Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 4 Samhain 2018

 4 Samhain 2018 (B) An tAonú Domhnach Tríochad Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

 

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An creideamh, reiligiún, agus Spioradáltacht.

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (Deotranaimí 6:2-6). Éist, a Iosrael: Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán. Sa léacht seo tá an Séama, “Éist, Cluin, a Iosrael”, an cur i láthair is lárnaí de chreideamh Iosrael tríd na haoiseanna síos. I Leabhar Deotranaimí tagann sé seo tar éis an chuntais ar thabhairt na Deich nAitheanta do Iosrael ar an Sliabh (Horeb; Sinai), le Maois mar idirghabhálaí. Cuirtear Iosrael i láthair mar phobal réidh le seilbh a ghabháil ar a n-oidhreacht (tír Chanán), agus meabhraítear dóibh go mbraitheann dáiríre seilbh a ghlacadh ar an oidhreacht sin agus bheith úmhal do dhlíthe agus aitheanta Dé. Agus tar éis sin sa léacht seo tagann an glaoch (“Éist”) éisteacht le guth an Tiarna agus creideamh ann a admháil mar an t-aon Dia amháin, an t-aon Tiarna amháin. Ansin tagann an t-ordú Dia a ghrá óna chroí go hiomlán, óna anam go hiomlán, agus óna neart go hiomlán -- bíodh go bhféadfaí an focal Eabhraise a aistrítear mar “do neart” a aistrú mar “do mhaoin, d’acmhainn, do fhlúirse, do shealúchas”, agus gur tuigeadh mar sin é sa Phailistín in aimsir Íosa. An aithne grá a thabhairt do Dhia ní mór dó bheith ina phrionsabal spreagtha don chreidmheach, scríofa ina chroí istigh.

 

Salm le Freagra (Salm 17[18]0. Mo ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú.

 

Dara Léacht (Eabhraigh 7:23-28). Is sagartacht shíoraí atá ag Íosa de bhrí go bhfuil sé ann go deo. An léacht seo is páirt í dá bhfuil le rá ag údar na Litreach chuig na hEabhraigh ar Chríost mar an Fíor-Ardsagart. Chuir sé Críost i gcodarsnacht leis an Ardsagart Giúdach agus na híobairtí a ofráileadh eisean agus na sagairt eile. I gcóir an liotúirge Giúdaigh bhí comharbacht sagart agus Ardsagart ann ós rud é go bhfuair na sagairt sin bás. I gcodarsnacht dóibh sin fuair Críost bás uair amháin ar son cách agus tá sé anois mar Ardsagart ar dheaslámh Dé ag déanamh idirghuí ar a son siúd ar mhian leo teacht chun Dé tríd. Tugtar dúinn liosta na dtréithe ar chóir a bheith ag an Ardsagart idéalach, a bhfuilid uile thar cuimse ag Críost: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, scartha óna peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas, sagart nár ghá dó faoi mar ba ghá do na hArdsagairt Ghiúdacha eile úd, íobairt a ofráil go laethiúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail, faoi mar a bhí leagtha síos i dtéacsanna an tSeantiomna ar an sagartacht agus na híobairtí a bhíodh le hofráil, Ag deireadh an tsleachta meabhraítear Salm 109 (110):4, téacs atá lárnach do chur i láthair na litreach seo chuig na hEabhraigh ar shagartacht Chríost. An téacs atá i gceist ná gealltanas solúnta Dé, a thuigtear mar bhriathra dírithe ar Chíost: “Mhionnaigh an Tiarna agus ní bheidh aithreachas air: ‘Is sagart thú go brách de réir ord Mheilcizidic.’”

 

An Soiscéal (Marcas 12:28-34). Seo í an chéad aithne. Seo í an dara ceann. Ina chomhthéacs i Soiscéal Mharcais seo í a tríú ceist a chuirtear ar Íosa. An chéad dá cheann óna Fairisínigh agus na Héaródaigh, bhíodar naimhdeach -- maidir le cáin a íoc óna Fairisínigh, agus maidir leis an aiséirí óna Sadúcaigh. An ceann seo is ceist dáiríre í ó scríobhaí, an t-aon ócáid ina chuirtear scríobhaí i láthair i modh dearfach i Soiscéal Mharcais. An cheist a chuireann an scríobhaí, ceann í a bhí á plé ag scoláirí Giúdacha an tráth sin: Cén aithne is tábhachtaí de aitheanta uile an Dlí, an ceann ar a bhraitheann na cinn eile go léir? Tugann Íosa freagra ag lua an chéad aithne mar a fhaightear í in admháil chreidimh Iosrael: “Cluin, a Iosrael”, mar atá sí ar fáil i Leabhar Deotranaimí, sa chéad léacht inniu. Luann Íosa ansin an dara aithne faoi ghrá an chomharsa mar atá sí ar fáil i Leabhar Leviticus: “Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin”. Aontaíonn an scriobhaí le hÍosa, ag tabhairt freagra le admháil chreidimh sa aondiachas, monadiachas, Giúdach (nach bhfuil ach an tAon Dia amháin ann, Dia Iosrael), agus gur mó an dá aithne sin go mór ná na híobairtí dóite agus na hofrálacha go léir. Tá sin ag teacht le roinnt de theagasc an tSeantiomna (mar shampla i Leabhar Hóisé 6:6). Admhaíonn an scríobhaí creideamh i sainiúlacht, uthúlacht, Dé Iosrael, nach bhfuil Dia eile ann ach é, agus umhlaíocht dá thoil trí chomhlíonadh an dá aithne móra seo. Ba é freagra Íosa dó ná nach raibh sé fada ó ríocht Dé. Bhí aigne linbh aige. Mar a dúirt Íosa lena dheisceabail: “Deirim libh go fírineach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche” (Marcus 10:15).

