Machnamh ar léachtaí an aifrinn, 5 Iúil 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

5 Iúil 2015 (B) An Ceathrú Domhnach Déag Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad Léacht  (Ezicéal 2:2-5). Is sotalach an pobal iad; tabharfar le fios dóibh go raibh fáidh ina measc. Tógadh an fáidh Ezicéal i mbraighdeanas nuair a chéad tógadh Giúdaigh i ndeoraíocht sa bhlain 597 roimh Chríost. Bhí treascairt iomlán ríocht Iúda  agus Iarúsailéim ag fórsaí na Baibealóine agus an deoraíocht mhór chun na Baibealóine le teacht deich mbliana níos déanai. Thug comharbacht fáithe ón mbliain 740 roimh Chríost i leith (Íseáia, Hóisé, Amós, Míoca, Irimia) rabhadh do Iosrael go raibh a neamhaird ar theachtaireacht Dé le tubaiste a thabhairt orthu. Bhí, agus bheadh, guth fáidhiúil Dé ann dóibh, cuma an éistidís nó ná héistidís. Leis an gcéad braighdeanas seo chun na Baibealóine ba shoiléir go raibh an ceart ag na fáithe. Níorbh fholáir seo a mheabhrú d’Iosrael, de bhrí go raibh guth na bhfáithe le hathrú anois ó fhógairt léirscriosta go teachtaireacht mhuiníne san ré le teacht. Dealraíonn sé go raibh na Giúdaigh i mbraighdeanas na Baibealóine chomh dáigh leis an cluas bhodhar  a thabhairt do bhriathar Dé agus a bhí a sinsir sna glúinte rompu. I léacht an lae inniu tugtar ordú ó Dhia do Ezicéal labhairt amach go neamhbhalbh lena chomhthírigh. Tugann spiorad Dé ag labhairt trí Ezicéal “mac an duine” air. Ní teideal meisiasach atá anseo (murab ionann agus sna soiscéil), ach comhartha gur duine daonna atá sa bhfáidh, i gcodarsnacht le spiorad Dé atá ag labhairt tríd. Tugtar ceannarcaigh, grúpa sotalach ceanndána, ar na Ghiudaigh sa deoraíocht, agus orthu siúd fós i dtír Iúda is dócha. Ní mór do fháidh Dé teachtaireacht Dé a fhógairt dóibh pé acu is mian leo glacadh leis nó nach mian. Tá beart, plean, ag Dia dá phobal, agus ní féidir lena theachtaire géilleadh do aon bhrú reatha a bheadh ag feidhmiú ina éadan sin, le fios a thabhairt don dream ceannairceach sin go raibh, agus go bhfuil, fáidh ina measc. Níos déanaí sa deoraíocht sin, tar éis na tubaiste uafásaí a bhuail iad agus a dtír dhúchais, thuig na Giúdaigh an dul amú a bhí orthu, agus rinneadaar aithrí, ag ullmhú don teachtaireacht a bhí le teacht roinnt de bhlianta ina dhiaidh sin tríd an Dara Íseáia agus a chuid fáistiní faoin ré nua, an chruthaíocht nua,  an todhchaí ghlórmhar a bhí i ndán do phobal De,  agus don chine daonna.

 

Salm le Freagra (Salm 122[123]). Faireann ár súile an Tiarna nó go ndéana sé trócaire.

 

