Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 3 Meán Fómhair 2017 | Baile | Cumann na Sagart

3 Meán Fómhair 2017 (A) An Dara Domhnach Fichead Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Saor ón Dlí ach faoi Dhli Chríost.

 

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (Irimia 20:7-9). Tá briathar an Tiarna tar eis éirí ina mhasla dom. Ag deireadh na nOcht mBeannachtaí dúirt Íosa lena lucht leanúna gur méanar dóibh nuair a thabharfaí aithis dóibh agus a ghéarleanúnfaí iad mar is mar sin a rinneadh géarleanúint ar na fáithe a chuaigh rompu. Rinneadh géarleanúint ar Íosa féin, agus más amhlaidh gur rinneadh sin, déanfar an rud céanna ar a lucht leanúna, dúirt sé. Tugann céad léacht seo an lae inniu sampla maith dúinn ar a raibh le fulaingt ag fáidh amháin le linn a sheirbhís do bhriathar Dé. Tá an t-ádh linn san ábhar seo maidir le Irimia fáidh de bhrí go bhfuil sa Leabhar faoin a ainm sa Bhíobla roinnt de bheathaisnéis faoi, agus roinnt de dhírbheathaisnéis leis. Mar aon leis sin tá sé shliocht sa leabhar seo, ar a dtugtar “Faoistíni Iirimia”, ina labhraíonn an fáidh go macánta, oscailte faoi fhadhbanna an chreidimh agus a fhadhbanna féin. Ceann díobh sin sliocht an lae inniu. Roghnaigh Dia Irimia mar fháidh, chuir sé a bhriathra ina bhéal agus sheol sé amach é le teachtaireacht díbheirge Dé a fhógairt ar a phobal, go raibh cogadh agus anachain le teacht orthu. Curfá dá chuid san ábhar seo ná “Éigean agus díobháil”. Rinne sé tairngreachtaí agus fáistiní éagsúla faoi seo, ach níor fíoraíodh iad. Bhíodh an lucht éisteachta ag magadh faoi dá bharr, agus de réir dealraimh tugtaí mar leasainm air “An tUasal Éigean agus Díobháil”. Mhothaigh Iirimia seo go géar, agus sa sliocht seo déanann sé casaoid ghéar le Dia gur bhuail Dia bob air, gur mheall sé é, gur raibh Dia róláidir dó agus Irimia féin róshaonta. Thagadh an cathú chuige scoir dá mhisean mar fháidh, gan labhairt a thuilleadh in ainm Dé. Ach go domhain istigh ann bhí brú nach ligfeadh dó sin a dhéanamh. Fórsa mar thine istigh ann ab ea a ghairm ó Dhia mar fháidh. D’fhulaing Irimia ina chroí istigh agus ina shaol mar fháidh do bhriathar Dé, ach sa deireadh thiar fíoraíodh a fháistiní. Agus tá sé ag labhairt linn i gcónaí ina Leabhar sa Bhíobla agus mar fhigiúr de Íosa féin.

Salm le Freagra (Salm 62[63]). Tá íata tarta ar m’anam chugat, a Thiarna, a Dhia liom.

 

Dara Léacht (Rómhánaigh 12:1-2). Déanaigí sibh féin a thoirbhirt do Dhia in bhur n-íobairt bheo. Sa chéad chuid dá litir chuig na Rómhánaigh bhí Pól ag tabhairt teagaisc faoin bheatha nua trí Chríost, trí fhíréantacht tríd an gcreideamh i gCríost, tríd an ngrásta, seachas trí chleachtadh dhlí Mhaoise. Ach beatha bheo Chríostaí a bhí mar aidhm ar pé teagasc a thug Pól agus is aitheasc don bheatha sin atá le fáil i gcaibidil dheiridh na litreach seo (12-16), ag tosú le sliocht an lae inniu, a mbeidh codanna de a léamh againn sna trí Dhomhnach seo romhainn amach. Tosaíonn Pól le briathra láidre. Impíonn sé ar na Rómhánaigh as ucht trócaire Dé. Níor bhunaigh Pól eaglais na Róimhe ach mheabhraigh sé dóibh i dtús na litreach go bhfuair sé trí aiséirí Chríost grásta an aspail chun géillsine an chreidimh a leathadh ar son a ainm i measc na náisiún uile. Fuair Críost bás agus d’aiséirigh chun beatha nua inmheánach a thabhairt don duine aonair agus tríd sin don domhan féin. Leanann as sin aitheasc chun beatha úr. Impíonn Pól trí throcaire Dé. Bun agus barr gach a bhfuil i gcreideamh Chríost agus i dteagasc Phóil ná trócaire Dé. Bhí íobairtí ag na Giúdaigh sa Teampall agus freisin ag na pagánaigh, íobairtí de ainmhithe míréasúnta. Íobairt de shaghas eile a bheadh ag an Críostaithe: iad féin, a gcoirp i gciall Phóil den fhocal, ach iad féin mar íobairt bheo, naofa, thaitneamhach, le beatha i ghrásta Dé, de réir theagasc agus shampla Chríost. Sin an t-adhradh fíor spioradálta is dual do Chríostaí. Leagtar béim air sin in áiteanna eile sa Tiomna Nua. Is Teampall í an Eaglais, teach spioradálta. Is sagartacht naofa na creidmhigh le íobairti spioradálta taitneamhacha a ofráil, is é sin le rá beatha Chríostaí le dea-ghníomthartha. Labhair na Giúdaigh faoin saol seo agus an saol eile. Don Chríostaí bhí, agus tá, dhá shaol ann: an saol faoi Chríost agus an saol gan lóchrann an chreidimh. Ceist mhór a bhí ann do Phól, agus do Chríostaithe ina dhiaidh, ná conas toil Dé a aithint. Tráth dá shaol bhí Dlí Mhaois agus traisisiún a chine a lean as ag Pól. Ach is é a eascair as sin ná an pháirt a ghlac Pól fein i mbás Stiofáin agus a ghéarleanúint ar an luatheaglais. Níorbh ann do Dhlí Mhaois ná a leithéid do Chriostaithe le aigne nó toil Dé a aithint i ghnáth-ch­úinsí an tsaoil. An rud a bheadh lárnach anseo ná aigne a bheadh dírithe ar Chríost agus an soiscéal seachas meon reatha saolta. Ní hé go mbeadh easpa treoracha ann, agus saorchead ag an coinsias príobháideach. Thug Pól alán treoracha dá chuid eaglaisí, agus tabharfaidh sé a thuilleadh do na Rómhánaigh sna caibidil a leanann seo. Ach gan an mhalairt mheoin ar a labhraíonn Pól, tá easpa sa choinsias Chríostaí atá ag iarraidh aithint a chur ar thoil Dé dó.

