Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 19 Iúil 2015 | Cumann na Sagart

19 Iúil 2015 (B) An Séú Domhnach Déag Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Aoirí i Soiscéalaíocht Nua

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad Léacht  (Iarimía 23:1-6). Cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada agus cuirfidh mé aoirí os a gcionn a beathóidh iad.

 

Díríodh an teachtaireacht seo ó Dhia tríd an fháidh Irimía ar a raibh fágtha, ar fhuílleach, de phobal Iosrael i ndeoraíocht na Baibealóine tar éis threascairt an Teampaill agus  stát Iúda. Leagtar an milleán faoin dtubaiste ar aoirí Iosrael. Ba iad sin na ríthe agus na prionsaí,  na haoirí a dhéantar tagairt dóibh sa sliocht seo. Bhíothas le pionós trom a ghearradh orthu ag Dia faoin dtubaiste seo a bhuail pobal Dé.  Déanann Dia soiléir go bhfuil a ghrá dá phobal cosúil le grá fíor-aoire dá chaoirigh atá scaipthe. De bharr a neamh-chúraim ar na caoirigh sin, tá Dia féin chun feidhmiú feasta mar aoire ar a phobal, leo siúd atá scaipthe a thabhairt  thar nais le fíorbheatha fholláin a chaitheamh.  Tá sé le aoirí a chur os a gcionn a bheathóidh iad. Ní thugtar aon sonraí faoi cé hiad na haoirí seo. Mar fhoirceann ar an sliocht tá gealltanas diaga faoi rí de shliocht Dháiví (“Beangán fíréanta do Dháiví”) le teacht, ní deirtear gan mhoill ach san am le teacht. Níos déanaí spreag gealltanais dá leithéid dóchas sna Giúdaigh faoi mhac dlisteanach le Dáiví le teacht, le suí ar a chathaoir ríoga. Fuair ríthe deiridh theaghach Dháiví  bás i ndeoraíocht na Baibealóine tar éis theascairt Iarúsailéim, an Teampaill agus stát Iúda sa bhliain 586 roimh Chríost. De réir dealraimh measadh go raibh Beangán sin Dháiví tagtha i bpearsa Zarabáibil de shliocht Dháiví, Gobharnóir Iúda tar éis na deoraíochta, thart ar 520 roimh Chríost. Ach seans go raibh amhras ag údaráis Impireacht na Peirse gur mar sin a bheadh, agus bhaineadh dá phost é. Ach lean an dóchas sin faoi theacht Bheangán Dháiví beo in Iosrael, agus glacann Críostaithe leis go bhfuil fíoradh na tairngreachta ann in Íosa Mac Dháiví.

 

Salm le Freagra (Salm 22[23]). Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orm.

 

