Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 23 Iúil 2017 | Baile | Cumann na Sagart

23 Iúil 2017 (A) An Séú Domhnach Déag Saor (A)

 

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

  1. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Tús agus fás ríocht Dé agus na hEaglaise thar chuimse d’ainneoin laigí agus scannal

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (Leabhar na hEagna 12:13, 16-19). Tugann tú maithiúnas i bpeacaí. Ina chomhthéacs sa leabhar féin tá an t-údar ag cur síos faoi mar is féidir le Dia díoltas a agairt ar an Éigipt agus ar Chanán de bharr a bpeacaí iomadúla, acht tá sé trócaireach agus foighdeach agus tugann sé deis dóibh aithrí a dhéanmh agus maithiúnas a fháil. Mar shampla maidir leis an Éigipt (Eagna 11:29-30) deir an téacs: “Tá trua agat do gach uile ní mar is féidir leat gach uile ní a dhéanamh. Tá grá agat do gach uile ní atá ann agus ní ábhar déistine duit aon ní dá ndearna tú”. Uilechumhacht agus trócaire Dé is téama don chuid seo de Leabhar na hEagna, agus tá sin le sonrú go láidir i léacht an lae inniu. Tá Dia uilechumhachtach agus cúram na cruinne go léir air. Ní féidir leis breith éagórach a thabhairt. A mhalairt ar fad: is é a chumhacht tobar na córa. Ach daorann sé uabhar agus éirí in airde. Ach bíodh go bhfuil sé uilechumhachtach  is cneasta an bhreith a thugann sé agus rialaíonn sé le trócaire. Tugann a mhodh oibre ceacht don duine aonair agus don phobal a bheith cneasta agus daonnachtach. Cuireann sé dóchas i gcroí a mhuintire toisc go dtuigeann siad go bhfuil maithiunas ann dóibh ó Dhia má dhéanann siad peaca.

 

 

Salm le Freagra (Salm 85[86]). Tá tú go maith is go ceansa, a Thiarna.

 

 

Dara Léacht (Rómhánaigh 8:26-27). Déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach gcuirtear i bhfocail.Leagann an liotuirge nua an-bhéim ar fad ar chaibideal 8 den litir seo chuig na Rómánaigh Tá sleachta á léamh as san Aifreann le dhá Dhomhnach anuas agus beidh go ceann trí Dhomhnach eile.  Tá an caibideal seo lán den dóchas Críostaí a thagann ón Spiorad Naomh, dóchas don duine aonair agus dóchas fiú don dúlra, do gach ar cruthaíodh, féin. An Domhnach seo caite bhí caint ann faoin dúlra a beith curtha ó rath agus é ag  súil le dóchas go bhfuasclófaí é ón meath sin, agus freisin na creidmhigh a bheith ag cneadach ina gcroí istigh ag feitheamh go mbeadh a gcorp fuascailte. Leanann léacht an lae inniu an téacs sin. Is álainn go deo an sliocht seo. Tá sé ag cur síos ar an urnaí, an ghuí, téama atá lárnach do Phól, agus go deimhin don Chríostaíocht uile. D’fhéadfadh an téacs seo a bheith neamhspleách, seasamh dó féin, ach seans go bhfuil ceangailt aige lena ghabh díreach roimhe faoi chneadach na bfhíréan, agus fiú an dúlra féin, le teacht na saoirse is dual dóibh. Mothaíonn na creidmhigh laige faoi conas guí a dhéanamh mar is cóir, mar a oireann do thoil Dé. Ach istigh iontu tá an Spiorad Naomh a thuigeann mianta an chroí, agus a chuireann na mianta sin i mbriathra, agus tuigeann Dia féin, a chíorann croí an duine, an achainí a dhéanann an Spiorad Naomh ar son an phobail naofa, ar son an chomhluadair Chríostaí.

