Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 31 Eanáir 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

31 Eanáir 2016 (C) An Ceathrú Domhnach Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Lá Domhanda don Bheatha Choisricthe

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Reamhrá do na léachtaí Meabhraíonn léachtaí an lae inniu dúinn gairm Dé dá phobal tofa trid na haoiseanna síos, gairm le bheith dílis dá gcreideamh ann, fiú agus cúrsaí eascairdiúil leo. Tháinig na teachtaireachtaí sin, ach go háirithe, tríd na fáithe. Glaodh ar an bhfáidh Irimiá an teachtaireacht sin a thabhairt i slí a oirfeadh do laoch. Mar a deir an léacht ón Soiscéal linn, tugadh droim láimhe do Mhac Dé féin, Íosa, i Nazarat, ag a phobal féin agus ina bhaile dúchais féin. Agus tá glaoch ann maireachtáil go ciúin, mar a rinne Íosa, le beatha faoi threoir an ghrá, ar a labhraíonn Pól sa dara léacht.

 

An Chéad Léacht (Irimiá 1:4-5, 17-19). D’ordaigh mé thú i d’fháidh do na ciníocha. Iad siúd a ghlacaimid leo mar fhíor-fháithe, bhí an méid seo ag gabháil leo go léir go rabhadar feasach gur “sheasadar i gcomhairle an Tiarna” (Irimiá 23: 18), feasach go rabhadar seolta amach ag Dia, gurbh urlabharaithe dó iad. Bhraith a dteachtaireacht ar na cúinsí staire in ar mhair siad. Ar uairibh ba theachtaireacht léin, phionois, í, do phobal ceanairceach a thréig éilimh an chonartha. Thug guth na bhfáithe chun cuimhne don phobal nach raibh a gconradh le Dia imithe. Pas beag níos déanaí ná aimsir Irimiá, an tráth ar ghlaoigh Dia ar an bhfáidh Ezicéal, dúirt an Tiarna leis: “Is sotalach ceanndána an pobal sin fosta; seolaim chucu thú agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia. Éistidis nó ná éistidis, tabharfar le fios don dream ceannairceach seo go raibh fáidh ina measc’” (Ezicéal 2:4-5). Labhraíonn léacht an lae inniu faoi ghairm Irimiá bheith ina fháidh, “i laethanta Ióisiá” rí (le bheith go beacht, an tríú bliain déag, 627 roimh Chríost, den rí sin), agus dúradh leis bheith réidh do shaol an-chrua mar fháidh, mar fhear labhartha do Dhia. Agus is mar sin a tharla. I slíte iomadúla, ina bheatha agus ina theagasc, réitigh Irimiá an tslí le beatha, fulaingt agus teagasc Chriost a thuiscint.

 

Salm le Freagra (Salm 70[71]). Fogróidh mo bhéal d’fhíréantacht.

 

An Dara Léacht (1 Coraintigh 12:31-13:213). Tá na trí ní seo buan, creideamh, dóchas agus grá; ach is é an grá an ní is mó orthu. Déantar tagairt don sliocht seo go minic mar an iomann ar an ghrá. Ach bíodh nach iomann é i mbrí bheacht an fhocail sin, is léir an nádúr fileata agus reitriciúil atá ann. Maidir leis an stíl agus an aontacht atá ann, tá difríocht mhór idir é agus na téacsanna a ghabh roimhe nó a thagann ina dhiaidh, ach is soiléir go bhfuil sé nasctha leo sin araon. B’fhéidir gur téama é ar a rinne Pól machnamh ar feadh i bhfad go dtí gur rinneadh de sort téacs ceapadóireachta fileata dó. Athraíonn brí bheacht an fhocail “grá” sa Tiomna Nua ó scríbhinn amháin go scríbhinn eile. Tá a lán tagairtí ann do ghrá Dé dúinn agus faoinár ngrá do Dhia. Is í is brí leis an dtéarma grá i léacht an ale inniu ná grá dá cheile, dár mbráithre agus siúracha. Bhí eolas maith ag Pól ar ghrá Dé dúinn, agus ar ghrá Chríost dúinn, a fuair bás dúinn nuair a bhíomar inár bpeacaigh. Do Phól sa téacs seo, is é Críost foinse agus eiseamláir ghrá na gCríostaithe dá chéile, Críost nár loirg a aoibhneas féin, ach mar atá scríofa “Is ormsa a thit aithis na ndaoine a bhí do d’aithisiú” (Rómhánaigh 15:3). Ag cur síos dó ar an ghrá san iomann seo, tugann Pól chun cuimhne na lochtanna a bhí i gCríostaithe Choraint maidir le bronntanais charsasmatacha amhail fáistine, tuiscint an chreidimh, labhairt i dteangacha agus mar sin de.

