Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 17 Iúil 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

17 Iúil 2016 (C) Séú Domhnach Déag Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ag éisteacht le rúndiamhair Chríost agus na hEaglaise agus beatha dá réir

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

Céad Léacht (Genesis 18:1-10). A Thiarna, más áil leat é ná gabh thar do shearbhónta. Cuid thábhachtach den léacht seo an ráiteas deiridh ina gheallann Dia do Abrahám go mbeadh mac ag a bhean chéile Sára taobh istigh de bhliain. Ionann sin is a rá go mbeadh oidhre ag Abrahám féin. Roghnaíodh an téacs áirithe seo mar chompánach do shoiscéal an Domhnaigh seo ina bhfuil cuntas ar chuairt Íosa ar theach Mharta agus Mháire. Bhí Abráhám ina shui ag Dair Mamre. Láthair bheannaithe chian-ársa, pas beag ó thuaidh ó Hebron, ab ea Mamre, le crainn darach naofa ann. Chuir Abrahám faoi faoi na crainn darach sin (Genesis 13:18). Ag tús na léachta deirtear linn gur thaispeáin an Tiarna é féin d’Abrahám, agus díreach ina dhiaidh sin gur triúr fear (aingil is dócha, Genesis 19:1) a sheas ina chóngar. Ní léir mar a théann an triúr seo agus an Tiarna le chéile. B’fhéidir go seasann an triúr don Tiarna, mar a dhéanann aingeal amháin go minic sa Bhíobla (mar shampla Genesis 16:7). Ní luaitear ach duine amháin níos déanaí sa sliocht seo; déantar duine amháin den triúr. B’fhéidir gurb é an Tiarna duine den triúr, agus an bheirt eile a shearbhóntaí. Ar aon chuma ní aithníonn Abrahám an triúr mar neacha diaga. I gcuntas breá de chuirtéis an Oirthir, fearann Abrahám fáilte rompu, cóiríonn béile blasta dóibh, béile a itheann siad. Thánadar i mbrothall an lae, agus molann Abráhám dóibh a scíth a ligint roimh imeacht dóibh. Ní hiad an triúr a ghabhann buíochas le Abráhám ach an Tiarna, agus sin i bhfoirm ghealltanais go mbeidh oidhreacht ag Abrahám. Baineann an Litir chuig na hEabhraigh úsáid as an dtéacs seo ag moladh an fhéile a chleachtadh. Óir, mar gheall ar a bhféile bhí daoine áirithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan fhios dóibh (Eabhraigh 13:1).

 

Salm le Freagra (Salm 14[15]). A Thiarna, cé a dhéanfaidh cónaí i do phobal?

 

An Dara Léacht (Colosaigh 1:24-28). Rúndiamhair a bhí folaithe leis na cianta, nocht Dia dá naoimh í anois beag. Luann Pól anseo, mar a dhéanann in áiteanna eile, a raibh de thrioblóidi agus pianta le fulaingt aige ar son na heaglaise. Bhí sin ar eolas ag a chuid eaglaisí. Deireann sé gur cúis lúcháire dó iad toisc an bhaint atá acu le Críost. Tá deacrachtaí ag baint leis an dtuiscint agus an aistriú ceart a chur ar an dtéacs bunaidh Gréigise atá aistrithe mar seo i léacht an lae inniu: “Cibé easnamh a bhí ar thrioblóidi Chríost tá siad á líonadh agam ar mo sheal féin i mo cholainn ar son a choirp, an Eaglais”. Aistriúcháin Ghaeilge eile ná: “líonaim suas im’ fheoil féin an méid de phiantaibh Chríost atá i n-easnamh ar son a chuirp” (De Siúnta); “críochnaím i mo cholainn féin an méid nach bhfuil fulaingthe de chruatan ag Críost ar son a choirp féin” (Cosslett Ó Cuinn). Tá an éagsúlacht chéanna le braith sna haistriúcháin Bhéarla. Is soiléir nach raibh aon easnamh ar phianta, nó ar fhulaingt, Críost. Is fearr a thuiscint gur i bPól, seachas i gCríost, atá an t-easnamh, le aistriúchan mar seo: “Críochnaím a bhfuil in easnamh i bhfulaingt-(bhfulaingtí)-Chríost-i-mo-cholainn”. Pianta Phóil, a fhulaingíonn sé, is pianta Chríost iad toisc gur ball de chorp Chríost é Pól. Tá grásta Dé i láthair, ag feidhmiú, i bhfulaingt Phóil mar a bhí sé i bpáis Chríost. Tá lúcháir ar Phól faoin méid a fhulaingíonn sé toisc go bhfuil plean shlánaithe Dé, rúndiamhair an tslánaithe, á nochtadh tríothu. Nuair a glaodh ar Phól mar aspal rinneadh timire de chuid na heaglaise de, agus é de dhualgas air briathar Dé, is é sin rúndiamhair an tslánaithe, a chraobhscaoileadh go fada fairsing. An rúndiamhair seo is í plean slánaithe Dé í, folaithe gur nochtadh i gCríost agus san Eaglais í. Dúirt Íosa lena dheisceabail go raibh tugtha dóibh eolas ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas a bhí ceilte ar an méid eile (Matha 13:11). Ba mhéanar dóibh. Chonaic siad agus chuala siad nithe ar mhian le mórán fáithe agus fíréan a fheiceáil, ach nár fhaca (Matha 13:16-17). Is croílár na rúndiamhaire sin ná Críost féin, dóchas na glóire, i measc na bhfíréan san Eaglais. Is í is aidhm dó sin, don eagnaíocht chríostaí, ná an uile dhuine a dhéanamh foirfe, mar is toil le Críost.

