Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 15 Samhain 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

15 Samhain 2015 (B) An Tríú Domhnach Tríochad Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Na Críocha Déanacha

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad Léacht (Dainéil 12:1-3). San amsir sin saorófar do mhuintir. Tá dhá mhór-roinn i Leabhar Dhainéil. I gcaibidil 1-6 tá scéalta, scéalta cúirte faoi Dhainéil agus a thriúr compánach i gcúirt ríthe na Baibealóine i rith na deoraíochta, ag taispeáint faoi mar ar chosain Dia iad in amanta an ghátair. Sa dara roinn i gcaibidil 7-12 tá físeanna a tugadh do Dhainéil faoi cad i bhí i ndán do impireachtai domhanda sa ré le teacht. Tagann siad seo go léir chun buaice le géarleanúint an Rí Ghréigigh Aintíochas Eipifeanaes (“dia déanta follasach”), a thruailliú ar Theampall na nGiúdach agus an iarrracht a rinne sé creideamh na nGiúdach a dhíothú ar fad. Is í aidhm na tsaothair ná a gcreideamh siúd a bhí faoi ghéarleanúint a neartú agus an teachtaireacht a thabhairt dóibh go rabhthas leis an géarleanúinteoir le milleadh gan aon ghá le dul i mbun chomhrac airm chuige sin. Is féidir dáta cuíosach beacht a chur leis an Leabhar, idir 167 agus 164 roimh Chríost, agus is dóchaí sa bhlain 164, agus roimh bhás Aintíochas sa bhliain 163. Suíonn na físeanna an Leabhar sa seánra litríochta ar a dtugtar apacailipteach, ina dhéantar réamhinsint ar eachtraí diaga den ré le teacht, réamhinsintí nár fíoraíodh go minic. Ní dócha gur chuir sin as do scribhneorí na litríochta seo, de bhrí, is dócha, gur bhraith fíorú na réamhinsintí sin ar Dhia.

            Baineann léacht an lae inniu le réamhinsint amháin dá leithéid maidir le deireadh ama agus deireadh an tsaoil, ina mbeidh aimsir bhuartha thar an gnáth, agus tráth ina mbeidh aiséirí na colainne ann do na fíréin. Seo í an chéad uair ina bhfuil admhail chreidimh in aiseirí na colainne sa Bhíobla. (Tá sí ar fáil pas beag níos luaithe i dtéacs apacailipteach i Leabhar Henóc.) Bíodh go raibh aireachtáil ghéar i luath-Iosrael go raibh Dia i láthair lena phobal sa Teampall agus go raibh a chúram air, agus mar aon leis sin gurbh é mian de mhianta a phobail bheith aontaithe le Dia ina mbeatha abhus, síos tríd na haoiseanna níorb chúram dóibh aon aontacht a bheith acu le Dia tar éis a mbáis. Mheasadar, mar a mheas na ciníocha Seimíteacha máguaird, gur fhan rud éigin den duine aonair tar éis bháis, ach amháin mar scáil de féin i Séól, ina raibh olc agus maith le chéile, gan cúiteamh nó pionós; bhí scáileanna ró-lag dá leithéid. Tá cúpla téacs i leabhair an Bhíobla ina bhfuil, b’fhéidir, tagairt do aontacht le Dia iar-bhás, ach nach bhfuil sin soiléir, ach cinn eile ina bhfuil amhras. Cúpla céad bliain roimh Leabhar Dhainéil rinne údar an leabhair Ecclesiastes (Cóheilit) machnamh ar bhás an duine agus bás an ainmhí, agus is beag an difríocht a fheiceann sé idir eatorthu. Seo mar a scríobhann sé (Coheilit 3:19-20): “Arsa mise liom féin arís: ‘Maidir leis an gcine daonna, tá Dia tar éis iad thastáil go cinnte agus a thaispeáint nach bhfuil iontu uathu féin ach ainmhíthe’. Óir tá an chinniúint chéanna ag an duine agus atá ag an ainmhí; mar a fhaigheann ceann acu bás, sin mar a fhaigheann an ceann eile bás chomh maith; óir ta an t-aon spiorad amháin iontu go léir agus níl aon bhuntáiste ag an duine ar an ainmhí. Baois is ea gach uile ní. Téann siad go léir go dtí an áit chéanna; is den luaithreach iad uile agus iompóidh siad uile ina luaithreach arís. Cé ar eol dó an dtéann spiorad an duine suas nó an dtéann spiorad an ainmhí síos sa talamh?”. Mheasfadh duine ó ráiteas deiridh an téacs sin go raibh amhras éigin ar an údar faoina raibh ráite aige, agus b’fhéidir go raibh difríocht idir dheiridh an duine agus an ainmhí, agus faoi cad a bhí i ndán dá spioraid faoi seach. Ach níor imigh as radharc an cheist faoi aontacht an chreidmhigh le Dia iar-bhás, nó an cheist ar chríochnaigh an aontacht sin leis an mbás. D’éirigh sé níos géire le bás uafásach an ilomad mairtíreach i ghéarleanúint Aintíochas sna blianta 167-164 roimh Chríost. As sin d’éirigh mar bhuaic i Leabhar Dainéil (i léacht an lae inniu) admháil chreidimh in aiséirí na colainne, agus beatha shona iarbháis le Día dá shearbhóntaí dílse. Braithstint nó mían chráifeach, b’fhéidir, a bhí in aiséirí na colainne d’údar Leabhar Henóc. D’údar Leabhar Dhainéil agus do chreideamh na nGiúdach, foilsiú ó Dhia a bhí ann agus glacadh leis mar bhun-phointe do chreideamh na nGiúdach, go mór mór i measc na bhFairisíneach, mír chreidimh a shéan na Sadúcaigh. Ghlac Íosa leis in éadan na Sadúcach (Marcas 12:18-27; Matha 22:23-33; Lúcás 20:27-40), agus d’éirigh sé níos lárnaí fós le haiséirí Íosa, “céadtoradh na muintire atá ina gcodladh” (1 Corantaigh 15:20).

