suí. I liotúirge Aifreann an Domhnaigh seo í bliain B, bliain Mharcais. Seachas eisceacht amháin, tá na léachtaí don Soiscéal tógtha as Soiscéal Mharcais. Léacht an Domhnaigh seo caite as Marcas (Marcas 6:30-34) d’inis sé faoi mar ar ghlac Íosa trua don slua mar go raibh siad mar a bheadh caoraigh gan aoire agus thosaigh sé ag múineadh mórán nithe dóibh. I soiscéal Mharcais, seo é an suíomh don chuntas faoi mhíorúilt Íosa ag iolrú an aráin (Marcas 6:35-44): míorúilt a rinneadh i gcríocha Giúdacha ar an dtaobh thiar den Iordáin. I soiscéal Mharcais beidh an dara cuntas ann faoi iolrú builíní (Marcas 8:1-10), ach i gcrích neamh-Ghíudach, Ghintlí, agus go luath ina dhiaidh sin i Soisceal Mharcais (8:14-21) tá sliocht craptha, le leideanna agus sliocht deacair le tuiscint do léitheoirí an lae inniu. Tá trácht sa sliocht seo ar míthuiscintí dheisceabal Íosa faoin gciall cheart a bhaint as an arán agus na builíní sna cuntais faoi iolrú an aráin agus na mbuilíní. Cáineann Íosa na deisceabail go géar faoin easpa tuisceana atá acu faoin arán agus na builíní. Is í seo an t-aon áit i Marcas ina mbaintear úsáid as an téarma “arán” taobh amuigh de Marcas 14:22, in ordú na hEocairiste, mar a deir Íosa gurbh é an t-arán a chorp. Nuair a luaitear arán agus builíní sa sliocht seo, seans gur tagairt d’aon ghnó atá ann don Eocairist, agus b’fhéidir go dtugann sé le fíos go raibh machnamh agus diospóireacht taobh istigh den eaglais inar cumadh Marcas agus cáineadh ann ar roinnt bhall den phobal sin nár thug suntas do bhríonna iomadúla mhíorúiltí iolrú an aráin agus gurb é Íosa Críost an fíor-arán a bhí le Giúdaigh agus Gintlithe a aontú in aon phobal amháin. D’fhéadfadh sé bheith gur fhéachadh ar an Eocairist i bpobal sin Mharcais go príomha mar cheiliúradh chumhacht agus láithreacht Dé seachas comóradh pháis, bhás agus aiséirí Íosa. Ar aon chuma taispeánann téacs seo Mharcais, de réir dealraimh, go raibh ciall agus brí na hEocairiste, an aráin, mar ábhar machnaimh ann go han-luath san Eaglais, machnamh a thugann Íosa cuireadh dúinn a dhéanamh.

 Baineann an méid seo le cuntais Shoiscéal Marcais faoi mhíorúilt iolrú an aráin. I liotúirge na bliana seo tugann an Eaglais cuireadh dúinn machnamh den dóigh chéanna a dhéanamh. In ionad téacs Mharcais den mhíorúilt, le cúig véarsa déag, san Aifreann don chúig Dhomhnach seo chugainn beidh malairt Shoiscéil againn, leis na léachtaí tógtha a Soiscéal Eoin (Eoin 6:1-71), le seachtó a haon véarsa. Tabharfaidh na léachtai sin cuntas ar an míorúilt féin agus aitheasc Íosa air féin mar arán na beatha. Tabharfaidh Íosa aird níos déanaí ar na cúiseanna a spreag an slua mór (na míorúiltí, “comharthaí”) é a leanúint.