Dara Léacht (2 Coirinthigh 12:7-19). Maífidh mé go fonnmhar as mo laigí, ionas go lonnódh cumhacht Chríost orm. Sa chuid deiridh seo den litir chuig na Coirintigh (caibidil 10-13), a scríobhadh sa bhliain 56-57,  tá Pól ag plé le fadhbanna a bhí ag cur as don eaglais a bhunaigh sé cúig bhliain nó mar sin roimhe sin. Bhí naimhde agus freasúra de shaghasanna éagsúla ann  dó, nach fios dúinn go beacht cérbh iad. Mar fhreasúra bhí grúpa amháin, ar féidir a rá ón litir, a thug le fios gurbh Eabhraigh, Iosraeligh, de shliocht Abrahám iad, is é sin le rá Giúdaigh, ach chomh maith sin searbhóntaí do Chríost, is é sin le rá Críostaithe. Sna blianta sin bhí an Phailistín agus Iúda corraithe go maith in éadan réimeas na Róimhe, agus na Díograiseoirí, na Zeilóitigh, i mbun oibre le foréigean. Seans go raibh Díograiseoirí Giúdacha den chreideamh Críostaí ann chomh maith ag iarraidh dílse do dhlí Mhaois a chur  i bhfeidhm ar lucht leanúna Chríost abhaile agus thar lear, agus gurbh iad a bhí mar fhreasúra ag Pól i gCoirint. Ach ar easpa fianaise níl anseo ach tuairmíocht. Ar aon chuma bhí na daoine seo á gcur fein i láthair mar iomaitheoirí do Phól, agus bhí cuid eile ag caitheamh amhrais ar a dhintiuirí mar aspal (níorbh duine den Daréag é mar shampla). Déanann Pól a stádas  mar aspal a chosaint, agus ríomhann sé ar fhulaing sé ina mhinistreacht mar aspal. Luann sé chomh maith aislingí (físeanna) agus foillsithe an Tiarna a fuair sé, agus gur ardaíodh é uair amháin go hairde na bhflaitheas (“go dtí an tríú neamh”). Nuair a chéad-chraobhscaoil Pól an dea-scéal do na Coirintigh mheabhraigh sé dóibh  gur de bhrí nár éirigh leis an saol, trína chuid eagna, aithne a chur ar Dhia, a thograigh Dia an saol a shlánú ní trí mhíorúilti, ar ghean le Giúdaigh, ná leis an eagna dhaonna a bhí faoi ardmheas ag Gréigigh, ach le díth céille na croise. Thuig Pól chomh maith go raibh bás (na croise) agus aiséirí  Chríost ag feidmhiú ina mhinistreacht agus i mbeatha na hEaglaise. Bhí an baol ann go gcuirfeadh na heispéarais mhistiúila sin a bhí  ag Pól éirí in airde air, ach le cosc a chur air sin thug Dia “bior sa bheo”, “sa cholainn” dó, fadhb éigin sa mhinistreacht, nó éalang éigin nach fíos dúinn. An freagra a fuair sé ar a achainí ar Dhia é a shaoradh úaidh seo ná go dtaispeántar cumhacht Dé i mhinistreacht Phóil trí laige dhaonna an aspail. Tagann an bua agus an rath ó  Dhia, seachas ón saothar daonna. Tugann seo go léir Pól go bunphrionsabal a chuid ministreachta: bheith lúcháireach faoina laigí, faoi na tarcaisní, géarleanúintí agus eile a fhulangaíonn sé ar son Chríost, mar nuair a bhíonn sé lag sin é an uair a bhíonn sé láidir.

 

An Soiscéal (Marcas 6:1-6). Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin. Sa chuntas gairid seo cuireann Marcas chun suntais aris ar a  thábhachtaí, nó fiú a riachtanaí,  is atá an creideamh le Íosa agus a theachtaireacht a thuiscint. Ina bhaile dúchais (Nazarat, bíodh nach dtugann Marcas a ainm dúinn) bheadh tuairiosc faighte ar na míorúiltí agus ar an teagasc a rinne Íosa i gCafarnáum agus thart timpeall  ar Mhuir na Gailíle.  I dtosach bhí  dub-iontas orthu faoina theagasc agus na cuntais a chualadar faoi. Ansin chuireadar an cheist bhunúsach: Cad as a  tháinig sin go léir? Bhí aithne acu air ar an leibhéal daonna: mac le Muire.(Ní luaitear Iósef; cén fáth sin hí heol dúinn. B’fhéidir go raibh sé marbh.) Luaitear bráithre agus siúracha Íosa, agus tugtar ainmneacha na mbráithre. Sa traidisiún Protastúnach  clann mhac agus clann iníonacha Mhuire iad sin, tuairim nach glactar lei ag Caitlicigh, ná ag Ceartchreidmhigh, de bharr a dtuiscint ar óghacht bhuan Mhuire. D’fhéadfadh sé bheith gur clann le Iósef iad ó chleamhnas níos luaithe, traidisiún a bhí le fáil cheana sa dara céad. Bheadh a fhios ag léitheoirí Mharcais faoi údar theagasc agus mhíorúiltí Íosa: ungadh  ón Spiorad Naomh. De bharr easpa creidimh níor glacadh le hÍosa ina bhaile dúchais féin, agus ba mhar sin tríd an stair síos. Trí chreideamh déantar “comharthaí” de  mhíorúiltí, comharthaí de phearsa agus de shaothar Íosa, agus in éagmais an chreidimh seo níl aon bhrí leo. Mar sin, deir Marcas nach bhféadfadh Íosa aon mhíorúilt a dhéanamh ansiúd.

