Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 26 Meitheamh 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

26 Meitheamh 2016 (C) Tríú Domhnach Déag Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Glaotar ar Chríostaithe chun na saoirse

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

Céad Léacht (1 Ríthe 19:15, 19-21). D’éirigh Elisea agus lean sé Élias. De réir na céille is beaichte den fhocal, thosaigh an fháidheadóireacht leo siúd go bhfuil aithne againn orthu ón mBíobla  mar fháithe scríobhnóireachta, amhail Hóisé, Amós, Íseáia (octhú chead r. Ch.) agus líne fhada fáithe eile. Ach bhí réamhstair ag na fáithe áirithe seo, a théann siar chomh fada le Élias agus a chomharba  Elisea (naoiú céad r. Ch.). Cuireann an Bíobla an bheirt sin, Élias ach go háirithe, mar dhaoine a lean ordú agus briathar Dé. D’fheictí orthu mar thús ghluaiseachta na faidheadóireachta in Iosrael agus bhíodar faoi mheas dá réir. Maidir le Élias agus Elisea, bhí gníomhartha áirithe míchearta ina saol, mar shampla easpa measa ar dhaoine nár ceapadh bheith de réir phlean Dé (mar shampla an sléacht ar fháithe Baal ag Élias; baint le sléacht le ríthe ag Elisea). Mar sin féin i dtraidisiún chreidimh Iosrael d’fhéadfaí dearmad a dhéanamh ar a leithéid agus luath-fháidheadóireacht sin Iosral a  thógáil mar eiseamláir de fhreagra fáidh ar  ghlaoch agus ghairm do bhriathar Dé. De réir dealraimh d’fhéach Íosa mar sin ar luath-ré sin na fáidheadóireachta, ar a laghad de réir mar a chuireann Lúcás an scéal inár láthair. Léiríonn Lúcás cuid de ghairm Íosa chun deisceablachta, chun é a leanúint,  i gcoinne chúlra na scéalta faoi Élias agus Elisea. (Féach ar an chéad léacht agus an soiscéal don deichiú Domhnach.) Léacht an lae inniu is ceann  í de na scéalta faoi Elisea sa Bhíobla (ar a dtugtar “Ciorcal Elisea”, Elisha Cycle, lena idirdhealú ó “Chiorcal Élias”). Tar éis saol corraithe ina raibh sé ag troid ar son chreideamh Dé Iosrael in éadan religiún an dé Baal, thainig Élias tuirseach traochta chun buaileadh le Dia an chonartha i Horeb. Ansin dúirt Dia le Élias Elisea a ungadh mar chomharba dó féin. Cuirtear Elisea inár  láthair mar  fheirmeoir rathúil. Tá tagairt do chlóca sa léacht seo. Siombal cumhachta agus údaráis a bhí anseo, agus an clóca sin a chaitheamh ar Elisea,  comhartha ab ea é faoi údarás Élias a bheith air. Beidh Elisea ina dhalta dó feasta agus leanfaidh sé é. Ach ní gá do Elisea sin a dhéanamh láithreach bonn. Is féidir leis slán a fhágáil ag a athair agus a mháthair. Ag cur tine leis na daimh agus an céachta tugann Elisea le fios go bhfuil slán fágtha aige leis an tslí bheatha a bhí aige, lena mháistir a leanúint agus  céim nua i mbeatha fáidheadóireachta a thógáil. Tá macalla ghairm Elisea le feiscint i nglaoch na ndeisceabal ag Íosa agus a bhfreagra tobann (Matha 9;9; Marcas 1;16-20; Lúcás 5:27-28); a mhalairt i bhfreagra an duine eile i Lúcas 9:57-62,  léacht an lae inniu, a bhfuil gairm Elisea mar chúlra dó.