Dara Léacht (Eifisigh 2:13-18). Is eisean ár gceann réitigh: is é a rinne aon bhuíon amháin den dá phobal. I dtús na litreach seo chuig na hEifisigh (a léadh an Domhnach seo caite) mheabhraigh Pól, Aspal mór na nGintlithe, nó deisceabal éigin leis, cad ba mhian le  Dia a dhéanamh trína Mhac Íosa. Nocht Dia dúinn rún a thola – an scéim a bhí leagtha amach aige ó thús lena chur i gcrích i gCríost nuair a bheadh an t-am cuí tagtha -- mar atá gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh  a thabhairt faoi cheannas Chríost. Ní smaoineanh cráifeach simplí atá anseo, agus tugann léacht an lae inniu roinnt de na himpleachtaí a eascraíonn as  an bprionsabal atá i gceist dúinn: gach rud ar talamh a  thabhairt le chéile i gCríost, faoi cheannas Chríost. Labhraíonn scríbhneoir na litreach mar Ghiúdach, ag tagairt dó féin agus dá phobal mar “sinne. uainne”,  “dúinne a bhí ina chóngar” do Dhia, agus ag tagairt dá léitheoirí,  Gintlithe, neamh-Ghiúdaigh den chuid is mó de, mar “sibhse” “a bhí i bhfad uaidh”. Chuir na Giúdaigh treise lena bhféinthuiscint, agus chosain siad iad féin i gcoinne chomhsamhlú ag na cultúir mháguaird, le rialacha deasghnáthacha agus le forálacha de Dhlí Mhaois agus cinn níos óige. Bhí a n-ionannas, a ndifríocht,  ó neamh-Ghiúdaigh le sonrú chomh maith sa Teampall ina raibh falla ag déanamh deighilt idir chlós na nGintlithe (ina fhéadfadh neamh-Ghiúdaigh teacht isteach)  agus an chuid eile den Teampall. Aon neamh-Ghiúdach a rachadh thar an falla seo isteach d’fhéadfaí é a chur chun báis  saor ó phionós. Chuir bás Íosa deireadh leis an deighilt seo. Bheadh pobal Dé le tuiscint feasta trí chreideamh i gCríost. Mar sin cruthódh Críost den dá phobal Giúdaigh agus Gintlithe cine daonna nua, aontaithe, “Duine Nua” mar a thugann Pól air, san eaglais, mar ar féidir  Dea-Scéal na síochana, agus an bheatha Chríostaí a mhaireachtáil le athmhuintearas idir neamh-Ghiúdaigh, Gintlithe, iad sin a bhí i bhfad ó Dhia agus na Giúdaigh, iad sin a bhí ina chóngar. Tá teacht acu araon, Giúdaigh agus neamh-Ghiúdaigh, ar an Athair faoi luí an aon Spioraid.

 

An Soiscéal (Marcas 6:30-34). Bhí siad mar a bheadh caoirigh gan aoire. Sa sliocht díreach roimh léacht an lae inniu thug Íosa údarás agus ordú dá dheisceabail an Dea-Scéal a fhógairt ina ainm. Bhi toradh fónta ar a misean agus i léacht an lae inniu tugann Íosa cuireadh dóibh a scíth a ligean. Chuigh siad go háit uaigneach ar leithrigh, ach leanann sluaite iad ag lorg cabhrach agus treorach ina mbeatha. Ghlac trua ag Íosa dóibh mar go raibh siad mar chaoirigh gan aoire. Dá bharr sin thosaigh sé ag múineadh mórán nithe dóibh. Níor bhain misean Íosa le leigheas na n-easlan amháin. Ba chuid de tabhairt ar dhaoine a ndínit mar dhaoine aonair a thuiscint agus treoir sa bheatha seo a bheith acu, agus eolas a bheith  acu ar an gcúram a bhí ag a nAthair ar neamh  ina leith. Is fiú aird a thabhairt ar an mbéim a chuireann Íosa ar an múineadh agus an seanmóireacht.

 

 

B.    An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae.  Aoirí i Soiscéalaíocht Nua

 

Tugann Soiscéal and lae inniu agus an chéad léacht deis dúinn machnamh  a dhéanamh ar roinnt fadhbanna a bhainesann le agallamh lenár ré féin agus an gá atá ann le cuir chuige nua i bhfógairt an tSoiscéil, soiscéalaíocht nua. Mar lárphointe don dá léacht tá íomhá an aoire agus a thréad, pé acu scaipthe nó á threorú chun féaraigh úr an tréad. De réir bhunbhrí na híomhá d’fhéadfadh nasc ceart a bheith idir an aoire agus na caoirigh. Cloiseann na caoirigh guith an aoire; aithníonn sé iad agus aithnionn siad eisean. Nuair atá ciall mheafarach na híomhá i gceist, agus daoine daonna faoi chaibideal, d’fhéadfadh cúrsaí a bheith níos casta. Sheasfadh íomhá an aoire do ghrá agus cúram Dé dá phobal dleathach i gcónaí. Ach, bíodh go bhfuil na “caoirigh “ caillte nó scaipthe ní leanann sé in aon chor go bhfuil spéis acu go ndéanfaí aoireacht orthu, go háirithe mura n-oireann teachtaireacht an “aoire” dá bhfuil uathu. Tharla sin i dtráth Íosa féin. Bhí a lucht leanúna aige lena bheo, ach ní raibh toradh ró-shontasach ag a theachtaireacht mar a cuireadh i láthair í sa luath-eaglais dóibh siúd a bheadh cosúil leo siúd a measadh beith mar chaoirigh caillte sa Ghailíl le linn mhisean Íosa.

