Macnamh ar Léachtaí an Aifrinn, 18 Meán Fómhair 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

18 Meán  Fómhair 2016 (C) Cúigiú Domhnach Fichead Sa

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

 

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Urnaí, creideamh, baol as andúil san airgead

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

Céad Léacht (Amos 8:4-7). Ina n-aghaidh siúd a dhéanann ‘an bochtán a cheannach le hairgead’. Feirmeoir caorach a thug aire do chrainn torthaí chomh maith ab ea Amós i Ríocht Iúda nuair a ghlaoigh Dia air cúl a thabhairt dá thréada agus fáidheadóireacht a dhéanamh  i gcoinne Ríocht an Tuaiscirt (Iosrael) i sanctóir ríoga Betel. Ba i lár an ochtú haoise é seo, tráth ina raibh borradh thar an ghnáth tagaithe ar Ríocht Iosrael, agus í éirithe saibhir, ach ré inar tugadh drochíde don chosmhuintir, agus cos ar bolg orthu, bíodh go raibh searmannais liotúirgeacha saibhre ann, agus lucht an rachmais beag beann ar aitheanta Dé.  Bhíodh troid ar siúl chomh maith idir na tíortha beaga pagánacha máguaird agus coireanna uafásacha á gcleachtadh iontu. Cháin Amós na coireanna stáit sin go láidir in ainm Dé Iosrael, agus cháin go neamhbhalb céanna coireanna Iosrael. Agródh Dia orthu iad, rud a tharla luath go leor le treascairt an stáit, a phríomhchathrach agus a scrínte naofa sa bhliain 722-721. Tugann léacht an lae inniu léargus dúinn ar shaint lucht an rachmais agus a gcíocras chun brabús a dhéanamh, dá mba fhéidir féin gan stad ná staonadh  ó na laethanta (gealach nua, sin tús na míosa, agus an tsabóid) nuair nár ceadmhach an trachtáil de réir an dlí naofa. Bhíodar calaoiseach i gcúrsai gnó maidir le meáchain. praghasanna (secel, efa) agus na scálaí. Ba chuma ann nó as do na bochtáin, agus drochíde a thabhairt dóibh ar mhaithe le lucht an rachmais. Rinne an Tiarna mionn “dar uaillmhian Iácob”, sin le rá is dócha tríd féin, nó b’fhéidir trí shotal, dhíomas, Iosrael, nó fiú tríd an Talamh Naofa, agus ba é a mhionn ná go ndéanfadh sé ceart na mbochtán a chosaint. Ní dhearmadfadh sé an chos ar bolg a imríodh orthu. Tá macallaí bhriathra sin Amós le sonrú trid an stair síos.

 

Salm le Freagra (Salm 112[113]). Molaigí an Tiarna a ardaíonn an duine dealbh.

 

