Macnamh ar léachtaí an Aifrinn, 5 Feabhara 2017 | Baile | Cumann na Sagart

5 Feabhra 2017 (A) Cúigiú Domhnach Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.             An Bíobla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae: Críostaithe solas and domhain; lárionad na croise.

 

A.   A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (Íseáia 58:7-10). Gealfaidh do sholas mar an maidneachan. Roghnaíodh an sliocht seo le dul leis an léacht sa soiscéal a bhfuil mar lárthéama aici Críostaithe a bheith mar sholas an domhain. Tá dhá thagairt chaoi faoi seo sa sliocht tosaigh seo: “Gealfaidh do sholas mar an maidneachan”, agus “Éireoidh do sholas sa dorchadas”. Ina shuíomh i leabhar Íseáia tá briathra seo Dé tríd an fháidh dírithe ar phobal in Iosrael tar éis na deoraíochta, ag déanamh soiléir nach bhfuil an troscadh atá á dhéanamh acu inghlactha aige. Ní raibh ach lá troscaidh amháin go hoifigiúl in Iosrael, troscadh Lá an Leorghnímh, ach i ndiadh na deoraíochta tháinig laethanta troscaidh eile isteach agus bhí grúpanna áirithe a mheas go bhféadfaidis brú nó iachall a chur ar Dhia le troscadh éisteacht a thabhairt dóibh. Sin a tharla sa chás seo, bíodh nach raibh a ngníomhartha ag teacht leis an troscadh – iad ag tromaíocht ar a n-oibrithe, ag bruíon agus ag troid, ag bualadh dorn ar a cheile le binib. Freagraíonn Dia nach é sin an troscadh is áil leis, ach a mhalairt de chleachtadh: geimhleacha na héagóra a scaoileadh, an uile chuing a bhriseadh, agus na dea-ghníomhartha eile atá áirithe sa léacht seo a dhéanamh, ina measc gan faillí a dhéanamh sa dualgas i leith a mhuintire féin. Le go mbeadh beatha na gcreidmheach in nDia mar fhianaise dó ní foláir don ghníomh seachtarach bheith ag teacht leis an mbeatha inmheánach, iad araon at tabhairt omós don chonradh.

 

Salm le Freagra (Salm 111 [112]). Lonraíonn an dea-dhuine sa dorchacht do dhaoine cneasta

 