 

Salm le Freagra (Salm 15[16]). Is tusa, a Thiarna, mo chuid de réir oidhreachta

 

An Dara Léacht (Galataigh 5:1, 13-18). Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh. Is focal é “saoirse” a chorraíonn meon agus croí daoine in aois nó i gcultúr ar bith. Cúis mhórtais do Ghrégigh an tsaoirse agus an daonlathas a bhí acu, na sclábhaithe as an áireamh. B’ionann do na Giúdaigh. Chinntigh Dli Mhaois an tsaoirse dóibh, nó sin a mheas cuid acu bíodh go rabhadar faoi réimeas na Róimhe. De réir Shoiscéal Eoin (Eoin 8:31-34), i ndíospóireacht leo dúirt Íosa do Ghiúdaigh a chreid ann: “Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhúr ndeisceabail agam dáiríre, agus beidh fios na fírinne agaibh agus déanfaidh an fhírinne saor sibh”. D’fhreagair siad é: “De shíol Abrahám sinne, agus ní rabhamar inár ndaor ag aon duine riamh. Conas go ndeir tú: “Déanfar saor sibh’?” D’fhreagair Íosa iad: “Amen, Amen, a deirim libh, gach duine a dhéanann peaca, tá sé ina dhaor ag an bpeaca’”. Bhí Pól ag plé leis an gceist chéanna sa litir chuig na Galataigh.  Ní clann daormhná (Hagar) iad Críostaithe ach clann na saormhná (Sara). I súile Phóil ionann Dlí Mhaois agus daoirse seachas saoirse. Bhí na Galataigh (agus creidmhigh uile) saor ón Dlí sin, ó chuing na daoirse. Sin ráite aige, bhí ar Phól deimhin a dhéanamh de nárb ionann an tsaoirse sin agus cead a gcinn a bheith ag creidmhigh a rogha rud a dhéanamh. Níorb fholáir dóibh bheith san airdeall faoi laige an nádúir dhaonna, “an cholainn” mar a thugann sé air. D’fhéadfadh duine a bheith gafa, in ndaoirse, le míthuscint ar cad is saoirse ann. Léiríonn Pól an bhrí atá le saoirse Chríostaí. Ionann í agus dlí an ghrá, cúram na gcómharsan. Meabhraíonn Pól anseo, mar a dhéanann sé in áiteanna eile, an dá fhórsa atá sa duine daonna agus an choimhlint idir tarraingt an nádúir (“na colainne”) agus gníomhaíocht an Spioraid Naoimh. Ní dlí teibí, ná téacs teibí,  teagasc Chríost ach beatha faoi stiúir an Spioraid Naoimh a thugann an chumhacht an mhaith is áil dúinn an dhéanamh. Is í an fhírinne, Críost an bheatha, agus an Spiorad, a   dhéanann saor sinn.

 

