Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 13 Lúnasa 2017 | Baile | Cumann na Sagart

13 Lúnasa 2017 (A) An Naoú Domhnach Déag Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

hnoc

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Urnai le teacht i gcabhair ar Eaglais shuaite

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (1 Ríthe 19:9, 11-13). Seas ar an sliabh os comhair an Tiarna. Cuireann an léacht seo síos ar an bhfáidh Éilias ar chnoc Horaeb (ar a dtugtar Síonaí chomh maith) mar a fhoilsigh an Tiarna Dia é féin do Mhaois, ar labhair sé leis mar dhlúthchara, agus ar rinne sé conradh le clann Iosrael. Sa chéad cheann de na Deich nAitheanta dúirt Dia: “Mise and Tiarna do Dhia. Ná biodh aon déithe eile agat i mo láthair”. Pé ar bith faoin gceist an raibh aondiachas, monadiachas, go teoriciuil in Iosrael ó thus, is é sin le rá adhradh Iáivé Dia Iosrael mar an t-aon Dia amháin, is soiléir go raibh ar feadh i bhfad adhradh déithe áitiúla, logánta, ann in Iosrael mar aon le adhradh Iáivé. B’fhíor é sin go mór mór in Iosrael, Ríocht an Tuaiscirt, go háirithe le linn réimeas an rí Acháb, lár na naoiú haoise roimh Chríost, a phós Izibil, iníon Ittobaal, ri na Tuíre agus Siodóin. Móidín don dia Baal  a bhí innti, agus ghlac Acháb le cultas an dé sin go fonnmhar chomh maith. As sin tháinig borradh ar an bpagánachas i Ríocht Iosrael, mar aon le iliomad fáithe pagánacha a bhain le cultas Baal. Ba é Éilias an chéad fháidh aonair (gan bheith ina bhall de chuallacht fáithe) in Iosrael, agus sheas sé go tréan ar son chreideamh Iáivé i gcoinne Acháb agus Izibil, comhrac a tháinig chun críche ag Cnoc Cairmel, leis an bua do Éilias, nuair a cuireadh fáithe Baal chun báis. Bhí a bheatha anois i mbaol agus theith sé leis, tuirseach den chomhrach agus cortha den saol féin. Rith sé leis dul go Horaeb, an Sliabh inar fhoilsigh Dia é féin do Iosrael céaduair, le athnuachaint a chur lena mhisneach agus a dhíograis. Sa chéad fhoilsiú ó Dhia dúirt an Tiarna le Maois go gcuirfeadh sé é i scoilt sa charraig fad a bheadh sé féin ag gabháil thart (Eacsadas 33:22). B’fheidir go raibh sin in aigne ag Éilias nuair a chuaigh sé isteach san uaimh. Nuair a bhí an chéad chonradh le déanamh, tuair go raibh an Tiarna le teacht an stoirm, crith talún agus toirneach (Eacsadas 19). A mhalairt de shin i gcás Éilias. Ní raibh an Tiarna in aon cheann díobh sin. Ansin tháinig fuaim leoithne boige, rud a thug le tuiscint do Éilias, de réir dealraimh, go raibh an Tiarna le teacht, agus chlúdaigh sé a aghaidh lena chlóca agus sheas ar an bhealach isteach chun na huaimhe. Stopann téacs an liotúirge anseo. Sa Bhíobla féin leanann an téacs ar aghaidh leis an gcomhrá idir an Tiarna agus Éilias a  thabhairt dúinn. Ní deirtear linn an bhrí a bhí le Dia é féin a chur i láthair i leoithne bhog. Chabhraigh seo leis an gcomhrá leis an fáidh. Toisc gur am an ghátair do chonradh idir Dhia agus Iosrael a bhí ann, léirigh freagra seo Dé go raibh cúram a phobail air, agus an caidreamh seo aige le ceannaire mar an fáidh Éilias. Mar sin, téann an sliocht seo leis an léacht sa soiscéal inniu ina bhfuil an téama céanna. Ag claochlú an Tiarna, tá Maois agus Éilias i láthair mar fhinnéithe don chonradh ar Horaeb/Síonaí, don Dlí agus do na Fáithe.

 

Salm le Freagra (Salm 84[85]. Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire, agus tabhair dúinn do shlánú.

