Machnamh ar léachtaí an Aifrinn 23 Lúnasa 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

23 Lúnasa 2015 (B) An tAonú Domhnach Fichead Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Inspioráid ón mBíobla do theaghlaigh Chríostaí inniu

 

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad Léacht (Iósua 24:1-2, 15-18). Déanfaimid fónamh don Tiarna óir is é ár nDia é. Tá Leabhar Iosúa ag ríomh ghabháil Thír Tairngire, Thír Canán, ag na hEabhraigh faoi cheannasaíocht Iósua, comharba Mhaois. Nuair a measadh go raibh an concas críochnaithhe bheartaigh Iósua go ndéanfadh an pobal buach conradh le Dia cosúil leis an gceann a rinne a sinsir ag Sinai faoi Mhaois. Ina aitheasc tugann Iósua chun cuimhne do threibheanna Iosrael agus dá seanóirí luathstair a gcine agus adhradh “taobh thall den Abhainn” (An Eofrait), sa Mheaspatáim, agus na déithe bréige atá mór timpeall orthu anois sa Phailistín, “déithe na nAmóríteach”. Iarrtar ar phobal Iosrael rogha a dhéanamh faoin fhónamh creidimh is toil leo déanamh, do na déithe sin nó do Dhia Iosrael. Déanann Iósua féin admháil chreidimh don Tiarna, Dia Iosrael. Bhí tús le ré nua ann anois sa Tír Tairngire, toisc a ghlaoigh ar adhmáil chreidimh úr. D’fhreagair an pobal mar a rinne Iósua: “Déanfaimidne mar an gcéanna fónamh don Tiarna óir is é ár nDia é”. Roghnaíodh an sliocht gairid seo do liotúirge an Domhnaigh seo le dul leis an Soiscéal ina dhéanann Peadar admháil chreidimh in Íosa thar cheann an Daréag.

 

Salm le Freagra (Salm 33[34]). Blaisigí agus féachaigí a fheabas atá an Tiarna.

 

Dara Léacht (Eifisigh 5:21-32). Is mór an rúndiamhair é seo, ach is á thagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais. An téacs seo is tús é do shliocht fada (Eifisigh 5:21-6:9) faoi rialacha teaghlaigh, a bhfuil mar chuspóir acu an teaghlach Críostaí a riaradh. Cuireadh an téacs seo le chéile de réir mar a bhí an Eaglais ag dul i méid sa dara nó sa tríú glúin dá saol, agus a bhí anois mar chuid den tsochaí Ghréag-Rómhánach. Dealraíonn sé go bhfuil an téacs bunaidh den chód seo le fáil sa litir chuig na Colasaigh 3:8-4:2, téacs a bhfuil tionchar aige ar an sliocht seo agus ar 1 Peadar 2:18-3:7 (feic chomh maith Títeas 2:1-10). Tá spéis dá leithéid i gcódanna teaghlacha le sonrú i scríbhinní lucht léannta teorice poilitiúla agus in aos léinn eitice den tsean-ré sin. Is mar sin a bhí toisc gur fhéacadh ar an dteaghlach mar bhunchloch do leas na sochaí agus an phobail. Tá noirm do shaoil agus shochaí na tréimhse sin le braith ar théacsanna seo an Tiomna Nua, ach déantar iad sin a shuíomh anois taobh istigh de chreatlach na físe nua Críostaí. Leanann as seo go léir go bhfuil cuid áirithe dá bhfuil sna rialacha, na noirm, teaghlaigh seo den Tiomna Nua le meas de réir mheon agus chultúir na haoise inar cumadh iad agus anois as dáta, ach go bhfuil brí bhuan leis an chuid is mó díobh leis an teaghlach agus an pobal Críostaí a thuiscint. Ag teacht le dáta agus cultúr a gcumtha tá áit agus ról an fhir lárnach, agus moladh ann na mná bheith faoi smacht a gcuid fear i gach ní. Ach san ábhar seo ní dochar a mheabhrú gur fhan stádas an fhir chéile mar cheannasaí i réim i dhlí an phósta in dtíortha in aice linn go dtí an naoú céad déag. Ag teacht leis an aois inar cumadh  téacs an Tiomna Nua tá tagairt ann do sclábhaithe chomh maith. Ach bíodh go bhfuil gaol ag an téacs seo le códanna teaghlaigh na haoise inar cumadh é, tá sé suite taobh istigh de bhunphrionsabail an tSoiscéil, agus tosaíonn leis an ceann is bunúsaí ar fad: “A bhráithre agus a shiúracha, bígí géilliúil dá chéile le homós do Chríost”, agus ag cur béime ag deireadh ar naofacht an phosta idir fhear agus bhean agus ar a ngrá dá chéile, samhail é seo den ghrá idir Chríost agus an Eaglais, a bhrídeach. Rúndiamhair dhomhain an pósadh Críostaí, ag tagairt do Chríost agus don Eaglais.

