Macnamh ar léachtaí an Aifrinn, 24 Eanáir 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

24 Eanáir 2016 (C) An Tríú Domhnach Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.              Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.              An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Soiscéalaíocht Nua agus an Bíobla ina Lár

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Réamhrá do na léachtaí.  Baineann an chéad léacht agus an léacht ón Soiscéal inniu le tús úr do ré nua, agus an Bíobla i lar baill na ré sin. Tá cur síos sa chéad léacht ar Iosrael tamall éigin tar eis filleadh ó dheoraíocht na Baibealóine dó, agus gairm ann don phobal bheith san airdeall i gcoinne asamhlú ag na cultúir phagánacha nó Ghiúdacha fhuarcúiseacha maguaird. Sa léacht ón Soiscéal cuireann Íosa tús lena mhinistreacht phoiblí le fógairt go bhfuil gealltanais na Scrioptúr á gcomhíonadh aige. Glaoch é seo dúinn go bhfuil gairm ann i gconaí do shoiscéalaíocht úr, agus aird a thabhairt ar bhriathar Dé a fhanann de shíor.

 

An Chéad Léacht  (Nehimia 8:2-6, 8-10). Léigh Eazrá giotaí as Leabhar an Dlí agus thuig an pobal á raibh á léamh dóibh. Tabharfaidh eolas ar chúlra staire na léachta seo cabhair dúinn brí léamh Leabhar an Dlí ar a bhfuil cuir síos sa léacht seo a thuiscint níos fearr. Ba mhór an tubaiste do chlann Iosrael treascairt Iarúsailéim agus bánú stát Iúda sa bliain 586 roimh Chríost. De réir a chéile thuig na deoraithe sa Bhaibealóin a uafásaí agus a bhí a gcuid peacaí san am a bhí thart; rinneadar aithrí agus chuireadar crot nua ar na traidisiúin a bhí acu ó Mhaois, le aghaidh a thabhairt ar thús na ré nua a bhí geallta ag na fáithe. Iad sin a bhí fágtha gan díbirt i Iúda, a raibh faoi thionchar  pagánachta cheana, bheidis anois imithe níos mó ar strae gan ceannaireacht chreidimh. Nuair  a tugadh cead dóibh filleadh abhaile, is dealraitheach gur chas na deoraithe in amanna éagsúla, ach i gcónaí le fonn tús nua a dhéanamh. An treoraí a bhí acu ná an Dlí, an Peintiteoch a bheag nó a mór mar atá sé anois. An leasaitheoir creidimh, Eazrá, ar a bhfuil trácht i léacht an lae inniu, tháinig sé, is dóichí, sa bhliain 398 roimh Chríost. Leasaitheoir ab ea é a bhí socair ina aigne comhluadar creidimh Ghiúdaigh a eagrú de réir Dlí Mhaois. Bheadh deimhniú sollúnta, poiblí,  tiomnú i bhforógra, ann don chlár leasaithe nua le léitheoireacht Dhlí Mhaois don phobal agus miniú ar an Dlí seo i dtreo go dtuigfeadh an pobal an méid a bhí léite. Is é sin  éirim leacht an lae inniu. Bheadh Dlí Mhaois, léite agus mínithe, lárnnach do chreideamh na nGiudach ón lá sin i leith. Níor fhacthas ar an Dlí mar ualach a leagadh orthu gan a dtoil. Ba thráth lúcháire an ceiliúradh.

 

Salm le Freagra (Salm 19[19]). Na focail atá ráite agat linn, a Thiarna, is spiorad agus beatha iad.

 

