Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 18 Meitheamh 2017: Solúntas Chorp Chríost | Baile | Cumann na Sagart

Meitheamh 18 2017 (A) Solúntas Chorp Chríost

 

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B: An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Teachtaireacht na hEocairiste dúinn inniu

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (Deotranaimi 8:2-3, 14-16). Chothaigh sé thú le manna narbh eol duit féin ná do d’aithreacha. Cuid lárnach de thraidisiún cráifeach Iosrael an daichead bliain a chaith sí san fhásach. Tá iliomad insinte agus athinsinte de againn sa Bíobla, sa Seantiomna agus sa Tiomna Nua. D’féadfaí amhairc ar an tréimhse mar ré idéalach, nuair nach raibh aon déithe bréige ag cur isteach ar an gcaidreamh idir Iosrael agus a Dhia, agus is mar sin atá sé go minic ag na fáithe. Rudaí suntasacha sa chuimhne ón ré san fhásasch ná an tart agus an t-ocras a bhí ar phobal Iosrael agus faoi mar ar tugadh leigheas air sin ó Dhia leis an manna agus an uisce ón gcarraig. D’féadfaí scéal na ré san fhásach a chur i láthair agus a thabhairt chun cuimhne i modhanna éagsúla. Tá ceann díobh sin again inniu: le Iosrael a umhlú, le ceacht a mhúineadh dóibh agus iad a phromhadh, féachaint an bhfuil siad dílis do Dhia ina gcroi istigh, le aitheanta Dé a choimeád. Leagtar an bhéim sa léacht seo ar an manna, a thug bia dóibh, agus an ceacht a bhí le foghlaim as sin agus an promhadh a chuir Dia orthu, lena mheabhrú dóibh nach ar an arán amháin a mhaireann an duine ach ar gach ní a thagann ó bhéal Dé. Is é an ní a thagann ó bhéal an duine nó ó bhéal Dé  ná an briathar, agus is é briathar Dé a aitheanta agus gach briathar eile a thagann trí na fáithe agus eile. Baineann Íosa úsáid as an téacs seo ina fhreagra ar Shátan i bhfásach eile.

            Bhí an baol ann go ndéanfadh glúin nua dearmad ar a rinne Dia dóibh á dtabhairt amach as  daoirse na hÉigipte nuair  a fhágfaidis ina ndiaidh bochtanas an fhásaigh agus a bhain leis ar theacht isteach dóibh i dtalamh mhéith na Pailistíne agus rachmas nua bainte amach acu. Tá mion-chur síos ar sin sna véarsaí atá fágtha ar lár roimh an paragraf deiridh de léacht an lae inniu. Sa paragraf deiridh seo leagtar béim ar dhílse do Dhia Iosrael agus gan an dearmad sin a dhéanamh.

           

Salm le Freagra (Salm 147). Mol an Tiarna, a Iarúsailéim.

 

Dara Léacht (1 Corantaigh 10:16-17). Ós aon bhuilín amháin é, níl ionainne, dá líonmhaire sinn, ach aon chorp amháin. Léacht ghairid, ghonta atá anseo a bhfuil teachtaireacht dhomhain aici, ceann a thuigtear níos fearr ach  í a shuíomh i gcúlra na litreach í féin. Tagann sé thart ar dheireadh sleachta ina dtugann Pól rabhadah do Chríostaithe na hEaglaise  sa Choraint faoin bhaol atá ann bheith mídhílis dá ngairm mar Chríostaithe. Tugann Pól samplaí as na luathchleasanna ina chleachtann na hiomaitheoirí an mheasarthacht leis an chraobh a bhaint amach. B’fheasach go maith do na Corantaigh luath-scéal Iosrael, an tsaoirse ón Éigipt, gabháil trasna na Mara  Rua faoi Mhaois, bronntanas an uisce agus an mhanna san fhásach -- fíoracha iad uile de bhaisteadh i gCríost, den bhaisteadh féin agus den Eocairist. Ba lánfheasach iad chomh maith faoi pheacai Iosrael san fhásach céanna, an drúis agus an íoladhradh agus an monabhar, agus mar a ghearr Dia pionós trom orthu. Mar shampla agus mar rabhadh  do Chríostaithe a scríobhadh na nithe sin, meabhraíonn Pól, le go dtuigfeadh an té ar dóigh leis go bhfuil sé ina sheasamh aire a  thabhairt ar eagla go dtithfeadh sé. De  réir dealraimh bhí roinnt de na Críostaithe sa Choraint ag gnáthú fós béilí pagánacha ina raibh déithe bréige á n-adhradh. B’ionann  comaoin sa bhéile sin agus comaoin leis an gcreideamh pagánach agus leis na déithe sin.