 

B.              An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Tá guth, glor, fáidhiúil, Dé i láthair sa domhan i gcónaí, is cuma an gean le daoine sin nó nach gean.

 

Tugadh ordú ó Dhia don fháidh Ezicéal teachtaireacht Dé a fhógairt don phobal, dá phobal, ba chuma an éistidís nó nach éistidís, le go mbeadh a fhios acu go raibh                           fáidh ina measc. Tá guth fáidhiúil Dé i láthair san Eaglais agus sa domhan i gcónai, bíodh gur mian le roinnt áirithe nach amhlaidh a bheadh. Tá sé i láthair san Eaglais ach go háirithe sa cheiliúradh liotúirgeach, go mór mór  rith an Aifrinn, mar is é Íosa féin atá ag fógairt a Shoiscéil nuair a bhíonn na Scrioptúir á léamh san Eaglais. I Leabhar Ezicéil tugtar ceannarcaigh orthu siúd a dhiúltaigh éisteacht le guth Dé a tháinig chucu trid an fháidh. In aois ar bith, agus go mórm mór san aois seo againne, tá a lán ann a dhiúltaíonn glacadh le aon ghuth ó thaobh amuigh de seo gur feidir brath le is céadtaí. Feictear ar a leithéid mar cur isteach nach féidir glacadh leis. Ach leanfaidh guth Dé ag teacht, ní mar bhuannaíocht á himirt ar dhaoine ón dtaobh amuigh, ach mar ghuth caoin shlánaithe Dé. Leanfaidh an t-agallamh idir Dhia agus an domhan agnóisí nó neamhchreidmheach leis na creidmhigh.

            Taobh istigh den Eaglais féin beidh scoilt ann maidir le cé chomh fada ar féidir, nó ar choir, leis an Eaglais dul ina teachtaireacht agus ina cleachtadh le tuiscint a bheith aici le cúinsí  agus léargas athraithe.  D’fhéadfaí guth fáidhiúil a bheith in údarás na hEaglaise ag fógairt teachtaireacht lárnach an tSoiscéil di, fiú muna bhfuil daoine áirithe réidh glacadh leis.  Ar uairibh d’fhéadfadh sé bheith deacair a thuiscint an bhfuil staid oifigiúil ma hEaglaise dáiríre fáidhiúil i dtraidisiún théacs Ezicéil, nó nach bhfuil ann ach diultú stuacach do athrú ar bith.

            Tá láithreacht fháidhiúil i staid lárnach na hEaglaise i leith na croise agus í ag fógairt teachtairesacht an tSoiscéil, díth ceille do dhaoine áirithe ach cumhacht Dé do na creidmhigh (feic 1 Coirintigh 1:18). Is é cumhacht Dé agus eagna Dé é Críost, ach glactar leis sin amháin trí chreideamh, seachas tríd an aigne dhaonna. Is é  Dia tobar ár mbeatha in Íosa Críost, agus mar adeir Pól. Is é Íosa Críost an té ma ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt. Agus dá réir sin, mar atá scríofa: “An té a bhfuil mórtas air, bíodh a mhórtas as an Tiarna aige”.

            D’fhéadfaí láithreacht fhaidhiúil Dé a fheiceáil chomh maith san imreas agus san ceistiúchán a tharlaíonn taobh istigh den Eaglais. Bhí taithí ar a leithéid ag Pól san Eaglais i gCoirint,  agus thug sin tuiscint dó  ar rúndiamhair na fulaingthe agus na laige pearsanta, uair amháin gur thuig sé trí chreideamh go dtaispeántar cumhacht Dé trí laige dhaonna. Thug comhcathraitheorí Íosa i Nazarat na gnéithe seachtracha maidir le hÍosa  faoi deara, gan creideamh a bheith acu ann mar theachtaire Dé. Feiceann an creidreamh na rudaí seachtracha agus mar aon leis sin cumhacht Dé ag feidhmiú trína Mhac Íosa.

© Cumann na Sagart 2017