Machnamh ar Léachtaí an Aifrinn, 25 Feabhra 2018

25 Feabhra 2018 (B) An Dara Domhnach den Charghas


Freagra don Chreideamh leis an mBíobla


leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC


  1. A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí


  1. B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae. Athrú gné orainn i gCríost. Deimhnitheacht sa chreidimh



Samhain 3 2013 (C) Aonú Domhnach Tríochad Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC


A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí


B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae


B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae:A.  


Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí


An Chéad Léacht (Genesis 22::1-2, 9-132, 15-18). Íobairt Abráhám, ár n-athair sa chreideamh. An scéal atá againn i Genesis 22:1-19 féictear air mar cheann de na cuntais is dea-chumtha i Leabhar Genesis go hiomlán. Mar scéal tá sé curtha le chéile agus dea-chumtha thar an gnáth. Thug sé cuireadh machnamh a dhéanamh air, agus tugadh aire dó agus mínithe éagsúla air ó cheannairí creidimh mór le rá, ó scoláirí, ó lucht ealaíne, ó údar na Litreach chuig na hEabhraigh (Eabhraigh 11:17-19) síos go dtí ár laethanta féin. Ardáionn sé ceisteanna iomadúla, amhail conas a fhéadfadh Día íobairt dá leithéid a iarraidh nó a ordú, ní hamháin den chéadghin ach de siúd gur tríd a gheall Dia go ndéanfadh sé a ghealltanais a chomhlíonadh. Measann daoine áirithe gurbh é atá ann ná cáineadh ar an gcleachtadh an chéadghin a íobairt do Dhia nó do dhéithe bréige. Ach ní raibh a leithéid de chleachtadh in Iosrael, agus ní dócha go raibh sé seo in aigne údar an chuntais seo. Ach cibé faoi chúlra i bhfad siar den chuntas seo, faoi mar atá sé againn anois, ag a thús agus ag a dheireadh deirtear go soiléir go bhfuil Dia ag cur cathú ar Abrahám. Tá teannas sa chuntas da bharr seo, toisc nach bhfuil a fhios ag Abrahám gur cathú a bhí ann. Cuireann an téacs chun tosaigh umhlaíocht Abrahám agus beannacht Dé agus a ghealltanas a thagann ag deireadh an scéil. Is sampla é Abrahám den “néal mór sin finnéithe” a bhfuil cur sísm air sa Litir chuig na hEabhraigh (12:1). “Trí chreideamh d’ofráil Abrahám Íosác nuair a cuireadh triail air. Bhí sé ullamh a aonmhac a íobairt siúd is go bhfuair sé na gealltanais agus go ndúradh leis ‘Is trí Íosác a bheidh sliocht agat’. Óir chreid sé go bhféadfadh Dia Íosác a thógáil ó na mairbh. De bharr sin, tugadh thar nais dó é – eachtra a raibh brí shamhailteach leis” (Eabhraigh 12:18-19). Ag deireadh na heachtra cuireann Dia a bheannacht ar Abrahám. Beidh beannacht ar chiníocha an domhain tríd, toisc gur ghéill Abrahám do ghlór an Tiarna. Tugtar “Ceangailt Íosác” ar an eachtra seo ag na Giúdaigh toisc a deir Genesis 22:9 (véarsa nach bhfuil in léacht an lae inniu) gur chuir Abrahám ceangal ar a mhac agus leag ar an altóir é agus tá sé lárnach don traidisiún Giúdach. Féachann siad ar “Cheangailt Íosác” ag déanamh idirghuí ar a son i láthair Dé in am gach gátair. D’feicfeadh Dia ar íobairt Abrahám, Ceangailt Íosác, agus sabháilfeadh sé iad.

Salm le Freagra (Salm 115[116]). Siúlfaidh mé i bhfianaise an Tiarna i ndúiche na mbeo.


An Dara Léacht (Rómhánaigh 8:31-34). Níor lig Dia uaidh a Mhac féin. Dar le Eoin 3:16 dúirt Íosa le Nicodaemas: “Ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí age”. Tá na smaointe céanna ag Pól sa léacht álainn seo. Cúpla véarsa roimh na versaí áirithe seo scríobh Pól: “Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle” Is maith a bhí eolas ag Pól ar cora crua an tsaoil, agus ar dheacrachtaí na beatha Críostaí chomh maith. Bhí aithne mhaith aige orthu agus labhróidh sé fúthu pas beag níos déanaí -- trioblóid, cruatan, géarleanúint, gorta, nochtacht, guais, nó an claíomh féin. Bíonn an bua orthu sin go léir ag an dóchas Críostaí. Tá an dóchas Críostaí bunaithe ar réaltacht, rud atá ann, i ngrá Dé atá léirithe i mbás a Aonmhic féin ar ár son.




