Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 26 Meitheamh 2017 | Baile | Cumann na Sagart

25 Meitheamh 2017 (A) An Dara  Domhnach Déag Saor

 

 

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B.               An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:: Is misineach an Eaglais uile

An Chéad Léacht  (Irimia 20:10-13). Shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc. Roghnaíodh an léacht seo le gabháil leis an léacht ón Soiscéal don Domhmach  seo, léacht ina deireann Íosa lena dheisceabail bheith réidh le fulaingt, agus aghaidh a thabhairt air,  deimhin de go bhfuil cosaint acu ó Dhia,  Bhí fíor de seo go léir sa bhfáidh Irimia ina mhisean siúd. Ní raibh fonn ar  Irimia beith ina fháidh,  Nuair  ghlaoigh Dia air, d’fhreagair sé nach raibh sé oiriúnach don ghairm. Thug Dia mar fhreagra air go mbeadh sé féin leis ina shaothar le teachtaireacht Dé a fhógairt gan scáth, gan eagla. Dúirt Dia lei: “Crioslaigh tú féin mar sin chun comhraic. Éirigh agus abair leo gach a n-ordaímse duit. Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise. I dtaca liomsa de, déanfaidh mise díot inniu cathair dhaingean, cuaille iarainn, agus balla práis in aghaidh na tíre seo go hiomlán; in aghaidh ríthe Iúdá, in aghaidh a bprionsaí, a sagart agus mhuintir na tíre.  Troidfidh siad i d’aghaidh, ach ní bhéarfaidh siad bua ort, oir táimse leat agus tusa faoi mo choimirce – is é an Tiarna Dia a labhraíonn” (Irimia 1:17-19). I léacht an lae inniu, gur ceann i de an téacsanna ar a dtugtar Faoistiní Irimia, labhraíonn Irimia go balbh ar cheann de na contúirtí iomadúla a bhí aige in rith a shaoil. Ba théama lárnach ina sheanmóiracht  an pionós, an díoltas, ó Dhia a bhi le teacht ar Iúdá: “Eagla, sceimhle, ar gach taobh”.Thug sin ar a naimhde plean a dhéanamh bheith réidh le Irimia. Ach mheabhragh sé ar ghealltanas Dé é a bheith faoina choimirce, agus iarann sé ar Dhia teacht i gcabhair air, ag cur clabhsúr lena a deireanna se le duan molta Dé, mar go bhfeiceann se roimh ré go bhfuil an chabhair sin tagtha cheana.

 

Salm le Freagra (Salm 68[69]). Éist liom de réir do bhuanghrá, a Thiarna.

Dara Léacht  (Rómhánaigh 5:12-15). Ní he an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Meastar gurb  seo ceann de na sleachta is deacra den Litir chuig na Rómhánaigh. Sa sliocht seo déanann Pól codarsnacht idir thorthaí tubaisteacha pheaca Ádaimh agus an bheatha nua a thug Críost dúinn,. Labhraíonn sé ar gach duine díobh sin, Ádamh agus Críost, mar “an t-aon duine amháin”. Scaoil peaca an aon duine amháin, Ádhamh, an peaca agus an bás ar an domhan, ní peacaí aonair agus básanna aonair, ach iad araon mar fhórsaí, chumhachtaí, pearsanta, le ceannlitreacha, Peaca agus Bás, a leath ar fud  an chine dhaonna go léir. Tá Pól ag déanamh codarsnachta idir an dá fhorsa sin, agus tosaíonn sé lena bhfuil le rá aige sa bhun téacs sa litir leis na briathra: “Faoi mar ar tháinig an Peaca isteach sa saol”. Ní chuireann Pól críoch leis an gcodarsnacht sin agus dá gcuirfeadh is é a bheadh ann ná “is mar an gcéanna trí Chríost a tháinig an Bheatha”. In ionad  sin luann sé go raibh an peaca ar an saol sul ar tugadh  an Dlí (Dlí Mhaois). Coir, peaca, a bheadh ann i sáru dli Mhaois, ach bhí an peaca sa saol gan an Dlí sin. Rud nach luann Pól anseo ná prionsabal dá chuid féin atá aige in áit eile sa litir seo (Rómhánaigh 2:14-15): na pagánaigh, nach bhfuil, nó nach raibh, Dlí Maois acu, tá dlí acu in gcoinsiasaí féin a  thugann breith orthu.

             I dtús na léachta seo deir Pól gur leath peaca sin Ádhaimh (“an t-aon duine amháin”) agus an bás tríd an chine daonna, “i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca”. Sin mar a thuigtear an téacs, agus mar a dhéantar  aistriú air, inniu. Sa téacs Laidine bhi leagan eile  de ann, mar seo: “... i measc cách uile sa té (is é sin Ádhamh) ina rinne cách uile an peaca”. As sin d’eascair in am tráth an teagasc  faoi  pheaca an tsinsir. Glactar leis de ghnáth  anois nach sin a bhí ina aigne ag Pól.