 

Dara Léacht (Rómhánaigh 9:1-5). Níor mhiste dom bheith faoi mhallacht Dé ar son muintir mo chine féin. Chuir Pól críoch lena chuid teagaisc i gcaibideal 8 den litir seo. Sna trí chaibideal a leanann é (9-11), a léifear astu san Aifreann sa trí Dhomhnach seo chugainn, díríonn an tAspal a aird ar ábhar a bhí ag cur as dó go mór, ní foláir, i rith a shaol go léir mar mhisinéir, is é sin le rá faoi mar ar theip ar a phobal féin, na Giúdaigh, glacadh le hÍosa Críost mar an Críost, an Meisias, agus le comhlíonadh a gcuid staire go léir agus na gealltanais a bhain leis. Is é an misean a tugadh do Phól ó Chríost aiséirithe ná bheith ina aspal do na gintlithe, na neamh-Ghiúdaigh. Sa litir is túisce uaidh a tháinig anuas chugainn (1 Teasalónaigh 1:4-16) tá breith dhian tugtha aige ar a chomh-Ghiúdaigh sa Phailistín, ach de ghnáth ní nós leis díchreideamh a chine a lua sna litreacha eile leis. Ach ní foláir, mar sin féin, go raibh seo ag cur as go mór dó. Anois go bhfuil a chuid misinéireachta san Oirthear thart, labhraíonn sé go hoscailte faoi leis na Rómhánaigh. Le heagla go mbeadh amhras ar aoinne faoina ionracas san ábhar seo faoi dholás mór agus arraing a chroí, luann sé  mar bheirt fhínné Críost agus an Spiorad Naomh. Bheadh se réidh bheith faoi mhallacht dá mba chabhair é sin ar son a chine, na Giúdaigh. Bhí Pól mórtasach i gcónai as a oidhreacht Ghiúdach, agus bhí ar a chumas sin a mheabhrú dá chomhluadair chríostaí as na gintlithe. Déanann sé machnamh anois ar an oidhreacht ghlórmhar sin, agus na buanna móra ó Dhia a bhí ag na Giúdaigh mar chine, buanna a fheadfaí fianaise ón mBíobla a chur le gach ceann acu. Clann Dé iad, a chéadghin de réir Dia féin (Eacsadas 4:22). Bhí glóir Dé acu ag cur fúithi sa Teampall. Bhí na conarthaí a rinneadh le Abrahám, Iácób (Iosrael), Maois agus Dáiví acu; an Dlí a thug treoir faoi thoil Dé dóibh, an liotúirge taibhseach, na gealltanais faoi thodhchaí ghlórmhar agus faoin Mheisias. Mar dhuine de chlann Iosrael bhí Pól mórtasach as bheith de phór na “nAthracha”, na bPaitriarc. Ba leis na Giúdaigh na patrarcaí, agus ba é glóir na glóire acu gur díobh an Críost (Íosa Críost), “de réir na colainne”, sa mhéid gur duine é.  Maidir le foirceann na léachta seo d’fheadfaí ceachtar de dhá bhrí a bhaint as an mbunleagan. An ceann is comónta ná admháil diagachta Chríost, mar atá sa “Bíobla Naofa”, le fail sa Leicseanár Nua: “Críost sa mhéid gur duine é, - an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen”. Ach is féidir brí eile a bhaint as, ag cur lánstad tar eis “sa mhéid gur duine é” (nó: “de réir na colainne”) agus an ráiteas deiridh a thógaint mar dhocseolaíocht, ráiteas molta Dé, agus neamhspleách ón méid a dúradh faoi Chríost,  mar seo: “de réir na colainne. Dia atá os cionn a bhfuil ann go mba bheannaithe é go deo. Áiméan” (Cosslettt Ó Cuinn).

 

+

An Soiscéal (Matha 14:22-33). Ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce. Tugann briathra tosaigh na léachta seo cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh air. Chuir Íosa d’fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe. Nuair a shuítear seo ina chomhthéacs sa soiscéal seo, agus i stair na soiscéal, is fiú a mheabhrú go dtagann an sliocht seo díreach tar éis shoiscéal an Ochtú  Domhnaigh  Déag ina bhfuil cur síos ar mhiorúilt iolrú an aráin. Sa chur síos ar an mhiorúilt seo i Soiscéal Eoin (6:14-15) deirtear gur mheas an pobal, ar a fheiscint doibh, gurb é Íosa an fáidh a bhí geallta, agus nuair a thug Íosa faoi deara go raibh in aigne acu teacht agus é a fhógairt mar rí, chuaigh sé ar leataobh faoin sliabh ina aonar. Is dócha gurb  é seo an fáth gur chuir sé d’fhiacha ar na deisceabail dul go háit eile. Scaoil sé na sluaite uaidh chomh maith agus chuaigh an sliabh suas chun guí ina aonar. Luann na soiscéalaithe, go háirithe Lúcás, go ndéanadh Íosa guí go minic, go háirithe  dtráthanna tábhachtachta dá shaol; ag a bhaisteadh, sul ar roghnaigh sé an Dáréag,  ag múineadh an Ár nAthair dó, nuair a dhéanann a dheisceabail admháil chreidimh ann i Céasaraiá (Lúcás 9:18), ag Geitséamainí, ar lucht a chéasta. Taispeánann a urnaí a aontacht leis an Athair, agus léiríonn an fhirinne gur leiriú ar rúndiamhair shlanaithe Dé a bhí ina chuid saothair. Thug a urnaí sampla agus teachtaireacht don eaglais aithris a dhéanamh air.

