Macnamh ar léachtaí an Aifrinn, 13 árta 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

13 Márta 2016 (C) An Cúigiú Domhnach den Charghas

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Tús le ré nua le trócaire Dé.

Réamhrá do na léachtaí. Fógraíonn Dia ré úr dá phobal i mbraighdeanas agus deir sé leo dearmad a dhéanamh de ré atá thart le aghaidh a thabhairt ar bheatha nua ghlórmhar ina dtír dhúchais. Mar an gcéanna le Pól, tar éis saol dícheallach misinéireachta, is mian leis an bóthar atá gafa aige a ligean i ndearmad agus luí amach ar an mbóthar atá roimhe faoi dhéin na sprice, bheith aontaithe le Críost ar neamh. Tá ré nua trócaire fógartha go ciúin ag Íosa ina chomhrá mar gheall ar an mbean a rugadh uirthi in adhaltranas.

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Íseáia 43:16-21). Féach an nuaíocht atá á cur i gcrích agam, agus déanfaidh mé tart mo phobail tofa a chosc. An léacht seó is cuid de aitheasc Dé trína fháidh an Dara hÍseáia í do phobal Iosrael, i mbraighdeanas na Baibealóine dóibh. Labhair an fáidh céanna go minic leo ar an ábhar céanna: bhí an Tiarna a nDia lena saoradh agus iad a thabhairt siar abhaile tríd an fhásach go dtí a dtír dhúchais. Tosaíonn an t-aitheasc fada gur chuid de an léacht seo leis briathra seo Dé: “Anois, seo mar a deir an Tiarna, do chruthaitheoir, a Iacóib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d’ainm, agus is liomsa thú. Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibheanacha, ní bháithfidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin, ná ní loiscfidh an lasair thú. Óir is mise an Tiarna do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d’fhuascailteoir”.

I slí amháin is imeacht, exodus, nua amhail an ceann ón Éigipt an fhuascailt nua seo, ach leagtar béim sna téacsanna seo nach bhfuil an turas ón Éigipt inchomórtais leis an turas nua siar seo. I dtús na léachta seo cuireann Dia síos i modh ginearálta ar an gcéad turas sin, a stiúraigh Dia féin – tríd an fharraige, thar an bhóchna láidir, ag seoladh na gcarbad agus na gcapall chun catha le hiad a mhúchadh sa mhuir mar a bheadh barrach dóite. Ach ba shin tús le hIosrael mar phobal, agus ní mor d’Iosrael dearmad a dhéanamh de anois, mar tá ré nua, nuaíocht, ag gobadh amach dóibh, le turas tríd an fhásach idir an Bheabalóin agus a dtír dhuchais agus na hiontais a ghabhann leis. Deir Dia go mbeidh pobal nua dealfa aige dó féin san Iosrael nua seo, pobal a dhéanfaidh a mholadh a aithrís.

Salm le Freagra (Salm 125[126]). Rinne an Tiarna na héachtaí dúinn! Bhí áthas orainn go deimhin.               

Dara Léacht (Filipigh 3:8-14). Le bheith cosúil leis ina bhás, airím gur caillteanas gach uile rud ar son Críost. Bhí Pól i ngéibheann, in Eifesas b’fhéidir, nuair a scríobh sé an litir chuig na Filipigh. I dtéacs na litreach roimh léacht an lae inniu tugann sé rabhadh don na Filipigh bheith san airdeall faoi dhaoine áirithe, go háirithe Giúdaigh a bhí ag iarraidh cur isteach orthu le nósanna Giúdacha de réir dealraimh, á maíomh gurbh iad féin pobal dílis Dé, ag maíomh as an gcolainn agus an timpeallghearradh. Tugann sin Pól le maíomh go bhfuil ar a chumas féin maoímh as an gcolainn chomh maith, ach ní dhéanann mar is faoi anáil an Spioraid, seachas le muinín sa cholainn, a adhrann seisean agus na Críostaithe Dia agus is as Íosa Críost atá a muinín. Ach tugann Pól a dhintiúir mar Ghíudach. I dtaca le fíréantacht chreidimh ó thaobh an Dlí Ghiúdaigh de bhí sé gan cháim. Ach leanannn sé air lena rá, díreach roimh léacht an lae inniu, go raibh na buntáistí sin a bhí aige áirithe anois gur caillteanas glan iad mar gheall ar Chríost.