 

Salm le Freagra (Salm 15[16]). Caomhnaigh mé, a Thiarna, is ortsa a thriallaim.

 

Dara Léacht (Eabhraigh 10:11-14, 18). Le haon íobairt amháin tá slánú iomlán síoraí faighte aige do na daoine a naomhaítear. Leanann an léacht seo téama na litreach féin: Críost an fíor-shagart ina shuí ar dheaslámh Dé. Bhí na sagairt Ghiúdacha ina seasamh i rith na n-íobairtí laethiúla a ofráileadar ar son na bpeacai. Dúradh le hÍosa, mar a raibh réamhchomhartha de, i Salm 109 (110): “Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa”. Mar shagart tá sé ina shuí ar dheaslámh Dé ag feitheamh le comhlíonadh na fáistine sin. Tá maithiúnas na bpeacaí bainte amach aige le haon íobairt amháin a bháis agus a aiséirithe. I dtéacs an Bhíobla san áit seo cuirtear isteach fáistine Irimia faoin gConradh Nua (fágtha ar lár sa leicseanáir), ar a bhful mar chríoch leis: “Ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí ná ar a gcionta feasta”, ar a leanann briathra deiridh léacht an lae inniu: “Nuair a bhíonn peacaí maite, ní gá ofráil a dhéanamh mar éiric iontu níos mó”. Tá seo le tuiscint i gcomhthéacs iomlán theachtaireacht na litreach: Is leor aon-íobairt Chríost, a ofráileadh an t-aon uair amháin agus an uair dheireanach, is leor sin do mhaithiúnas na bpeacaí. Níl sé le tuiscint ón dtéacs nach ann don pheaca a thuilleadh i measc daoine nó creidmheach . Dáiríre leagann an litir seo béím ar an bpeaca a sheachaint, go háirithe peaca an díchreidimh.

 

An Soiscéal (Marcas 13:24-32). Baileoidh sé na tofaigh ó na ceithre ghaoth. Tuigfear an léacht seo níos fearr má suítear í taobh istigh de aitheasc fada Íosa, gur cuid de í. Bhí Íosa agus na deisceabail sa Teampall, agus ag dul amach as an Teampall dó dúirt duine dá dheisceabail leis: “Féach, a Mháistir, cad iad mar chlocha agus cad iad mar fhoirgnimh iad seo!” D’fhreagair Íosa nach bhfágfaí cloch i mbun cloiche nach leagfái anuas de na foirgnimh mhóra sin. Ina dhiaidh sin, ina shuí d’Íosa ar Chnoc na nOlóg ar aghaidh an Teampaill (suíomh oiriúnach do fhoilsiú faoi chríoch ama) iarrann ceathrar de dheisceabail thosaigh Íosa air insint doibh cathain a thithfeadh an méid sin amach (treascairt an Teampaill) agus cén comhartha a bheadh ann “ar na nithe sin uile a bheith ag teacht chun cinn”. Freagraíonn Íosa faoi na comharthaí a bheadh ann roimh threascairt an Teampaill (agus na cathrach) agus téann ar aghaidh chun labhairt ar an mbreithiúnas deiridh, leis féin, mar Mhac an Duine, mar bhreitheamh. Comhlíonadh a bhriathra faoi threascairt an Teampaill (a labhair Íosa sa bhliain 30 nó 33) ag arm na Róimhe sa bhliain 70, i saol na glúine lena raibh sé ag caint. I dtraidisiún smaointeoireachta agus litríochta an seánra apacailipteach labhraíonn Íosa faoi na comharthai a bheidh ann roimh dheireadh an tsaoil, amhail is go raibh sin in achmaireacht. Ach, sa traidisiún céanna, tá a fhios ag Íosa, agus meabhraíonn sé, go mbreathann comhlíonadh den mhéid a deir sé ar Dhia an tAthair, agus is dó sin amháin, agus ní d’aoinne eile, nó do na haingil, is eol an t-am agus tráth beacht, “an la agus an uair”.

