Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 17 Aibreán 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 13:14, 43-52). Féach, tiontaímid chuig na ciníocha. I mbliana tógtar na léachtaí tosaigh don Domhnach as Ghníomhartha na nAspal. Roghnaíotar na léachtaí le teachtaireacht áirithe a thabhairt, agus ar uairibh is deacair iad a thuiscint i gceart gan iad a shuíomh sa chomhthéacs sa leabhar as ar tógadh iad. Is mar sin atá ach go háirithe i gcéad léacht an lae inniu. I gcuid a haon den leabhar seo tá an bhéim ar an luatheaglais in Iarúsailéim agus ar áit Pheadair innti. Sa chéad chuid seo tá againn aitheasc Pheadair (Gníomhartha caibideal 10) gur sampla é, de réir dealraimh, ar chéad-sheanmóireacht na heaglaise, a thosaigh le ministreacht Eoin Bhaiste agus a lean ar aghaidh go bás agus aiséirí Chríost, agus, dá mba gá, le scéala an tslánaithe do Ghiúdaigh agus phágánaigh. An dara cuid den leabhar is faoi mhinistreacht Phóil do na págánaigh, na ciníocha í. Thosaigh sin dáiríre ag Antíoch ar an abhainn Orontes mar ar sheoladh Sól (níos déanaí Pól) agus Barnabas amach chuige sin. Ar dtús chuaigh siad go oileán na Cipre, agus uaidh sin go dtí cathair Perga sa mhórthír (Tuirc an lae inniu), agus ansin go Antíoch na Pisíde. Is anseo i sionagóg na nGiúdach a thosaigh ministreacht Phóil i gceart. I sionagóg bheadh Giúdaigh, págánaigh a thiontaigh go hiomlán don Ghiúdachas, agus págánaigh nár iompaigh ach go raibh meas acu ar an Ghiúdachas de bharr a chreidimh (aondiachas) agus a theagasc morálta (“lucht eagla Dé” mar a thugtaí orthu). Tugadh cuireadh do Phól aitheasc a thabhairt agus thug, den dul céanna agus an ceann a thug Peadar. Tugadh cuireadh do Phól agus Barnabas filleadh an tSabóid dár gcionn. D’éirigh easontas go luath. áfach. Bhí ríméad ar na neamh-Ghiúdaigh faoi scéala an tslánaithe gan dlí na nGiúdach, ach mheas na Giúdaigh go raibh an teagasc nua glan in éadan a gcreidimh agus dhiúltaíodar dó. Mheabhraigh Pól agus Barnabas dhá rud: nárbh fholáir an dea-scéala a fhógairt i dtosach do na Giúdaigh agus sa chás nár glacadh leis deannach dá gcosa a ghlanadh díobh (Lúcas 10:11), mar chomhartha nár fhreagrach fúthu a thuilleadh iad. Toisc gur dhiúltaigh na Giúdaigh don dea-scéal, d’iompagh na haspail chuig na págánaigh, ag lua briathra Dé dá Sheirbhíseach (Íseáia 49:6) gurb sholas é do na náisiúin uile. Chuaigh Pól agus Barnabas ar aghaidh go cathair Iconium (Konya i dTuirc an lae inniu), gabhal sráide tábhachtach an tráth sin. Cuireann an léacht seo béim ar dhul chun cinn an dea-scéil i measc na bpágánach. Ní féidir laincis a chur ar bhriathar Dé.

Salm le Freagra (Salm 99[100]]). Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.

 

 Dara Léacht (Apacailipsis 7:9, 14-17). Beidh an tUan mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha. Fís an léacht seo de bhua deiridh phobal Dé ar neamh agus é curtha os ár gcomhair sa bhfriotal agus leis na samhlaoidí is dual don leabhar áirithe seo. Tá líon mhuintir tofa Dé gan áireamh, agus iad as gach aird den domhan agus leibhéal den phobal. Cuirtear os ár gcomnhair iad amhail is dá mbeidis i dTeampall Dé, os comhair ríchathaoir Dé agus an Uain (Críost céasta agus aiséirithe) amach. Tá cuma na caithréime orthu, iad feistithe in éidí bána agus pailmeacha ina lámha, mar chomhartha den bhua. Ionann éidí bána agus bua, agus glaine in bhfuil Íosa, an tUan. I bhFéile na mBothanna, na bPuball, cuireadh na Giúdaigh fúthu i mbothanna, faoi aoibhneas. Ní bheidh gá leis sin a thuilleadh: beidh Dia féin i láthair (in a phuball) ina measc. Tá an dream tofa seo tar éis gabháil trí duainéis, trioblóid, mhór – géarleanúint an Impire Nero, nó aon duainéis eile a bhí nó a bheidh. Trí mheascán íomhánna, beidh an tUan (Íosa) ina aoire acu, á seoladh ar neamh go lánmhaireacht na beatha, faoi mar a bhí sé ina sháraoire acu ar talamh. Beidh deireadh le deora an tsaoil seo.

