Machnamh ar Léachtaí an Aifrinn, 16 Iúil 2017 | Baile | Cumann na Sagart

16 Iúil 2017 (A) An Cúigiú Domhnach Déag Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

A.             An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Spreagann Briathar Dé díocas agus dóchas

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (Íseáia 55:10-11). Cuireann an bháisteach eascar sa talamh. An teideal seo a tugadh don sliocht seo, oireann sé don fháth ar roghnaíodh é, sin le rá le dul leis an parabal sa soisceal ar an síoladóir. Ach is fiú a mheabhrú go bhfuil aidhm eile ar fad leis i Leabhar Íseáia, agus sin mar chuid de chlabhsúr ar an chéad chuid de Dara Íseáia, ina bhfuil bailiúcháin fáistiní atá ag tabhairt uchtaigh do dheoraithe Iosrael sa Bhaibealóin, ag meabhrú dóibh go bhfuil Dia leo i gcónaí ina bhriathar agus lena chumhacht. I dtús an bhailiúcháin (40:7-8) meabhraítear go bhfuil an uile fheoil, an uile rud daonna, cosúil lei an bhféar. Feonn an féar, tréigeann an bláth, ach seasann briathar ár nDia go Deo. Ansin mar fhoirceann, mar dhúnadh, ar an sliocht deirtear an rud céanna, le comparáid leis an mbáisteach agus an sneachta a dhéanann an ithir réidh don síoladóir, a chuireann eascairt sa talamh: Briathar Dé a thagann as béal Dé, téann sé tríd an stair agus bíonn toradh fónta air. Cuireann an Briathar seo i gcrích an rud is toil le Dia. Ní hionann sin agus a rá go ndéanann sé go tobann nó gur trí dhraíocht éigin é. Ní mór creideamh agus foighid le feidhmiú Bhriathar Dé sa stair a thuiscint, agus pé tobann mall fíoradh na bhfáistiní seasann Briathar ár nDia go deo.

 

Salm le Freagra (Salm 64[65]). Thit an síol ar an talamh maith agus thug toradh uaidh.

 

Dara Léacht (Rómhánaigh 8:18-23). Tá an dúlra ag tnúth go díocasach le foillsiú chlann Dé. Leagann caibideal 8 den litir chuig na Rómhánaigh béim láidir ar an mbua atá ag na creidmhigh i gCríost tríd an Spiorad Naofa, ar laige na colainne agus i slíte eile. Ach ní mór an fhoighid i gcruatain an tsaoil seo, agus is beag iad san i gcomparáid leis an ghlóir a bheidh againn sa deireadh thiar le Críost. Tá an Críostaí ag tnúth leis an ghlóir sin. Spreagann an Spiorad é, an Spiorad a chuireann in iúl dúinn gur clannmhac agus clann iníonacha Dé sinn. Mothaimid go bhfuil easnamh mór orainn sa laige dhaonna seo, agus sinn ag tnúth le foilsiú ionainn an ghlóir is dual do íomhá Dé ionainn. Téann Pól níos faide ná sin sa léacht seo. Tá a bhfuil cruthaithe, an dúlra go léir, dar leis, easnamhach, agus gan a bheith de réir mar ba thoil le Dia ó thús. Cuireadh ó rath é, ní mar chuid inmheánach den dúlra, den nádúr, féin, ach cuireadh ó rath é ó chumhacht éigin, ag “an té a chuir ó rath é.” Is dócha gur Dia atá i gceist, agus gur thit an dúlra ó rath le peaca an tsinsir. Ba choir go mbeadh an dúlra féin ag tabhairt fianaise do dhínit an chine dhaonna, ag léiriú a ghlóire. Samhlaíonn Pól an dúlra féin ag cneadach ag feitheamh leis an tsaoirse is dual dó féin agus don chine daonna. Agus spreagann an Spiorad Naomh na creidmhigh a bheith ag tnúth leis an tsaoirse agus an ghlóir is dual dóibh mar íomhánna Dé agus Íosa.

 