            Tá croílár a bhí ina aigne ag Pól sa dara cuid den léacht seo: Ní hionann in aon chor an tabhartas trí Chriost agus coir sin Ádhaimh. Is fairsinge go mór grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú Chriost, “an t-aon duine amháin”, ná peaca Ádhaimh.

Soiscéal (Matha 10:26-33). Ná bíodh eagla oraibh rompu siúd a mharaíonn an corp. An léacht seo is cuid de theagasc Chríost don Dáréag í. Seolann sé amach iad leis an dea-scéal a fhógairt. Go dtí sin bhí Íosa á múineadh ar leithligh, go príobháideach mar a dhéarfá.  Tá misean poiblí anois acu.  Tá ráitis thosaigh na léachta ag teacht le seo,  Sort ráitis eagnaíochta atá iontu.  Baineann siad leis an ré nua atá ann don Dáreag. Deirtear leo gan eagla a bheith orthu tabhairt faoina dúshláin nua tá rompu: na rudaí a bhí folaithe go dtí seo beidh siad tugtha chun solais an lae anois, fógartha ó bharr na dtíthe  Deirtear leo bheith ullamh don ghéarleanúint, fiú don bhás, ach sólás a ghlacadh ón ghealltanas go mbeidh coimirce Dé acu. Más sólás dóibh é,  is feidir leo a mheabhrú nach mbaineann géarleanúint ach lei an gcorp, seachas an anam. Agus a thuilleadh sóláis dóibh é go bhfuil  a gcúram ar a nAthair ar neamh, gur cúram dó an t-ean is lú fiúntais sa mhargadh, an gealbhan, a dhíoltar ar leathphingin an péire. Is fiú go mór iad ná dá liacht na gealbhain, ná mórán gealbhan!! Agus sa bhreithiúnas, os comhair Athair Íosa ar neamh, beidh luach saothair nó a mhalairt acu siúd a admhaionn nó a shéanann Íosa.

            Briathra seo Íosa dá chéad dheisceabail, ina gcéad misean poiblí, is fíor iad ina slí féin do mhisinéirí agus chreidmhigh i ngach aois.

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:: Is misineach an Eaglais uile 

Le linn a bheatha phoiblí sheol Íosa na haspail leis an Soiscéal a fhógairt do chaoirigh caillte theach Iosrael, agus tar éis aiséirí dó  thug sé mar mhisean dóibh an soiscéal a fhógairt go himeall an domhain.. Agus i stair na hEaglaise  bhí an bhéim go mór mór i gcraobhscaoileadh an chreidimh ag daoine tofa, grúpa faoi leith.  Bhí an baol anseo go leigfí i ndearmad misean eile i bhfógairt an dea-scéil a bhí ann ó thosach, misean a bhí ag na creidmhigh go léir. Dúirt Críost lena lucht leanúna go léir, roimh na haspail a thogha dó, gurbh é salann na talún agus solas an tsaoil iad, agus dúirt sé leo a solas a bheith ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidis a ndeaghníomhartha agus go nglóireoidis a nAthair atá ar neamh. Ina litit siúd (1 Peadar 3:15-16) dúirt Peadar lena léitheoirí a bheith réidh i gcónai le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarann orthu bonn a thabhairt leis an dóchas atá acu, ach sin a dhéanamh le cneastacht agus le hurraim,  Is gníomhaíocht  mhisineach í sin. Mheabhraigh Peadar dóibh chomh maith (2:9) gur cine tofa iad, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh siad  éachtaí an té sin a ghlaoigh ón dorchadas amach iad chun a sholas iontaigh féin. An Eaglais, pobal Dé, bhí si misineach trína cuid sagart, na misinéirí,  agu tríd an taca airgid agus na slíte eile a thug cabhair do na misin sin. Ach lenár linn féin, i gComhairle na Vatacáine agus ina diaidh, tháinig an Eaglais ar an dtuiscint go bhfuil misean ag an Eaglais go hiomlán, mar phobal Dé, do shaol ár linne féin. Mar  a chuireann doiciméid na Comhairle ar an ngníomhaíocht  mhisiníreachta é, is misineach an Eaglais ar talamh óna nádúr féin, agus sin toisc de réir phlean an Athar go bhfuil tús lei i misean an Mhic agus Spioraid Naoimh grá Dé don uile dhuine agus do gach cine a fhógairt, agus gur feasach í dá bhri sin go bhfuil saothar ollmhór misinéireachta fós le déanamh aici. Tá easpa creidimh i nDia ag treisiú agus tá gníomhaíocht láidir aindiachais ar an bhfód. Is misineirí na creidmhigh de bharr a n-eolas ar shaibhreas na hoidhreachta Críostaí atá acu agus trí bheatha a chaitheamh dá réir. Ba chóir gur feasach iad ar an mbunathrú  atá ag teacht  ar an saol go léir  le teicneolaíocht agus eile, agus ansin iarracht a dhéanamh le nach mbeadh mná agus fir ár linne féin ag iompú ó Dhia trí bheith gafa an iomad le eolaíocht agus teicneolaíocht an lae inniu.

© Cumann na Sagart 2017