 

 

An Soiscéal (Matha 13:24-43). Fágtar le hais a cheile ag fás iad araon go dtí an fómhar. Táimid fós i gcaibideal 13 de Soiscéal Mhatha. Tá an caibideal go léir seo tiomanta do pharabail Íosa. Thosnaíomar an Domhnach seo caite le parabal an tsíoladóra, agus an miniú a thug Íosa go raibh sé ag baint úsáide as parabail ina theagasc. Leanann an téacs ar aghaidh inniu le trí pharabal a bhfuil mar théama acu ríocht na bhflaitheas (mar a thugann Matha ar Ríocht Dé). Samhlaoidí iad ina dhéantar comparáid idir rud eigin agus ríocht Dé. An chéad cheann ná an síol a chuir duine i ghort arbhair, agus an cogal, an fhiaile, a chuir namhaid leis chun dochar a dhéanamh dó. An ceacht atá le baint as ná go mbeidh meascán den mhaith agus den old i ríocht Dé i gcónaí, agus ní mór bheith foighdeach faoi, faoi mar atá Dia féin. Sa pharabal is é an namhaid, an diabhal a chuir an cogal. Bhí a fhios go luath ag an Eaglais gur ó Chríostaithe féin cuid den chogal.

            Maidir leis an cheacht ón dá pharabal eile is é atá ann ná an toradh ollmhór a thagann ó thús bídeach i ríocht Dé: gráinín bídeach de shíol mustaird a fhásann in ghlasra agus ina chrann, ina bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh, agus ansin an ghabháil, giosta i bplúr nó arán

 

B.              An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Tús agus fás ríocht Dé agus na hEaglaise thar chuimse d’ainneoin laigí agus scannal.

 

Prionsabal, agus le tamall anuas anuas anois nath, i  measc lucht léinn agus eile ná gur fhógair Íosa ríocht Dé agus gurb é a d’eascair as ná an  Eaglais. Is fíor ar ndóigh gur chraobhscaoil Íosa ríocht Dé agus nár bhain sé úsáid as an téarna eaglais, ná nár fhág sé aon bhunreacht don eaglais a thiocfaidh níos déanaí. Ach d’fhógair sé ríocht Dé faoi mar ba thoil leis an Athair, agus sin agus é ungtha chuige ag an Spiorad Naomh agus ag gníomhú faoi stiúir an Spioraid Naoimh. Is faoi stiuir Chriost aiséirithe, agus an Spioraid Naoimh agus le toil an Athar, a mbeidh tus agus fás ag an eaglais. Mar sin,  an méid a deir Íosa faoi riocht Dé is féidir linn sin a chur i  leith na hEaglaise mar a oireann.

            Is fíor sin ach go háirithe faoin a deirtear maidir le ríocht Dé i bparabail an lae inniu agus i bparabail eile. Bhí tús beag agus lag ag an eaglais ach fás thar chuimse agus anois tá náisiúin iomadúla an domhain ag glacadh fothaine, mar a déarfá, faoina scáth.

            Agus ní forás seachtrach amháin atá i gceist. Tá grásta Dé innti mar a bheadh gabháil, giosta, le claochlú inmheánach chun na naofachta a dhéanamh uirthi, grásta an Spioraid Naoimh a hathrú ó ghlóir go glóir, mar a chuirfeadh an tAspal Pól é.   

Sna meáin inniu ar éigin go mbíonn tagairt don Eaglais muna mbíonn scannal éigin reatha nó ón am a ghabh tharainn i gceist. Cuireann sin as go mór do chreidmhigh áirithe, ag cur ar chuid acu éirí as chleachtadh an chreidimh nó fiú drom láimhe a thabhairt don eaglais agus don chreideamh féin. Ní fhéachann siad Críost ann a thuilleadh. Do bhfiú dóibh machnamh a dhéanamh ar an parabal faoin síol maith a cuireadh agus faoin gcogal, an fhiaile. Gné den ríocht agus den eaglais iad sin, agus in mbriathra Chríost beidh sé mar sin go deireadh an domhain. Ní tionól nó buíon naomh í Eaglais Chríost, ach comhluadar ina mbeidh an t-olc agus an mhaith taobh le taobh, ag imirt ar a cheile. Ná déaradh scannail linn nach Eaglais Chríost í a thuilleadh an Eaglais. Beidh siad ann, agus ní choir go gcuirfeadh siad isteach ar an fhás agus an naofacht is dual do ríocht Dé agus d’Eaglais Naofa Chríost.

© Cumann na Sagart 2017