Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 24 Iúil 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

Iúil 24 2016 (C) Seachtú Domhnach Déag Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Glaoch filleadh ar an urnaí i gcultúr nua saolta

 

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

Céad Léacht (Genesis 18:20-22). Ná bíodh an Tiarna bhfeirg liom agus labhróidh mé arís. Leanúint den léacht a bhí againn an Domhnach seo caite an sliocht seo, léacht in ar fhear Abrahám fáilte roimh thriúr fear, arbh ionann agus an Tiarna iad. Bhí droch-theist ar Shódom agus Ghomorá de bharr ráflaí faoi mhí-iompar gnéis. Sa léacht seo cuirtear an Tiarna Dia i láthair amhail is dá mba mhian leis cuairt a thabhairt go pearsanta ar an gcathair lena dheimhniú dó féin arbh fhíor do na ráflaí. I dtús na léachta tá an fhadhb chéanna againn agus a bhí an Domhnach seo caite, is é sin le rá fir, triúr díobh, agus an Tiarna agus na fir ag feidhmiú mar shamhail don Tiarna. Is dócha gurb aingil iad na fir, agus i dtraidisiún amháin sa Bhíobla modh amháin iad leis an Tiarna Dia a chur in iúl. Luaitear an Tiarna féin san uimhir uatha (Tiarna) sa sliocht chomh maith. Mar shampla sa véarsa tosaigh is é an Tiarna a labhraíonn, ach go gairid ina dhiaidh sin deirtear gur imigh na fir leo i dtreo Sódom, ach gur fhan Abrahám ina sheasamh i láthair an Tiarna. Ionann Abrahám i láthair an Tiarna agus an Tiarna le Abrahám agus teist den dlúthchairdeas idir Dia agus daoine daonna. Maidir leis an agallamh a leanann idir Abrahám agus an Tiarna sa sliocht seo, baineann sé le fadhb dhomhain dhiagachta, is é sin le rá díoltas Dé a imirt ar na fíréin agus na peacaigh le chéile, ceist a bhain le cóir agus ceartas Dé. Bhí taithí ag Iosrael ar a leithéid de dhíoltas comhchoiteann i threarscairt Iarúsailéim le arm na Baibealóine. B’fhéidir nach bhfuil réiteach ar an fhadhb seo, ach déantar an cheist a chíoradh in Eizicéil 14:12-23 agus i Leabhar Iób, agus sa léacht áirithe seo. Ach pé ar bith ba bhunús leis an léacht i Leabhar Genesis, i liotúirge an lae inniu roghnaítear í le dul le léacht an tSoiscéil faoin urnaí. Sa chéad léacht seo feictear an Tiarna Dia in agallamh le Abrahám, duine daonna, agus réidh ligint do Abrahám margadh a dhéanamh leis. Ní leasc le Dia na hiarratais dhaonna. A mhalairt ar fad: fearann sé fáilte rompu, mar a léireoidh Íosa sa sliocht ón Soiscéal inniu.

 

 

Salm le Freagra (Salm 137[138]), Nuair a ghlaoigh mé ort d’eist tú liom, a Thiarna.

 

An Dara Léacht (Colosaigh 2:12-14). Bheoigh Dia sibh mar aon le Críost, agus mhaith sé dúinn ár gcionta. Ar an gcéad amharc ní héasca brí bheacht na léachta seo a fháil. Sórt gearrscríobh é de mhíreanna de chreideamh Críostaí na luatheaglaise, a bheadh soiléir don té a scríobh agus do na léitheoirí (nó éisteoirí) tosaigh. Mar aon leis sin bheadh na míreanna éagsúla den chreideamh mínithe do na Críostaithe roimh a mbaisteadh nó ina dhiaidh. Rud eile gur fiú a chur san áireamh ná go gceapann roinnt scoláirí go bhfuil foirmlí liotúirgeacha no iomannacha taobh thiar den sliocht seo. Ni dochar a mheabhru go nduirt Pól níos luaithe sa litir seo (sliocht léite mar dhara leacht i Dhomhnach 15 thuas), gurb ghnaoi le Dia an nádúr diaga (iomláine Dé) a bheith in a chonaí in Íosa go hiomlán. Lárphointe an chreidimh Chríostaí aiséirí Chríost. Rinne cumhacht éachtach Dé Críost a thógaint ó mhairbh, agus tá an chumhacht chéanna sin Dé ag feidhmiú sa bhaisteadh agus sa bheatha Chríostaí. Mar a chuirtear go deas sa litir chuig na hEifisigh (1:19-21): is eol don dóchas Críostaí “ollmhaitheas na cumhachta a chuir Di i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh – an chumhacht éachtach úd a chuir sé ag obair i gCriost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis”. Trí thumadh a rinneadh an luathbhaisteadh Críostaí, tumadh ar shamhail é ar adhlacadh Chríost. Go mistiúil, adhlacadh iad siúd sa bhaisteadh le Críost agus ag éirí dóibh ón umar baiste bhíodar aontaithe le cumhacht sin éachtach Dé a thóg Íosa ó na mairbh. Ba de bhunadh pagánach, den chuid is mó ar a laghad, Críostaithe chathair Cholosae. Bhíodar marbh de dheasca a gcionta agus cheal thimpeallghearradh na colainne. Thug an baisteadh beatha nua dóibh i gCríost. Bhí a bpeacaí go léir maite ag Dia (peacaí Phóil féin san áireamh (“ár gcionta uile”). Críochnaíonn an téacs le pictiúr gleoite: Na cionta go léir a bheadh ann i gcoinne Críostaithe, liosta díobh i gcáipéis lámhscríofa, thóg Críost an cháipéis sin agus chuir ar cheal é á táirneáil (go meafarach) don chrois. Fuair Críost bás do mhaithiúnas na bpeacaí. Tá a bhás agus a aiséirí ag feidhmiú sa bheatha Chríostaí i gcónai.

