Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 14 Eanáir 2018 | Baile | Cumann na Sagart

14 Eanáir 2018 (B) Dara Domhnach Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

 

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae. Ábhar machnaimh i ngach léacht faoi leith

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

 

Réamhrá do na léachtaí. I liotúirge an Domhnaigh tá críoch anois le tréimhse na hAidbhinte agus na Nollag agus tús curtha le tréimhse saor na bliana. Áirítear Féile Bhaisteadh ár dTiarna (an Domhnach seo caite) mar an chéad Domhnach den tréimhse sin. Seo í an Dara Bliain den chúrsa thrí bliana, le Marcas mar shoiscéal an Domhnaigh. Ach ní léitear Marcas mar shoiscéal inniu. Tá iarracht de thréimhse na Nollag agus na hEipeafáine fós linn. Go traidisiúnta, agus fós, ceiliúrtar trí ghné de fhoilsiú Íosa i rúndiamhair ns hEipeafáine. San fhéile féin foilsíonn na saoithe é; ag an mBaisteadh foilsíonn an tAthair ó neamh á Mhac Íosa, agus ag Cana foilsíonn Íosa féin a ghlóir. Léadh sliocht sin de shoiscéal Eoin go traidisiúnta an Domhnach tar éis Fhéile Bhaisteadh Ár dTiarna, ach anois is sa tríú bliain den chúrsa amháin a léitear é. Ina áit déantar sliocht eile den soiscéal céanna a léamh, leis an téama céanna: sa sliocht inniu foilsionn Eoin Baiste Íosa sul ar thosaigh a mhisinéireacht phoiblí.

 

An Chéad Léacht (1 Samúéil 3:3-10, 19). Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht. Roghnaíodh an sliocht seo le dul leis an léacht ó Shoiscéal Eoin faoi fhoilsiú Íosa ag Eoin Baiste, agus oireann sé go hálainn di. Sa liotúirge inniu, agus sa dhá léacht, táimid i dtús ré, sa léacht seo  i  dtús ré san fháidheadóireacht agus sa soiscéal le saothar Íosa. Ba chuid de lucht coimhdeachta uaisle agus ríthe in Iosrael agus taobh amuigh de, fáithe, a measadh go raibh teagmháil acu leis an saol eile. Rud a dheighil amach iad ó na fáithe carasmatacha, canónacha, amhail Íseáia agus eile ná nach raibh briathar Dé acu, ní raibh Dia Iosrael ag labhairt lena phobal tríothu. Thosaigh sin i slí amháin le Samúéil. Ní raibh  fáidheadóireacht  ann go comónta roimhe sin. Mar a deirtear i véarsa direach roimh sliocht an lae inniu: “Is annamh a bhíodh briathar (focal) ón Tiarna na laethanta sin, agus ní fheictí físeanna go forleathan”. Mar sin nuair a ghaoigh an Tiarna faoi dhó ar Shamúéil níor aithin Samúéil cad a bhí i gceist. Mar a deir an téacs: “Ní raibh aithne ag Samúéil fós ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós”. Is mar sin a bhí ag an gasúr Samúéil, a chuir aithne phearsanta ar an Tiarna ansin. D’fhás Samúéil agus deir an teacs nár lig an Tiarna briathar dá chuid titim chun talún. Bhí tús i slí curtha le ré nua san fháidheadóireacht in Iosrael, faoi mar a thiocfaidh ré nua le hÍosa.

            Chun iompú ón gcomhthéascs seo liotúirgeach go dtí a chúlra sa Bhíobla – bhain Samúéil le tréimhse thábhachtach i stair a chine. Bhí a mháthair aimrid agus thug Dia freagra ar a hachainí le breith an mhic seo di. D’ofráil sí don Tiarna é sa bhoth, sa teampall, a bhí an tráth sin i Sileó, mar a bhfuil an eachtra seo suite. Lena ré, bhí Samúéil lárnach i stair a phobail. Bhí deireadh ré ag teacht lena linn. Bhí sé ina cheannaire, ina bhreitheamh mar a thugtar air sa Bhíobla don ré sin, nuair a bhí pobal Iosrael ag iarraidh iompú ó bhreithiúna, go dtí rí agus ríocht. Rinne Samúéil Sól a ungadh mar rí, agus ina dhiaidh sin Dáiví. Mar sin ba bhreitheamh agus fáidh é, le cumhacht ríthe a ungadh agus a chur den ríchathaoir.

 

Salm le Freagra (Salm 39[40]). Féach, táim ag teacht, a Thiarna, chun do thoil a dhéanamh.

