Macnamh ar léachtaí an Aifrinn, 6 Samhain 2016 | Baile | Cumann na Sagart

6 Samhain 201 (C) Dara Domhnach Tríochad Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

 

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

 

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Táimid ag súil le haiséirí na colainne agus beatha an tsaoil atá le teacht.

An Chéad Léacht (2 Macabaech 7:1-2, 9-14). Tógfaidh Rí an Domhain chun na beatha síoraí sinn. Is cuid de chaibideal fada an léacht seo ar mhairtíreacht

seachtar  mac agus a máthar a tharla le linn na géarleanúna fíochmhaire a chuir an rí Gréigeach Antiocas IV (167-164 roimh Chríost) ar bun le iarracht a dhéanamh creideamh na nGiúdach a scrios ar fad agus adhradh déithe bréige a chur ina áit. D’fheidhmigh páis agus bás na mairtíreach sin mar eiseamláir do chreidmhigh faoi ghéarleanúint, idir Ghiúdaigh agus Chríostaíthe, trid na haoiseanna agus tugadh omós dóibh mar naoimh san Eaglais. Bhí an creideamh in aiséirí na colainne tagtha chun cinn i measc roinnt mhaith Ghiúdach sa ré sin agus thug sé uchtach mór dóibh siúd a bhí réidh bás a fháil seachas cúl a thabhairt le creideamh a sinsear. Tá admháil fholasach in aiséiri na colainne le feiscint sa méid a dúirt an dara, an tríu agus an ceathrú deartháir i léacht an lae inniu. Tógfaidh Rí an Domhain chun na beatha síoraí iad; tabharfaidh sé aiséirí dóibh. Téann an sliocht seo go deas le Soiscéal an lae inniu, mar a dhéanann Íosa an creideamh in aiséirí na colainne a chosaint in éadan na Sadúisíneach a  shéanann é.

                                                        

Salm le Freagra (Salm 16[17]). Ag dúiseacht dom beidh mé sásta le radharc do ghnúise, a Thiarna.

 

An Dara Léacht (2 Teasalóinigh 2:16-3:3). Go dtreisí an Tiarna libh i ngach gníomh agus briathar dá fheabhas. Mír dheiridh í seo den litir ina thugann Pól spreagadh dá lucht léite bheith buanseasamhach sa chreideamh (2 Teasalónaigh 2:13-3:5). Agus an sliocht sin féin, tagann sé tar éis roinn den litir atá ag cur síos ar théarnamh, ateacht, Chríost agus na comharthai a bheidh ann roimhe (2 Teasalónaigh 2:1-12), ar léadh cuid de sa dara léacht an Domhnach seo caite. Is dócha go bhfuil Lá an Tiarna, ateacht Chriost, taobh thiar dá bhfuil i léacht an lae inniu chomh maith. Tá cur síos ann ar faoi mar is cóir do dhuine ullmhú agus bheith réidh do. Is dual do Phól aspal bheith ag gabháil buiochais do Dhia ar son na gcreidmheach de bharr go bhfuil siad tofa, roghnaithe ag Dia le bheith slánaithe trí naomhú an Spioraid Naoimh agus trí chreidiúint san fhírinne, le go mbainfeadh siad amach glóir an Tiarna, an ghlóir atá ag Íosa féin (2:13-14). As sin go léir deirtear leo bheith dílis do fhírinní an chreidimh, agus an teagasc, na traidisiúin, a fhoghlaim siad ó Phól  trí bhtiathra béil nó i litreacha a choinneáil. Is iad na traidisiúin atá i ghceist, is dócha, na fírinní, an teagasc, a fuair Pól féin ón dTiarna, nó ón luath-eaglais, teagasc agus traidisiúin a thug Pól don eaglais trí insint bheil nó i litreacha.