Tháinig an t-athrú sin air lena choinne le Críost ar an mbóthar chun na Damaisce. I léacht an lae inniu tugann sé an bua thar barr air sin: aithne a chur ar Íosa Críost, a Thiarna – ní eolas faoi Chríost, ach aithne phearsanta air. Ní eispéaras don aon uair amháin a bhí sa teagmháil le Críost ach rud leanúnach, agus ag scríobh na litreach seo dó deir sé nach raibh uaidh an tráth sin ach aithne a chur ar Chríost agus ar éifeacht a aiséirí agus bheith páirteach le Criost ina phiolóidi agus cosúil leis ina bhás. Ba mhór an rud an coinne sin le Críost agus le grásta Dé, nuair a rug Críost “greim” air. Ach níor chuir glaoch sin Dé, nó an ghairm chun na naofachta, saorthoil Phóil ar ceal. Bhí air comhoibriú le grásta Dé ina thuras chun na foirfeachta. Leanann sé air, deir sé, leis an duais a bhreith leis mar go bhfuil beirthe air féin ag Críost. Ag machnamh ar a bheatha deir Pól nach raibh sé tagtha chun foirfeachta go fóill; ba í an sprioc ná glóir neimhe agus beatha le Críost sa saol eile. Ag machnamh dó ar dheireadh shaolré Phóilm a laoch agus a íocón, cuireann údar an Dara Litir chuig Tiomóid na briathra seo ar bheola Phóil: “Tá uair mo scarúna buailte liom. Tá an comhrach maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam. Tá craobh na fíréantachta in áirithe agam feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin” (2 Tiomóid 4:6-8). Sa litir seo chuig na Filipigh níl uair na scarúna buailte le Pól go fóill, ach is mian leis an bóthar atá gafa aige, bóthar fada misinéireachta, a ligean i ndearmad agus luí amach ar an mbóthar atá roimhe agus leanúint air faoi dhéin na sprice nó go mbeadh an duais bainte amach aige. Ach le linn a bheatha, tar éis dó bheith faoi dhlí na nGiúdach, ní hí a fhiréantacht féin atá anois aige, an fhíréantacht a ghabh le comhlíonadh an Dlí, dlí na nGiúdach, ach an fhiréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, a thagann ó Dhia agus atá bunaithe ar an gcreideamh.

 

An Soiscéal (Eoin 8:1-11). An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha lei. Is cuid de chanóin an Bhíobla an téasc seo, ach ní dóigh gur cuid dílis de Shoiscéal Eoin é. Níl sé ar fáil sna lámhscríbhinní is ársa den Soiscéal, nó i roinnt mhaith sean-aistriúchán. Ó thaobh stíle de tá sé níos cóngaraí do Shoiscéal Lúcáis ná do Eoin, agus i dtéacsanna áirithe is i Lúcás atá sé le fáil. Seans gur téacs neamhspleách a bhí ann i dtosach, a cuireadh isteach in áiteanna difriúla níos déanaí. Ach is cuma faoi sin; is cuid den Bhíobla, faoi inspioráid an Spioraid Naoimh, é, le teachtaireacht bhuan ó Íosa.