 

An Dara Léacht (1 Corantaigh 6:13-15, 17-20). Is baill bheatha de Chríost bhur gcoirp. Litir thábhachtach agus thar a bheith spéisiúil í céad litir Phóil chuig na Corantaigh a thugann lear mór eolais dúinn faoin gcaidreamh idir an eaglais sin agus a nAspal. Léadh an chéad chuid di mar dhara léachtai an bhliain seo caite agus beifear ag léamh an dara cuid di ar feadh na cúig Dhomhnach seo romhainn. Bhí agallamh agus comhfhreagras idir an aspal Pol agus an eaglais seo a bhunaigh sé thart ar chuig nó sé de bhlianta roimhe sin. Sa mhír seo den litir tá ceisteanna tréadacha á bplé, maidir le fadhbanna a bhí ar eolas ag Pól fúthu, nó faoi cheisteanna a chuir baill na heaglaise sa Choraint air mar aspal – cás drúise san eaglais acu, dul chun dlí, cúrsaí gnéis agus tuisicint faoin saoirse maidir leis an gcorp daonna, pósadh nó aontumhacht, maighdeana agus baintreacha, ithe bia í dteampaill phaganacha.

Maidir le cúrsaí gnéis de, bhí teagasc agus cleachtadh an Ghiúdacais soiléir agus docht. Níorb amhlaidh don saol Gréigeach agus Rómhánach, agus bheadh ceisteanna le cur ag eaglais Choraint faoi seo. Bhí an baol ann go dtógfaidis prionsabal na saoirse Críostaí isteach sa cheist áirithe seo agus tá leideanna sa litir féin gur mar sin a bhí, le manaí mar “Tá gach ní ceadaithe dom” agus “Is don ghoile atá an bia ann agus is don bhia an goile”, amhail is nach raibh cosc ar bith ar chúrsaí gnéis. I léacht an lae inniu tugann Pól freagra nach mar sin don chorp agus don ghnéas, don drúis.  Tá corp an chreidmhigh naofa; tá an Spiorad Naomh ag lonnú ann. Is leis an Tiarna é. Is teampall Dé an corp daonna. Tugann Pól samplaí éagsúla le naofacht an choirp a léiriú. Peaca in aghaidh na naofachta sin an drúis, agus tugann Pól rabhadh láidir an drúis a sheachaint. Tá seasamh láidir á thógaint aige in éadan an chleachtaidh choitianta a bheadh aithne ag na Coraintigh air roimh glacadh le creideamh Chríost dóibh.

 

An Soiscéal (Eoin 1:35-42). Chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d’fhan siad fairis. Tugann an sliocht seo as soiscéal Eoin léargas eile dúinn ar ghlaoch na ndeisceabal tosaigh ag Íosa, nach ionann ar fad leis an cheann is eol dúinn ó na Sionaptaigh, sin ag Muir na Gailíle. Sa sliocht seo táimid le hais na Iordáine, agus, dé réir téacs an Bhíobla, an lá ar na mhárach tar eis bhaiste Íosa ag Eoin. Agus deirtear linn go raibh deisceabail Eoin Baiste ann, beirt acu arbh ainm do dhuine díobh Aindrias, deartháir Shiomón Peadar. Ní thugtar ainm an dheiscsabail eile dúinn. B’fhéidir gurb é an deisceabal arbh annsa le hÍosa é. Tugann Eoin Baiste Uan Dé ar Íosa, teideal ina bhfuil tagairt, b’fhéidir, don uan le tabhairt chun a bháis ag Íseáia agus uan na Cásca. Fágann an bheirt a máistir Eoin Baiste le Íosa a leanúint. Chuireadar an cheist ar Íosa: “Cá bhfuil tú id chónaí”, nó ag fanacht. Fuaireadar cuireadh ó Íosa teacht agus feiceáil. Tháinig siad agus chonaic siad, agus d’fhan siad leis an lá sin. Briathra simplí iad sin uile, ach lán de bhrí i dtuiscint an tsoiscéil seo Eoin. Ionann teacht chuig Íosa agus an creideamh. Agus beidh cuireadh ó Íosa níos déanaí teacht chuige agus fanúint ann, cónaí ann. Ocáid thábhachtach d’údar an tsoiscéil seo an eachtra seo, agus tugann sé an tráth beacht inar thárla sé: timpeall an deichiú huair, a cheathair a chlog tráthnóna.

