Machnamh ar Léachtaí an Aifrinn, 3 Márta 2019

3 Márta 2019 (C) An tOchtú Domhnach Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Glaine chroí agus discréid sa chaint. Teachtaireacht do chreidmhigh, do pholaiteoirí agus eile.

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

An Chéad Léacht  (Síorach 27:4-7). Ná mol aon duine go beidh deireadh ráite aige. Is fearr aithne ar  Shíorach i dtraidisiún an Iarthair mar Ecclesiasticus. Ba scríobhaí é, múinteoir eagna. Ina shaothar féin (38:24-39:11) déanann sé codarsnacht idir ghairm an scríobhaí, a ghairm féin, agus ceirdeanna agus ealaíona eile. Tá eagna an scríobhaí ag brath ar shaoire ó obair; an té atá ar bheagán cúraim, éireoidh sé eagnaí. Déanfaidh sé taisteal sa choigríoch, agus déanann sé promhadh ar mhaith agus olc i measc daoine (38:24; 39:4). Bheadh iompar daoine i measc a chine féin tabhartha faoi deara ag Síorach agus machnamh déanta air, agus tá toradh an mhachnaimh sin tugtha aige dúinn ina leabhar.

            Cuireann an sliocht seo béim ar an gcaint mar léiriu ar phearsantacht duine. Sa véarsa tosaigh cuirtear an tá a labhraíonn i gcomórtas le criathar. Nuair an dhéantar an criathar a croitheadh fágtar, nó feictear, an dramhaíl ann, agus is mar sin a dhéantar lochtanna an duine a fheiceáil ina chuid cainte. Sa dara comparáid cuirtear an duine a labhraíonn i gcomórtas le sorn nó áith, in a dhéantar saothar potaire a thastáil, is mar sin a thriailtear duine trí bhíthin a chomhrá. Sa tríú comparáid déantar comórtas idir duine a labhraíonn agus crann in úllord. Tugtar breith ar chaighdeán an chrainn as an toradh a bhíonn uaidh. Mar an gcéanna leis an duine; taispeánann  a bhriathra claonta an chroí. An tátal a bheadh le togáil as na comparáidí seo, dar le Síorach, ná nach cóir duine a mholadh go dtí go bhfuil labhartha aige, de bhrí gur trí a chaint a thastáiltear é.

                        Níos luaithe (20:5-8) tá cur síos ag Síorach faoi bheith tostach nó ag caint: “Bíonn duine ann a fhanann ina thost agus faigheann sé cáil na heagna; bíonn duine eile béalscaoilteach, agus tugtar fuath dó. Fanann duine ina thost mar nach mbíonn freagra aige; fanann duine eile ina thost mar go mbíonn fios na faille aige. Fanfaidh an saoi ina thost nó go dtaga a uain; ach an bladhgaire baoth, ní aimsíonn sé an uain cheart. Beidh an ghráin ar an té a bhíonn róchainteach, agus tabharfar fuath don té a théann thar fóir le caint”.  Is féidir le Síorach fiú a rá (20:18): “Is fearr tuisle ar an tsráid ná tuaiplis ar an teanga; mar sin a thagann tubaiste sa mhullach ar dhroch‑dhaoine gan mhoill”.

Déantar an teacs áirithe seo a roghnú le dul le Soiscéal an lae inniu de bhrí go bhfuil tagairt intu araon ar chrann agus a thoradh.

 

Salm le Freagra (Salm 91[92]). Is maith an rud é thú a cheiliúradh, a Thiarna.

 

An Dara Léacht (1 Corantaigh 15:4-58).   Thug sé an bua dúinn trí  Íosa  Críost. Sa léacht seo cuireann Pól críoch lena bhfuil le rá aige faoi aiséirí na colainne le gáir faoin bhua ag deireadh an tsaoil. Ba mhinic do Phól sa chaibideal seo bheith ag caint faoin chorp somharfa ar talamh agus an corp domharfa tar eis an aiséirí, nuair atá an domharfacht curtha ar an gcorp mar éide. Sa sliocht seo baineann sé úsáid as dhá théacs ón Seantiomna ag cur síos dó ar an mbua deiridh ar na mbás. Ceann díobh ná Íseáia 25:8, as an cuid den Leabhar sin ar a dtugtar Apacailipsis Íseáia ina dhéantar ceiliúradh ar an gcóisir mheisiasach le teacht ina  cuirfidh Dia an bás ar ceal go deo. Tá an ceann eile ó Hóisé 213:14 ina deir Dia: “A bháis, cá bhfuil do chealg?”, ach nach bhfuil an aidhm chéanna ag an téasc ansin mar atá ag Pól, ach ag glaoch ar an mbás pearsantaithe teacht le pionós a ghearradh ar Iosrael mídhílis. Nar a dhéanann Pól in áiteanna eile,  tugann sé anseo míniú ar na téacsanna seo, sin le rá gurb é an peaca cealg an bháis; is é an peaca a thugann ann don bhás, faoi mar a rinne sé i gcás Ádhaimh, agus faigheann an bás a chumhacht ón Dlí seachtrach, taobh amuigh den duine, Dlí a thugann le fios cad is ceart agus mícheart ann gan cumhacht a thabhairt an mhaith a chur i gcrích. Is dearbhú an téacs den bhua deiridh trí Chríost, rud a ghlaonn orainn buíochas  a ghabháil le Dia.