An Dara Léacht (1 Timóteas 2:1-8). Ba cheart go ndéanfaí urnaí ar son an uile dhuine chun Dé arb áil leis go slánófaí an uile dhuine. Leis an léacht seo a thuiscint níos fearr, is fiú aire a tabhairt don chúlra stairiúil inar cumadh an litir as air tógadh í. Scríobhadh na Litreacha Tréadacha, gur ceann díobh an litir seo, do eaglaisí taobh istigh den Impireacht Rómhánach a raibh eagar maith uirthi, agus Impire a measadh bheith ina dhia os a cionn. Níor mhór don eaglais aird athabhairt ar na cúinsí sin. San am céanna bhí uirthi bheith eolgasach ar a hoidhreacht fein agus an rúndiamhair as ar shíolraigh sí agus an misean a bhí aici, tús aici in Íosa Críost an t-aon idirghabhálaí amháin idir Dia agus an cine daonna, agus an misean aici dea-scéala an tSoiscéil a craobhscaoileadh do gach uile phobal. Bhí uirthi bheith dílis don oidhreacht sin agus di féin mar phobal Dé ach anois bheith feasach go raibh sí ag feidhmiú mar mhionlach beag taobh istigh de shochaí pholatiúil  leathan agus láidir. Tugann léacht an lae inniu treoracha ar na ceisteanna seo, ag cur béime anseo agus sna litreacha seo trid sios i bhfriotal atá uilíoch agus cuimsitheach. I dtosach báire, sa chéad áit, tagann urnaí, agus de shaghasanna eagsúla, ar son an uile dhuine, ach go háirithe ar a son siúd atá i gceannas, ina measc siúd an tImpire féin, go mbfhéidir gurb é Néaró an tráth sin é. Bhíodar le guí go ligfeadh na húdaráis shibhiálta do na creidmhigh a mbeatha Chríostaí a chaitheamh gan cúiseanna coiriúla a chur ina n-aghaidh. Cuireann an téacs béim ar alt bunúsach an chreidimh, gurbh é Íosa Críost an t-aon idirghabhálaí idir Dia agus ab cine daonna. Dúirt Íosa (Marcas 10:45; Matha 20:28) gur tháinig sé fein, Mac an Duine, lena anam a thabhairt mar cheannach (éiric) ar  mhórán. Ag teacht lena shain-léargus agus a stíl sna Litreacha Tréadacha seo, baineann an t-údar feidhm as friotal uilíoch: thug Críost é féin in éiric (mar cheannach) ar an uile dhuine. Thug Dia fianaise don rúndiamhair seo ina am tráth féin (“ina mhithidí féin”) in Íosa Críost. Finné ab ea Críost trína bhás don éiric, cheannach, do shlánú an uile dhuine, agus cheap Íosa Pól mar bholscaire agus mar aspal le fírinne an tsoiscéil a mhúineadh do na pagánaigh. Cuirtear clabhsúr leis an léacht mar ar thosaigh sí, ag iarraidh guí a dhéanamh go hómósach chun Dé, gan olc, gan aighneas.

 

An Soiscéal (Lúcás 16:1-13). Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead. Ar uairibh ba mhaith le duine nach mbeadh i liotúirge an Domhnaigh sna Soiscéil ach léachtaí a bheadh éasca le tuiscint. Sa leicseanáir atá againn faoi láthair tá roinnt léachtaí nach mór machnamh a dhéanamh orthu maraon le míniú le hiad a thuiscint. Ceann dá leithéid léacht an lae inniu. Dar le scolairí áirithe tá iomrá ar an bparabal tosaigh ann toisc a dhoiléireacht. Tá an léacht pas beag deacair toisc go bhfuil mar aguisín leis roinnt ráiteas Íosa nach bhfuilid go léir ar an dul céanna. Mar thús tá an parabal againn, a chríochnaíonn leis an ráiteas: “Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é”. Lárphointe sa pharabal ná mian an mhaoir mhímhacánta go mbeadh fáil isteach aige i dtíthe nuair a bheadh sé bhriste as a phost. Leis sin in a intinn aige laighdaíonn sé an méad a bhí dlite dá mháistir, ó chéad bairille ola go caoga; ó chéad ceathrú arbhair go h-ochtó. Molann an “máistir” é as a ghéarchúiseacht. Más é an máistir a bhí leis an maor a bhriseadh as a phost an máistir i gceist, is ait mar a rinne sé. Ach b’fhéidir gurb é Íosa an máistir i gceist. Ar aon dul síos nil Íosa ag maitheamh nó ag moladh ghnímh den leithéid seo a rinne na maor mímhacánta. Lárphointe sa pharabal, mar a dúradh ar ball beag, ná mian an mhaoir úsáid a bhaint as maoin an tsaoil seo le bheith istigh a bheith aige i dtíthe níos déanaí. Déanann Íosa tagairt dó seo, ag déanamh  comparáide idir ghéarchúiseacht daoine i gnóthaí saolta (“clann an tsaoil seo”) maidir le ré le teacht agus iad siúd le solas an chreidimh (“clann an tsolais”, “clannmhac an tsolais” mar a thug baill chomhthionóil Qumran orthu féin, i gomparáid le “clannmhac an dorchadais” ar a naimhde). Téann téacs na léachta ar aghaidh le ráitis Íosa a thabhairt dúinn faoi conas úsáid a bhaint as airgead (mamon), maoin shaolta, le tagairtí do phointi sa pharabal. Ba chóir úsáid a bhaint as airgead, a deirtear bheith mímhacánta, le cáirde  a bhaint amach sna “bothanna síoraí”, sin le rá saibhreas a bheith ag duine ar neamh trí dhéirc.  Ó mhímhacántacht an mhaoir sa pharabal leanann ráiteas faoi iontaofacht, agus rabhadh gur baol mór  do luachanna spioradálta easba iontaofachta maidir le airgead agus maoin shaolta. Cuirtear críoch le ráitis seo Íosa leis an cheann iomráiteach faoin dá mháistir: ní féidir seirbhís iomlán a thabhairt do Dhia agus d’airgead (mamon).

