Machnamh ar léachtaí an Aifrinn 24 Meán Fómhair 2017 | Baile | Cumann na Sagart

24 Meán Fómhair 2017 (A) An Cúigiú Domhnach Fichead Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Aghaidh ar an dtodhchaí le fís agus freagra.

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (Íseáia 55:6-9). Ní hiad bhur smaointe mo smaointese. Go hiondual feictear ar chaibideal seo de Leabhar Íseáia mar an caibideal deiridh de chnuasach den Dara Íseáia, ina chuirtear críoch le fís mhór an fháidh seo do phobal Iosrael sa deoraíocht faoi ré ghlórmhar a bhí i ndán dóibh ina dtír dhúchais. Ach ní leor an fhís i gcúrsaí creidimh, faoi mar nach leor i gcúrsaí poilitíochta. Ní foláir comhoibriú an phobail, agus i gcúrsaí caidrimh le Dia an aithrí chuí. I dtús an chaibidil seo tugann Dia cuireadh dá phobal, mar a rinne an Eagna roimhe sin, teacht chuig Dia le bia agus deoch fónta a fháil saor in aisce. Léadh an téacs sin san Aifreann don Ochtú Domhnach Déag Saor agus tá míniú simplí tugtha leis sa suíomh don lá sin. Leanann léacht an lae inniu ar aghaidh leis an teachtaireacht sin. I bhfís Íseáia tá cruthú nua, saol nua, ina aigne ag Dia, ach ní mór croí glan le Dia agus a shlíte a aimsiú agus a thuiscint. As sin tuigtear an cuireadh don aithrí sa léacht seo, le filleadh ar Dhia agus ar a mhaithiúnas gan teora. Leagtar an bhéim arís anseo ar an rúndiamhair atá i gceist i bplean seo Dé dá phobal, agus don domhan, agus ina fheidhmiú. Ní ionann smaointe (Bíobla Mhaigh Nuad agus an leicseanár “bearta”) an phobail agus smaointe agus plean Dé dóibh ná na slíte (bealaí) a ghabhann siad agus slíte Dé. Tá difríocht an talaimh agus na spéartha eatorthu. Ní mór an creideamh agus an aithrí le sin a thuiscint.

Salm le Freagra (Salm 144[145]). Is gairid an Tiarna dá ngaireann air

Dara Léacht (Filipigh 1:20-24, 27). Domsa is ionann bheith beo agus Críost. I liotúirge an Domhnaigh seo caite bhí críoch curtha againn leis na sleachta as an litir chuig na Rómhánaigh. Innu cuirtear tús le léamh sleachta as Litir Phóil chuig na Filipigh, léamh as an litir seo a leanfaidh ar aghaidh ar feadh ceithre Dhomhnach. Coilíneacht Rómhánach a bhí i gcathair Filipi. Thug Pól cuairt uirthi sa bhliain 49 nó 50, agus bhí air a lán a fhulaingt ó ghiústaísí agus póilíní na cathrach. Ach bhunaigh sé an eaglais ann agus d’fhás báidh faoi leith idir é agus an eaglais sin. Ba uathu amháin a ghacfadh sé síntiús airgid leis féin a chothú. Scríobh sé an litir seo chucu le linn dó bheith i bpriosún, san Eifeasas is dócha, ar son an tsoiscéil, agus gan a fhios aige an é an bás nó scaoileadh saor a bhí i ndán dó. I slí ba chuma leis. Seirbhís do Dhia a bheadh ina bhás nó ina bheatha. Ba bhreá leis an bás, chun bheith in éineacht le Críost, ach ar an dtaobh eile den scéal ba chabhair dá chuid eaglaisí, agus Filipi ach go háirithe, é bheith beo. Fágann sin idir dhá chomhairle é. Críochnaíonn an léacht le comhairle uaidh don eaglais bheith dílis do bheatha de réir an tsoiscéil, Dea-Scéal Chríost,

 