 

An Soiscéal (Eoin 6:60-69). Cé chuige a rachaimid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí. Seo í an cúigiú agus an léacht Dhomhnaigh dheiridh faoi Íosa mar arán na beatha, léachtaí a tógadh as soiscéal Eoin i mbliain seo Mharcais. Thosaigh na léachtaí le míorúilt iolrú na mbuilíní, agus ina dhiaidh sin tagann comparáid idir Íosa mar arán na beatha leis an manna sa traidisiun Giúdach. Ina dhiaidh sin bhí aitheasc Íosa faoi féin mar an t-arán beo, ráiteas a chuir tús le ceistiúchán ag na Giúdaigh (i léacht an Domhnaigh seo caite) faoi conas a fhéadfadh Íosa a fheoil féin a thabhairt le hithe. Deir léacht an lae inniu linn go ndeacha an ceistiúchán agus an t-amhras seo ar aghaidh chomh fada le deisceabail Íosa féin, faoi fheoil Íosa a ithe agus a chuid fola a ól, agus cuid acu á rá: “Is crua an chaint í seo, agus cé a fhéadfadh éisteacht leis?|” Tá freagra Íosa pas beag dorcha, dúfhoclach: “Agus cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana?”, clásal coinníolach gan príomhabairt. D’fheadfaí an phríomhabairt a líonadh isteach i slíte éagsúla: beidh an coir, an cion, níos troime, nó níos éadroime, nó an dá rud le chéile -- beidh deascabháil Mhic an Duine chomh mistéireach lena theacht anuas ó neamh agus le tógaint a fheoil agus a chuid fola mar bhia. Sa chomhthéacs Eocaristeach seo dealraíonn sé gurbh í an bhrí ata leis an téacs ná seo: Mar a dúirt sé cheana, is é Íosa an tArán Beo a seoladh ó neamh ag an Athair. Nuair a ghleoireofar é trína bhás agus a aiséirí rachaidh sé suas mar a raibh sé cheana agus cuirfidh sé uaidh an Spiorad Naomh. Ní foláir an méid a dúirt sé faoin Eocairist a thuiscint in éineacht le rúndiamhair an ioncollaithe, trí chreideamh, tríd an Spiorad a thugann an bheatha; níl aon éifeacht san ábhar seo ag an réasúnaíocht dhaonna (“an fheoil”). Ní thagann creideamh i láithreacht Íosa sa Eocairist ach trí bhronntanas ón Athair. (“Ní féidir d’aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m’Athair”). Bhí an méid a dúirt Íosa faoina láithreacht san Eocairist ró-chrua do a lán dá lucht leanúna agus thréig roinnt acu é. Ach níorbh amhlaidh don Dáréag (Aspal). Thar a gceann, faoi mar a rinne sé ag Caesairia Philib, déanann Peadar admháil chreidimh in Íosa.Tá teachtaireacht, briathra, na beatha síoraí ag Iosa. Tuigeann an Dáréag gurbh é Íosa Aon Naofa Dé – an tArán Beo a tháinig anuas ó neamh le beatha a thabhairt don domhan.

 

 

B. An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Inspioráid ón mBíobla do theaghlaigh Chríostaí inniu.

 

1.Ó reifreann agus ó chúrsaí polaitíochta tá a fhios againn go maith inniu go bhfuil níos mó ná sainmhíniú amháin ar cad is teaghlach agus pósadh ann. Ach ag an Eaglais Chríostaí tá an tuiscint chéanna den teaghlach aici agus a bhí ann trid na haoiseanna síos. Agus sa tuiscint sin dearcadh ar an dteaghlach mar bhunchloch den tsochaí, den phobal, reiligiúnda agus sibhialta, agus dá bharr sin ón chianaimsir bhí rialacha agus códanna iompair priobháideacha ann ina thaobh. De réir mar a bhí an Eaglais ag dul i dtreise agus ag táthú, ó chreidmhigh aonair go teaghlaigh iomlána, chuir sí códanna dá leithéid le chéile dá baill féin. Tá samplaí de roinnt díobh i litreacha an Tiomna Nua a fhéadfadh bheith fós mar threoir agus mar inspioráid do theaglaigh Chríostaí inniu, ag tabhairt airde cuí ar na tosca atá athraithe go mór tríd an dá mhíle bliain idir an lá inniu agus an tráth inar cumadh na scríbhinní sin.

 

2.Cuireadh roinnt de chódanna sin an Tiomna Nua le chéile do theaghlaigh a bhí sínte agus measctha, leis an athair agus an mháthair i lárbhaill, agus chomh maith le sin, mar a bhí sa tsochaí phagánach Rómhánach, sclábhaithe agus a máistrí ann chomh maith.