Tá cuma réamhrá dó sin i léacht an lae inniu ina dtugtar an suíomh don aitheasc a bheidh ann sna léachtaí a leanann é. Níl sé soiléir cad is brí le “anonn thar farraige na Gailíle” (“an taobh thall den Mhuir”), go dtí an taobh thoir nó taobh thiar, mar ní luaitear an áit in a raibh Íosa roimhe sin. Togfaidh Íosa aird níos déanaí ar na cúiseanna a spreag an slua mór é a leanúint (na míorúiltí, “comharthai”, a bhí déanta aige). An tagairt don sliabh agus Íosa agus na deisceabail ina suí, tá siad sin ag teacht lena bhfuil in áiteanna eile sna soiscéil faoi Íosa ag teagasc. Ní de thaisme é go bhfuil an tagairt do “fhéile na nGiúdach” a bheith in achmaireacht ann, ná ní clár ama is cúis leis. Is cuid de phlean an tsoiscéil seo é go bhfuil Íosa le athmhiniú ar fhéilte agus laethanta beannaithe na nGiúdach a thabhairt: níos luaithe an tSabóid (5:1-18); anseo, an Cháisc, sa chéad mhí Ghiúdach; níos déanaí Féile na dTaibearnacal (Eoin 7:1-8:59) sa seachtú mí, ansin Féile na Toirbhearta (Eoin 10:22-42) sa naoú mí. Chomóir an Cháisc an t-imeacht ón Éigipt, an fhánaíocht san fhásach, an mana, brontannas an Dlí, iad sin go léir mar aon le cuimhne Mhaois, an ceannaire agus an reachtóir a thug dóibh an Dlí. Tá macallaí láidre den Suipéar Déanach agus de ordú na hEocairiste le mothú i gcuntas Eoin ar mhíorúilt iolrú na mbuilíní: tógaint na mbuilíní ina lámh ag Íosa, altú (gabháil buíochais), Íosa féin ag roinnt an bhia ar an tslua. (Sna cuntais sna Soiscéil eile is iad na deisceabail a dhéanann an roinnt.)

 

B.                        An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. An Eocairist: Cuimhneachán ilghnéitheach ar Íosa agus dá sheasann sé.

 

I gcuntas Phóil ar ordú na hEocariste, tar éis choisreacan an aráin agus an fhíona dúirt Íosa: “Is é seo mo chorp … Is é an cupa seo an nuachonradh i mo chuid fola. Déanaigí é seo mar chuimhne orm” (1 Corantaigh 11:23-25). De bharr na mbriathra seo, ar an gcéad dul síos, maidir leis an gcuimhne i gceist, ba, agus is, ar bhás, aiseirí agus deascabháil Íosa go deaslámh an Athar é. Cuimhníonn na fíréin air seo, agus i ngach Aifreann tar éis an choisreacain tugann an ceiliúraí chun cuimhne iad in urnaí go Dia an tAthair.

Ach mar sin féin tugann an Eocairist chun cuimhne gach ar sheasann beatha agus bás Íosa dó: na béilí a ghlac sé leo siúd ar an imeall, iolrú na mbuilíní chun bia a thabhairt do ocraigh, a chúram dóibh siúd a bhí caillte agus faoi míthreoir sa saol; a theachtaireacht agus teagasc a raibh mar aidhm acu brí agus treoir a thabhairt do shaol duine abhus; a chúram go maireadh daoine le chéile go síochánta agus go mbeadh acu a bhfuil riachtanach chuige sin.

Tá láithreacht Chríost lárnach don Eocairist, a láithreacht réalta. Cuireann Caitlicigh béim ar Láithreacht Réalta Íosa san Eocairist, i dtaisce sa taibearnacal. Ach tugann an Eocairist chun cuimhne go bhfuil Íosa i láthair go fíor i ngach cor den saol agus i ngach géarchéim, faoi mar a bhí sé leis na haspail, sa bhád i rith na stoirme, in iolrú na mbuilíní, agus in ócáidí eile.

Ionann an Eocairist, agus tugann sé chun cuimhne, gurbh é Íosa fíor-arán na beatha. Tháinig sé inár measc mar arán na beatha, chun beatha a thabhairt agus chun í a thabhairt go fial.

Baineann an Eocairist le beatha a chaitheamh mar phobal, i gcomaoin le Críost agus lena chéile – le téama na Comhdhála Eocairistí i mBaile Átha Cliath le deireanas a lua.

Croílár beatha phobal na hÉireann thar na blianta ab ea an tAifreann. Gurbh amhlaidh a bheidh sé amach romhainn, ag tabhairt deis dúinn machnamh a dhéanamh ar léachtaí an Domhnaigh, ina bhfuil Íosa i láthair ag labhairt linn faoi mar ar labhair sé fadó sa Ghailíl leis na sluaite a bhí mar chaoirigh gan aoire, ag múineadh mórán nithe dóibh.

© Cumann na Sagart 2017