An Dara Leacht (1 Coraintigh 12:12-30). Is sibhse Corp Chríost agus is ball dá chuid gach duine ar leith agaibh. Bhí éagsúlacht mhór sa chomhluadar Críostaí ar scríobh Pól chucu, le buanna nádúrtha éagsula agus stádas soisialta éagsúla, ón sclábhaí go baill den uasal aicme, daoine léannta agus a mhalairt. Ba chúram do Phól leas spioradálta an chomhluadair, agus an baol a bhí ann go bhfeicfí ar bhaill áirithe bheith den ísealaicme agus neamhriachtanach ag daoine gustalacha. Is pobal cothromaíoch de nádúr an Chríostaíocht de bharr baisteadh an uile dhuine í gCríost agus na buanna, na tíolacthaí, do gach aoinne san Eaglais a thagann ón Spiorad céanna. Lena shoiléiriú gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, baineann Pól feidhm as íomhá den Eaglais mar chorp, Corp Chríost, íomhá den stát a bhí á húsáid ag scribhneoirí na Róimhe agus na Gréige chomh maith, an stát mar chorp polaiteach mar a deirtear i dteangacha áirithe. I léacht seo an  lae inniu, i dtosach báire leagann Pól béim ar chomhcheangal éagsúlacht agus aontacht san Eaglais– mórán géag san aon chorp amháin. Ag baint feidhm as sin le tagairt don Eaglais, leagann sé béim ar aontacht: gach aoinne baiste san aon Spiorad amháin, idir Ghiúdaigh agus Gréigigh (neamh –Ghiúdaigh), sclábhaithe chomh maith le saoránaigh, agus tugadh an t-aon Spiorad amháin do gach aoinne le h-ól. Leanann sé ar aghaidh leis an íomhá seo a fhorbairt, ag tabhairt le fios go ciúin dá léitheoirí nach bhfuil aon áit san Eaglais do gothaí de mhór is fiú ón uasal aicme den chomhluadar ina leith siúd  go bhféadfaí féachaint orthu mar chosmhuintir – díreach mar nach féidir le ball amháin den chorp  daonna beag is fiú a dhéanamh de bhall eile. Cuireann sé críoch leis an machnamh seo ag meabhrú gurbh iad baill uile an chomhluadair Chríostaí Corp Chríost, ach go bhfuil ról faoi leith le himirt ag gach ball de. Ansin tugann sé liosta de na buanna a thug Dia don Eaglais, leagtha amach in ord a dtábhachta: i dtús báire aspail, sa dara háit fáithe (baill den Eaglais, is dócha, a raibh tuiscint níos doimhine acu ar rúndiamhair an tslánaithe), sa tríu háit múinteoirí (i mbun teagaisc Chríostaí a mhúineadh agus  mbun oiliúna) agus, d’aon ghnó, san áit dheiridh labhairt i dteangacha, bua a raibh meas thar an ghnáth ag na Corantaigh air.  Críochnaíonn Pól mar ar thosaigh sé, ag leagan béime ar éagsúlacht agus aontacht sa chomhluadar Críostaí..

 

Soiscéal (Lúcas 1:1-4; 4:14-21). Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta. Fear litríochta agus scribhneoir cruthanta ab ea Lúcás, an Tríú Soiscéalaí. Bhí sé gníomhach is dóichí sna 90í den aois seo againne agus thug sé dúinn dhá scríbhinn, an Tríú Soiscéal agus Gníomhartha na nAspal. Sa chéad scríbinnn díobh seo ríomhann sé an chéad chéim den ghluaiseacht Chríostaí, chomh fada le deascabháil Íosa.  Sa dara scríbhinn insíonn sé leanúint na gluaiseachta sin ón deascabháil agus ó chathair naofa  Iarúsailéim, agus trí mhinistreacht Phóil go dtí an Róimh féin, príomhchathair impireacht na Róimhe. Tá réamhrá ag gach ceann den dá scribhinn, iad tiomanta do “Teofal ró-uasal”, duine nach eol dúinn as foinsí eile, ach de réir dealraimh a bhí ina Chríostaí oilte agus den uasal aicme. Sa réamhrá don Soiscéal tugann Lúcás le fios go scríobhann sé de bharr gur thug sé faoi deara go raibh cuntais foilsithe ag a lán faoi thús ré na Críostaíochta, agus ní foláir ná gur mheas sé go rabhadar easnamhach. Deir sé gur mian leis cuntas in eagar, i ndiaidh a chéile, a thabhairt ar scéal bheatha Íosa. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil sé chun ord ama a leanúint, ach leagan amach a sholáthair a thabhadfadh na heachtraí mar aon leis an mbrí a bhain leo. Sampla maith de sin léacht an lae inniu. Mar  aon leis na soiscéalaiithe eile tosaíonn Lúcás le baisteadh Íosa ag Eoin. Ina dhiaidh sin déanann sé tagairt ghearr do shaothar  Íosa  sa Ghailíl, le teacht ansin go Nazarat (nó Nazará mar a thugann Lúcás air). I suíomh liotúirgeach sa sionagóg ansin osclaíonn Íosa leabhar Íseáia agus téann sé go hÍseáia 61:1-2 (feic chomh maith Íseáia 58:6) leis an fháistine álainn faoi phearsa atá seolta amach ag Spiorad an Tiarna le bliain ghrásta an Tiarna a fhógairt. Bheadh móran Giúdach ag tnúth le teacht an lae sin. Dúirt Íosa lena lucht éisteachta go raibh briathra scríbhinn sin Leabhar Íseáia comhlíonta i gclos a gcluas. Clár dá mhinistreacht féin a bhí ann.

