Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 1 Bealtaine 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

1 Bealtaine 2016 (C) Séú Domhnach den Cháisc

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

 

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Treoraíonn an Spiorad Naomh an Eaglais bheith dílis do Chríost agus dá theagasc

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

·       Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 15:1-2, 22-29). Chonacthas don Spiorad Naomh agus dúinne gan níos mó den ualach a chur oraibh ná na nithe riachtanacha. Tá dhá phointe lárnacha nach folair a lua maidir leis an léacht áirithe seo. I ré thosaigh mhisin na hEaglaise chuig na pagánaigh ó chathair Antíoch (a raibh cur síos air i léachtaí na nDomhnachaí seo caite) tháinig roinnt Críostaíthe Giúdacha ó Iarúsailéim (go Antíoch is dócha) ag maíomh nárbh fholáir bheith timpeallgheartha agus ag cleachtadh Dhlí Mhaois le bheith slánaithe. Bhí seo ag teacht trasna ar shoiscéal agus ar mhisean Phóil. Bhí géarchéim ann. Le aontacht na hEaglaise idir Ghiúdaigh agus neamh-Ghiúdaigh (pagánaigh) a chosaint agus a dheimhniú ba léir nár mhór an cheist a phlé le ceannairí na máthair-Eaglaise in Iarúsailéim. De réir dealraimh bhí an luath-eaglais ansin eagraithe go maith. An bhliain 49 iar-Chríost atá i gceist. Bhí Peadar agus aspail eile ann go fóill, agus an pobal Críostaí faoi chúram seanóirí, nach fios mórán fúthu. Ba Shéamus, deartháir an Tiarna, agus ní Peadar Aspal, a bhí mar cheannaire ar an eaglais ansin. Leiríonn an chuid den téacs seo nach léitear inniu san Aifreann gur sheas na haspail agus seanóirí na hEaglaise in Iarúsailéim (trí bhéil Pheadair agus Shéamuis) go láidir a bhfábhar Phóil agus a mhisin chuig na pagánaigh, narbh ghá timpeallghearradh ná Dlí Mhaois a leagadh ar phagánaigh a iompaigh chun creideamh Chríost. Mar sin féin le béilí idir Ghiúdaigh agus neamh-Ghiúdaigh a dhéanamh níos éasca, iarradh orthu siúd a tháinig ón phagántacht staonadh ó cheithre rudaí a chuirfeadh as don choinsias Giúdach. Baineann trí chinn acu le rudai deasghnácha. An ceathrú ceann, a bhfuil “drúis” mar aistriú ar an téarma Gréigeach, is dócha gur pósadh taobh amuigh den na grádanna a bhí ceadaithe do Ghíudaigh a bhí i gceist. Col, ciorrú coil, corbadh, a bheadh in gcaidreamh gnéis dá leithéid. Na ceithre rudaí i gceist, b’fhéidir gur gaolmhar iad leis na rudaí nach raibh ceadaithe d’eachtrannaigh ag cur fúthu i measc phobal naofa Iosrael de réir Léivític 17-18. Deimhníodh breith Chomhairle sin Iarúsailéim i litir agus in insint bhéil. Ar ionaid na faidhbe, Antíoch, an tSír agus Cilicia, a díríodh an bhreith agus an litir. Ní léir ón léacht féin an tábhacht thar an ghnáth a bhí ag réiteach seo Chomhairle Iarúsailéim. Bhí an misean Críostaí ag gluaiseacht amach thar críocha Iosrael agus an Giúdachas agus thar an conradh a bhí déanta ag idir Dhia, trí Mhaois, agus Iosrael. Tuigimid do sheasamh na gCríostaithe Giúdacha sin, agus na hiar-Phairisíneach, ach bhí ré nua tagaithe le Críost, lena bhás agus a aiséirí, agus le teacht an Spioraid Naoimh.

 

Salm le Freagra (Salm 66[67]). Go mola na ciníocha thú, a Dhia, go mola na ciníocha go léir thú.

 

 Dara Léacht (Apacailipsis 21:10-14, 22-23). Thaispeáin sé an chathair bheannaithe dom, agus í ag tuirlingt ó neamh. Sa véarsa díreach roimh an léacht seo deireann an t-aingeal le Eoin: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuachair, céile an Uain”. Iarúsailéim Nua na léachta seo is í Eaglais faoi ghlóir ar neamh í. Tá roinnt de théamaí léacht an Domhnaigh seo caite, faoi neamh nua agus talamh nua, le sonrú sa léacht seo chomh maith. Cumann idéalach Dé agus an chine daonna san ré le teacht atá i gceist. Sa Bhíobla is dual do fhíseanna dá leitheid tárlú i sliabh mór ard. Leagtar béim ar áilleacht na cathrach. Achoimre an cur síos uirthi ar phobal Dé sa Seantiomna (dhá threibh déag Iosrael) agus an Tiomna Nua (dáréag aspal an Uain). Murab ionann agus Baibealóin an díomais, agus cathracha áirithe eile, tuirlingíonn an chathair seo, an Iarúsaileim Nua, ó neamh ó Dhia,