Maidir leis an dtéacs féin agus an tagairt do ordú Mhaois faoin adhaltranas, dar leis an Peintiteoch (= Maois; Léivitic 20:10; Deotranaimí 22:22-24) i gcás adhaltranais idir fhear pósta agus bean phósta, go bhfuil siad araon le cur chun báis, agus i gcás gur maighdean gheallta agus adhaltranas i gcathair atá i gceist tá an bheirt le cur chun báis le clocha. Ach is dócha go raibh breis curtha leis na dlíthe sin tríd na haoiseanna. Ní thugann Íosa freagra ar an gceist a chuireann na scríobhaithe agus Fairistínigh air. Ní fios go beacht an bhrí a thabhairt do Íosa ag scríobh ar an talamh (luaite faoi dhó, roimh briathra Íosa dóibh agus ina dhiaidh); tagairt b’fhéidir do Irimiá 17:13: “Iad sin a thréigeann thú, a Thiarna, beidh siad scríofa insan talamh”. Briathra Íosa “An té atá gan pheaca” b’fhéidir gur cuireadh iad do lucht dhaortha na mná machnamh a dhéanamh ar a saol pearsanta féin, ag teacht lena dúirt Íosa in ócáid eile faoi gan breith a thabhairt (Matha 7:1-12),  chríochnaíonn leis na briathra seo: “Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe”. Dúirt Íosa leis an bhean nach raibh sé chun í a dhaoradh, ach deireann lei gan peaca a dhéanamh arís. Glactar leis go bhfuil aithrí déanta aici, nó fiú gur mhaith Íosa dá peacaí í.

 

B.    Machnamh agus An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Tús le ré nua le trócaire Dé.

I gcursaí polaitíochta agus eaglasta is gnáthach le daoine a bheith ag súil le ré nua, agus tá ábhar machnaimh againn ar na cúrsaí sin léachtaí an lae inniu.

Is maith an rud fís do ré nua, agus a fhios a bheith againn gur geal le Dia sin a bheith amhlaidh. Bhí sé ag cur a leithéid de fhis os comhair a phobail féin go minic. Ní mór a mheabhrú chomh maith nach i gcónai, nó fiú nach minic, a fhíoraitear fis, mar baineann a tabhairt i gcrích le cúinsí staire agus comhoibriú daonna. Ba léir é sin ach go háirithe maidir leis na fáistiní a rinneadh do Iosrael agus a fhanann mar sin mar spreagadh do chreidmhigh agus eile aníos tríd an stair.

Teachtaireacht mhór eile ó shoiscéal an lae inniu na trócaire Dé, gur sampla álainn di seasamh Íosa maidir leis an bhean a rugadh uirthi in adhaltranas agus a bhriathra ar an ábhar. Leagann an Eaglais féin béim faoi leith ar thrócaire Dé lenár linn féin agus a riachtanaí is ata an teachtaireacht seo do shaol ár linne fein, sa saol polatiúil agus eaglasta.

Tá an Seantiomna agus an Tiomna Nua lomlán de thagairtí do thrócaire Dé, agus leis an fhianaise a mheas mar is cóir ní dochar scagadh a dhéanamh ar an scéal.

Is Dia Dia, Dia an trócaire agus an Neach Naofa, agus tá tagairt do thrócaire Dé go minic ceangailte le foighne Dé agus glaoch chun aithrí ón bpeaca i gcomhtéacsanna ina bhfuil Dia ag labhairt lena phobal féin nó le ball de.

I dtéacsanna eile labhraíonn Dia, nó labhartar faoi Dhia, mar an tAthair ar Neamh a bhfuil grá aige do chách agus a gcúram orthu. Is mar sin a labhraíonn Íosa faoi ghrá do naimhde (Matha 5:43-48): “Chuala sibh go ndúradh: ‘Bíodh grá agat do do chomharsa agus fuath agat do da namhaid’. Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do do naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí; sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhíchóir. Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe”. Tá grá ag an Athair ar neamh do mhuintir uile dhomhan an lae inniu, pé acu a chreideann siad ann, nó ar chuma leo ann nó as dó, nó a shéanann é bheith ann agus ar ghráin leo fiú tagairt dá ainm. Tá sé tábhachtach don chine daonn a bheith trócaireach dá chéile, do imircigh, dóibh siúd faoi leatrom nó fiú faoi mhíchumas. Is deas gur mar sin atá do chuid mhaith de dhaonra eagraithe an domhain, ach is beag trócaire atá i gcodanna eile de idir chogaí agus eile.