Dara Léacht (1 Corantaigh 2:1-5). Fad a bhí mé in bhur measc nior aithin mé ach Íosa Críost agus a chéasadh ar an gcrois. Is fiú a bhfuil ráite sa chur síos ar an sliocht as an litir seo a léadh sa Tríú Domhnach den bhliain a léamh arís. Bhí Pól ag cur sios ansin ar rúndiamhair chrois Chríost agus beidh sé ag leanúint leis sin inniu. Mar chúlra dá ndeireann Pól sa léacht seo ní miste a bhfuil scríofa i nGníomhartha na nAspal faoina tharla dó san Aithin a mheabhrú. Lárionad shaíochta agus eagna na Gréige an Aithne. Thug Pól cuairt ar an chathair tar éis teacht ó Teasalonicé dó. Bhíodh sé ag fógairt an tSoiscéil ansin. Tháinig cuid de na fealsaimh Eipiciúracha agus Stóchacha ag plé leis chomh maith. Ag labhairt dó faoin Soiscéal agus Aiséirí (anastasis sa Ghréigis) mheasadar gur déithe iasachta a bhí á bhfógairt aige. Tugadh go dtí an Airéapagas (ardchomhairle na cathrach, b’fhéidir) é, áit a thug sé aitheasc léannta, a raibh tagairt do aiséirí Chríost ó mhairbh. Cúis gháire agus mhagaidh dóibh an tagairt don aiséirí. Teip ghlan a bhí san iarracht seo do Phól san Aithne, agus chuaigh sé ar aghaidh go an Choraint ina dhiaidh. Mar a deir sé sa léacht seo, bhí sé lagbhríoch ag teacht chuig na Coraintigh agus é lán d’uamhan agus d’eagla. Ach in aisling dúirt an Tiarna leis leanúint leis ag seanmóireacht mar go raibh pobal mór ag Dia sa chathair sin. Le filleadh anois ar an léacht féin: Tosaíonn Pól lena mheabhrú dóibh gur tháinig sé chucu i gCoraint “ag fógairt rúndiamhair Dé”. Fírinne agus réaltacht í rúndiamhair atá folaithe i nDia agus nach faightear eolas nó aithne uirthi go nochtar, go bhfoilsítear, í ag Dia. Plean slánaithe Dé a bhí sa rúndiamhair seo, plean a tháinig chun foirfeachta trí bheatha, bhás agus aiséirí Chríost. Foilsíodh, nochtadh, í trí Chríost agus an Eaglais, i seanmóireach Phóil ina measc. Do Phól, níl aon áit ag an bhfealsúnacht, ag an eagna dhaonna, i nochtadh na rúndiamhaire seo, agus rinne Pól deimhin de go mbeadh Críost, agus é céasta ar an gcrois, mar chroílár dá chuid seanmóireachta dóibh. An toradh a bhí ar a sheanmóireacht, a aitheasc, ar aiséirí Chríost, san Aithne ná magadh agus cúis gháire. An toradh sa Choraint ná “foilsiú an Spioraid agus a chumhachta”, is é sin le rá an Spiorad Naomh a lonraigh i gcroíthe na gcreidmheach gur fíor a fhógair Pól faoi Íosa Críost agus a chéasadh ar na gcrois. Trí chumhacht an Spioraid Naoimh a tháinig sin, ní trí eagna dhaonna. Mar sin tá an creideamh i rundiamhair seo Dé bunaithe ar chumhacht Dé, seachas ar  eagna dhaonna.

 

An Soiscéal (Matha 5:13-16). Is sibhse solas an domhain. Tá ábhar machnaimh saibhir againn sa léacht ghairid seo. Tagann sé díreach i ndiaidh na Biáide. Ráitis ghinearálta iad na Biáide ar luachanna na Ríochta, agus mar chlabhsúr orthu meabhraítear do lucht leanúna Íosa bheith réidh don ghéarleanúint a fhéadfadh teacht as dílse d’Íosa agus don soiscéal. Sa téacs seo againne inniu labhraíonn Íosa leis na deisceabail a bhí aige nuair a chéad thug sé an Seanmóir ar an Sliabh agus chomh maith le sin leis an lucht leanúna a bheidh aige i rith na staire. Labhraíonn sé leo go díreach le teachtaireacht atá beagnach dochreidte: Salann na talún agus solas an domhain iad. Tá sé ag cainnt le comhluadar Giúdach, ach is léir go bhfuil misean na nAspal agus na hEaglaise don domhan mór i raon radhairc cheana. Ní salann agus solas iad do theaghlach amháin, nó do bhaile beag nó bhaile mór amhain, nó fiú do phobal Iosrael, ach don domhan mór iomlán. Léiríonn na híomhánna a mbaintear úsáid astu aidhm an mhisin a bheidh acu. Blastán don bhia salann; tugann sé blas agus cosnaíonn sé ó mheath agus ó thruailliú. Tugann solas éifeacht do dhuine a threoir a aimsiú. Léiríonn na híomhánna an aidhm agus an misean atá ag lucht leanúna uile Chríost sa saol, sa domhan. Mar a chuir scríbhneóir san óg-eaglais é (sa dara nó sa tríú aois), agus an phagántacht fós faoi réim: “Ionann an t-anam don chorp agus Críostaithe sa domhan”, anam an domhain iad. In aimsir Chríost i dteach sa Phailistín bhi na lampaí le solas a thabhairt beag agus cuireadh ar bharr mhiosúr buiséil (“in airde ar gcrann solais”) iad. Baintear feidhm as lampa le solas a thabhairt, agus meabhraíonn Íosa dá dheisceabail go bhfuil misean acu sa saol agus don domhan. Thuig an eaglais óg sin go maith agus leagann litreacha Phóil agus Pheadair béim ar seo: na Críostaithe mar lóchrann don domhan lena mbeatha Chríostaí, lena ndea-oibreacha. Gairm thar a bheith uasal í seo, ach de bharr laige an nádúir dhaonna thar a bheith baolach ó thaobh an duine aonair agus tionóil an chreidimh. Tá an ghairm ag Críostaíthe a ndea-ghníomhartha a bheith le feiceáil os comhair daoine, le go dtabharfaí glóir don Athair ar neamh. Ach is ró-éasca do dhuine a ghlóir féin, seachas glóir an Athar ar neamh, a chuardach, rud a cháineann Íosa go géar. Ba mhór, agus is mór, don Eaglais agus don teaghlach an dea-shampla agus an clú, agus as sin leanann go bhféadfaí brú ró-mhór a chur ar dhuine faoi seo, dá mhí-thairbhe féin, nó go ndéanfaí droch-ghníomhartha a cheilt le meas an phobail a choimeád. Is eol dúinn go léir go dtarlaíonn seo.