            Ní rud teibí é seo go léir do Phól. Is bonn a bhfúil ráite aige do dhóchas, ag glaoch do bhuanseasmhacht sa chomhrac Críostaí agus a fhios ag creidmhigh nach saothar in aisce pé rud a dhéanann siad i gcomhar leis an Tiarna.

 

Soiscéal (Lúcás 6:39-45). Is as iomarca an chroí a labhraíonn an béal. Dá dtógfaí leis féin amháin é d’fhéadfadh céad ráiteas na léachta seo cur as dúinn, ceann ina bhfuil parabal nó comparáid idir bheirt dhall: “An feidir do dhall bheith ina ghiolla i gcionn daill? Nach dtitfidh siad araon sa díog?” Má thógtar sa chomhthéacs é,  is é is dóchaí is brí leis ná go bhfuil tagairt ann do mhúinteoirí Críostaí nach bhfuil oideachas ceart faighte acu ar a gcreideamh. Déanann an chéad abairt ina dhiaidh sin tagairt do mhuinteoirí, máistrí,   agus deisceabail. Nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige bíonn gach deisceabal mar a mháistir. Cuireann an téacs in iúl dúinn an tabhacht a bhain le teagasc an chreidimh do Lúcás, agus mar a thuigfeadh Lúcás é, do Chríost.

            Filleann an téacs ina dhiaidh sin ar ábhar a bhfuil béim leagtha air cheana féin ag Íosa, is é sin gan breith a thabhairt, go mór mór breith gan bheith feasach ar a laige ag an té a dhéanann an bhreith.

            Tá críoch leis an sliocht go léir le hábhar a bhfuil béim throm air sa tSeanmóir, agus go minic ag Íosa féin i Soiscéal Lúcáis, is e sin le rá tábhacht glaine an chrói, óir is as iomarca an chroí a labhraíonn an béal,         

An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Glaine chroí agus discréid sa chaint. Teachtaireacht do chreidmhigh, do pholaiteoirí agus eile.

Tá teachtaireacht i léachtaí an lae inniu do chreidmhigh agus do dhaoine eile sa saol poiblí.

Is do chreidmhigh, do dheisceabail Íosa ach go háirithe,  teachtaireacht na léachta ón Soiscéal, mar is dóibh siúd a chéad díríodh an tSeanmóir de réir Lúcáis. Leag Íosa béim thar an ghnáth ar an ghlaine chroí.  De réir Biáid amháin i Matha (Matha 5:8)  dúirt Íosa: “Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia”. Ní hamháin go bhfeicfidh siad é sa ré le teacht, ach beidh sé in gcónaí le feicéail, i láthair ar iomad slí.

            Chuir na Fairisínigh agus grupái eile de na Giúdaigh béim i nglaine sheachtrach,  níochán na lámha, an taobh amuigh de shoithigh agus mar sin de. Cháin Íosa go géar iad, agus mhínigh sé dá dheisceabail cén fáth sin (Marcas 7:20-23) “Dúirt sé: ‘An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamhghlan an duine. Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht. Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamhghlan an duine.’” Tá an bhéim chéanna le mothú tríd an Tiomna Nua go léir. Is solas an domhain iad lucht leanúna Chríost, agus lonraíonn an solas sin trí ghníomha ó chroí glan.

            Ach ní do chreidmhigh amháin teachtaireacht Shoiscéal agus chéad léacht an lae inniu. Labhraíonn siad do pholaiteoirí fís faoin gcine daonna agus a thodhchaí a bheith acu, agus bheith discréideach ina gcuid cainte, ag cothú muiníne agus aontachta seachas fuath, 

© Cumann na Sagart 2018