 

C.              An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Soiscéalaíocht Nua agus an Bíobla ina Lár

 

Ar uairibh tugtar le fios do ghrúpaí creidimh nach mór dóibh meastachán, stocáireamh, a dhéanamh ar an staid ina bhfuil siad má tá siad le fanúint dílis do chreideamh agus chleachtadh a n-oidhreachta. San Éigipt dóibh bhí dearmad déanta ag na Gíudaigh ar chreideamh a sinsir Ahahám, Iosác agus Iacób, nó an creideamh sin tréigthe acu. Mheabhraigh Maois dóibh na gealltanais a bhí déanta ag Dia dóibh sin, agus rinneadh conradh nua le hIosrael. Insíonn an chéad léacht inniu dúinn faoi mar a bhí ar na Giúdaigh athghrúpálú tráth áirithe tar éis filleadh dóibh ón deoraíocht le nach mbeidis asamlaithe, súite isteach, ag an gcultúr pagánach máguaird nó ag an gcleachtadh creidimh fuarchúiseach a bhí ag mórán dá mhuintir Ghiúdach féin. Sa luatheaglais, mar a léiríonnn Apacailipsis (Taispeáint 2:1) Eoin dúinn é, cuireann Íosa aiséirithe é féin i láthair mar an té a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoirí óir (na heaglaisí aonair  áitiúla)  agus a ordaíonn do Eoin scríobh chucu lena neart agus laigí a nochtadh dóibh agus iad a chur san airdeall faoi earráidí  agus fhuarchúiseacht agus ag glaoch orthu do athnuachaint,  chun an díograis a bhí acu ar dtús. In Éirinn, chomh maith, bhí tréimhsí fuarchúiseachta chreidimh agus athnuachana ann,  mar shampla san dara haois déag nuair a cuireadh na deoisí ar bun,  agus tar éis an ghorta nuair a bhí athghrúpáil chreidimh láidir ann, le misiúin pharóiste, a bhfuil comóradh déanta orthu ar uairibh le croiseanna an mhisiúin.

            Le teacht anois go hÉirinn an lae inniu, tír atá ag na crosbhóithre maidir le cúrsaí creidimh. Le scór bliain anuas tá líon na ndaoine ag freastal ar Aifreann an Domhnaigh ag dul i laghad. Tá eolas faoin gcreideamh ag an glúin óg, agus ag roinnt nach bhfuil comh hóg sin, lag go leor go minic. Agus mar aon leis sin tá maireachtáil orainn anois  i ndomhan agus i dtír ina bhfuil dí-eaglaiseachas agus aindiachas eagraithe agus neamhbhalbh.  Mar aon leis sin in Éirinn nochtadh go raibh mí-usáid institiúdach ann, agus níos measa fós scannail maidir le mí-úsáid gnéis ag cléirigh, agus iarrachtaí ar uairibh ag údarais na hEaglaise iad sin a cheilt. Cé go mbaineann siad sin den chuid is mó de le ré atá thart, baintear feidhm astu fós le fogha a thabhairt faoin Eaglais. Mar sin féin is féidir a rá go bhfuil meas ag Caitlicigh de ghnáth ar a gcreideamh agus grá acu don Eaglais. Ach is tráth é seo le meastóireacht, stocáireamh, a dhéanamh ar chúrsaí, agus tráth le athshoiscéalaíocht, le aghaidh a thabhairt ar an saol atá againn agus romhainn agus an  Bíobla, mar bhriathar Dé, i lar baill ann. Is gairm an staid seo do shoiscéalaíocht  do na creidmhigh uile, gach duine díobh mar a oireann dóibh féin – easpaig, sagairt, déagánaigh, agus gach aoinne gáfa le ceannasaíocht i gcúrsaí creidimh, ach do creidmhigh uile ar féidir leo spreagadh a thógaint ó mhachnamh ar na léachtaí liotuirgeacha agus na himpleachtaí a leanann astu do chleachtadh na beatha Criostaí sa tsochaí iolríoch ina mhairimid.

© Cumann na Sagart 2017