An Soiscéal (Matha 13:1-23). Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. Sa léacht seo ón Soiscéal, tar éis an réamhrá tá trí (nó fiú ceithre) míreanna ann, iad go léir aontaithe sa teama céanna. I dtús báire tá an réamhrá a thugann suíomh pharabail an lae inniu, nó suíomh parabal go ginireálta. Is é an téarma Eabhraise taobh thiar den fhocal parabal ná maiseal, a bhfuil bríonna éagsúla ag gabháil leis, mar shampla seanfhocal, ráiteas gaoise, soiléiriú, comparáid, nó fiú dúfhocal, dúthomhas. Leagann an réamhrá béim ar mhisean Íosa teagasc a thabhairt. Ceann de na modhanna ar bhain sé úsáid astu ná an parabal, scéal le comparáid ag gabháil leis a thug ar an lucht éisteachta machnamh a dhéanamh air. Is faoi shíoladóir an parabal, agus tar éis an pharabail cuirtear ceist ar Íosa óna dheisceabail faoin gcúis ar bhaineann sé úsáid as an modh áirithe seo múinteoireachta. Is é an freagra a thugann Íosa ná go bhfuil gné, buntomhais, thar chúrsaí an tsaoil seo, le craobhscaoileadh an tSoiscéil. Baineann sé le plean shlánú Dé, rúndiamhair a bhí folaithe leis na cianta cairbeacha ach á foilsiú anois trí phearsa agus theagasc Íosa. Lena glacadh ní mór bronntanas an chredimh ó Dhia. Tá an bronntanas seo ag na hAspail agus na deisceabail. Tá rúndiamhra ríocht Dé foilsithe dóibh agus is méanar dóibh dá bharr. Ba mhian le mórán fáithe agus fíréan na nithe sin a fheiceáil agus a chloisint ach nár fhaca nó nár chuala iad. Téann an téacs ar aghaidh ansin le míniú Íosa ar an bparabal a thabhairt, soiléiriú a bheadh á thabhairt ag an luath-eaglais féin, agus malairt de ag an Eaglais tríd an stair aníos. Bheadh ar chumas an dreama a chéad chuala an parabal na híomhánna a thuiscint go héasca: na hithreacha de shaghasanna éagsúla taobh le taobh, casáin, clocha, carraigeacha, deilgnigh, screaga, maraon le ithir mhéith. Tá teachtaireacht bhuan aige sin go léir don Eaglais in aon aois agus dár linn fein. Tá meascán dá leithéid san Eaglais i gcónaí, agus ní mór an creideamh agus grásta Dé le guth Dé i mBriathar Dé a thuiscint agus a ghlacadh chugainn féin, le toradh a thabhairt i mbeatha Chríostaí.

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Spreagann Briathar Dé díocas agus dóchas

 

Tá an téama seo ag rith trí na trí léachtaí inniu agus is fiú machnamh a dhéanamh air mar tá ábhar agallaimh ann do shaol ár linne féin. Bhí pobal Iosrael ar scríobh an fáidh ar a dtugaimid an Dara Íseáia chuige in íseal brí agus faoi lag-mhisneach sa Bhaibealóin gan mórán dóchais acu go raibh todhchaí ar bith i ndán dóibh. Mheabhraigh an fáidh seo dóibh nach mar sin a bhí in aigne Dé, a mhaireann a Bhriathar de shíor. Bhí ré nua i ndán dóibh, agus gan mhoill, gealltanas a thug díocas dóibh, agus ní briatrhra baotha folamha a bhí anseo ach dóchas bunaithe ar fhírinne agus dhílseacht Dé féin. Spreagadh chun gnímh iad dá bharr.

            Mar an gcéanna le téacs Phóil chuig na Rómhánaigh, leis na tagairtí do chneadach an dúlra ag iarraidh saoirse agus foilsiu ghlóir chlann Dé. Ar uairibh sa Seantiomna féachtar ar an dúlra, ar gach ar cruthaíodh, mar bhrat glóire Dé. Brat glóire i slí é don chine daonna chomh maith, agus níl sé chomh foirfe sa ról sin agus a oirfeadh do ghlóir na gcreidmhach. Tá an dúlra easnamhach sa mhéid sin de. Dar le Pól sin toisc neach éigin, Dia is dócha, a rinne gan rath é. Tá baol ann don dúlra inniu, ní tóisc Dé ach de bharr neamh-chúram agus mí-úsáid an chine dhaonna. Tá spéis faoi leith again inniu san imshaol, sa timpeallacht, agus tá seo ag teacht go geal lena dúirt Pól. Is cuid dinn féin, brat an chine dhaonna, an timpealleacht.

            Agus maidir le íomhá an tsíoladóra de, is cuid dhílis de stair poilitíochta agus réabhlóideach na hÉireann íomhá an tsíl agus an tsíoladóra – an síol á chur ag glúnta romhainn agus an fomhar á bhaint níos déanaí. Ach maille leis sin tá Briathar Dé ann agus guth Dé tríd na haoiseanna síos. Is síoladóir fós é Íosa. Agus is síoladóir gach duine againn a chreideann i nDia agis in Íosa, síoladóir le briathar, le guth agus sampla. Ná cuireadh sé isteach orainn má thiteann cuid den tsíol ar ithreacha éagsúla, ar charraigeacha, chlocha agus eile. Mar sin a bhí riamh. Ach leanann an síoladóir leis ina shaothar.

 

 

 

© Cumann na Sagart 2017