 

An Soiscéal (Lúcás 10:38-42). Chuir Marta fáile roimh Íosa chun a tí. Is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire. Cuntas aoibhinn an léacht seo faoin fháilte a fhear Marta, deirfiúir Mháire, roimh Íosa. Is mír é de chuntas thuras Íosa agus a bhuíne ó Chéasaráia Philip go Iarúsailéim ina léirítear gnéithe den dheisceabaileacht Chríostaí, agus an méid a eascraíonn as Íosa a leanúint. Ag an claochlú tháining guth an Athar ó neamh gurb é Íosa a mhac múirneach, leis na briathra “Éistigí leis”.Sa turas seo níor fhearadh fáilte i gcónaí roimh Íosa ná a chuid. A mhalairt anois le Marta. Bhí Marta gafa le béile cuí a chóiriú. A mhalairt le Máire. Bhí sí ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar. Ní deirtear linn cad air a raibh Íosa ag caint; ar ghnéithe de ríocht Dé is dócha. Nuair a iarann Marta ar Íosa a rá lena a deirfiúir Máire lámh chúnta a thabhairt di, d’fhreagair Íosa go raibh Marta ag cur an iomad stró uirthi féin, buartha faoi alán nithe, agus nach raibh riachtanas ach le haon rud amháin. Ní deirtear go follasach cérb é an rud sin, ach is soileir gur éisteacht le briathar Dé a bhí i gceist. Níor tháinig Íosa go dtí a cháirde seo chun lóin, ach mar chuid de fhógairt an dea-scéala. “Is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire”. Tógadh an ráiteas seo faoin “bpáirt is fearr” go minic san Eaglais le tuiscint gur fearr agus gur airde beatha an rinnfheithimh ná an bheatha ghníomhach. Ach ní dócha gurb é sin a bhí in aigne Íosa. Bhí sé ag cur béime thar aon rud eile ar thábhacht bheith ag éisteacht le briathar Dé, le briathar Íosa, mar a mhol an tAthair ag an Claochlú. Níos déanaí in am práinne deirfidh Peadar: “Ní dóigh liom go mba cheart dúinne briathar Dé a fhagáil chun dul ag freastal ag boird” (Gníomhthartha 6:2). Labhraíonn briathra Íosa san eachtra seo do gach ré san Eaglais: Pé acu gafa le cúrsaí an tsaoil thú, nó i gciúnas, ná déan dearmad ar Bhriathar Dé: Níl riachtanas ach le aon ní amháin.

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ag éisteacht le rúndiamhair Chríost agus na hEaglaise agus beatha dá réir

 

Tugann léachtaí an lae inniu cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar an dínit atá againn toisc go bhfuilimid inár mbeatha sa ré seo ina bhfuil na gealltanais comhlíonta, agus gur cóir dúinn lúcháir a bheith orainn dá bharr, lúcháir fiú i measc na dtrioblóidí a ghabhann le gnáthchúrsaí na beatha Críostaí. Bhí áthas ar Phól bheith mar thimire leis an dea-scéala, dea-scéala an Bhriathair, a fhógairt, an dea-scéala go raibh an rúndiamhair foilsithe, nochtaithe. Bhí lúcháir ar Íosa go raibh an tsicréid, na rúndiamhra a bhí folaithe leis na cianta, foilsithe ag an Athair anois trí Íosa do na “naíonáin”, seachas do lucht na heagna agus na tuisceana (Matha 11:25-30). Mar gheall air seo rinne Íosa gairdeas sa Spiorad Naomh (Lúcás 10:21-22), faoi mar a dhéanfaidh Pól níos déanaí. Ba í an rúndiamhair i gceist ná beartas shlánaithe Dé trí Chríost, rúndiamhair a fhéadfaí a chur i bhfocail éagsúla. Sa litir chuig na hEifisigh b’ionann an rún agus seo: nuair a bheadh an t-am cuí tagaithe, beartas Dé gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost (Eifisigh 1:9-10). Do Phól sa litir seo chuig na Colosaigh is é atá ann “Críost ionaibh, in bhúr measc, dóchas na glóire”. Le nochtadh, le foilsdiú, seo na rúndiamhaire tá Críost, dóchas na glóire, san Eaglais agus i gcroí gach fíréin, tuar dóchais dúinn abhus agus sa tsíoraíocht.

            Leanann an Eaglais ar aghaidh ag baint úsáide as an dtéarma seo “rúndiamhir” agus an saibhreas brí a bhaineann leis lena a creideamh ina nádúr féin agus sna sacrainintí a chur in iúl. Is é an teideal atá ag an gcéad chaibideal de Bhunreacht Vatacáin II ar an Eaglais ná “Rúndiamhair na hEaglaise”. Mar a mhíníonn an Pápa Pól VI ina aitheasc ag oscailt an dara seisiún de Chomhairle na Vatacáine (1961): “Is rúndiamhair í an Eaglais. Is réaltacht í ina bhfuil láithreacaht Dé folaithe istigh inti. Baineann sé le nádúr dílis na hEaglaise, mar sin, bheith oscailte don rud nua agus ag sior cuardach bealaí nua”. Is féidir rúndiamhra a thabhairt ar na sacraimintí chomh maith, de bhrí go bhfuil cumhacht Dé i láthair iontu, ag tabhairt leanúnachta don rúndiamhair tosaigh a bhí ann le Críost agus bunú na hEaglaise. Is í an Eocairist an rúndiamhair par excellence, agus is iomaí tagairt i liotúirge an Aifrinn do rúndiamhair nó rúndiamhra. Is í is aidmh dó sin go léir ná an Eaglais agus gach fíréan a thabhairt chun foirfeachta, chun beatha de réir na rúndiamhaire, gur dóchas na glóire í.

© Cumann na Sagart 2017