Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 14 Lúnasa 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

Lúnasa 14 2016 (C) Fichiú Domhnach Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An Eaglais in agallamh le heasaontas

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

Céad Léacht (Irimia 38:4-6, 8-10). Rug tú mé i m’fhear achrannach don tír ar fad. Roghnaíodh an léacht seo le gabháil leis an sliocht ón soiscéal ina labhraíonn Íosa faoi féin agus an conspóid a bheadh mar thoradh lena theacht. Fear achrannach bhí san fháidh Irimia, ag fógairt bhriathar Dé gan scáth, ábhar conspóide agus ag tarraingt ghéarleanúna air féin. Samhail de ghairm an fháidh agus Íosa féin a bhí ann. Bhí saol fada mar fháidh ag Irimia i mblianta deiridh ríocht Iúda. Bhí forlámhas glactha ag impireacht na Baibealóine ar an dtír agus cathair Iarúsailéim féin i mbaol. Ba í teachtaireacht bhuan Irimia ná géilleadh do fhórsaí na Baibealóine, nach mbeadh aici ach réimeas gairid. Ach bhí an Éigipt ag séideadh arm Iúda chun ceannairce agus bhí an t-arm réidh chuige sin, gan aon cumhacht ar chursaí ag an rí lag Sedecia. Bhí sé soiléir gurb ionann ceannairc agus treascairt na cathrach agus deireadh le Iúda mar stát. Ba shoiléir go mbeadh fórsaí na Baibealóine ag ionsaí na cathrach go luath. Sin é cúlra an tsleachta áirithe seo. Bhí ar an arm fáil réidh le Irimia, agus ní raibh ar chumas an rí cur in a choinne. Is é a bhi in aigne ag fir cheannas an airm ná gan Irimia a mharú go díreach ach ligint dó bás a fháil sa tobar. Ní raibh uisce, ach láib sa tobar. Mí Iúil nó Lúnasa (587-86 roimh Chríost) a bhí ann, go gairid sular shrois arm na Baibealóine an chathair. Saoradh Irimia ag an Eitiópach Ebed-melch, oifigeach i bpalás an rí.

 

 

Salm le Freagra (Salm 39[40]). Tar i gcabhair orm, a Thiarna.

 

An Dara Léacht (Eabhraigh 12:1-4). Rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn. Tar éis don údar crioch a chur le áireamh néal na bhfinnéithe, slua mór na bhfinnéithe mar scamall, ó Áibil go dti na fáithe agus daoine eile, a thug fianaisie gan an sprioc, na gealltanais, a bhaint amach, tagann sé go dtí an ceacht atá le baint as sin ag a léitheoirí a bhfuil cleachtadh a gcreidimh i gCríost faoi bhrú. Baineann sé úsaid as an rás mar íomhá. Is rás le rith an bheatha Chríostaí. Sa rás seo ní mór ualach an pheaca a chaitheamh dínn agus an cúrsa a chríochnú. Ionann sin agus bheith buanseasmhach, súil ar an gceann sprice. Sa rás seo tá ceannródaí againn, an finné is fearr, Íosa féin a bhfuil an sprioc bainte amach aige, agus atá foirfe mar sin, ach ceannródai chomh maith a thabharfaidh ár gcreideamh chun foirfeachta. Leagann an t-­údar béim ar an méid a fhulaing an eiseamláir agus an ceannródai seo le linn a bheatha agus a pháise. Sa rás seo is cabhair i gcoinne tuirse agus lagmhisnigh machnamh ar an méid a fhulaing Íosa. Ag deireadh a aithisc, aithríonn an t-údar an íomhá ón rás go dtí an choimhlint sa dornálaíocht. Coimhlint in aghaidh an pheaca beatha an Chríostaí.

 