An Soiscéal (Matha 20:1-16). An ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilím féin maith? Parabal soiléir agus éasca le tuiscint é seo, ach ceann ó Íosa le gné de ríocht Dé a shoiléiriú. Parabal faoi fhear tí agus fhíonghort an parabal. Sealbhóir tí ab ea fear tí, ach sa chás seo sealbhóir fíonghoirt. Téann sé amach go luath ar maidin, thart ar a sé roimh nóin abair, le lucht oibre a fhostú. Réitíonn sé an gnáth-phá lae leo, sin le rá déanar. Níl aon chonradh oibre buan acu. Téann sé amach arís ar a naoi roimh nóin, ag meán lae, ar a trí iar-nóin agus thart ar a chúig iar-nóin (i gcóras an ama sin ag an tríú, séú, naoú agus an aonú uair déag), chonaic daoine dífhostaithe agus chuir isteach ina fhíonghort iad, ag geallúint an pá ceart dóibh. Thug sé déanar an duine dóibh uile, rud a spreag monabhar ón dream a bhí ag obair ó thús maidine. Is é freagra Íosa buaic phointe an pharabail. Níor rinne an fear tí aon éagóir. A fhlaithiúlacht féin a bhí i gceist. Maidir le parabal faoi ríocht Dé, is í teachtaireacht an pharabail ná nach gnóthaíotar ríocht Dé mar luach saothair. Bronntanas saor ó Dhia í.      

            Díríotar parabail Íosa go minic ar, nó i gcoinne, daoine nó grúpaí áirithe. Ní luaitear aon duine nó grúpa maidir leis an parabal seo. D’oirfeadh sé do na Fairisínigh, bíodh nach luaitear iad. Ach oireann sé do gach aois, agus téann sé go deas le teagasc Phóil agus na Críostaíochta faoin fhíréantacht trí creideamh gan gníomhartha an dlí.

            Ní bheadh an parabal seo ag teacht le prionsabail cheardchumann an lae inniu, ach baineann sé le saol eile, le sealbhóir fíonghoirt ar ghabh trua é do dhaoine dífhostaithe, agus a thug do gach duine acu tuarastal lae. Níl an parabal ag tabhairt prionsabail faoi eacnamaíocht ach ag léiriú gné de ríocht Dé, agus ar thrócaire Dé do chách.

                       

B.                        An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Aghaidh ar an dtodhchaí le fís agus freagra.

 

Tá ábhar machnaimh againn i léachtaí an lae inniu faoi mar is cóir dúinn fís agus freagra uirthi a thabhairt le chéile agus sinn ag machnamh ar saol ár linne agus ag tabhairt aghaidh ar an mbóthar romhainn amach. Is éasca géilleadh don chathú faoi smaointe teibí, mar shampla ag rá: dá mbeadh spiorad ghlúin a imigh romhainn againn, spiorad Vatacáin II agus mar sin de, an fhís a bhí ag an ghlúin sin nó ag an Chomhairle sin. Tá a fhios againn an freagra a thug an fáidh sa chéad léacht ar a leithéid de cheist. Tá fís ann dúinn i gcónaí agus is ag Dia, is é Dia féin, an fhís sin. Ach ní fiú tada fís gan comhoibriú daonna, mura nglactar leis uainne. Ná cailltear i smaointe teibí sinn.        Rud lárnach do na léachtaí go léir inniu ná go bhfuil Dia i láthair linn, ach san am céanna mar Dhia na Glóire, le fís léirithe aige dár dtodhchaí, agus é dár nglaoch is dár ngairm freagra a thabhairt uirthi, agus aghaidh a thabhairt ar a bhfuil i ndán dúinn le creideamh, le humhlaíocht agus le haithrí. Faoi mar a bhí ag Pól, is é Críost bun agus barr agus lár ar mbeatha go léir mar Chríostaithe. Ní mór bheith daingean sa chreideamh sin. Níor choir riamh dearmad a dhéanamh ar fhís an Dea-Scéil i gcoraí an tsaoil, fís nach réitíonn i gcónaí le fealsúnacht reatha. Glaoch saor ó Dhia an creideamh, a glactar leis go humhail, agus le haithrí mar gheall ar laigí daonna. Agus tugann an creidmheach aghaidh ar an ré le teacht le lán-dochas, mar is é Dia a spreag an fhís ann céaduair, agus tá sé linn le freagra cuí a thabhairt uirthi agus lena chur i ngníomh.

© Cumann na Sagart 2017