Ach tá guth Dé agus Íosa ag gríosadh an domhan le fís do ré níos fearr.

           

Is féidir na leachtaí seo leanas as Bliain A a úsáid mar mhalairt léachtaí

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Ezicéal 37:12-14). Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus mairfidh sibh. Fís an fháidh do phobal Iosrael i ndeoraíocht na Baibealóine sa séú céad roimh Chríost atá againn anseo. Bhí na deoraithe á rá: “Tá ár gcnámha seargtha agus ár ndóchas caillte; tá deireadh linn”. Bhí an Teampall scriosta, cathair Iarúsailéim treascartha agus tír Iúda bánaithe. Ag caint go meafarach, bhíodar amhail is dá mbeidis básaithe, faoi chré, san uaigh. Deir Dia leo sa sliocht seo nach amhlaidh atá. Tá sé chun a phobal, a fhéachann air féin amhail is a bheith san uaigh, a thógaint óna n-uaigheanna, agus spiorad na beatha a chur iontu arís, le go mbeadh beatha úr acu ina dtír dhúchais. Aiséirí an phobail atá anseo. Nil tagairt ann do aiséirí pearsanta na colainne. Níor tháinig an creideamh san aiséirí sin chun tosaigh in Iosrael ach thart ar an bhliain 200 roimh Chríost.

 

Salm le Freagra (Salm 129[130]). Is ag an Tiarna atá trócaire, agus tá fuascailt aige go flúirseach.

 

Dara Léacht (Rómhánaigh 8:8-11). Spiorad an té a thóg Íosa ó mhairbh, tá sé lonnaithe ionaibh. Déanann Pól codarsnacht idir an cholainn agus an Spiorad. Ionann an cholainn agus nádúr lag an duine, agus an meon contrártha do Dhia agus a bhaineann leis agus atá claon chun peaca. Iad sin atá faoi réir a leithéid ní féidir leo Dia a shásamh, dar le Pól. Ní hamhlaidh do na creidmhigh a bhfuil Spiorad Dé acu, iontu, Spiorad a thugann an bheatha nua dóibh. Mar a deir Pól cúpla véarsa (8:14) i ndiaidh na léachta seo: “Iad sin a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann Dá iad sin”. Samhlaíonn Pól an corp marbh de bharr an pheaca, marbh de bhrí go bhfuil sé le bás a fháil go fisiciúil agus gur úirlis don pheaca é. Ach tá cumhacht, fórsa, eile chun na beatha sa chorp céanna, is é sin le rá an Spiorad atá acu tar éis dóibh a bheith fíréanaithe trí chreideamh i gCríost. Thóg Dia Íosa ó na mairbh trína chumhacht féin gan teora, agus is é Spiorad Dé, le cumhacht sin Dé, atá lonnaithe i gcorp, i bpearsa, básmhar na gcreidmheach a thugann beatha nua dóibh, le deimhin bua a fháil ar an bpeaca abhus agus an bheatha shíorai a bheith acu ina dhiaidh sin.

 

An Soiscéal (Eoin 11:1-45). Mise an tAiséirí agus an Bheatha. Tá an léacht fhada seo ar aon dul leis na cinn a bhí againn in mbliain A le dhá Dhomhnach anuas, ina bhaineann Íosa feidhm as eachtra éigin den saol seo le ceacht faoi rúndiamhair a phearsa féin a mhúineadh, mar shampla an Samáireach mná agus tobar Iácób agus an t-uisce nua (an Spiorad) a bhí sé féin le tabhairt; leigheas an duine a rugadh dall ón bhroinn agus Íosa mar sholas an domhain; agus inniu glaoch Lazaras ó mhairbh agus Íosa mar an tAiséirí agus an Bheatha. Bhí Íosa cáirdiúil le teaghlach na Béatáine (thart ar 3 ciliméadar ó Iarúsailéim), Máire, Marta agus Lazaras. Ar chloisint faoi thinneas Lasaras d’Íosa dúirt sé nach chun báis ach le go dtabhaharfaí glóir do Mac Dé (sin le rá dó féin) tríd an ngalar sin. Ní théann sé go Lasaras láithreach, ach ligeann sé dó bás a fhail. Bhí Lasaras ceithre lá básaithe nuair a shrois Íosa an tuama. Deireann Íosa le Marta go n-éireoidh a dheartháir arís, agus déanann Marta gníomh creidimh san aiséirí – ach sa lá deireanach. Is ansin a thagann buaicphointe na léachta ag Íosa: tá an t-aiséirí tagtha cheana ina phearsa féin: “Mise an tAiséirí agus an Bheatha”