 

3. Sa sean-ré sin, maidir leis an teaghlach, san Eaglais Chríostaí, ba chuma faoin ghaol a bhí ann taobh istigh den ghrúpa, agus faoi cé a bhí umhal agus ag tabhairt omóis do cé hé (bean chéile don fhear céile, sclábha do mháistir), do gach aoinne bhí pearsa Chríost agus a theagasc faoi ghrá an chomharsa lárnach. Bheadh cuimhne ag baill an teaghlaigh ar a dúirt Íosa leis na sluaite agus lena dheisceabail i Matha (Matha 23:8-12): “Ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t-aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile. Agus ná glaoigí bhur ‘n-athair’ ar aon duine ar an talamh, óir níl agaibh ach an t-aon Athair, an té atá ar neamh. Agus fós ná bíodh múinteoirí á thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t-aon Mhúinteoir, an Críost. An té agaibh is uaisle, beidh sé na sheirbhíseach daoibh. Agus cibé duine a ardóiodh é féin, isleofar é, agus cibé duine a isleoidh é féin ardófar e”. Agus ní bheadh dearmad déanta ach an oiread ar chomhairle Phóil chuig na Filipigh (Filipigh 2:2-4): “Cuirigí barr ar mo chuid áthais trí bheith ar aon aigne le chéile. Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh a mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin. Ná bíodh aon duine ag cuimhneamh ar a leas féin amháin ach ar leas na gcomharsana chomh maith”. Bheadh treoir le fail óna leithéid de théacsanna nuair a bhí na códanna teaghlaigh á gcur le chéile de réir prionsabal a raibh glactha leo san am maidir le mná chéile agus páistí a bheith umhal agus omósach, ach an cód anois sa chomhthéacs Críostaí bheadh spiorad nua ag gabháil leo, mar ina dtús deirtear le gach aoinne (Eifisigh 5:21): “Bígí géilliúil dá chéile le homós do Chríost”. Tugann an t-omós seo do Chríost gné nua ar fad isteach sna caidrimh seo sa teaghlach. Tugann an t-omós meas don duine eile, ag tabhairt airde le fás agus dul chun cinn an duine sin sa bheatha Chríostaí agus ina mbeatha phearsanta. Tá mír sna códanna ársa sin (nach mbaineann leis an lá inniu) ar sclábhaithe agus a máistrí. Cuireann na téacsanna Críostaí clásal isteach go bhfuil siad araon freagrach do Dhia, agus beidh luach saothair nó pionós acu ó Dhia mar a oireann. Deirtear leis na máistrí gan bheith ag bagairt ar na sclábhaithe, agus a fhios a bheith acu go bhfuil an Máistir céanna acu agus acusan ar neamh agus gur cuma leis siúd duine seachas a chéile (Eifisigh 6:9)

 

4.Ceist eile ná conas inspioráid a bhaint as na léachtaí sin i gcóir teaghlaigh an lae inniu. Ní foláir do phearsa Chriost agus gach a leanann as a bheith i lár baill. Inniu tá a lán páistí a rachaidh ar Aifreann an Domhnaigh lena dtuismitheoirí fad is mionúir iad, ach nach dtéann a thuilleadh ina dhiaidh sin, bíodh nach ionann sin agus an creideamh a shéanadh. Bheadh gairm ag tuismitheoirí a ndícheall a dhéanamh lena gclann a ullmhú leanúint leis an urnaí nuair nach páistí nó mionúir iad a thuilleadh, fiú muna dtéann siad ar an Aifreann. Ní bheadh úsáid leabhar bhig urnaí as an áireamh. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an gceist faoi conas eolas ar an gcreideamh a thabhairt do dhaoine óga fásta thar mar is féidir a thabhairt ag Aifreann an Domhnaigh. D’fhéadfadh tuismitheoirí iarracht a dhéanamh slíte a aimsiú conas sin a dhéanamh. Is féidir le leabhair agus eagrais a phléann leis an fhadhb seo cabhair a thabhairt. Ach fanann ról an teaghlaigh Chriostaí lárnach i gcónaí, tuismitheoirí agus páistí mar aonad amháin, le teacht ar eolas níos doimhne ar an gcreideamh agus é a sheachadadh – an creideamh i gCríost agus san Eaglais.

 

 

(I gcóir machnamh ar Shoiscéal an lae inniu agus an Eocairist feic faoin Domhnach seo caite An 20ú Domhnach den Bhlian (B), 16 Lúnasa 2015: An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Íosa Críost Arán na Beatha. Slánú. Monabhar. Comhartha a shéanfar; agus freisin: An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae, 17ú Domhnach Saor(B) , 26 Iúil 2015: An Eocairist: Cuimhneachán ilghnéitheach ar Íosa agus dá sheasann sé. 

© Cumann na Sagart 2017