 

Soiscéal (Eoin 14:23-29). Cuirfidh an Spiorad Naomh i gcuimhne daoibh ar inis mé daoibh. Oireann an léacht áirithe seo go han-mhaith don Domhnach díreach roimh cheiliúreadh Fhéile Deascabháil ár dTiarna. Is cuid d’aitheasc Íosa í ag fagáil slán dá cháirde abhus dó. Labhráion an léacht faoin ngrá atá ag Íosa dá dheisceabail agus dá Athair, agus faoi ghrá an Athar dóibh siúd.Tá siad go léir aontaithe i mbriathar Íosa, sa Pharacléid, sa chabhróir, san abhcóide, sa chosantóir, sa Spiorad Naomh a bhfuil an tAthair le seoladh chucu. Leagtar béim mhór ar “bhriathar”, nó “briathra” Íosa. Tá brí throm leis an bhfocal áirithe seo anseo. Ionann briathar Íosa agus a aithne, aithne le creideamh a bheith ann féin agus grá a thabhairt dá cheile, grá an chomharsa. Tá bríonna éagsúla sa bhriatrhar Gréigise parakletos, Paracléid, iad go léir le tógaint le cheile mar a tugadh thuas ar ball iad. Is é an Spiorad Naomh é. I slí tógann sé áit Íosa. Ba Paracléid, cosantóir, cabhróir, é Íosa. Is Paracléid eile an Spiorad Naomh. Is nasc é idir na deisceabail agus Íosa. Múinfidh sé gach rud dóibh, faoina dúirt Íosa agus na tátail atá le baint astu maidir le creideamh in Íosa agus san Eaglais, ach freisin maidir lena gcur i gcrích le grá Íosa féin. Fágann Íosa le huacht dá dheisceabail a shíocháin, síocháin chroí a thagann mar bhronntanas an Spioraid Naoimh, bronntanas ó Íosa anois ar dheis an Athar, síocháin nach féidir le cruatan ná géarleanúint ar bith a bhaint díobh, nó de lucht leanúna Íosa ar feadh na staire. Cúis áthais, mar sin, filleadh Íosa ar an Athair.

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Treoraíonn an Spiorad Naomh an Eaglais bheith dílis do Chríost agus dá theagasc

 

Téama lárnach do chéad léacht agus do shoiscéal an lae inniu ná an Spiorad Naomh ag treorú na hEaglaise. Ó thús na hEaglaise go dtí an lá seo féin tá an Eaglais ag dul ar aghaidh i dtuiscint ar Chríost agus faoi mar is cóir beartas shlánaithe Dé a chur chun cinn, agus a bheith dílis do Chríost agus ar mhúin sé san am céanna. Uaireanna ba réabhlóideach na céimanna a bhí le tógaint. Tháinig Íosa féin leis an dea-scéal a fhogairt do “chaoirigh caillte” chlann Iosrael. Níor fhág sé aon treoracha roimh a bhás féin faoin dul chun cinn tar éis a bháis, ach tar éis aiséirí dó theoraigh sé dá aspail an soiscéal a fhógairt do na ciníocha uile.. Roghnaigh Críost aiséirithe Pól le slánú a fhógairt do na ciníocha, agus ba í tuiscint agus soiscéal Phóil ná go raibh an slánú sin le fáil trí chreideamh gan oibreacha Dhlí Mhaois. Is aon rud amháin iad ag pól saothar Chríost,  agus múnlú an chreidimh ann agus san Eaglais. Bhí sé go léir faoi stiúir an Spioraid Naoimh.

            Nascann an Spiorad Naomh an Eaglais agus na creidmhigh i ngach aois le hÍosa, lena phearsa agus lena  theagasc. Treoraíonn an Spiorad isteach san fhírinne iomlán iad. Baineann seo ní hamháin leis an teagasc faoi Íosa, faoina phearsa, faoina ghaol leis an Athair agus eile, ach fós faoi theachtaireacht Íosa maidir le grá do gach aicme den chine daonna, go háirithe iad san atá faoi leatrom agus ar an imeall. Faoi stiúir an Spioraid, is dúshlán é Íosa do gach glúin í féin a athnuachaint ar eiseamláir Iosa, agus nasc a chothú leis i ndeabhóid, i mbriseadh an aráin, san Eocairist, san Aifreann, agus in urnaí.

© Cumann na Sagart 2017