 

C.              An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Is treise cumhacht an Spioraid Naoimh agus an ghrásta ionainn ná laige an nádúir

 

Uaireanta cuirtear i leith Íosa gur beag an tuiscint a bhí aige ar laige an nádúir dhaonna nuair a chuir sé bac iomlán ar an colscaradh. Is trom i slí an misean a leag sé ar a lucht leanúna nuair a sheol sé amach iad mar sholas an domhain agus mar shalann na talún. D’fhéach an eaglais óg ar an misean a bhí aici díreach mar arb thoil le hÍosa é. Ba sholas úrnua don domhan an eaglais, an comhluadar Críostaí, ina teagasc agus ina cleachtadh. Labhraíonn Pól go deas faoin misean uasal sin agus an laige dhaonna ag scríobh chuig na Corantaigh faoin ábhar dó (2 Corantaigh 4:6-7): “An Dia a dúirt, ‘Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas’, is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn. Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d’fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í”. Ag scríobh chuig na Filipigh dó, meabhraíonn Pól faoi mar ar umhlaigh Íosa é féin, ag glacadh riocht an sclábha, agus ansin impíonn sé orthu a slánú a shaothrú faoi uamhan agus faoi eagla, toisc gur ó chomhoibriú le Dia a thagann an slánú, agus nach uainn féin amháin. Agus is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus gníomh sna creidmhigh de réir a dhea-thola féin (Filipigh 2:12-13). Sa litir chuig na Rómhánaigh, mar is léir ó shliocht an lae inniu, leagann Pól béim níos mó ar laige an nádúir agus ar an gclaonadh chun peaca. Ach, arís, tá an bhéim is mó aige ar bhua Chríost, tríd an Spiorad Naomh, ar an bpeaca agus ar an laige sin.

Ag teacht go dtí ár laethanta féin: go minic déantar an eaglais a cháineadh faoina h-iliomad rialacha. Tá a leithéid de cháineadh sothuigthe go minic, ach ar uairibh is faoi theagasc Chríost féin agus an tsoiscéil a bhítear ag casaoid. Sa chás seo, maidir le teachtaireacht an tsoiscéil á craobhscaoileasdh ag an Eaglais, ní rialacha iontu féin atá i gceist, ach iad sin mar chuid den bheatha Chríostaí, agus sin faoi stiúir an Spioraid Naoimh agus faoi chumhacht ghrásta Dé. Ní thuigtear an scéal faoi bheatha na hEaglaise, fiú ina laigí, gan toimhse seo na rúndiamhaire a thabhairt isteach.

Tá iarracht de shean-teagasc Pelagius ann inniu, agus sin an nádúr daonna gan a bheith ag tabhairt aird go leor ar a laige féin maidir le cúrsaí mórálta, agus neamhaird a dhéanamh den ghá atá le grásta Dé. Is fiú cluas a thabhairt fós ar theagasc Phóil.

 Maidir le hagallamh le saol an lae inniu de, i diospóireachtaí faoi leasú na heaglaise agus a leithéidí de, agus ar leasú ar chuid dá cleachtadh a meastar bheith as dáta, agus in éadan shaoirse an duine mar a thuigtear saoirse inniu, ní dochar cuid dá bhfuil ráite thuas a mheabhrú: solas an tsoiscéil agus cumhacht an Spioraid Naoimh agus ghrásta Dé.    

© Cumann na Sagart 2017