 

Soiscéal (Lúcas 4:21-30). Ní chuig Giúdaigh amháin a cuireadh Íosa ach oiread le hÉilias. Ag Nazarat, a bhaile dúchais, chuir Íosa é féin i láthair mar an té a seoladh amach le comhlíonadh fháistine an dea-scéil a fhógairt do na bochta. Glacadh go fonnmhar leis an méid a dúirt sé. Ach tháinig athrú tobann ar an lucht éisteachta, rud a thugann le fios nach mór comhoibriú daonna le glacadh le comhlíonadh na bhfáistiní. Rinneadh dearmad go luath ar mhisean diaga Íosa agus cuireadh béim ar a shliocht daonna, gaolmhar le Iósaef. Is intuigthe ón bhfreagra a thug Íosa orthu gur bhain a mhisean slánaithe le críocha thar a theaghlach féin, a bhaile dúchais féin nó a thír féin. Dearcadh ar Éilias agus ar Eilisea mar thús chomharbacht na fáidhadóireacha in Iosrael, agus i Nazarat mheabhraigh Íosa ina fhreagra gur rinneadar sin míorúiltí trócaire do phagánaigh taobh amuigh d’Iosrael seachas do mhuintir a dtíre féin, Éilias do bhaintreach i Siodóin (1 Ríthe 17:8-16) agus Eilisea do phagánach Síreach (2 Ríthe 5:8-14).

 

C.              An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Lá Domhanda don Bheatha Choisricthe

 

An Domhnach áirithe seo i mbliana, 31 Eanáir, is fiú tabhairt chun cuimhne go mbeidh ceiliúradh Thoirbhirt an Linbh Íosa sa Teampall againn an 2 Feabhra agus Lá Fhéile Bríde ar an 1 Feabhra. Sa bhliain 1997 thiomnaigh an Pápa Eoin Pól II 2 Feabhra, Toirbhirt Íosa sa Teampall, mar Lá Domhanda don Bheatha Choisricthe, agus is mar sin i gcónaí é. Tugann léachtaí an lae inniu, agus na ceiliúrthaí eile a luadh, deis dúinn machnamh a dhéanamh ar áit na beatha rialta, an bheatha choisricthe, mná rialta agus fir, san Eaglais agus a thábhachtaí is atá sé guí go mbeadh athnuachan sa bheatha sin agus gairmeacha ann di. Dúirt an Pápa go raibh trí aidhm aige leis an tiomnú sin a dhéanamh: i dtús báire moladh a thabhairt do Dhia ar son bhronntanais mhóir na beatha coisricthe san Eaglais, a thugann saibhreaas agus lúcháir don phobal Críostaí le iomadúlacht a cuid carasmaí; ansin is aidhm don lá áirithe seo eolas faoin bheatha coisricthe, a chur chun cinn agus meas uirthi a chothú i measc phobal uile Dé, agus san tríú áit glaoch ar bhaill den bheatha choisricthe féin machnamh a dhéanamh ar an ngairm onórach atá acu, agus teacht trí lonradh creidimh ar mheas níos fearr ar an áille dhiaga a thugann an Spiorad tríd an tslí bheatha atá acu, le go n-éireoidis níos feasach ar an misean atá acú san Eaglais agus sa domhan, misean nach féidir a chomhshamhail a sholáthair.