An Soiscéal (Marcas 9:2-10). Is é mo Mhac muirneach. Faoi mar a léitear an Soiscéal faoi chathú, thriail, Íosa san fhásach gach gach bliain ar an gcéad Domhnach den Charghas, léitear i gcónaí an Soiscéal faoi chlaochú Íosa ar an dara Domhnach. Tharla an eachtra seo tar éis do Pheadar a admháil ag Céasaráia Philib gurb é Íosa an Meisias, an Críost, agus gur mheabhraigh Íosa do na sluaite agus dá dheisceabail nárbh foláir do gach aoinne a chrois a iompair agus Íosa a leanúint le bheith mar dheisceabal aige. Ní thugtar aon ainm ar an “sliabh ard ar leithrigh”, ach má tá aon cheann faoi leith i gceist is Sliabh Hermon, atá congarach go leor do Céasaráia Philib, é seachas Tabor. Tá ciall rúndiamhrach le sliabh; is áit i gcongar do Dhia é. Tháinig claochlú ar Íosa ansin. Faoi mar a chuireann Marcas síos air, d’éirigh a chuid éadaigh dealrach, glégeal thar chuimse. Léiriú ar Íosa a bhí ann mar a bheadh sé tar éis aiséirí dó. Seasann Eilias do na fáithe agus Maois don Dlí. (De ghnáth is ina mhalairt d’ord a bhíonn siad.)  Na bothanna a luann Peadar, chuirfeadh siad Féile Ghiúdach na mBothanna, Féile na dTaibearnacal, i gcuimhne dó. Thosaigh an Fhéile Ghiúdach sin sé lá i ndiaidh Fhéile Lá Mór an Leorghnimh, agus seans go bhfuil baint aige sin leis an tagairt i Marcas gur tharla eachtra an chlaochlaithe tar éis sé lá. Ach b’fhéidir nach raibh ina aigne ag Peadar ach gur mhian leis, agus iad go léir, fanúint socair sásta sa staid sin. Ach de thoirt tá siad leo féin. Cuireann an scamall in iúl go bhfuil neamh agus an  tAthair i láthair dóibh. Anois, murab ionann agus an baisteadh, tá guth an Athar dírithe ar an triúr aspal. D’admhaigh Peadar gurbh é an Meisias é Íosa. Anois deir an tAthair gurbh é a Mhac muirneach dár thug sé gnaoi é, an té atá tofa ag an Athair labhairt ar a shon. Níor thuig Peadar ná an bheirt aspal eile cad go díreach a tharla san eachtra, nó cad ba chiall leis an méid a dúirt Íosa faoi éirí dó ó mhairbh. Ach thuigfidis níos déanaí. Beidh trácht ar sin thíos sa “Mhachnamh agus Agallamh”.





  1. B. An Chéad Léacht. 35:12-14, 16-19). Téann guí an duine uirísil suas trí na néalta.  Baineann leabhar Íosa Ben Síra (Ecclesiasticus)  le litríocht eagna an tSeantiomna. D’eascair luath-litríocht an traidisiúin seo as an taithí dhaonna ar an saol, gan tagairt don chonradh le Dia. Tá roinnt mhaith de seo i leabhar Ben Sira chomh maith, saoi a raibh scoil den léann seo aige in Iarúsailéim. Scríobh sé an leabhar seo thart ar an mbliain 180 roimh Chríost, ach nasc sé an conradh, an deabhóid agus Dlí Mhaois leis an eagna. Sa sliocht seo labhraíonn sé ón taithí dhaonna agus óna oidhreacht chreidimh. Tá an comhthéacs lena mbaineann an sliocht ag cur síos ar Dhia mar bhreitheamh cóir, ná dhéanann faillí ar an duine dearóil.  Baineann achainí an duine dheabhóidigh agus an duine uirísil na néalta amach agus  téann trí na néalta go Dia féin ar neamh. Leagann an sliocht béim ar an umhlaíocht agus an uirísle i láthair Dé, agus mar sin téann sé le Soiscéal an lae inniu. Mar aon le sin tugann sé le fios go seasann Dia ceart don duine macánta agus go dtugann sé freagra gan mhoill.