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Urnaí, creideamh, baol andúil san airgead

 

Machnamh. Urnaí agus creideamh. Tugann léachtaí an lae inniu deis iontach dúinn an machnamh agus agallamh le saol an lae inniu a nascadh le chéile. Staid na heaglaise  mar atá sí atá le feiscint ó na Litreacha Tréadacha, gur ceann díobh 1 Timóteas, ná go bhfuil an ghluaiseacht Chríostai imithe thar na heaglaisí faoi leith, amhail Coirint, Teasaloinicé, Filipi agus eile go heaglais fóirleathan ina bhfuil líon a ball méadaithe  agus gur eol do na  heaglaisí faoi leith gur baill iad de chomhluadar Críostaí domhanda. Ní mór dóibh machnamh a dhéanamh conas feidhmiú taobh istigh de shochaí shibhialta eagartha agus san am céanna bheith dílis do rúndiamhair bhunaidh agus do mhisean na heaglaise. An chéad rud ná gairm chun urnaí, urnaí an phobail go léir, ach urnaí nach bhfuil teoranta don eaglais amháin, ach don sochaí go léir; urnaí de shaghasana éagsúla, achainí, impí agus altú ar son an uile dhuine, gan olc, gan aighneas. Mar aon leis seo, nó mar fhoinse dó seo, téann creideamh díongbhálta in Íosa, ina bhás in éiric na bpeacaí, agus misean na heaglaise mar fhinné do gach cine faoin ghréin.

            Leagann an léacht ón soiscéal béim ar an mbaol atá ann ligint don airgead, nó do mhaoin shaolta, bheith mar mháistir orainn. Ón léacht seo is éasca agallamh a dhéanamh le saol an lae inniu. Is eol dúinn go ró-mhaith faoi mar ar mhill tóir an tsaibhris daoine aonair cáiliúla agus pobail iomlána. Is féidir le dearg-ábharachas éirí as, le meon atá beag beann ar luachanna spioradálta, nó fiú a shéanann ar fad iad. Dhírigh an Pápa ár n-aird ar seo agus mhol sé do shagairt agus grúpaí eile filleadh ar shimplíocht na Soiscéal.  Tá ceannairí poilitíochta ann, ar uairibh gan mórán spéise i gcúrsaí creidimh nó reiligiúin, a thugann rabhadh ar bhaol an ábharchais. Ar ndóigh, ar an dtaobh eile de, tá rachmasóirí agus milliúnaithe ann a thugann go fial do ghluaiseachtaí deonacha agus do dhaoine faoi mhíchaoi. Tá súil againn go dtabharfar aird ar bhriathra Íosa gan ligint do mamon¸don mhaoin shaolta, bheith mar mháistir orainn, ár dtarraingt chun sclábhaíochta.

© Cumann na Sagart 2017