Tá cursaí a bheag nó a mhór mar an gcéanna inár laethanta féin, níos mó agus níos práinní, b’fhéidir. Bíodh go bhfuil alán dár linne caillte, agus ag lorg treorach ina mbeatha, ní mhothaíonn siad tarraingt i leith teachtaireacht Chríost nó na hEaglaise. An chíor thuathail atá ann maidir leis an méid sin rúdaí, na  scannail áirithe taobh istigh den Eaglais san áireamh, chuir sin mearbhall fiú ar mhinistri creidimh chomh maith le creidmhigh dílis do chleachtadh a gcreidimh. Leagann roinnt daoine cuid mhaith den mhilleán ar cheannairí na hEaglaise. Gan dabht ar bith bhí, agus tá, laigí troma i roinnt de cheannairí na hEaglaise agus ní mór feabhas a chur ar riarachán na hEaglaise ag teacht leis na dúshlain nua atá ann. Ach níl sé éasca a chinnteadh go beacht cad is ceannaireacht Eaglaise chuí ann. Sa saol poilitíochta nuair a bhíonn fadhb dá leithéid ann is féidir le taoiseach nó ceannaire poilitíochta srian a chur le ball nó baill de pháirti atá ag sárú polasaí an pháirtí. I gcúrsaí eaglasta, agus an mearbhall atá ar alán faoi rudaí iomadúla, d’fhéadfadh sé gur botún a bheadh ann a mheas gur féidir le ceannairí na hEaglaise réiteach éasca a fháil ar na fadhbanna atá ag dó na geirbe ar dhaoine.

Rud nach foláir a dhéanamh inniu, agus ceist a thuigeann an Eaglais de ghnáth go maith, ná an staid ina bhfuil an Eaglais agus cúrsaí creidimh agus cleachtadh creidimh inniu a thuiscint agus a iniúchadh go maith – atmaisféar gníomhach frith-reiligiúin, agus dá bharr sin an gá atá le soiscéalaíocht nua. Bhí an tsoiscéalaíocht, fógairt an Dea-Scéil, lárnach do theachtaireacht Íosa: “Téimis as seo, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach” (Marcas 1:38). Agus chomh maith le sin  tá briathra Phóil againn: “Ní aon chúis mhaíte dom bheith ag fógairt an dea-scéil, mar is é mo dhualgas é, agus is domsa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt” (1 Corantaigh 9:16).

Ní mór don nua-shoiscéalaíocht seo feidhmiú ag leibhéil éagsúla, ón dtaobh teagaisc agus ón dtaobh tréadach, pastúireach, de, ag coimeád os comhair na súl na hagóidí agus na haragóintí i gcoinne chreideamh i nDia agus sa chreideamh Críostaí, agus mar aon leis ain an neamhshuim atá ag alán i gcleachtadh an chreidimh. Ní mór dí slíte a aimsiú le caidreamh a dhéanamh leo siúd ar choir teachtaireacht slánaithe Íosa a thabhairt chucu. Ní mór do gach aoinne a chreideann gur chóir teachtaireacht an Dea-Scéil a fhógairt inniu mar a rinneadh i laethanta Íosa, i laethanta Phóil agus na luath-eaglaise machnamh domhain a dhéanamh ar na fírinní sin.

© Cumann na Sagart 2017