An Soiscéal (Lúcás 12:49-53. Ní chun síocháin a thabhairt a tháinig mé, ach easaontas. Tá deacrachtaí ann le brí bheacht an chéad dá ráiteas sa sliocht seo a aimsiú, toisc an chaint mheafarach iontu. Ach is soiléir go bhfuil Íosa ag caint iontu ar an gcúis gur tháinig sé ar talamh, ar áit lárnach a phearsa i bplean an Athar agus an t-easaontas atá le teacht de bharr na dílseachta is dual dó, agus a éileann sé. Thainig sé chun tine a chaitheamh ar an talamh. Meafar do bhreithiúnas nó ghlanadh is ea tine. Tá Íosa cíocrach go mbeadh sin tagaithe cheana féin. Tiocfaidh sí le teacht agus saothar, feidhmiú, an Spioraid Naoimh. An baisteadh atá i gceist ní hí an tsaicrimint í, ach meafar do thubaiste, tumadh i dtubaiste na páise agus na croise; an baisteadh sin a thagair Íosa cheana do na deisceabail Séamus agus Eoin (Marcas 10:38-39). San eaglais óg bhí ceangal idir bhaisteadh sin Íosa sa bhás agus an  tsaicrimint Chríostaí, inar tumadh na nuachreidmhigh i rúndiamhair bhas/bhaiste Chríost. Ionann an “cúngach” a mhothaíonn Íosa a bheith air faoin bhaisteadh agus an dúil mhór a bhí air an tine bheith ar lasadh. Bhí sé cíocrach faoin ré nua a thiocfadh lena bhás féin agus a leanfadh as. Is prionsa na síochána é Íosa. Gnáth-bheannú aige ná “Siocháin daoibh”. D’fhág sé a shiocháin mar oidhreacht ag a lucht leanúna. Mar sin féin b’ionann a theacht ar talamh agus easaontas eathorthu síud a leanfadh é agus iad síúd a bhí ina choinne, fiú taobh istigh den teaghlach céanna. Sa teampall cheana, mheabhraigh Simeon dá mháthair Muire gur mar sin a bheadh. Ba dhán d’Íosa bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael (Lúcás 2:34).

 

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An Eaglais in agallamh le heasaontas

 

Machnamh. Tugann léachtaí an lae inniu ábhar saibhir machnaimh dúinn. Sinne, Críostaithe an lae inniu, is oidhrí sinn ar néal finnéithe, slua mór finnéithe mar scamall. Ó thús a staire bhí aithne ag lucht leanúna Chríost ar ghéarleanúint de shaghas amháin nó de shaghas eile. Go luath ina shaol misinéireachta bhí Pól agus a chomhaspal ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, mar, ar sé, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé” (Gníomhartha 14:22). Béim láidir sa litir chuig na hEabhraigh a léadh inniu ná an bhuanseasmhacht. Is mar sin atá inár laethanta féin.

            Agallamh. Cuireadh chun agallaimh an méid a dúirt Íosa i soiscéal an lae inniu faoin bhaint idir é féin agus easaontas, fiú easba síochána. Prionsa na síochána le gairm chun na haontachta é Íosa. Is eol go maith a bhriathra gurb é an sáraoire, agus go raibh caoirigh eile ann nach dá chró iad agus narbh fholáir iad sin a thabhairt isteach chomh maith le go mbeadh aon tréad amháin agus aon aoire amháin ann (Eoin 10:14-16). Luaitear go minic na briathra sin. Ach níl dul thar an easaontas a bhaineann le pearsa Íosa de bharr na héilimh a dhéanann sé agus an rúndiamhair a bhaineann leis agus leis an Eaglais. Fíu díreach i ndiaidh na briathra sin uaidh faoi eisean mar sháraoire, d’éirigh aighneas idir na Giúdaigh mar gheall ar a bhriathra. Tháinig Íosa chuig a mhuintir fein agus níor ghlac a mhuintir leis. Mhéadaigh ar an easaontas idir Críostaithe Giúdacha agus eile le fás na hEaglaise. Idir Chríostaithe féin d’éirigh easaontas agus scoilteanna de réir mar ar mhéadaigh eolas ar rúndiamhair Chríost agus a ghaol leis an Athair. Tá iarsmai scoilteanna an Reifirméisin linn go fóíll.

            Baineann na samplaí sin le diospóireachtaí idir Chríostaíthe. An lá atá inniu ann tá easaontas i bhfad níos doimhne idir Chríost agus dá sheasann sé agus cuid mhaith den saol comhaimsireach, mar shampla aindiachas, daonnachas agus liobrálachas, saol gur mhian leis cúrsaí an domhain, agus cúrsaí pearsanta, a riaradh gan aird ar ghuth Dé ná Íosa. Ní mór dul in agallamh, más féidir, leis an saol seo.

            Agallamh atá i gceist, ní cáineadh. Tá léargas, fís, iomlán, cuíosach absalóideach ag Críost agus an daonnachas ar an saol agus na cúrsaí a ghabhann leis. Bac ar dhul chun cinn an creideamh de réir daonnachais fhealsanta. Críost slánaitheoir an domhain dar le Críost féin agus a lucht leanúna. Ní mór na h-aragóintí atá ag lucht an díchreidimh a thógaint ina cheann agus ina cheann agus freagra cuí a thabhairt orthu. Níor chóir go mbeadh eagla ar chreidmhigh faoin a leithéid d’agallamh. I slí is dílseacht do Chríost agus dá oidhreacht é.

© Cumann na Sagart 2017