 

Soiscéal (Eoin 10:27-30). Tá an bheatha shíoraí á tabhairt do mo chaoirigh. I soiscéal Eoin tagann an léacht seo tar éis parabail fhada Íosa ar féin mar an sáraoire. Tagann sí díreach i ndiaidh diospóireachta idir Íosa agus na Giúdaigh nár thuig a theachtaireacht. Deireann Íosa leo (Eoin 10:26) nach gcreideann siad toisc nach dá chaoirigh iad. Aoire dá thréad é Íosa, tréad atá aontaithe leis tríd an gcreideamh. Tugann an creideamh comhthuiscint idir an Aoire agus an tréad. Tugann briathra Íosa uchtach do chreidmhigh i ngach aois. Ní gnáth-aoire é Íosa. Tagann sé ó Dhia agus is féidir leis gach caora dá thréad a cóineartú. Is aon eisean agus an tAthair. Ní féidir le aoinne ball dá thréad a chreideann ann a fhuadach uaidh nó ón Athair. Briathra solásacha do lucht leanúna Íosa in am an ghátair iad sin.

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae:Tugann Íosa an sáraoire aire dá chaoirigh. Urnaí ar son gairmecha.

 

1. I liotúirge an lae inniu tiomnaíotar an Domhnach áirithe seo do “Lá domhanda don úrnaí ar son gairmeacha”.Ní fada ó shoin go raibh teideal eile aige: “Domhnach an tSáraoire”. Agus is don téama seo, Íosa an Sáraoire, atá soiscéil na bliana seo, agus den dhá bhliain eile den tsraith thrí bliain roghnaithe, agus urnaithe an Aifrinn chomh maith. Tá na léachtaí don soiscéal togtha as chur síos Íosa air féin mar an Sáraoire in Eoin caibideal 10. Ach is féidir an dá théama Íosa mar Sháraoire agus urnaí do ghairmeacha a nascadh le chéile go héasca. Ní thuigtear Íosa mar Aoire gan chreideamh, ná glaoch chun seirbhíse dó gan urnai.

 

2. Tá an creideamh lárnach don chaidreamh idir Íosa mar Aoire agus baill den tréad sin. Leag Íosa féin béim ar sin. Dúirt sé lena a chomhaimsirigh nár chreid siad ann toisc nárb bhaill dá thréad iad. Tá sin cosúil lena dúirt sé faoi féin mar arán na beatha: “Ní féidir d’aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m’Athair” (Eoin 6:65).

 

3. Leagann Íosa béim ar an fhírinne seo, mar a dhéanann Pól níos déanaí: Ní féidir le haon rud, deacracht, fadhbanna, géarleaniúnt nó eile, ball de thréad Íosa a scaradh uaidh. Beidh Íosa féin agus a Athair mar thaca aige. Ag machnamh air seo an lá atá inniu ann: is iomaí sin bac agus deacracht atá ann don chreideamh ón taobh istigh agus ón taobh amuigh: laigeachtaí agus scannail san eaglais; gluaiseacht agus brú i gcoinne an chreidimh san eaglais agus i nDia féin, agus a thuilleadh eile nach iad.

 

4. Tugann sin go dtí an pointe deiridh sinn: urnaí do ghairmeacha san eaglais. Is é Íosa féin a dúirt linn: “Tá an fómhar fairsing ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhair” (Matha 9:37-38). Tá gairmeacha de shaghas éagsúla de dhith: don sagartacht agus don bheatha rialta, ach chomh maith céanna le go mbeadh meitheal chuí ann a oirfeadh do fhadhbanna an lae inniu – daoine a bhfuil cumas acu sna heolaíochtai, sa litríocht, sna healaíona, sna meáin, agus i gach gné den saol inar gá fianaise a thabhairt don Sáraoire, don Té arb é an tslí, an fhírinne agus an bheatha é.

© Cumann na Sagart 2017