 

An Soiscéal (Lúcás 11:1-13). Iarraigí, agus bhéarfar daoibh. Is faoin urnaí an léacht seo ina hiomláine, agus Paidir an Tiarna mar eiseamláir dó. I ndiaidh Phaidir an Tiarna tá aitheasc againn bheith ag guí an Athar gan staonadh. Ar dtús meabhraítear dúinn go raibh Íosa ag guí nuair a chuir na deisceabail an cheist air guí a mhúineadh dóibh. Leagann Lúcás béim ar an urnaí i mbeatha phearsanta agus i ministreacht Íosa. (Féach na nótaí ar an Soiscéal don 12ú Domhnach den bhliain seo.) Luaigh Lúcás cheana (5:33) urnaí dheisceabail Eoin Baiste. Tá eagsúlachtaí áirithe idir fhoirm Phaidir an Tiarna ag Lúcás agus ag Matha (6:5-15). A fhoirm siúd atá de ghlanmheabhair againn. Ní haon rud as an ghnáth dhá fhoirm de phaidir, fiú de cheann bunúsach. Ni raibh foirmle docht ag urnaithe Giúdacha. Tosaíonn an Phaidir ag Lúcás le “A Athair”; ag Matha le “ Ár nAthair atá ar neamh”, foirmle Giúdach ag tagairt do Dhia. “A Athair”, as Airimis Abba, leagan Íosa in Getsemane é (Lúcás 22:42), leagan a spreagann an Spiorad Naomh Críostaíthe, deirfiúracha agus deartháireacha Íosa úsaid a bhaint as ag guí chun Dé (Rómhánaigh 8:15; Galataigh 4:6). San achainí faoin “ár n-arán laethúil”, níl “laethúil” mar aistriú cinnte ar fad. D’fheadfadh brí eile a bheith leis an bhfocal Gréigise, mar shampla “riachtanach”. Arán, bia, an tsaoil seo atá i gceist go bunúsaach, ach d’fhéadfadh tagairt a bheith ann do arán na beatha chomh maith. Is é an focal Airimise atá taobh thiar den bhfocal “peaca” ná “fiach, fiacha”, mar atá ag Matha (“maith dúinn ár bhfiacha”). An tagairt do “cathú” ag an deireadh, is é a bheadh i gceist ná gaiste Shátan, agus séanadh Chríost agus an chreidimh dá bharr. Feach Lúcás 22:39-40.

            Tar éis Phaidir an Tiarna tugann Íosa parabal éifachtach ag moladh buanseasmhacht san urnaí, sna hachainíocha ar Dhia. Ní chuireann a leithéid as do Dhia. A mhalairt ar fad. Léiríonn Íosa cúram an Athar ar neamh le samplaí óna rudaí a dhéanfadh, nó nach dhéanfadh, athracha daonna dá bpáistí: cloch nuair a iarrtar arán; in ionad éisc nathair nimhe (a bheadh cosúil leis), in ionad uibhe scairp (a bheadh cosúil leis). Maidir leis an nath “sibhse atá go holc”, modh Seimíteach é le rá “sibhse, easpach is atá sibh”. Gluaiseann Íosa go néata ó chúrsaí saolta go fírinní níos airde. Más eol d’athracha neamhfhoirfe ar talamh cúram a dhéanamh d’achainiocha a gclainne, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh siúd a iarann é. Do Lúcás ionann an Spiorad Naomh agus cumhacht ó Dhia fianaise a thabhairt dá ríocht (Cincís), ballraiocht ar phobal nua Dé (Gníomhartha 10; Cornelius). Déanann an Spiorad Naomh an Eaglais a stiúradh tríd an stair.

 

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Glaoch filleadh ar an urnaí i gcultúr nua saolta

 

Tugann an léacht ón Soiscéal inniu cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar áit an urnaí inár saol féin inniu, i dtimpeallacht atá éirithe saolta. Ní ó mheon saolta amháin a eascair roinnt de na hathraithe i gcúrsaí paidreoireachta. Níl aon bhaint ag cuid de ns hathraithe le cúrsaí creidimh. Ní ró-fhada ó shoin ó bhí paidir éigin ann do mhórán cúrsaí an lae, amhail “Bail ó Dhia ar an obair”, “Bail ó Dhia anseo”, atá imithe i ndearmad le fada. D’fhan altú roimh bia, agus tar éis bia i bhfad nios faide, agus i slí is ann i gcónai dóibh. Chuir eolas ar chursai aimsire críoch le paidreacha poiblí do fhearthainn nó do dhea-aimsir agus soineann. Uaireanta measann creidmhigh léannta nár chóir ghuí do thoradh fónta ar agallamh do phost, toisc sin a bheith i gcoinne seans iarrathóirí eile don phost. Laige lena leithéid de thuairim dá leithéid ná nach draíocht an urnai ach iarratas ar Dhia, Dia a thuigeann cás gach aoinne.

            Ach le filleadh ar an meon saolta: tá mórán cúiseanna a thógann ár n-aire ón urnaí na laethanta seo nach féidir dul go mion isteach iontu anseo: fuarchúis i leith cleachtadh an chreidimh, ceisteanna faoi bheith ann do Dhia agus na haragóintí a bhaineann leis, nó deacracht “teagmháil”, “ceangailteacht” a dhéanamh le Dia, neach nach feictear. Ach fanann an cuireadh machnamh a dhéanamh ar an urnaí. Feach freisin an “Machnamh” don 12ú Domhnach don bhliain seo ar an ábhar céanna.

 

© Cumann na Sagart 2017