            Agus eolas an chúlra sin againn is féidir linn an méid a deir Pól go gonta i léacht an lae inniu a mheas. Tugann an Eocairist slat tomhais don chreidmheach conas cúrsaí a mheas. Téarma teicniúil a bhí i “cupa an altaithe”, a bhí á úsáid sa liotúirge Giúdach i ríotas na Cásca agus a tháinig as sin isteach sa liotúirge Críostaí san Eocairist. Ionann “cupa an altaithe” agus an cupa fíona a thugaimid búiochas do Dhia dá bharr. Cailís an fhíona san Eocairist atá ann, a dhéanann páirteach sinn le fuil Chríost san Eocairist. Mar an gcéanna leis an builín aráin san Eocairist. Creideann na Críostaithe gur fuil agus corp Chríost atá sa bhfíon agus san arán. Aontaíonn siad le Críost, déanann sé páirteach le Críost, sinn.  Comhartha an t-aon bhuilín aráin gur aon rud amháin na Críostaithe, aontaithe le Críost agus lena chéile. Do na Corantaigh an tráth sin, ba shoiléir nach bhféadfaí aon bhaint a bheith acu le híoladhradh

nó le drúis, ach le naofacht. Tá an léacht seo oiriúnach do theachtaireacht Fhéile Chorp Chríost in aon aois.

 

An Soiscéal (Eoin 6:51-58).  Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola. Seo cuid den mhír dheiridh de aitheasc fada ar Íosa mar Arán na Beatha, an Manna Nua a tháinig anuas ó neamh le beatha a thabhairt don domhan. Sa chéad chuid de bhí Íosa ag caint faoi féin mar Arán na Beatha ina phearsa agus ina theagasc. Tá an mhír seo ag tagairt do Íosa san Eocairist, agus faoina chorp a ithe agus a chuid fola a ól. Is é an t-arán a thugann sé ná a fheoil ar son bheatha an domhain. Leagann Íosa i Soiscéal Eoin béim láidir ar an aontacht idir Íosa agus an Athair agus eatorthu araon agus an té a chreideann ann. Tá an téama sin le sonrú anseo chomh maith. Sheol an tAthair Íosa uaidh agus is beo Íosa tríd an Athair, agus mar an gcéanna is beo tri Íosa an té a itheann é san Eocairist. Is gealltanas den bheatha shíoraí é. Tá béim sa léacht seo ar láithreacht réalta Íosa san Eocairist, ach ní mór ráitis mar “a fheoil a ithe” agus “a fhiol a ol” a thuiscint go saicraimintiúil.