                     Ina dhiaidh sin leanann léacht an lae inniu, atá i dtosach báire ag cur síos ar chreideamh beo -- beo trí chaidreamh le Dia san urnaí. Meabhraíonn Pól na bronntanais mhóra atá faighte ag creidmhigh ó Dhia – grá agus dóchas daingean, agus guíonn sé go gcuire na bronntanais sin sólás orthu agus neart i ngach dea-ghníomh, i ngach rud a dhéanann siad agus a deireann siad. Déanann Pól urnaí agus achainí ar son an gcreidmheach, agus ansin iarann sé orthu guí a dhéanamh ar ábhair éagsúla, i dtosach báire ar son lucht fógartha an tsoiscéil, go leathadh dea-scéala an Tiarna agus go mbeadh dea-mheas air, faoi mar a bhí i measc lucht léite na litreach seo, agus guí go saorfar Pól féin óna naimhde, daoine a bhí ag cur isteach go mailíseach ar a chuid soiscéalaíochta. Is dócha go bhfuil Pól ag tagairt do naimhde pagánacha don soiscéal, daoine gan creideamh. Cuireann Pól críoch leis an chuid seo dá litir le dearbhú creidimh sa Tiarna atá dílis agus a chosnóidh a phobal dílis ón olc. Guíonn sé go stiura Dia a gcroí ar ghrá Dé agus ar an bhuanseasmhacht a thagann ó Chríost. Briathra iad sin a thug uchtach dá chéad léitheoirí agus do léitheoiri na litreach tríd na haoiseanna.

 

An Soiscéal (Lúcás 20:27-388). Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo. Is in Iarúsailéim, agus is dóchaí sa Teampall, suíomh na heachtra seo i mbeatha Íosa. Táimid in Iúdáia, faoi riail dhíreach na Róimhe, ag íocadh cánach díreach don Róimh. Léacht an lae inniu i Soiscéal Lúcás is ceann amháin de dhá cheist í a cuirtear ar Íosa. Baineann an chead cheann díobh le cúrsaí cánach. Cuirtear an cheist ó bhrathadóirí ó scríobhaithe agus ó uachtaráin na sagart sa Teampall. An cheist a chuireadar ná arb dleathach nó mídhleathach cáin (cíos) a íoc le Céasar, Impire na Róimhe. Thug Íosa an freagra iomráiteach: “’Iocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia”. Na Sadúisínigh a chuir an dara ceist. Is soiléir ó na Soiscéil, ó Gníomhartha na nAspal agus ón staraí comhaimseartha Iosefas ná gur lár-phointe creidimh dóibh séanadh go raibh aon aiséirí na colainne ann ag deireadh an tsaoil. Teagasc cuíosach nua ag Giúdaigh an t-am sin an creideamh in aiséirí na colainne. Bíodh gur mhothaigh na Gíúdaigh go domhain ina gcroí istigh go raibh Dia i láthair sa Teampall agus in am an ghátair, agus gur thug, nó go dtabharfadh, sé luach saothair don mhaith agus pionós don olc, ní raibh aon choincheap beacht acu do bheatha, nó do bheith ann, tar éis bháis. Níorb é gur críoch do gach rud dóibh an bás. D’fhan scáil den duine beo tar éis bháis, agus bhí na scáileanna go léir de dhaoine maithe agus dona le chéile sa domhan thios, in Gehenna, gan idirdhealú eatorthu, gan luach saothair ná gan pionós. D’fhág sin dhá cheist gan réiteach. Ar dtús, maidir le Dia na córa agus easpa chúitimh ar an olc agus an mhaith. Ansin an cheist an bhféadfadh an caidreamh caoin sin le Dia a bhí ag creidmhigh ar an saol seo bheith curtha ar ceal ar fad leis an mbás. Bhí tagairtí dona fadhbanna sin le sonrú i litríocht an Bhíobla tríd na haoiseanna. Tháinig na ceisteanna sin chun tosaigh le linn ghéarleanúna fíochmhar, gan trua gan taise, an rí Antiocus Epipfanes IV sna blianta 167-164 r. Ch. agus an iarracht a rinne sé críoch ar fad a chur le creideamh Dhia Iosrael agus adhradh déithe bréige a chur ina áit. Fuair roinnt mhaith mhairtíreach bás ar son chreideamh a sinsear agus thug an creideamh san aiséirí uchtach mór do na mairtírigh (mar is léir ó chéad léacht an lae inniu). Ba sa ghéarleanúint sin a tháinig an creideamh in aiséirí na colainne ag deireadh an tsaoil chun tosaigh. Thaobhaigh na Fairisínigh go tréan leis an teagasc nua ach chuir na Sadúisínigh go láidir ina choinne. In iarracht le taisbeáint cé chomh seafóideach is a bhí an teagasc nua seo roghnaigh siad sampla as dlí Mhaois faoin dlí ar a dtugtar an pósadh levíreatach (ón Laidin levir, deartháir céile), le fáil i leabhar Deotranaimí 25:5-6. Léiríonn Íosa dóibh faoi mar atá dul amú orthu: ní leanúint nó macasamhail den saol seo an saol eile, le giniuint agus bás. An bheatha ansin is cosúil í le beatha na n-aingeal. Mar aon leis sin meabhraíonn Íosa go bhfuil níos mó i dtéacs an Bhíobla ná na briathra amháin. Tá cumhacht Dé Bheo taobh thiar de. Tugann an léacht seo sampla maith dúinn ar fhorbairt agus fhorás an teagaisc faoi chinniúint an duine tar éis bháis dó le aiséirí na colainne ag an breithiúnas déanach. Tháining forbairt níos doimhne air sin le aiséirí Chríost. Tá ár gcreideamh sa bheatha shíoraí agis in aiséirí ár gcolainne chomh cinnte agus atá ár gcreideamh in aiseirí Chríost. Téann creideamh sa dá aiséirí sin le chéile. Téann lúcháir na beatha síoraí thar mar atá ar chumas na haigne daonna a shamhlú.