            Sna seascaidí agus níos déanaí bhí an bheatha rialta, an bheatha choisricthe, faoi bhláth in Éirinn agus sa tsean-domhan, ach ansin chuaigh na gairmeacha chuici i léig go tobann agus tháinig deireadh ar fad le líon áirithe de hoird rialta. Scannail ba chúis amháin de sin i dtíortha áirithe, Éire san áireamh, agus dí-eaglaiseachas cúis eile, gan cur san áireamh nach raibh gá a thuilleadh le roinnt de na seirbhísí a soláthair siad amhail oideachas agus leigheas. Ach mar sin féin, tá baint shuntasach leis an lagú i gcinnteacht agus cleachtadh creidimh leis an teirce gairmeacha atá againn inniu.

            Tá tionchar nach beag ag an aoráid, an t-atmaisféar, mór timpeall orainn ar an slí ina dhéanaimid machnamh, an tslí ina spreagtar sinn, agus is fíor sin ach go háirithe faoin aon óg. Bíonn roinnt mhaith dinn faoi phiarbhrú, brú óna bpiarghrúpa. Ar ndóigh tugann daoine aonair agus grúpaí an dúshlán don atmaisféar, don bhrú. Bheadh sé go maith do chreidmhigh in Éirinn an lae inniu atmaisféar creidimh a athbhunú le machnamh a dhéanamh ar an áit lárnach a bhí ag an bheatha rialta, idir fhir agus mhná, i saol creidimh agus cultúir na tire seo. Ghabh Naomh Padraig buíochas le Dia go raibh an bheatha coiscricthe ann cheana lena linn féin in Éirinn, agus “go raibh clann mhac na nÉreannnach (Scot) agus clann iníon na ríthe le feiceáil ina manaigh agus ina n-ogha le Críost (Faoistin 41). Lean air sin an ré órga, le Naomh Bríd, Naomh Ída agus eile a thug dúinn an léann, an ealaíon, an órnáideacht agus mórán eile, agus an t-oideachas agus cursaí sláinte in amanna an ghátair go dtí ár laethanta féin. Na gnéithe iomadúla den bheatha rialta, is fianaise iad do thiomnú agus do thoirbhirt do Dhia. Mheabhraigh an Pápa Eoin Pól II dúinn gur roghnaíodh Féile Thoirbhirt an Tiarna sa Teampall do Lá Domhanda na Beatha Coisricthe toisc gur samhail solabhartha í Toirbhirt Íosa sa Teampall den ofráil a dhéanann iad síúd tríd na comhairlí soiscéalacha, samhail de na gnéithe ba shainiúla de Íosa – an Té a bhí geanmnaí, bocht agus umhal.

            Is cabhair dúinn léachtaí an lae inniu le machnamh a dhéanamh ar ról na beatha rialta san Eaglais, is é sin le rá, an bheatha rialta feasach dá gairm fáidhiúil. Ní haon rud éasca é gairm an fháidh, mar is léir ó bhriathra Dé do Irimiá (an chéad léacht) agus mar a tharla d’Íosa ina bhaile dúchais Nazarat (an Soiscéal). Is fáidhiúil í fíor-bheatha Chríostaí, ag tabhairt fianaise do fhéin-fhoilsiú Dé trína Mhac Íosa. Ba chóir an “thíos seal agus thuas seal”, laigí agus teipeanna sealadacha, a mheas ina gcomhthéacsanna, agus ní mar dheireadh aistir. Ainneoin aon buairimh agus díomá as eachtraí a tharla, níor chóir ligean dóibh bua fáidhiúil na beatha rialta san Eaglais bás a fháil nó é a mhuchadh. I mbeatha, i saol, na heaglaise is é atá againn ná rúndiamhair dhiaga a thuigtear trí chreideamh agus a choimeádtar beo trí urnaí. Ba chóir dúinn guí, mar sin, go mbeadh athnuachan sna ghnéithe éagsúla den bheatha rialta san Eaglais, agus guí chomh maith go mbeidis siúd a ghlaotar orthu dílis dá ról agus dá ngairm.

© Cumann na Sagart 2017