Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 12 Samhain 2017

12 Samhain 2017 (A) Dara Domhnach Tríochad Saor (A)

 

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.             An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ag Faire!  Deireadh saoil: réidh le cuntas a thabhairt

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

An Chéad Léacht  (Leabhar na hEagna 6:12-16). Na daoine a bhíonn ag lorg na heagna, faigheann siad í. Sa traidisiún Giúdach is coinceap an-saibhir é an Eagna Phearsantaithe. I Leabhar na Seanfhocal (8:22-23) cuireann sí í féin i láthair amhail is ar chruthaigh  an Tiarna í i dtús a shaothair, roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód. I bhfad ó shoin is ea a rinneadh í, i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin.  Deir sí (Seanfhocail 8:30-31):“Bhí mé lena thaobh mar cheardaí oilte ag cur áthais air ó lá go lá, agus ag súgradh ina láthair gan stad, agus ag déanamh spraoi ar fud an domhain mhóir, agus ag baint aoibhnis as caidreamh daoine”. I slí, i measc rudaí eile, ionann an Eagna Phearsantaithe agus láithreacht Dé sa domhan; is eol di aigne agus plean Dé a bhfuil cíocras uirthi  a chur in iúl dóibh siúd ar mian leo glacadh leis. Tá mion-chur síos ar sin i Leabhar na hEagna, mar is léir ó léacht an lae inniu. Cuirtear i láthair í gan  dua do na daoine  a bhfuil grá acu di, agus na daoine a bhíonn á lorg faigheann siad í go furasta. Bíonn si ag siúl mór timpeall ar lorg  a díol de dhaoine, iad siúd atá oiriúnach lena glacadh., iad sin atá glan ó chroí. Ní rachaidh an eagna isteach in anam cealgach, ná ní dhéanfaidh sí cónaí i gcorp atá faoi dhaorbhroid an pheaca (Leabhar na hEagna 1:4). Roghnaítear an léacht seo go deas le dul leis an bparabal i Soiscéal an lae inniu ina bhfuil na maighdeana ag feitheamh le teacht  an fhir nuaphósta

 

 Salm le Freagra (Salm 62[63]).  Tá íota tarta ar m’anam chugat, a Thiarna, a Dhia liom.

 

Dara Léacht (Teasalónaigh 4:13-18). Déanfaidh Dia an mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost a thabhairt leis chomh maith.  An léacht seo tá sí tógtha ón litir is luaithe atá againn de litreacha Phóil, agus an téacs is ársa atá ar marthain den litríocht Chríostaí. Na deacrachtaí atá ann tugann siad le fios dúinn a riachtanaí is atá sé machnamh a bheith san eaglais ar fhoilsiú Dé sa stair agus an dul chun cinn a tháinig air faoi mar ba gá. An Fairisíneach Sól, ar tugadh Pól air níos déanaí, d’iompaigh sé chun Críost ó thraidisiún sin na bhFairisíneach agus ba é an t-alt creidimh lárnach Críostaí a bhí aige ná aiséirí Chríost agus na himpleacai   lean as sin do gach creidmheach a mhaireann agus a fhaigheann bás i gCríost. Bhunaigh Pól an Eaglais i dTeasalonicé tamall gearr sular scríobh sé an litir seo.  Bhí forás nach beag tagaithe ar an gcomhluadar sin ó shoin agus machnamh déanta acu ar an teagasc Críostaí a bhí faighte acu ón aspal. Tamall gearr tar éis imeacht dó uathu tháinig scéala uathu go Pól faoin imní a bhí ag cur as dóibh faoi bhaill áirithe den phobal a bhí tar éis bháis, rud a ardaigh ceisteanna ina n-aigne faoina mhúin Pól dóibh faoi fhilleadh,  téarnamh, Chríost: an mbeidis siúd a bhásaigh faoi mhíbhuntáiste i gcomórtas leo siúd a bheidh beo nuair  a fhilleadh Críost. Bhí ar Phól anois a mhachnamh a dhéanamh ar an gceist sin  le freagra a thabhairt.  An múnla aigne a bhí ag Pól  bhain sé le ceann a bhí comónta sa tráth sin. Domhan nó réaltacht, trí-bhuntomhais a bhí ann: an domhan seo, neamh os ár gcionn anairde, an domhan íochtair. Bhí neamh agus Dia anairde, thuas, os ár gcionn. Chuaigh Críost suas ar neamh agus bhí sé le teacht ó neamh anuas lena chreidmhigh dílse a thabhaitrt chuige féin. Nuair a scriobh sé an litir seo bhí Pól i dtús a shaothair ag fógairt rúndiamhair Dé, agus mheas sé, mar a rinne mórán eile sa luath-eaglais, go raibh téarnamh, ateacht, Chríost le teacht go luath. Bhí dhá alt nó prionsabal creidimh ag an luatheaglais seo san am céanna, a bhí i gcodarsnacht gan a bheith contrartha dá chéile, is é sin feitheamh le ateacht Chríost ó neamh go luath agus an t-ordú ó Chríost an dea-scéal a fhógairt go críochta deiridh an domhain.. Ní  rabhadatr contrartha dá chéile, de bhrí, mar a dúi rt Íosa féin, nárbh eola do aoinne, ach don Athair amháin, cathain a thiocfadh an chríoch dheiridh (agus mar sin ateacht Chríost). Ina luath-shaothar misinéireachta chreid Pol  luath-ateacht Chríost (maraon le h-ordú Chríost an Soiscéal fhógairt don domhan uile) ach mhaolaigh sé air sin níos déanaí.