 

An Soiscéal (Matha 16: 21-27). Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin. Tagann an téacs seo díreach tar éis do Pheadar, thar cheann na ndeisceabal, Íosa a aithint go poiblí mar an Meisias, an Críost. Bhí an baol ann go bhfeicfí ar Íosa mar phearsa poilitiúil, den saol seo. Déanann Íosa soiléir nach amhlaidh atá maidir leis féin ná a lucht leanúna. Fulaingt agus an bás atá i ndán dó féin.Tugann sé Sátan, agus ceap tuisle, ar Pheadar ná ghlacann leis sin. Seasann Peadar do luachanna an tsaoil seo, smaointe daonna aige. Sin a dúirt sé le Peadar. Ansin díríonn Íosa a theagasc ar a dheisceabail go léir, i dtosach báire leis an prionsabal ginearálta nach mór do dhuine ar mhian leis, nó lei, teacht ina dhiaidh, é a leanúint, nach mór don duine sin é féin a shéanadh, a chrois a thógaint suas agus é a leanúint. An chrois i gceist ná an trasnán, an bíoma trasna den chrois, a mbíodh ar an té le céasadh a iompair. Baintear úsáid as téarmai go meafarach anseo. Ionann é féin a shéanadh agus a chrois a iompair, a beatha a chailliúint ar son Íosa agus í a shaoradh, a fháil thar nais i slí nua. Leanann roinnt nathanna chun tabhairt ar dhaoine machnamh a dhéanamh ar fhiúntas na beatha. An téarma Gréigeach, psuche, sa bhunleagan, bheadh éagsúlacht bhrí leis ag Gréigigh agus Giúdaigh: an t-anam spioradálta nó an bheatha, an duine, go hiomlán. Tugann Íosa rabhadh don duine gan é nó í féin a chailliúint go hiomlán, gur fiú go mór an duine aonair ná an domhan go léir. Ach níl an t-anam fágtha as an áireamh, mar is leir ón tagairt do theacht Mhac an Duine le breith a thabhairt. Le beatha cheart, iomlan, a bheith ag duine a leanann Íosa, ní mór dó nó dí machnamh a dhéanamh ar thuras Íosa chun na croise.

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Saor ón Dlí ach faoi Dhli Chríost.

Ceist na bhí ann ó thús na Críostaíochta, agus atá linn go fóill, ná an áit atá, nó nach bhfuil, i dlíthe seachtrachta, i noirm, i saol agus i gcoinsias an Chríostaí. Mhaígh Pól gur chaith sé uaidh Dlí Mhaois na nGiúdach, gan idirdhealú a dhéanamh idir ghnéithe éagsúla den Dlí sin. Leag seisean, agus an Chríostaíocht go ginearálta, béim mhór ar riachtanas agus gníomhú an Spioraid Naoimh i saol an chreidmhigh. Ach bhí an baol ann go measfaí nach raibh srian morálta a thuilleadh ar ghníomhartha an duine aonair. Agus ar uairibh géilleadh don chathú sin.

Ar ndóigh leag Pól agus an Eaglais chomh maith béim ar thorthaí an Spioraid, agus bhí teagasc Chríost ann faoi shéanadh agus faoin chrois a iompair agus é a leanúint. Ach bhí an cheist ann i gcónaí faoin gceangal idir ghníomhú inmheánanch an Spioraid, an tsaoirse i gCríost, agus dlíthe nó noirm sheachtracha. Uair amháin (1 Corantaigh 9:21) labhair Pól faoi bheith saor ón Dli (ó Dhlí Mhaois) ach bheith faoi Dhlí Chríost. Ach níl Dlí Chríost i bhfriotal, i scríbhinn bheacht. Tá sé sna soiscéil, sna hOcht mBeannachtai, sa tSeanmóir ar an Sliabh agus eile, agus i dtraidisiún na hEaglaise. Is mor idir laethanta Chriost agus na luath-Eaglaise agus cultúr an lae inniu, áfach, agus ní foláir na cúinsí go léir a choimeád sa áireamh. Ach le toil agus aigne Dé a aithint inniu ní foláir aird a thabhairt ar a dúirt Pól leis na Rómhánaigh: gan bheith gafa le patrún nó meon na haoise reatha ach aire a thabhairt don athnuachaint aigne sin is dual don Chríostaí.

© Cumann na Sagart 2017