An chéad mhir eile a thugann cuireadh chun machnaimh ná ciúniú na stoirme, á tabhairt chun suaimhnis, ar a leanann admhail na nAspal gur Mac Dé é Íosa. Measann siad gur taibhse a bhí in Íosa ag siúl ar an uisce. Deir Íosa leo gan eagla a bheith orthu, leis na briathra; “Is mise (atá ann)”, briathra a thugfadh chun cuimhne a dúirt an Tiarna  Dia faoi féin ag an tor ar lasadh (Eacsadas 3:14): “Is mé an té atá”, agus áiteanna eile ina mbaintear feidhm as an nath lena cur in iul go bhfuil Dia i láthair lena chabhair, le eagla a chur ar ceal (Íseáia 4:4;n 43:5, 10-11), , agus anseo go bhfuil cabhair Dé i ngoire in Íosa. Tá ról lárnach ag Peadar san eachtra, agus é ag iarraidh siúl ar an uisce mar Íosa féin. Cáineann Íosa laige a chreidimh. Nuair a bhi an bheirt slán sabháilte sa bhád chiúnaigh an stoirm de thoirt. Chabhraigh cumhacht Íosa ar an ngaoth agus an fharraige, agus fianaise an Bhíobla chuige acu, chabhraigh sin leis na deisceabail admháil gur Mac Dé dáiríre é Íosa.

Tugann an léacht cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar thrí phointe: (1) urnaí Íosa agus an lárionad atá ag an urnaí san eaglais don duine aonair agus don phobal; (2) an bád sa stoirm sa bhfarraige is íomhá é den eaglais suaite le fadhbanna i rith a staire. Ach tá Íosa i ngiorracht di i gcónaí. (3) An ról lárnach ata ag Peadar san eaglais i bplean Íosa. Rinne Íosa guí ar a shon nach gclisfeadh ar a chreideamh ach go mbeadh sé láidir le creideamh a bhráithre a neartú.

 

B.              An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:Urnai le teacht i gcabhair ar Eaglais shuaite

 

Is as an Soiscéal a bhfuil de ábhar machnaimh againn i léachtaí an lae inniu,. Agus tá an chuid is mó dá bhfuil le rá mar mhachnamh tugtha sna nótaí ar an léacht ón Soiscéal. Go traidisiúnta is íomhá den eaglais an bad san fharraige cháite. Mar a dúramar, is sampla agus teachtaireacht don eaglais guí, urnaí, Chríost. Ionann urnaí agus admháil chreidimh san eaglais mar rúndiamhair, mar bhronntnas ó Dhia nach dtuigtear ach tri chreideamh, agus gur trí urnaí a thagann beocht agus borradh innti.

            Tá an Eaglais caitliceach,  sin le rá uilí, domhanda, agus bíodh go bhfuil deacrachtaí aici  go minic ní ionann iad i ngach áit, contúirtí aici ó ghéarleanuintí agus fiú díothú ón dtaobh amuigh in áit amháin, agus ó laigí agus scannail ón dtaobh istigh in áiteanna eile. Sa seandomhan, lena mbaineann muidne, is iad na príomhfhadhbanna inniu ná easpa creidimh, cur  i gcoinne an chreidimh, foghanna ar inchreidteacht na hEaglaise  toisc na laigí agus scannail taobh istigh di. Taobh leis sin tá an lagú atá tagaithe ar ghairmeacha don sagartacht agus don bheatha ruialta, a bhi riamh mar sheirbhís don eaglais lena gcuid saothair agus mar chomhartha do phobal an chreidimh go bhfuil luachanna ann thar na luachanna daonna amháin. Tráth cuí é le guí ar Mháistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal isteach ina fhómhar, agus an Spiorad Naomh a sheoladh isteach ina eaglais le luachanna na ríochta a choimeád buan i gcroíthe na gcreidmheach. Tráth é glaoch ar na fíréin guí gan staonadh ar Dhia a eaglais a ghlanadh ó pheaca agus ó scannal, ionnas go mbeadh sí tugtha do na dea-oibreacha a thabharfadh glóir don Athair ar neamh.

© Cumann na Sagart 2017