An teachtaireacht do chreidmhigh le tógaint as seo go léir ná bheith réidh de shíor do bhreithiúnas Dé, agus sólás a thógaint ó bhriathra Chríost go bhfuil Mac an Duine le teacht chun a chuid fein, na tofaigh, a bhailiú chuige féin óna cheithre harda

 

B.                       An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Na Críocha Déanacha

 

Bheadh sé inmhianaithe fírinní lárnacha an chreidimh a chur os comhair phobail an Aifrinn ar an Domhnach le nasc le léachtaí an Aifrinn ní leis na téacsanna liotúirgeacha. Ní minic a bhíonn sin éasca le déanamh; dáiríre is annamh é. Mar sin féin tá ócáidí áirithe inar féidir, nó ar chóir, sin a dhéanamh, mar shampla rúndiamhair an Ioncollaithe (Íosa mar Dhia agus mar dhuine) tráth Nollag; agus an Trionóid Naofa. An Domhnach áirithe seo tá deis álainn againn labhairt ar na Críocha Déanacha.

            Limistéir talún is bunbhrí leis an téarma “críoch, críocha” sa Ghailge, ach i measc bríonna eile tá “deireadh, comhlíonadh”, mar shampla “cur i gcrich”. Sa chiall seo tá Na Críocha Déanacha, agus i dteagasc na hEaglais is ceithre cinn iad sin: bás, breithiúnas, ifreann agus neamh. Ag machnamh ar na Críocha ní mór duinn dul thar na ceithre cinn sin go Cré na nAspal: “Creidim in aiséirí na colainne agus sa bheatha shíoraí”, nó “Táim ag súil le haiséirí na marbh agus beatha an tsaoil atá le teacht”. Tugann seo deis dúinn machnamh ar an fhírinne le cabhair an Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (2001), uimhreacha 988-1050, a thugann tagairtí do na ranna cuí de chuid na Comhairle Vatacáin II.

            Mar atá daoine ag éirí níos aosta, agus an bás ag teannadh leo, ní rud neamh-ghnách é go gcuireann siad an cheist an bhfuil aon bheatha iarbháis ann. Braitheann an freagra roinnt mhaith ar chreideamh an duine aonair. Ní shroistear deimhne ar an gceist tríd an réasún nó maoithneachas amháin. Tugann creideamh san Eaglais, agus n aiséirí Chríost agus a leanann as, an freagra: ionann creideamh i gCríost sa chiall shaibhir den fhocal agus aontacht na gcreidmheach go léir le Críost tar éis bháis. Sa chiall Chríostaí den fhocal ní deireadh, ní críoch, an bás. Mar a deirtear i bpreafáid na marbh: Níl sa bhás ach malairt bheatha

            Is féidir leis an dteagasc faoi aiséirí na colainne machnamh ceartaitheach a thabhairt maidir le mianta áirithe ár linne ar mhaith leo freagraí láithreach bonn a fháil ar phointí áirithe creidimh. Tá éabhlóid áirithe ann i gcursaí creidimh. Tháinig creideamh in aiséirí na colainne ann go han-déanach is stair Iosrael, i bhfad tar éis Abrahám, tar éis Íseáia (700 r. Chríost), Irimia (600 r. Ch.) agus daoine eile. Scagadh an teagasc a thuilleadh i stair na hEaglaise i glúine níos déanaí faoi mar a bhí gá le sin nuair a tháinig fadhbanna nua chun tosaigh. Bhí meon Gréagach ann arbh fhearr leis labhairt faoi bheatha shíoraí seachas aiséirí na colainne, ach chuir an traidisiún Críostaí ina choinne sin.

            Bíonn plé ann inniu maidir le mireanna áirithe den traidisiún Caitliceach a bhaineann leis na Críocha Déanacha, an Phurgadóir san áireamh. Ina leithéid de phlé ní mór an fhírinne lárnach a dheighilt amach ó na slíte inar rinneadh trácht uirthi tríd na haoiseanna inar ligeadh srian go minic leis an tsamhlaíocht Chríostaí. Maidir leis an Phurgadóir, mar shampla, is í an fhírinne lárnach ann ná fiúntas urnaithe na mbeo do anamacha na marbh. Agus maidir le hIfreann, is é an creideamh lárnach ann go bhfuil Dia le pionós a ghearradh ar an mhuintir a dhéanann olc agus a bhfaigheann bás gan aithrí. Agus mar an gcéanna maidir leis an iliomad ceisteanna eile den sórt seo, ar fiú tagairt a dhéanamh do Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí ina dtaobh. 

© Cumann na Sagart 2017