            Mheasfadh duine gur dodhéanta an ghairm seo a mhaireachtáil. Ach mar a dúirt Íosa i gcomhthéacs eile, ní hamhlaidh sin i súile Dé. Maireann gairm uasal sin na gCríostaithe bheith mar shalann agus sholas don domhan in aon ré, ár ré féin san áireamh. Tá gá ag domhan an lae inniu le solas Chríost. Agus níor chóir go gcuirfeadh aithis, géarleanúint nó líomhaintí bréige cosc orainn. Dúirt Íosa linn bheith réidh dá leithéidí. De réir an tSeanmóir ar an Sliabh tá siad sin ceangailte leis na Biáide!!

 

B.              An Bíobla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae: Críostaithe solas an domhain; lárionad na croise.

 

Machnamh. Críostaithe solas an domhain. Maidir leis seo. is leor a bhfuil ráite faoin chur sios ar an Soiscéal mar ábhar saibhir machnaimh dúinn inniu.

 

Agallamh le Ceisteanna an Lae. Ó ghluaiseacht fhealsúnachta an ochtú céad déag anall ar a dtugtar an “Eagnaíocht”¸ an Soilsiú, an Erklärung, the Enlighenment, tá tuiscint eile ar an solas is dual don chine daonna seachas solas an tSoiscéil. Bíodh go bhfuil éagsúlacht mhór idir saoithe na gluaiseachta sin, is comónta an tuiscint acu gur leor an aigne dhaonna agus na céadfaí mar threoir don chine daonna gan aon chur isteach ó neamh nó ó shaol eile. Ní bheadh a leithéid de threoir inghlactha. Is cuid den saol ina mhairimid é sin. Ar an dtaobh eile de, lár-fhírinne ó Phól anall é nach leor an eagna dhaonna, maidir le eolas ar thoil Dé. Tá an méid a deir Pól faoi rúndiamhair Dé agus na croise mar bhunphrionsabal dár gcreideamh fíor i gcónaí. Bíodh go bhfuil glactha le saol an lae inniu le mórán de thuiscint agus de theagasc na mBiáide agus den tSeanmóir ar an Sliabh,  tá gnéithe den “Eagnaíocht”, den Enlightenment,  nach féidir glacadh leo. Ach tá an “chumhacht” sin a thug an creideamh i gCríost agus a Chrois céaduair ag feidhmiú i gcónaí, agus ní mór do chreidmhigh bheith nascaithe le Críost agus an Spiorad Naomh  trí urnaí agus dheabhóid. 

© Cumann na Sagart 2017