 Salm le Freagra (Salm 33[34]). Scread an t-ainniseoir is chuala an Tiarna é.


An Dara Léacht (2 Timóteas 4:6-8, 16-18). Tá craobh na fíréantachta réidh i mo chomhair feasta. Tiomna álainn Phóil atá anseo. Ní dócha gur ó pheann Phóil féin na Litreacha Tréadacha, ach ó ghlúin tar éis a bháis, a fhéachann siar ar shaol agus shaothar an aspail agus an oidhreacht a fhág sé ina dhiaidh. Cuirtear a fheartlaoi féin anois i mbeola Phóil. Deir sé le Timóteas go bhfuil a rás rite, a bhás geall le bheith buailte leis. Baineann sé úsaid as dhá íomhá chuige sin. An chéad cheann ná a bhás mar íobairt, íomhá ar bhain sé úsáid cheana aisti ag scriobh chuig na Filipigh dó (Filipigh 2:17), tráth, b’fhéidir a raibh sé i mbaol báis: “Fiu amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an iobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhúr gcreideamh, tá áthas orm faoi”. Amhail mar a dhoirtíodh mar dheoch ofrála de fhíon, de uisce nó d’ola ar íobairtí, mar sin a dhoirtfear fuil Phóil ar a íobairt mar mhairtíreach.  An dara íomhá atá aige faoina bhás ná imeacht: beidh sé ag scaoileadh seoil. Tugann sé dhá íomhá eile faoina bheatha: comhrac agus rás. Thuigfeadh Timóteas agus Críostaithe eile go maith an comhrac mór a throid sé ón chéad lá ar glaoigh Críost air ar an mbealach go dti an Damaisc le creideamh i gCriost agus an slánú trí chreideamh amháin a thabhairt do na pagánaigh, gan laincisí an Ghiúdacais. Tá a chuid litreacha chuig na hEaglaisí lán d’fhianaise air sin. Tá a rás rite anois agus an creideamh comeádta slán aige. Ag scríobh chuig na Coirintigh dó labhair Pól faoin chraobh dhímuan a bheadh le buachaint ag luathchleasaithe (1 Coirintigh 9:24-25) agus an chraobh thar barr a bheadh le baint amach ag lucht leanúna dílse Chríost. Anois bhí craobh na fíréantachta ag feithamh leis féin agus ag gach duine a bheadh ag tnúth le teacht Chríost. Sa dara mhir de léacht an lae inniu cuireann Pól síos ar faoi mar ar thréig gach aoinne é in am an ghátair ina chéad chúis chúirte. Ní fios dúinn na cúinsí a bhain leis sin; i ngéarleanúint faoin Impire Nerón sa Róimh, b’fhéidir. Ní fios dúinn ach an oiread cérb iad na pagánaigh a éist leis an Dea-Scéal ó Phól; iad sin a raibh baint acu lena bhraighdeanas b’fhéidir. Seo comhrac deiridh Phóil agus é ag feitheamh le bheith tógtha slán chun ríocht Dé ar neamh. Is iontach na briathra deiridh seo uaidh ina Thiomna, agus é ag fágaint a oidhreachta linn: “Moladh go deo le Dia. Amen”.