 

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An creideamh, reiligiún, agus Spioradáltacht.

 

Le tamall anuas anois beidh tugtha faoi deara ag daoine go bhfuil sa dioscúrsa poiblí , sna meáin chumarsáide agus eile, codarsnacht á déanamh idir spiriodáltacht agus reiligiún nó creideamh de shaghas ar bith, agus sin le dímheas ar chreideamh nó reiligiún. Dearctar go minic ar chreideamh nó reiligiún mar shlí bheatha fhoirmeálta, dogmatach, rialaithe ó chumhacht ón dtaobh amuigh, os ár gcionn, seachas bheith oscailte, ó mhianta an duine aonair.

            Ní héasca a shainmhíniú cad go beacht a thuigtear leis an bhfocal spiriodáltacht, fiú acu san a bhaineann úsáid as an téarma. Athraíonn an bhrí a thugtar dó ó aois go haois agus ó dhuine amháin go duine eile.

            Sa bhrí neodrach nó dhearfach de is é a bheadh ann nó léiriú den spiorad daonna maidir le iliomad rudaí a mheastar bheith ag teacht le uaisleacht an nádúir dhaonna, sa smaointeoireacht, sna healaíona, sa litríocht agus i mórán slíte eile. Bheadh sin ag teacht go seoigh lenar mhol an tAspal Pól do na Filipigh; (Filipigh 4:8): “Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n‑aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta. Má chuireann sibh i bhfeidhm an teagasc a mhúin mé daoibh agus a ghlac sibh uaim agus na nithe a chuala sibh nó a chonaic sibh mé a dhéanamh, beidh Dia na síochána faraibh”. Cúpla véarsa roimhe sin (véarsaí 4-5), agus go minic sa litir, dúirt sé leo bheith lúcháireach: “Bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh. Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna”. Baineann sin go mór le creideamh i gCríost, agus sin ó Chríost féin i leith. Ach ní mór sin go léir a thógaint mar chuid den teagasc faoi  bhaol an pheaca inár slí chun Dé agus an saol eile. Chuir Pól na Filipigh san airdeall faoi sin sa litir chéanna seo (Filipigh 2:12): “Dá bhrí sin, a mhuintir na páirte, faoi mar a rinne sibh rud orm i gcónaí agus mé in bhur measc, déanaigí rud anois orm níos mó ná riamh agus mé i bhfad uaibh, agus saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla, mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus ghníomh ionaibh de réir a dhea‑thola féin”. Tháinig Íosa, an Sáraoire, chun go mbeadh an Bheatha ag an gcine daonna agus agus go mbeadh sí acu go fial (Eoin 10:10). Beidh ar chreidmhigh an léargus dearfach sin a mhaireachtáil taobh istigh de theagacs Chríost agus lár-theagasc morálta na hEaglaise. Is í sin an spioradáltacht Chríostaí.

            An spioradáltacht atá beag beann ar theagasc Chríost agus na hEaglaise measann sí go bhuil aon bhac on dtaobh amuigh den duine féin sriantach. Agus i slí tá an dá léargus ar an duine daonna, ar na duine agus a chorp, an léargus Críostaí agus an léargus comónta eile,  neamhréireach dá cheile.  Tá an cheist pléite i slí ag Pól Aspal  ag tabhairt freagra dó do na Corantaigh (1 Corantaigh 6:12-21),  cuid díobh a dúirt  “Tá gach ní ceadaithe dom”, ar fhreagair Pól dó: “Ach ní hé gach ní a théann chun sochair”. Cursaí collaíochta go mór mór a bhí i gceist, agus deir Pól aris: “Ní don drúis atá an corp ann ach don Tiarna”. Agus ansin tugann sé an prionsabal ginearálta: “Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é. Ní libh féin sibh mar gur daor a cheannaíodh sibh. Más sea, tugaigí  glóir do Dhia in bhur gcorp” (1 Corantaigh 6:19-20).  Is fada sin ó phrionsabal roinnt daoine inniu gur do leas an duine an corp, le pléisiúr a baint as mar is mian leo. Ach sin an saol ina mhairimid, pas beag mar a bhí sa Choraint in aimsir Phóil, agus ní mór dúinn rabhadh Phóil  a leanúint, le spioradáltacht dhearfach ach ár slánú a shaothrú faoi uamhan agus faoi eagla.

           

           

            

© Cumann na Sagart 2018