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Táimid ag súil le haiséirí na colainne agus beatha an tsaoil atá le teacht.

 

Oireann an tráth seo bliana le machnamh a dhéanamh ar dhá bhun-fhírinní den Chré – aiséirí na colainne agus an bheatha shíoraí.

Ní gá cur síos anseo ar aiséirí na colainne. Tá alán ann cheana faoi i léachtai an lae inniu.

Maidir leis an mbeatha shíoraí, is minic a cuirtear an cheist faoi cad is eol dúinn faoi, gan géilleadh don tsamhlaíocht ach cloi le foinsí inchreidte. Ta briathra Phóil againn (1 Coirintigh 2:9): “Mar atá scríofa: Nithe nár bhfaca súil agus nár chuala cluas iad, nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne, is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó”. Ní mór a thuiscint nach beatha dhaonna a bheidh ann, mar adúirt Íosa leis na Sadúisínigh, ach i slí mar aingil Dé. Ach tá a fhios againn go ndéantar guí chuig na fíréin ar neamh, agus go ndéanann siad idirghabháil ar son na mbeo. Mar sin tá cursaí an tsaoil seo ar eolas acu. Sean-abairt ag Gaeil leis na céadta anall ná “muintir neimhe agus talún”, comaoin na naomh agus an chine dhaonna. D’fhéadfaí cur leis seo, ach ní gá anseo.

Smaoineamh eile don tráth seo ná nach gcuireann ár gcreideamh sa bheatha shíoraí isteach ar an dualgas atá orainn saothrú ar son an tsaoil abhus, ach a mhalairt i slí: géaraíonn sé aidhm feabhas a chur ar shaol ár linne, ag baint úsáide as an dóchas atá ionainn, ag súil le spéartha (neamha) nua agus le domhan nua, mar a lonnóidh an fhíréantacht (2 Peadar 3:13).

© Cumann na Sagart 2017