An Soiscéal (Lúcás 9:51-62). Bhuail Íosa roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim. Leanfaidh mé thú cibé áit a dté tú. Cuireann briathra tosaigh na léachta seo an sliocht go hiomlán ina chomhthéacs beacht. Bhí Íosa ina bhealach go hIarúsailéim, turas a thosaigh i slí nuair d’admhaigh Peadar gurb é an Críost, an Meisias, é, agus nuair a léirigh Íosa don chéad uair cad a bhí i ndán do in Iarúsailéim: daoradh, páis, bás, aiséirí agus glóir. Tugann Soiscéal Eoin “glóir” nó “glóiriú” Mhac an Duine ar bhás, aiséirí agus deascabháil Íosa, nó fiú “ardú ón talamh”: “Má ardaítear mise ón talamh tarraingeoidh mé gach duine chugam féin” (Eoin 12:32). Mar an gcéanna i slí do Lúcás sa léacht seo, sa bhuntéacs: “Nuair a bhí an t-am ag teacht go dtógfai Íosa in airde as an saol”. Aidhm bheatha agus saothair Íosa go léir a bhí anseo: bás agus glóiriú in Iarúsailéim, an chathair naofa as a thosóidh misean na hEaglaise le bailchríoch a chur ar a shaothar. Chuir sé toscairí roimhe amach, is dócha le lóistin a ullmhú dá ghrúpa. Ní fhearfadh na Samáirigh fáilte roimh oilithrigh Ghiúdacha ar a slí go lárionad creidimh nár aontaigh siad leis. Ba mhaith le Séamus agus Eoin, ag cuimhneamh is dócha ar a rinne Élias fáidh (2 Ríthe 1:9-12), díoltas ó neamh a agairt orthu. Cé go raibh meas ag Íosa ar Élias mar fháidh bhriathar Dé, níorbh amhlaidh dá gníomhartha díoltais. Sampla é nach raibh ag Mac an Duine le leanúint, agus d’imíodar go baile eile.  Sa dara mír den léacht tá sampla de thriúr ar mhian leo Íosa a leanúint, agus trí ráiteas Íosa orrhu a dhéanann soiléir nádúr agus práinne na deisceabaileachta. An chéad cheann ná an bochtanas agus éiginteacht bheatha Chríost, mar a léirigh freagra na Samáireach. Ní raibh ag Íosa, Mac an Duine,  áit a leagfadh sé a cheann. Nuair a chuireann scoláirí an Bhíobla an cheist faoi chonas a chothaigh Íosa agus a dhíorma tofa iad féin, níl de fhreagra acu ach gur dócha gur faoin aer a chaith siad cuid de na hoícheanta. Tá an dara ráiteas faoi gan deis ag  iarrthóir a athair a adhlacadh ar dtús deacair le tuiscint ó Íosa, go raibh meas aige ar bhas, ar adhlacadh agus a bhaineann leo. Ag leagaint béime ar seo atá Íosa, b’fhéidir: Tógann seirbhís don Soiscéal tús áite ar dhílseacht do chlann nó do theaghlach. Bheadh an tríú ráiteas soiléir go leor dóibh san ar eol dóibh an scéal faoi ghairm Elisea (céad léacht inniu). Tá an glaoch chun seirbhís don soiscéal níos práinní (ag éileamh freagra tobainn) ná mar a bhí gairm Elisea. Maidir leis na híomhánna céachta agus féachaint siar, ní céachta an lae inniu le capall nó tarracóir atá i gceist, ach ceann sa Ghailíl á tharraingt ag damh. An tiománaí a fhéachann siar thar a ghualainn, tá a chlais i mbaol gan bheith díreach. Seo le rá do dhuine gur mhaith leis, nó léi, fónamh don Soiscéal: Ní mór dó nó dí aidhm soiléir a bheith acu agus cloí leis.

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Glaotar ar  Chríostaithe chun na saoirse

 

Tugann léachtaí an lae inniu cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar cheist atá chomh ársa leis an tsaoirse dhaonna agus creideamh i nDia agus guth ón saol eile, is é sin le rá an áit atá ag creidmheach do shaoirse smaoinimh agus gnímh taobh istigh de phrionsabal a chreidimh, agus faoi mar a bhíonn air an tsaoirse sin a chosaint i saol an lae inniu. Sólás dúinn go bhfuil an cheist cíortha i slí ag Eoin agus Pól. Ach tá sé éirithe i bhfad níos géire tar éis ghluaiseacht fhealsúnachta agus chultúrtha an ochtú chéid déag ar a dtugtar de ghnáth an “Eagnaíocht”, Die Erklärung, the Elightenment. Leis seo tháinig an dúil agus an ghluaiseacht gan aon tionchar a bheith ar an ghníomh agus an smaoineamh daonna seachas a thagann ó mheon agus chéadfaí an duine dhaonna féin, gan aird a thabhairt ar chreideamh ná reiligiún ar bith. D’éirigh an scéal níos práinní inár laethanta féin nuar a éirigh an ghluaiseacht seo ceangailte le aindiachas, gan creideamh in aon dia. Tá an scéal iomlán cíoraithe go mion ag Comhairle Vaticán II ina Dhoiciméad Tréadach “An Eaglais i Saol and Lae inniu” (as Laidin Gaudium et Spes, Lúcháir agus Dóchas), alt.19-21, ar fiú a léamh. Tá giotaí de in Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí, alt  2124. “Measann an daonnachas aindiach, agus gan an ceart aige, gurb é an duine ‘ann fein is críoch dó féin, aoncheardaí agus aonchruthaitheoir a chinniúna’ (GS 20,§1). Leagan eile d’aindiachas na linne, bíonn sé ag dréim le saoradh an duine trí shaoirse eacnamaíoch agus shoisialta a mbeadh ‘an reiligiún i gcodarsnacht léi óna nádúr, sa mhéid is go mbunaíonn sé dóchas an duine ar bhrionglóid na beatha síorai, á chasadh i leataobh óna chathair chónaithe a thógáil ar talamh.’” (GS  20, §2).

© Cumann na Sagart 2017