An Soiscéal (Lúcás heinnú18:9-14) Chuaigh an poibleacánach síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is an Fairistíneach. Ag tús an téacs deirtear linn go bhfuil an parabal seo dírithe ar dhaoine a bhí cinnte go rabhadar féin fíréanta, i gcaidreamh cóir le Dia, agus dímheas acu ar chách eile. Le ceacht a thabhairt faoi seo roghnaítear duine mar eiseamláir do gach grúpa díobh faoi leith – Fairistíneach agus poibleacánach, sin le rá bailitheoir cánach. Bhí iomrá ar na Fairistínigh mar ghrúpa a bhí tugtha do chomhlíonadh beacht dlíthe an Bhíobla agus a sain-dlíthe féin – ina slí féin daoine naofa. Bhí droch-theist ar na bailitheoirí cánach, de bhrí go ndeachadar thar an cháin a bhí dlite le airgead dóibh féin a bhailiú, agus fós go rabhadar fábharach do chánacha do impireacht na Róimhe. Ní hé go raibh Íosa naimhdeach do na Fairisínigh mar ghrúpa, ar a laghad de réir Lúcás. Bhíodh béilí aige leo. Sa pharabal seo seasann gach duine den bheirt sin don ghrúpa de réir an íomhá a bhí ann díobh. Bhí a leithéidí le fáil i bPailistín in aimsir Íosa, ach bhí a macasamhail le fáil i mórán creideamh i rith na staire, agus tá siad linn i gcónaí.  Mheas an Fairistíneach gur leor a ghníomhartha deabhóide (troscadh dhá uair sa tseachtain; deachúna a íoc) le bheith fíréanta i láthair Dé. Bhí sé ag cur in iúl do Dhia cé chomh maith agus a bhí sé. Ní raibh aon cheist faoi maithíunas a iarraidh. A mhalairt ar fad leis an bailitheoir cánach. Mheas an Fairistíneach go raibh caidreamh ceart le Dia gnóthaithe aige de bharr a “dhea”-oibreacha; go raibh firéantacht gnóthaithe aige dá  mbarr. Brontannas ó Dhia an fhíréantacht, a bronnadh ar an bhailiteoir cánach, a chuaigh abhaile fíréanaithe. An ceacht ón bparabal ná umhlaíocht agus uirísle i láthair Dé.



An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: ,“Ná bígí ardnósach ach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle”


Bhí Íosa an-dian ar an mbéalchraifeacht, ar dhaoine a bhí ag iarraidh aire a tharraingt orthu féin trí na cleachtaí creidimh traidisiúnta, amhail urnaí, troscadh agus déirc. Cháin sé chomh maith Fairistínigh agus scríobhaithe den traidisiún céanna de bharr a mbéime i ghlaine sheachtrach maidir le soithigh, agus ag déanamh neamaird ar ghlaine inmheánach. Rudaí a bhain le cúrsaí Giúdacha iad sin. Sa pharabal inniu, bíodh gur Giúdaigh atá i gceist, baineann tréithe an Fhairisinigh agus cás an bhailitheoir cánach le glúin ar bith tríd an stair agus lenár laethanta féin. Is dual don, agus dlite den, duine daonna bheith umhail agus uiríseal i láthair Dé agus a laige agus peacúileacht an nádúir dhaonna a aithint, chomh maith le uile-naofacht agus tuiscint Dé do chás gach aoinne, peacach agus eile. Is éasca do dhuine sa chomhluadar daonna beag is fiú a dhéanamh de dhuine nó de ghrúpa eile. Díríonn parabal an lae inniu ár n-aird ar sin. 


Ag scríobh chuig na Rómhánaigh cuireann Pól éirim an pharabail i mbeagán focal: “Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach deanaigi caidreamh leis na daoine ísle” (Rómhánaigh 12:16). Tá an teagasc céanna sin tugtha go han-mhinic ag Pól agus i scríbhinní an Tiomna Nua. Thógfadh sé tráchtas iomlán leis an fhianaise go léir a thabhairt; grá an chomharsa; leas an duine eile seachas do leas féin a chuardach. Lár-fhírinne den teagasc sin ná gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Sa mhéid seo tá teagasc an Tiomna Nua an-soisialach. Is fiú dúinn eolas níos fearr a chur ar an dteagasc saibhir sin.

 An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Athrú gné orainn i gCríost. Deimhnitheacht sa chreidimh

 

Ina cuid liotúirge ceiliúrann an Eaglais Féile Chlaochlú Chríost ar an 6 Lúnasa. Tá an rúndiamhair chéanna á comóradh inniu chomh maith, ach i gcomhthéacs thuras Íosa go hIarúsailéim, go Cailbhire agus an aiséirí maidin Chásca. I dtraisisiún déanach an Bhíobla  sa Seantiomna agus i gcuid de thraidisiún na nGiúdach bhíothas ag feitheamh le claochlú, athrú cló, chorp na bhfíréan sa saol le teacht agus tá an creideamh céanna sin le fáil sa Tiomna Nua, mar is léir ó litreacha Phóil (1 Corantaigh 15:40-44; 2 Corantaigh 3:18). Tá an claochlú, an bunathrú, sin ag gníomhú cheana féin ar talamh, áit ina bhfuil na fíréin ag dul i gcosúileacht an Chríost aiséirithe ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna (2 Corantaigh 3:18). Ba chóir do lucht leanúna Chríost gan patrún an tsaoil seo a leanúint ach malairt meoin a chur orthu féin trí athhnuachan aigne ar shlí go n-aithneodh siad cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taithneamhach agus foirfe (Rómhánaigh 12:2).