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Teachtaireacht na hEocairiste dúinn inniu

 

Ba í an Eocairist foinse agus ceartlár na Críostaíochta tríd na haoiseanna síos, agus fós is mar sin atá. Tugann machnamh ar an rúndiamhair chun cuimhnimh an t-éileamh a dhéanann sí beatha Chríostaí dá réir a chaitheamh, mar a dhéanann machnamh ar Íosa Críost féin. Mar a luadh thuas, ba é an Suipéar Déanach an béile deiridh a ith Íosa lena mhuintir féin, agus tugann sé chun cuimhne intinn Íosa sna béilí sin, ag ithe leo siúd a bhí san imeall agus a leithéid. Tugann Íosa i Soiscéal Marcas cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar bhríonna iomadúla na hEocairiste. Tar éis mhiorúilt iolrú an aráin, in aistear farraige trasna Mhuir na Gailíle luann Marcas go raibh dearmad déanta ag na hAspail arán a thabhairt leo, seachas aon bhuilín amháin. Tugann Íosa foláireamh dóibh bheith aireach faoi ghabháil, giosta, éagsúla. Mheas na hAspail gur ag tagairt a bhí sé don easba aráin a bhí acu, ach meabhraíonn Íosa dóibh an mhiorúilt ar iolrú an aráin, agus tugann le cuimhne dóibh an easba tuisceana atá acu ar an mhiorúilt sin (Marcas 8:14-21). Téacs deacair le tuiscint é sin, ach dealraíonn sé go bhfuil Íosa ag tabhairt cuireadh don Eaglais agus dúinn uile machnamh a dhéanamh ar a bheatha agus a shaol faoi mar ar thug sé bia don chorp leis an arán a iolraigh sé, bia don anam san Eocairist, a chúram orthu siúd atá sna himill agus faoi mhíchumas de shaghas ar bith. Tugann an Eocairist na fírinní sin go léir chun cuimhne.

            An téama a bhí ann don Chomhdháil Eocairisteach Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath i 2012 ná “An Eocairist: Comaoin le Críost agus lena chéile”. Tá sin ag teacht go hálainn le liotúirge Aifreann an lae inniu. Tá Críost beo san Eocairist mar fhoinse do chaidreamh, comaoin, phearsanta le Dia agus lena chéile, mar chlann mhac agus chlann iníonacha Dé, bráithre agus deirfiúracha Íosa.

            Is rúndiamhair dhomhain í láithreacht réalta Chríost faoi ghnéithe aráin agus fíona, nach glactar lei ach trí chreideamh. Ní inné ná inniu a thosaigh an t-amhras faoi. Tar éis a sheanmóra i gCafarnáum air féin mar arán na beatha, bhí na Giúdaigh (nár chreid ann) ag aighneas le chéile á rá: “Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?” Lean Íosa ar aghaidh lena théama faoi féin agus ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: “Is crua an chaint í seo, agus cé a d’fhéadfadh éisteacht lei?” Mar fhreagra dúirt Íosa: “An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh? Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine (Íosa féin) ag dul suas mar a raibh sé cheana?” Tharraing a lán dá dheisceabail siar, agus níor leanadar é a thuilleadh (Eoin 6:52-65).  Tuigimid rúndiamhair na hEocraiate níos fearr má dhéanaimid machnamh uirthi i gcomthéacs Íosa fior-Dhia agus fíor-dhuine, a dheascabháil chun na bhflaitheas agus é ar dheasláimh Dé. Tríd na haoiseanna síos ghlac an Eaglais le briathra Íosa ar an arán agus an fíon, tar éis a gcoisreacan, bheith go fíor, go réalta, mar a chorp agus a fhuil, agus as sin lean an deabhóid don sacraimint ró-naofa. Slíte a ba iad ina chuir na fíréin in iúl a gcreideamh do láithreacht réalta Íosa san Eocairist. Nuair a shéanadh

an creideamh sin faoi láithreacht Chríost ag Berengarius, dhearbhaigh and Eaglais sa bhliain 1079 go ndéantar an t-arán agus fíon a athrú go substaintíul go Corp and Fuil Críost, a dhearbhaíodh arís i gComhairle Trionta, teagasc atá le fáil i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlicí (alt 1413): “Tríd an choisreacan cuirtear i gcrích tras-substaintiú an aráin agus an fhíona i gCorp agus i bhFuil Chríost”.

© Cumann na Sagart 2017