            Leanann eachtra eile an ceann seo. Tógann Aindrias a dheartháir Siomón go hÍosa, á rá leis go bhfuil an Meisias (an focal Eabhrach, Aramaise; as Gréigis Christos, an tUngthach) faighte aige. Mar sin bhí Siomón (Peadar) ina dheisceabal ag Eoin Baiste sul ar lean sé Íosa. Deir Íosa go mbeidh malairt ainm air, sin Céafas, focal Airimise a chiallaíonn Carraig. Tabharfar an t-ainm sin arís ar Siomón bar Iona ag Céasaráia Philib, arís tar éis gur admhaigh Siomón gurbh é an Críost, an Meisias, Mac Dé Bheo, Íosa.

 

B.    An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ábhar machnaimh i ngach léacht faoi leith

 

 

1.   Amhras faoi Dhia i dtús ré nua, ach Dia ag labhairt. Deireadh ré agus tús ré nua a bhí ann in aimsir Samúéil. Ní raibh aithne ag an gasúr óg Saméúil ar Dhia, ar aon chuma sa tslí phearsanta a bheadh Dia ag labhairt leis níos déanaí. Sa ré nua seo againne tá alán gasúr agus eile nach bhfuil aithne acu ar Dhia, ar Chríost na ar a eaglais. Ach is dócha go mbíonn Dia ag labhairt leo ina gcroíthe istigh. Bíonn constaicí iomadúla ag teacht idir iad agus aithne ar Dhia, agus ní naimhdeas don chreideamh sin i gcónaí iad. Is deacair conas an dea-scéal a thabhairt dá leithéidí. Is ábhar machnaimh conas an t-agallamh a dhéanamh. Is féidir urnaí a chur suas chun Dé ar a son i gcónaí.

 

 

2.  Gairmeacha don sagartacht agus don bheatha rialta. Dia ag glaoch. Ba chuid de thraidisiún na hEaglaise Samúéil nuair a bhíodh ceist gairmeacha don sagartacht nó don bheatha rialta faoi caibideal, agus is mar sin fós. Thug Samúéil an sampla maidir le freagra: “Labhair a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht”. Le blianta anuas, in Éirinn agus sa sean-domhan, tá laghdú suntasach tagaithe ar líon na ngarmeacha don sagartacht agus don bheatha rialta. Dúirt Ár dTiarna féin lena dheisceabail go raibh an fómhar fairsing ach nach raibh ann ach meitheal bheag, agus gur choir guí ar Mháistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar. Ach is maith le Dia cabhair a fháil, agus maraon leis an urnaí d’fhéadfaí machnamh a dhéanamh faoi mar ar féidir gairmeacha a spreagadh don sagartacht agus bheatha rialta lenár linn féin. Is boichte an eaglais dá n-uireasa. Ag déanamh tagairt faoi leith do ghairmeacha don sagartacht agus beatha rialta, ni ionann sin agus ról lárnach na dtuataí san eaglais a shéanadh, ach is fiú aire agus aird a thabhairt don ghéarchéim atá ann maidir leis na gairmeacha eile a luadh.


3.    Is naofa an corp. Seachnaigí an drúis dá réir sin. Ní gá mórán a rá faoin dtéama seo anseo, atá mar ábhar machnaimh agus agallaimh ag an Eaglais leis an saol mór leis na céadta bliain, agus go mór mór inniu. Beidh a thuilleadh plé ann i mbliana nuair a bheidh  Cruinniú  Domhanda na  dTeaghlach agus an mhoráltacht a bhaineann leis ag teacht le chéile i mBaile Átha Cliath an Fómhar seo chugainn.

 

4.  Glaoch chun teacht agus cónaí in Íosa. Tugann an sliocht ón soiscéal inniu réamhbhlaiseadh dúinn ar bhéim a leagann Íosa i Shoiscéal Eoin ar a thábhachtaí is atá sé “fanúint” ann. D’iarr beirt dá chéad dheisceabail cá raibh cónaí air, cá raibh sé ag fanúint. Thug Íosa cuireadh dóibh teacht agus feiceáil. Tháinig siad agus d’fhanadar leis an lá sin. Níos deireannaí sa soiscéal seo déarfaidh Íosa lena dheisceabail: “Fanaigí ionamsa agus mise ionaibh”. “Fanaigi i mo ghrá. Má choiníonn sibh m’aitheanta fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m’Athar, agus fanaim ina ghrá”. Fanaimid aontaithe le Íosa leis an gcreideamh ann agus san Athair agus trí ghrá an chomharsa.

 

 

© Cumann na Sagart 2018