            Sa léacht seo in Aifreann an lae inniu tugann sé freagra ar cheist eaglais Teasalonicé agus é teoranta taobh istigh den mhúnla aigne a bhí aige.  I dtús na léachta, sna trí  ráiteas tosaigh tugann sé na trí phrionsabal bhunúsacha: ag Ateacht Chríost ní bheidh aon difríocht idir siúd atá básaithe  agus iad siúd atá fós beo  Déanann creideamh in aiséirí Chriost, geall den bheatha shíoraí le Dia agus le Críost do gach creidmhach, deimhin de sin. Deir Pól gur féidir leis an méid seo a dhearbhú “ar fhocal an Tiarna”, “ar bhriathar an Tiarna”. Ní fios go beacht cad is brí le “briathar an Tiarna” sa chás seo -- ráiteas Íosa, b’fhéidir nach bhfuil ar fáil sna Soiscéil nó in aon áit eile, nó briathar diaga a fuair Pól fein ó Dhia mar aspal nó mar  fháidh, nó briathar de shaghas éigin eile.

             Tar éis dó an bhéim a chur ar an bhfírinne lárnach faoi aontacht le Críost, leanann Pól ar aghaidh le cur síos a dhéanamh ar Ateacht Chríost i bhfriotal agus in íomháineachas atá i dtuilleamaí an traidisiúin  apocailiptaigh Giúdaigh, friotal agus íomháineachas nach dtugann cothrom na Féinne  don easpa eolais a bhí agus atá ann maidir leis na críocha déanacha agus ateacht Chriost. Ba é seo céad iarracht Phóil faoin ábhar seo, agus  déanfaidh sé mionathrú sa cheist sna litreacha níos déanaí uaidh. Faoi aiséirí deir sé nach féidir d’fhuil agus d’fheoil ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht. Leanfaidh an machnamh, an cur agus an cuiteamh, ar an ábhar seo ar feadh i bhfad le tabhairt dúinn an diagacht fhorbartha atá againn inniu ar na críocha déanacha agus an staid  idirmheánach (an Purgadóir).

 

An Soiscéal (Matha 25:12-15). Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina aircis!  Tá teachtaireacht soiléir ag an parabal sa léacht seo – bheith réidh buaileadh leis an Tiarna nuair a thagann sé.  Tá an léacht roghnaithe go cuí agus sinn ag buaileadh le deiradh bhliain an liotúirge, agus an ghairm a ghabhann leis sin bheith réidh le buaileadh leis an Tiarna ag deireadh ár saoil, a bheith ag faire de bhrí nach bhfuil a fhios againn an lá ná an uair.

 

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ag Faire!  Deireadh saoil: réidh le cuntas a thabhairt  Na críocha déanacha, bás, breithiúnaas, ifreann agus neamh, agus an glaoch bheith réidh don bhás agus an breithiúnas, ar éigin go  labhartar nó go scríobhtar futhu sin sna saolta seo. Agus má déantar tagairt dóibh i gcomhthéacs an Bhíobla is ar an Parousia, Ateacht Chríost,   a bhíonn duine ag smaoineamh. D’fhéadfaí a mheas gur dó sin a bhí Íosa ag tagairt i bparabal an lae inniu, bíodh nach bhfuil leid ann bheith réidh don bhás.  Labhair Íosa faoin ábhar seo níos mó ná uair amháin de réir Shoiscéal Mhatha, i sleachta  a léitear i liotúirge an Domhnaigh i mblianas.  Nuair a chuir duine áirithe ceist ar Íosa faoi cad é an mhaith atá le déanamh chun go mbeadh an bheatha shíoraí ag duine d’fhreagair Íosa:  “Coinnigh na haitheanta” (Matha 19:16-17). Cuireadh ceist air tráth an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán, agus d’fhreagair Íosa: “Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar  a sheolann chun léirscriosta, agus tá morán a ghabhann an tslí sin isteach. Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar  a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é” (Matha 7:13-14; Lúcás 13:23-24). D’iarr Íosa chomh maith: “Cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal?” (Matha 16:26), téacs nach féidir an focal “anam”  ann a thuiscint amháin mar “é féin”, “a bheatha” (“a bheo féin”, Cosslett  Ó Cuinn; NRSV), toisc go bhfuil an téacs a leanann é go direach as caint faoi Mac an Duine ag teacht le cúiteamh le gach duine de réir mar a rinne sé.  Tá rabhadh sin Íosa sna Soiscéil le fáil chomh maith i scríbhinní na luatheaglaise.  Tá a lán rudaí dearfa le rá ag Pól ina litir chuig na Filipigh, mar shampla a n-aire a bheith ar an rud fíor, an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an ruid atá suáilceach inmholta (4:8), ach deir sé leo chomh maith a slánú a shaothrú faoi uamhan agus faoi eagla (2:12).  Mar iomaitheoir i gcoimhlint an creidimh do Pól, deir sé go   dtugann sé bascadh dá chorp agu coinníonn  faoi smacht é le heagla go gcolfaí é féin tar éis dó a bheith ag fógairt ar dhaoine eile (1 Corantaigh 9:27). Agus níl ansin ach cuid de na rabhaidh, na foláirimh, atá  sa Tiomna Nua faoi ócáidí an pheaca a seachaint.  Bíodh gur inmholta go bhfuil an bhéim in Eaglais an lae inniu sa rud dearfa, sna carasmaí agus a leithéidí, bheadh sé baolach faillí a dhéanamh  ar  an méid a deir sn Tiomna Nua ar laige an nádúir dhaonna, agus ar a riachtanaí is atá sé bheith de shíor san airdeall.

© Cumann na Sagart 2017