Ag chéad claochlú Íosa ar an Sliabh Naofa, ní dócha gur thuig Peadar ná an bheirt eile brí na heachtra sin. De réir dealraimh ní bhfuaireadar aon eispéireas inmheánach, fís nó léargas. Ni raibh a fhios ag Peadar cad ba mhaith dó a rá agus níor thuigeadar cad ba chiall lena a dúirt Íosa faoi éirí ó mhairbh. Ba shin roimh aiséirí Chríost agus é a theacht i láthair dóibh. A mhalairt ar fad an cás ag Pól ina theagmháil le Críost ar an mbóthar chun na Damaisce dó. Ag scríobh chuig na Corantaigh faoin eispéareas maidir le creideamh i gCríost, agus an misean a bhí ag na haspail gan iad féin a fhógairt ach Íosa Críost, scríobh Pól (2 Corantaigh 4:6) “An Dia a dúirt: ‘Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas’, is é an Dia céanna a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn”. Fuair Pól léargas ar ghlóir sin Dé foilsithe ar aghaidh an Tiarna Íosa an chéad uair sin ar bhuail Íosa leis. Thug sin cinnteacht chreidimh dó ar fhírinní éagsúla: glóir Chríost, aiséirithe agus Tiarna, ar dheaslámh an Athar; Criost mar chomhlíonadh na Scrioptúr, agus ghealltanas Dé dá phobal tofa. Is é Críost “Amen” Dé do na gealltanais go léir. Is ann a fuair na gealltanais uile a “Sea”, a “Amen” (2 Corantaigh 1:20-22). An teagmháil sin le Críost thug sí dó cinnteacht maidir lena mhisean féin agus mar aon leis an deimhneacht go dtugann Dia an chinnteacht agus an fhís chéanna chreidimh do na creidmhigh go léir.

Ní foláir ná gur tháinig Peadar níos déannaí ar léargas ar an mbrí a bhí le chéad chlaochlú sin Íosa. An t-údar a thug dúinn Dara Litir Naomh Peadar, meabhraíonn sé dá léitheorí faoi ainm Pheadair roimh bhás dó go bhfuil sé leis na rúndiamhra sin a thabhairt chun cuimhne dóibh. Scríobhann sé (2 Peadar 1:16-18): “Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile féin. Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia an tAthair nuair a seoladh a leithéid seo se ghuth anuas chuige ón Ghóir Mhaorga: ‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug me gnaoi’. Chualamar an guth sin a tháinig anuas óna flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa”. Tugann an eachtra seo muinín do na haspail agus don eaglais labhairt le misneach, agus a bheith  feasach den mhacántacht agus an trédhearcacht is gá sa mhisean atá acu.

Mar a bhí i gcás Phóil, radharc sin ghlóir Dé ar chuntanós an Tiarna Íosa, thug sé deimhne gur chomhlíon Íosa na Scrioptúir, na Fáithe agus an Dli, ar sheas Elías agus Maois dóibh ar an sliabh naofa sin. An téacs sin a thugamar as 2 Peadar leanann sé ar aghaidh mar seo (2 Peadar 1:19-21): “Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go gealfaidh an lá agus go n-éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí. Tuigigí an méid seo ar dtús nach dtagann aon fháistine den scrioptúr faoi chiallú an duine aonair. Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh”.

Tugann leachtaí an Domhnaigh seo agus radharc ar chlaochlú Íosa teachtaireacht duinn go léir agus gairm don ré ina bhfuilimid ag maireachtáil – bheith daignithe i gcreideamh Chríost. Ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh ar ár son (rúndiamhair a bhfuil réamhshamhail di in Abrahám agus Íosác), lena ghrá dúinn a léiriú agus an cúram atá aige do gach aon duine againn go pearsanta. Tá teachtaireacht bhuan ag rúndiamhair Chlaochlú Chríost dúinn chomh maith, go dtugann sí le fios dúinn ionad an Scrioptúir in ár saol. Tá an Scrioptúr go léir scríofa faoi inspioráid Dé. Déanann sé nasc idir an aimsir chaite agus an lá atá inniu ann, agus déanann machnamh air trí ghrásta Dé sinn a neartú sa chreideamh le aghaidh a thabhairt ar dheacrachtai ár linne féin.




© Cumann na Sagart 2018